Leagan úr de Chiclipéid na Réalteolaíochta arís

Abhac abhacréalta a thugtar ar réalta nach fathach d’aon chineál í. Mar sin is abhaic iad réaltaí an phríomhsheichimh agus na cinn atá níos lú ná iad siúd féin. Is abhacréalta í an Ghrian s’againn, mar shampla. Rud eile é abhac bán, nó is éard a bhíos i gceist lena leithéid ná réalta atá i bhfad níos dlúithe ná réaltaí an phríomhsheichimh – go bunúsach cé go mbíonn abhac bán tipiciúil ar aon mhéid leis an Domhan bíonn sé ar aon mhais leis an nGrian. Tá réalta den chineál sin bán toisc go bhfuil sí te. Níl an teas seo ag teacht ó aon imoibriú núicléach, áfach – níl ann ach iarsmaí teasa ó na laethanta a bhí an réalta gníomhach go fóill. Abhac donn atá i gceist leis an abhac nach bhfuil in ann comhleá hidrigin a haon a choinneáil ag imeacht, is é sin, an t-imoibriú núicléach is dual do réaltaí an phríomhsheichimh. Creidtear áfach go mbíonn comhleá de chineál eile ar siúl sna habhaic dhonna, comhleá hidrigin a dó (deoitéiriam) mar shampla.

An Abhainn Eridanus a thugtar ar an réaltbhuíon mhór fhada atá dingthe idir an Bodach, an Tarbh, an Míol Mór, an Fhoirnéis, an Féinics, an Clog, an Siséal agus an Giorria. Tá an réalta is gile sa réaltbhuíon, Achernar, suite ag deireadh theas na hAbhann, agus a hainm féin bunaithe ar na focail Araibise a chiallaíos ”deireadh na habhann”. Réalta bhánghorm í Achernar, agus is impleacht dó sin go bhfuil sí an-te, ach ní fathachréalta í – le fírinne tá sí chomh geal sin toisc go bhfuil sí suite réasúnta cóngarach dúinn, céad go leith de sholasbhlianta. Réalta thábhachtach eile de chuid na hAbhann í Epsilon Eridani, nó tá sí ar an réalta is gaire dúinn ar deimhníodh go bhfuil pláinéad aici. Tá réigiún mór folamh, Folús na hAbhann, le haithint i dtreo na réaltbhuíne seo chomh maith – is é sin, réigiún spáis nach féidir réaltraí ná réadanna eile a fheiceáil ann.

Ábhar idir-réaltach a thugtar ar an damhna atá ar fáil sa spás idir na réaltaí. Gás is mó a bhíos ann, agus hidrigin atá sa chuid is mó den ghás seo – nócha faoin gcéad, a bheag nó a mhór. Héiliam atá sa chuid eile, chomh maith le hiarsmaí beaga de dhúile eile. Sa bhreis ar na cineálacha éagsúla gáis tá dusta ann. Bíonn dlús an ábhair idir-réaltaigh iontach éagsúil, agus é ag brath ar an teocht ach go háirithe: an áit a dtéann sé i bhfuacht téann sé chun dlúis. Ar meán tá adamh amháin i gceintiméadar ciúbach amháin den ábhar idir-réaltach, ach mar a dúradh bíonn sé difriúil i dtimpeallachtaí difriúla. Ianaítear an t-ábhar idir-réaltach timpeall na réaltaí ”óga” teo.

Acamar an t-ainm traidisiúnta ar Theta Eridani, ceann de na réaltaí is tábhachtaí i réaltbhuíon na hAbhann. Cosúil le hAchernar, tá ainm Acamar bunaithe ar na focail Araibise a chiallaíos ”Deireadh na hAbhann”, agus tá Acamar agus Achernar suite réasúnta cóngarach dá chéile mar a fheictear dúinn féin sa réaltbhuíon iad. Déréalta í Acamar, ach is mar A-réaltaí a aicmítear an dá chomhréalta ó thaobh an speictrim de – mar sin is réaltaí teo bána nó bánghorma iad. Tá Acamar suite tuairim is céad is trí scór de sholasbhlianta uainn. Réaltaí príomhsheichimh iad an dá chomhréalta, agus níl mórán difríochta eatarthu ó thaobh na maise de: timpeall ar dhá oiread go leith de mhais na Gréine atá i ngach ceann acu.

