My old translation of Franz Kafka’s “Vor dem Gesetz”

Os Comhair an Dlí (translated from German)


(This is a standardized and revised version of the old translation I made back in the nineties. I am not sure whether this is copyright-free, and am happy to take this offline if there is a copyright problem.)

Tá doirseoir ina sheasamh os comhair an dlí. Seo chugainn fear ón tuath agus é ag lorg cead isteach ón doirseoir. Níl i ndán dó ach an dubheiteach, áfach. An fear a tháinig, déanann sé a mharana ar an scéal agus é ag fiafraí den doirseoir, an ligfear isteach níos déanaí é. “Gach seans go ligfear”, a deir an doirseoir, “ach níl cead isteach agat anois cibé scéal é.” Ó tá an doras mór ar oscailt, agus an doirseoir coiscéim i leataobh uaidh, cromann an fear ón tuath ar aghaidh le súil a chaitheamh isteach. Ag cur sonrú ann dó ligeann an doirseoir miongháirí as, agus é ag rá: “Má tá tú chomh santach sin, ná bíodh náire ort dul isteach in ainneoin an choisc a chuir mé ort. Ná déan dearmad, áfach, gur fear cumhachtach mise, siúd is nach bhfuil ionam ach an doirseoir is ísle céim. Ag dul ó sheomra go seomra duit gheobhaidh tú doirseoir eile romhat ag gach aon doras, agus iad níos cumhachtaí ná a chéile. An tríú doirseoir acu, tá sé chomh huafásach le feiceáil cheana gurb eagal liom féin a radharc.”


dubheiteach: eiteach from the verb “eitigh/eiteach” to refuse. Dubh-eiteach means word for word “black refusal”.


an doirseoir is ísle céim “the least important doorman, the doorman who is lowest as regards grade/importance”


…gurb eagal liom féin a radharc “that I am myself afraid of seeing him”


Ní raibh súil ag an bhfear eile le constaicí den chineál seo, nó is dóigh leis go mba chóir cead isteach a bheith ag gach aon duine in am ar bith i dtigh an dlí; ach ag baint lán a shúl as an doirseoir anois dó, as an gcóta mór feannaidh, as an ngaosán mór biorach, as an bhféasóg dhruidte fhada dhubh thanaí a chuirfeadh Tatárach i gcuimhne duit, is fearr leis fanacht amuigh go ligfear isteach é. Faigheann sé saoisteog ón doirseoir le suí síos in aice leis an doras. Ansin a chaitheas sé na laethanta is na blianta fada. Is iomaí uair a fhéachas sé le cead a fháil, agus é ag bodhrú an doirseora amach is amach ag impí is ag achainí air. Ó am go ham cuireann an doirseoir agallamh air ag fiafraí de mo dhuine cá háit arb as dó, nó cúrsaí pearsanta eile den chineál chéanna, ach is ceisteanna iad sin nach bhfuil croí ná suim an agallóra iontu, díreach mar is gnách do thiarnaí móra ceisteanna a chur ar an íochtarán; ach is é deireadh an scéil go ndeir an doirseoir le mo dhuine nach dtig leis é a ligean isteach. Tá fear na tuaithe gléasta go maith fá choinne an aistir a rinne sé, agus é ag tabhairt uaidh gach dá bhfuil aige leis an doirseoir a bhreabadh. Glacann seisean le cibé bronntanas atá le fáil, ach má ghlacann féin, deir sé: “Ní ghlacaim leis seo ach lena chinntiú nach gcreidfeá sa deireadh nár bhain tú triail as gach dá raibh agat.” Is fánach uair a fhágas súil mo dhuine an doirseoir, agus an t-am ag sleamhnú thart. Déanann sé dearmad de na doirseoirí eile, agus é ag síleadh gurb é an fear seo an t-aon chonstaic amháin idir é agus an dlí. Déanann sé a ghearán faoin gcat mara a d’fhág an fear áirithe seo, thar aon duine eile, i mbun an dorais, ag caitheamh eascainí os ard ar dtús, agus ag cromadh ar mhonabhar íseal in imeacht na mblianta.


gaosán “nose” (Ulster word; srón would be less provincial)


cat mara “bad luck, unlucky destiny” (word for word, “sea-cat”)


Téann sé in aois na leanbaíochta de réir a chéile, agus ó tá an oiread sin blianta caite aige ag déanamh a staidéir ar an doirseoir dó, is féidir leis na dreancaidí a aithint ar choiléar a chóta, agus é ag agairt na ndreancaidí féin cuidiú leis agus an doirseoir a chur ar athrú comhairle. I ndeireadh na dála tagann scáth ar sholas a shúl, agus é idir dhá chomhairle cé acu atá an lá ag druidim chun dorchadais, nó a shúile féin ag cliseadh air. Anois áfach cuireann sé sonrú i léaró solais istigh i dteach an dlí. Níl mórán saoil fágtha ag mo dhuine. Roimh an mbás fáisceann sé ceist amháin as cuimhní na mblianta a chaith sé anseo, ceist nár chuir sé ar an doirseoir roimhe seo. Tugann sé comhartha láimhe don doirseoir, nó níl sé in ann a chorp stromptha a dhíriú amach a thuilleadh. Caithfidh an doirseoir cromadh os a chionn, nó d’éirigh fear na tuaithe níos lú fós agus é ag cur a shaoil amú ina shuí anseo.


aois na leanbaíochta (also “aois na hóige”, “an dara leanbaíocht”) “second childhood”, senility


dreancaid “flea”


agair!/agairt “to plead” (in this sense it takes a personal object: duine a agairt, d’agair sé mé. But note: díoltas a agairt ar dhuine, d’agair sé díoltas ar a shean-namhaid, when we use the verb for “to revenge, to wreak vengeance”)


“Cad é atá de dhíth ort anois?” a deir an doirseoir, “tá tú doshásta ar fad”.


doshásta “impossible to please, to satisfy”


“Tá na sluaite síoraí de dhaoine ar lorg a gcirt ón dlí”, a deir an fear ón tuath, “cén fáth nár tháinig aon duine eile acu siúd an bealach céanna ag iarraidh cead isteach?”


na sluaite síoraí “masses of people”


Aithníonn an doirseoir go bhfuil an fear eile ag saothrú an bháis cheana, agus deir sé leis, ag búirfigh chomh hard is a thig leis, lena chinntiú go gcluinfear é: “Ní ligfí aon duine isteach anseo, nó fá do dhéin amháin a gearradh is a hosclaíodh an doras áirithe seo an chéad uair riamh. Rachaidh mé á dhúnadh go deo ar ball beag.”


ag saothrú an bháis = sna céadéaga = ag foghlaim an bháis “dying”

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s