Achernar atá ar an réalta is gile san Abhainn, agus is é is brí leis an ainm ná Deireadh na hAbhann – tá an t-ainm sin bunaithe ar an Araibis. B-réalta atá in Achernar de réir a speictrim, is é sin, réalta the ghorm. Tá sí ag dul timpeall ar a hais chomh sciobtha is nach bhfuil sí róchosúil le liathróid a thuilleadh – dhealrófá le milseán den déanamh Smarties í dháiríre. Sféaróideach oblátach a thugtar ar a leithéid de chruth. Tá sí suite faoi chéad is dhá scór de sholasbhlianta dínn, a bheag nó a mhór, agus í seacht n-oiread chomh trom leis an nGrian s’againn. Scéal eile é áfach go sáraíonn sí lonrachas na Gréine glan oscartha ar fad: tá Achernar breis is trí mhíle oiread níos gile ná í. Is déréalta í Achernar, agus leathbhádóir ag an bpríomhréalta nach bhfuil ach dhá Ghrian-mhais inti. Achernar B a thugtar ar an gcomhréalta seo, agus í ag dul timpeall na príomhréalta faoi dhá aonad réalteolaíoch déag di, a bheag nó a mhór.

Achtainiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 89, a chuireas tús le sraith na n-achtainídí, nó na n-achtanóideach, i dtábla peiriadach na ndúl. Níl ach iseatóip radaighníomhacha ag an achtainiam, agus níl ach iarsmaí de le fáil sa dúlra, mar thruailleán i mianraí úráiniam. Is é achtainiam a 227 an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige, nó tá sí breis is fiche bliain ar leathré. Pé achtainiam a theastaíos táirgtear go saorga in imoibreoirí núicléacha é. Foinse radaíochta é a úsáidtear uaireanta le cealla ailse a mharú. Miotal é an t-achtainiam, agus le teacht na hoíche is féidir loinnir ghorm a aithint timpeall ar gach cnap achtainiam, ós rud é go mbíonn na cáithníní radaíochta ag bualadh na móilíní san aer.

Tagann alfa-mheath agus béite-mheath araon ar achtainiam a 227. Na hiseatóip atá níos troime, is fearr leo an béite-mheath, agus na cinn atá níos éadroime, is dual dóibh an t-alfa-mheath. Maidir le hachtainiam a 226, is féidir leis alfa-mheath, béite-mheath nó leictreonghabháil a dhéanamh.

Ó thaobh na n-airíonna ceimiceacha de, tá an t-achtainiam cosúil go maith leis an lantanam, an dúil atá suite os a chionn sa tábla peiriadach. Is é +3 an staid ocsaídiúcháin a bhíos ag an achtainiam (agus ag an lantanam) ina chuid comhdhúl: mar sin tá tríchlóiríd AcCl3, tríbhróimíd AcBr3, trífhluairíd AcF3 agus seisce-ocsaíd (nó trí-ocsaíd dé-achtainiam) Ac2O3 ann.

Tugtar ”sraith achtainiam” nó ”cascáid achtainiam” ar an meathshlabhra is dual do phlútóiniam a 239. Ceann de na céimeanna idir eatarthu é achtainiam a 227 sa slabhra seo.

Achtanaiméadar a thugtar ar ionstraim a thomhaiseas cumhacht na radaíochta – go bunúsach, bíonn imoibriú ceimiceach i gceist a gcuireann solas nó cineál eile radaíochta luas faoi, agus ansin aithnítear an chumhacht ar thorthaí an imoibrithe.

Acoindrít a thugtar ar dhreigít (cloch a thit ón spéir) nach bhfuil coindriúil le haithint uirthi. Is éard atá i gceist le coindriúl ná deoir bheag cloiche a ghreamaigh den dreige amuigh sa spás. Acoindrítí iad na dreigítí a tháinig ón nGealach agus ó Mhars, mar shampla. Bíonn na hacoindrítí cosúil le basalt (bruthcharraig) an Domhain.

Acróiniciúil: An réalta a tháinig chun radhairc ó scáth na léaslíne thoir díreach nuair a bhí an Ghrian ag dul faoi, deirimid go ndearna sé éirí acróiniciúil.

Acrux an t-ainm atá ar an réalta is gile i gCros an Deiscirt. Córas ilréaltach atá ann i ndáiríre, agus é suite faoi thrí chéad is fiche solasbhliain dínn, sin nó céad parsoic.

Acuairidí: Dreigechith iad na hAcuairidí atá le feiceáil i réaltbhuíon Iompróir an Uisce (réaltbhuíon an Uisceadóra), nó Aquarius. Le fírinne ní aon dreigechith amháin iad na hAcuairidí: aithnítear seacht ndreigechith éagsúla, ar a laghad, a bhíos ag teacht as pointe (radaí) éigin sa réaltbhuíon sin. Is dócha gurb iad na hEta-Acuairidí an cith is clúití acu: bíonn siad le feiceáil i Mí an Aibreáin agus i Mí na Bealtaine. Creidtear gur bhain imtharraingt na Gréine na dreigí áirithe seo ó scuabréalta Halley na céadta bliain ó shin.

Adamh: An t-aonad is lú d’aon dúil cheimiceach. De réir na tuisceana atá againn ar an adamh inniu, tá croíleacan nó núicléas ag an adamh agus an chuid is mó dá mhais comhchruinnithe ansin. Tá an núicléas comhdhéanta as dhá chineál cáithníní: prótóin agus neodróin. Tá lucht leictreach deimhneach ag an bprótón, ach níl aon chineál lucht leictreach ag an neodrón. Núicléóin a thugtar ar an dá chineál cáithníní in éineacht. Is dual do luchtanna leictreacha den chineál céanna an ruaig a chur ar a chéile, agus mar sin tá fórsa i bhfad níos láidre ná an t-éaradh leictreach de dhíth leis an núicléas a choinneáil le chéile. Seo an fórsa láidir, nó an fórsa núicléach.

Taobh amuigh den núicléas atá an néal leictreon. Tá an leictreon i bhfad níos éadroime ná an prótón – is ionann mais aon phrótón amháin agus mais dhá mhíle leictreon, beagnach. An lucht leictreach atá ag an leictreon, is lucht diúltach é a neodraíos aon phrótón amháin. Níl lucht leictreach ar bith ag an adamh sa bhunstaid, agus mar sin, is ionann líon na bprótón agus líon na leictreon. Is é líon na bprótón a shocraíos líon na leictreon, agus is é líon na leictreon (nó struchtúr an néil) a shocraíos saintréithe ceimiceacha na dúile a mbaineann an t-adamh léi.

Tá ordú agus eagar ar leith ar an néal leictreon agus é bunaithe ar cheithre chandamuimhir, mar a thugtar orthu: an phríomh-chandamuimhir a shocraíos cén sceall leictreonach ar a bhfuil an leictreon suite; an chandamuimhir asamatach a shainíos an fo-sceall (an leibhéal fuinnimh taobh istigh den sceall), ar an gcandamuimhir mhaighnéadach a aithnítear fithiseán an leictreoin, agus an chandamuimhir guairne a deir cé acu den dá leictreon san fhithiseán sin atá ann. Deir prionsabal Pauli (a fuair a ainm i ndiaidh Wolfgang Pauli, fisiceoir Gearmánach) nach féidir le dhá leictreon i néal an adaimh chéanna na candamuimhreacha céanna go léir a bheith acu.

Is iad na luachanna a cheadaítear don phríomh-chandamuimhir ná 1, 2, 3… Más ionann n agus an phríomh-chandamuimhir, is ionann luachanna na candamuimhreach asamataí (l) agus 0, 1, 2,…(n – 1). Más ionann l agus an chandamuimhir asamatach, is iad na luachanna a cheadaítear don chandamuimhir mhaighnéadach ná 0, +1, -1, +2, -2,…l, -l. Maidir leis an gcandamuimhir guairne, níl ach dhá luach ar fáil di: ½ agus -½.

Ní mór cuimhne a choinneáil air gur cineál simpliúchán í an tsamhail seo féin den adamh. Tá sé bunaithe ar an adamh hidrigine, nach bhfuil ach aon leictreon amháin ann. Tá sé réasúnta furasta cur síos matamaitice a thabhairt ar chóras chomh simplí sin nach bhfuil ann ach dhá réad agus iad ag idirghníomhú. Rachadh sé thar acmhainn an mhatamaiticeora féin, áfach, an idirghníomhaíocht idir na leictreoin éagsúla a chur san áireamh, abair, in adamh na hocsaigine féin (ocht leictreon ar fad) gan trácht ar adaimh na ndúl is troime amuigh (an t-úráiniam, abair, agus dhá leictreon déag is ceithre scór aige).

Is féidir leis na hadaimh naisc cheimiceacha a cheangal dá chéile. Is iad an dá chineál nasc ná an nasc comhfhiúsach agus an nasc ianach. Is éard atá i gceist leis an nasc comhfhiúsach ná comh-leictreondís (agus comhfhithiseán) dhá adamh – tugann gach adamh leictreon amháin uaidh don chomhfhithiseán. Más nasc ianach atá ann, is éard atá i gceist leis ná go bhfuair adamh amháin leictreon ar iasacht ó adamh eile. Is ionann sin is a rá go ndearnadh ian deimhneach den adamh a thug an leictreon uaidh, agus gur iompaigh an t-adamh eile ina ian diúltach. Is dual don lucht leictreach diúltach an lucht leictreach deimhneach a aomadh (a tharraingt chuige) agus a mhalairt, agus is é an comhaomachán sin is bunús leis an nasc ianach.

Adamh cianaosta: Ba é an fisiceoir Francach Georges Lemaître an chéad duine ar rith smaoineamh na hOllphléisce leis. É féin thug sé ”hipitéis an adaimh chianaosta” air. Dúirt sé go raibh a leithéid de rud ann i dtús stair na hollchruinne agus ”adamh cianaosta” nó ”ubh chosmach”, agus gurb as an adamh cianaosta seo a d’eascair an ollchruinne.

Adhara: Is é Adhara, nó Epsilon Canis Majoris, an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir. Tá sé suite faoi 430 solasbhliain dinn, agus is déréalta é. Maidir leis an aicme speictreach, is B-réalta í príomhréalta an chórais, agus mar sin, is réalta an-te í agus dath bánghorm inti. Tá Adhara le feiceáil i mbratach na Brasaíle freisin, agus é ag seasamh do stát Tocantins.

Adonis: Ceann de na hastaróidigh neas-Domhain é Adonis, is é sin, is astaróideach é a thagas an-chóngarach don Domhan s’againn ar a fhithis timpeall na Gréine. Ón taobh eile de, tá a chianphointe suite tuairim is cúig chéad milliún ciliméadar ón nGrian (tá an Domhan timpeall is céad is caoga milliún ciliméadar ón nGrian). Tógann sé beagnach trí bliana ar Adonis imrothlú amháin timpeall na Gréine a chríochnú. Ba é an réalteolaí Beilgeach Eugène Delporte a chuir an chéad sonrú san astaróideach seo, thiar sa bhliain 1936. Creidtear go bhfuil sé timpeall is ciliméadar amháin ar trastomhas.

Aeón: Sa réalteolaíocht is ionann aeón agus billiún (mórmhilliún) bliain (1,000,000,000 bliain).

I dteoiric na hollchruinne timthriallaí, glactar leis go dtiocfaidh deireadh le fairsingiú na cruinne agus go dtosóidh an chruinne ag crapadh chuici féin arís, go dtí go dtitfidh sí isteach in aon phonc amháin – an ollbhrúisc a thugtar air seo. Ansin tiocfaidh ollphléasc eile. Duine de na cosmeolaithe acu siúd ba mhó a rinne forbairt ar an teoiric seo, mar atá, an fisiceoir Sasanach Roger Penrose, thug seisean aeón ar an tréimhse ama idir dhá ollphléasc.

Aerailít: malairt ainm ar dhreigít. ”Cloch ón aer” is brí leis an bhfocal seo, go bunúsach.

Aeranomaíocht: Is éard atá i gceist leis an aeranomaíocht ná taighde ar uachtar an atmaisféir – ar an teirmisféar agus ar an méisisféar – go háirithe ar na díluchtuithe leictreacha thuas ansin.

Aeraspás: Tagraíonn an focal aeraspás d’iarrachtaí na ndaoine eitilt a dhéanamh san aer nó sa spás agus do na scileanna innealtóireachta a bhaineas leo. Ní mór é a choinneáil scartha ón aerspás a thagraíos don aer os cionn áit ar leith – os do chionn féin, cuir i gcás.

Aerastad: Tugtar aerastad ar theorainn an atmaisféir ó thaobh na heitlíochta de – is é sin, nuair a shroichfeas gnátheitleán an t-aerastad, ní bheidh fórsa ardaithe faoi na sciatháin a thuilleadh, chomh tanaí is atá an t-aer thuas ansin.

An tAerchaidéal: Réaltbhuíon é an tAerchaidéal nó Antlia atá dingthe idir an Ceinteár, an Phéist Uisce, na Seolta agus Compás an Mhairnéalaigh. Ba é Nicolas Louis de Lacaille a d’ainmnigh an réaltbhuíon seo agus a shainigh mar réaltbhuíon ar leith í. Níl mórán cuid súl ann: an réalta is gile atá ann, mar atá, Alpha Antliae, níl inti ach réalta phríomhsheichimh nach bhfuil mórán níos mó ná an Ghrian s’againn, agus í féin ag druidim chun seanaoise. Réalta den déanamh K, nó réalta fhlannbhuí, atá in Alpha Antliae.

Aerloinnir: Is í an aerloinnir an dóigh a n-astaíonn an t-atmaisféar féin solas. Bíonn cúiseanna éagsúla leis an aerloinnir: go bunúsach fágann solas na Gréine an t-atmaisféar luchtaithe le leictreachas, agus nuair a dhíluchtófar an fuinneamh leictreach sin, aithneofar mar sholas é. Go tipiciúil scoilteann gathanna na Gréine móilíní nítrigine no ocsaigine de chuid an aeir thuas san atmaisféar, agus nuair a rachas na hadaimh aonair le chéile le móilíní nua a dhéanamh, scaoilfear fuinneamh mar sholas. Ní féidir an aerloinnir a aithint de ló, ó tá solas scaipthe na Gréine i bhfad níos gile ná í, ach is feiniméan í a chuireas isteach ar na réalteolaithe le dorchadas na hoíche féin agus iad ag déanamh a gcuid breathnuithe.

Aeróg: Gléas a úsáidtear le tonnta leictreamaighnéadacha a ghlacadh agus a chlaochlú go bíoganna leictreacha, nó a mhalairt, is é sin, le tonnta leictreamaighnéadacha a tharchur trí bhíoganna leictreacha a chlaochlú go radathonnta (mar shampla). Cineál aeróige é an soitheach satailíte, mar shampla.

Aeróg dhépholach: Déanamh simplí aeróige is ea an aeróg dhépholach. Dhá shlat mhiotail atá ann agus iad ag aimpliú na radathonnta eatarthu trí athshondas.

Aeróg Yagi: Déanamh aeróige is casta ná an aeróg dhépholach – aeróg atá comhdhéanta as sraith d’aeróga dépholacha agus iad suite go comhthreomhar in aice a chéile. Déanamh coitianta é seo ar na haeróga teilifíse mar shampla. Fuair an cineál seo aeróige a ainm ón innealtóir Seapánach Hidetsugu Yagi cé gurbh é Shintaro Uda a rinne an chuid ba mhó den obair dhearthóireachta. Sa bhliain 1926 a bhain siad amach paitinn don dearadh seo.

Aga: I dtéarmaíocht na réalteolaíochta is ionann an t-aga agus am tagartha na gcomhordanáidí. Bíonn athruithe beaga ag teacht ar an spéir gan stad agus mar sin nuair a chromfas an réalteolaí ar réaltmhapa a úsáid caithfidh sé a bheith eolach ar aga an mhapa, is é sin, cathain go beacht a bhí an mapa agus comhordanáidí an mhapa bord ar bhord le cuma na spéire.

Aichill: Ba é Aichill an chéad astaróideach Traíoch ar cuireadh sonrú ann riamh. Grúpa astaróideach iad na Traígh atá ag timpeallú ceathrú pointe Lagrange ar fhithis Iúpatair – is é sin, an pointe roimh an bpláinéad. Tá Aichill timpeall ar 130 ciliméadar ar trastomhas, agus é ar an séú Traíoch is mó. Ba é an réalteolaí Gearmánach a d’aithin Aichill roimh aon duine eile, thiar sa bhliain 1906.

Aicme speictreach: Is gnách na réaltaí a aicmiú de réir an datha atá iontu, ós rud é gur tomhas é ar theas na réalta, chomh maith lena fadsaolacht: is iad na réalta teo is luaithe a spíonas a gcuid hidrigine. Is iad na príomhaicmí sa rangú seo ná:

Aicme Dath na réalta Teocht an dromchla (273 K = 0 ºC, 373 K = 100 ºC) Sampla Réaltbhuíon Nótaí
O Bánghorm (an chuid is mó den fhuinneamh á astú mar sholas ultravialait) 30,000-50,000 K Meissa (Heka, Al Haka, Lambda Orionis) An Bodach Fathachréalta
Mintaka (Delta Orionis) An Bodach Fathachréalra
Alnitak (Zeta Orionis) An Bodach Ollfhathach
B Gorm, bánghorm 10,000-30,000 K Alkaid (Benetnasch, Eta Ursae Majoris) An Béar Mór Réalta phríomhsheichimh
Rigel (Beta Orionis) An Bodach Ollfhathach
Alnilam (Epsilon Orionis) An Bodach Ollfhathach
A Bán, bánghorm 7,600-11,500 K Vega (Alpha Lyrae) An Lir Réalta phríomhsheichimh
Altair (Alpha Aquilae) An tIolar Réalta phríomhsheichimh
Sirius (Réalta an Mhadra, Alpha Canis Majoris) An Madra Mór Réalta phríomhsheichimh
Phad (Phekda, Phecda, Gamma Ursae Majoris) An Béar Mór Réalta phríomhsheichimh
Deneb (Alpha Cygni) An Eala Ollfhathach
Fomalhaut (Alpha Piscis Austrini) Iasc an Deiscirt Réalta phríomhsheichimh
F Bánbhuí 6,000-7,600 K Procyon (Alpha Canis Minoris) An Madra Beag Réalta phríomhsheichimh
Porrima (Gamma Virginis, Arich) An Mhaighdean Réalta phríomhsheichimh
G Bánbhuí, buí 5,300-6,000 An Ghrian Réalta phríomhsheichimh
Vindemiatrix (Epsilon Virginis) An Mhaighdean Fathachréalta
Sadalsuud (Beta Aquarii, Lucida Fortunae Fortunarum) Iompróir an Uisce (An tUisceadóir) Ollfhathach
Mebsuta (Epsilon Geminorum) An Cúpla Ollfhathach
K Flannbhuí 3,900-5,200 Epsilon Eridani An Abhainn Réalta phríomhsheichimh
Pollux (Beta Geminorum) An Cúpla Fathachréalta
Alsafi (Sigma Draconis) An Dragan Réalta phríomhsheichimh
Gienah (Epsilon Cygni) An Eala Fathachréalta
Eltanin (Gamma Draconis, Etamin) An Dragan Fathachréalta
M Flannbhuí, dearg 4,000 nó níos fuaire Antares (Alpha Scorpii) An Scairp Ollfhathach
Betelgeuse (Alpha Orionis) An Bodach Ollfhathach
Aldebaran (Alpha Tauri) An Tarbh Fathach
Arcturus (Alpha Bootis) An tAoire Fathach
Gacrux (Gamma Crucis) Cros an Deiscirt Fathach
Mirach (Merak, Beta Andromedae) Andraiméide Fathach
Gliese 581 An Mheá Abhac dearg
Wolf 359 An Leon Abhac dearg
Lalande 21185 (Gliese 411) An Béar Mór Abhac dearg

Ba iad Annie Jump Cannon agus Edward C. Pickering a d’oibrigh amach an córas seo thuas i dtús na fichiú haoise, agus is minic a thugtar ”córas Harvard” air, ós rud é go raibh Pickering i gceannas ar Réadlann Harvard, agus Cannon ag obair dó. Cuireadh roinnt aicmí nua leis le freastal ar chineálacha neamhghnácha réaltaí nach féidir a aicmiú de réir an chórais ”chlasaicigh” seo, cosúil leis an aicme úd W nó WR (réaltaí Wolf-Rayet).

Aicmiú Trumpler: córas aicmithe na réaltbhraislí oscailte. Ba é an réalteolaí Robert Julius Trumpler (nó Trümpler – Eilvéiseach a bhí ann a chuir faoi sna Stáit Aontaithe) a cheap an córas seo sa bhliain 1930. In aicmiú Trumpler tá uimhir Rómhánach a thugas le fios cé acu atá an bhraisle scaipthe nó dlúth (I, II, III nó IV; seasann I don bhraisle dhlúth, agus is é IV an cineál is scaipthe); uimhir Arabach a sheasas do mheánghile na réaltaí sa bhraisle (1, 2 nó 3 – is é 3 an cineál is gile); agus litir a deir cé acu atá an bhraisle saibhir (r, ó rich an Bhéarla) i réaltaí, daibhir (p, ó poor) nó idir eatarthu (m, ón bhfocal medium). Ina dhiaidh sin cuirtear an litir n le tagairt a dhéanamh don néalmhaireacht (nebulosity), is é sin, le tabhairt le fios go bhfuil an bhraisle suite i néal gáis. Is é an t-aicmiú atá ag an bPléadach, mar sin, ná I3rn – réaltbhraisle dhlúth gheal, í saibhir i réaltaí agus néalmhaireacht ag roinnt léi.

Aigéan na Stoirmeacha Oceanus Procellarum atá ar an gceann is mó de na ”mara” (na machairí basailt) ar an nGealach. Is féidir an tAigéan seo a fheiceáil ón Domhan gan dul i muinín gléasra cianradhairc. Tá cráitéar Copernicus suite san Aigéan – ceann de na gnéithe is feiceálaí de dhromchla na Gealaí. An dara spásbhád a thug daoine go dtí an Ghealach, mar atá, Apollo a 12, thuirling sí san Aigéan, agus baisteadh Mare Cognitum nó ”An Mhuir Aitheanta” ar an gcuid sin den Aigéan ina dhiaidh sin.

Ailbéideacht: An codán den tsolas (nó de chineál eile radaíochta) a fhrithchaitheas rinn neimhe áirithe. Tá ailbéideacht an Domhain, mar shampla, timpeall ar 0.3, is é sin, frithchaitheann an Domhan tuairim is tríocha faoin gcéad den tsolas a bhuaileas é.

Is léir nach ionann ailbéideacht na rinne neimhe i ngach ball di. Mar shampla, má iompaíonn an Domhan taobh na farraige – taobh an Aigéin Chiúin – leat, beidh an ailbéideacht, mar a fheictear duitse í, níos mó ná meánailbéideacht ár bpláinéid.

Aimhrialtacht: Sa réalteolaíocht tagraíonn an focal aimhrialtacht dá lán coincheapanna éagsúla, mar atá:

  • Aimhrialtacht an Atlantaigh Theas
  • Aimhrialtacht éalárnach
  • Aimhrialtacht fhíor
  • Aimhrialtacht Pioneer
  • Aimhrialtacht tareitilte
  • Meán-aimhrialtacht

Is éard atá i gceist le haimhrialtacht an Atlantaigh Theas ná an aimhrialtacht a aithnítear ar an gceann inmheánach den dá chrios radaíochta timpeall an Domhain a fuair a n-ainm ón spáseolaí Meiriceánach James Van Allen. De ghnáth, ní shroicheann an crios inmheánach níos ísle síos ná sé chéad ciliméadar, ach is eisceacht (nó aimhrialtacht!) é Deisceart an Atlantaigh, áit nach mbíonn an crios radaíochta sin ach dhá chéad ciliméadar os cionn dhroim ár bpláinéid. Is é is cúis leis an aimhrialtacht seo ná nach bhfuil réimse maighnéadach an Domhain chomh siméadrach le réimse an bharra-mhaighnéid.

Is éard atá i gceist leis an aimhrialtacht éalárnach, an aimhrialtacht fhíor, agus an mheán-aimhrialtacht ná na comhordanáidí a thugas cur síos ar an áit a bhfuil an rinn neimhe ar a fithis, de réir na ndlíthe matamaitice a d’oibrigh Johannes Kepler amach. Uillinneacha iad an aimhrialtact éalárnach agus an aimhrialtacht fhíor. Ní uillinn í an mheán-aimhrialtacht, cé go dtomhaistear in aonaid stua í, cosúil le huillinn. Tá an mheán-aimhrialtacht ag brath ar an achar a scuab an líne ón réad go dtí an fócas den éilips ón uair dheireanach a chuaigh an réad thart le garphointe na fithise. Is iad íosmhéid agus uasmhéid na meán-aimhrialtachta ná 0 raidian agus 2π raidian. Aonad stua é an raidian. Is ionann an raidian agus timpeall ar 57.295 céim stua, nó an stua a fhreagraíos do gha an chiorcail.

Maidir le haimhrialtacht Pioneer, is éard atá i gceist léi ná an géarú a tháinig ar luas an dá spástaiscéalaí úd Pioneer 10 agus Pioneer 11 nuair a shroich siad fad áirithe ón nGrian (timpeall ar fhiche aonad réalteolaíoch). Ní raibh súil ag na réalteolaithe leis an luasghéarú san am, ná míniú sásúil acu air, agus mar sin bhí sé ina chúis spéise acu ar feadh tamaill. Ba é an brú radaíochta ba chúis leis an aimhrialtacht – bhí na taiscéalaithe ag cailleadh teasa, ach níorbh ionann an cailleadh seo ar gach taobh den ghléas, agus mar sin bhí an brú radaíochta ag cur le luas an ghléis.

Is éard atá i gceist leis an aimhrialtacht tareitilte ná ardú fuinnimh a aithnítear agus spásbhád ag eitilt thart leis an Domhan. Má eitlíonn an spásbhád thart le rinn neimhe sách cóngarach, cuirfidh imtharraingt na rinne neimhe sin cor i mbealach an spásbháid, agus sa teagmháil chéanna géarófar ar a luas. Cuid bheag den luasghéarú sin áfach ní féidir leis na fisiceoirí é a mhíniú i láthair na huaire, agus tugtar aimhrialtacht tareitilte ar an gcuid sin.

Aimplitiúid a thugtar, go bunúsach, ar ”airde” na dtonnta, más é an ”tonnfhad” fad na dtonnta céanna.

Ainmníocht Bayer a thugtar ar an gcóras ainmníochta a cheap an réalteolaí Gearmánach Johann Bayer thiar i dtús na seachtú haoise déag. Sa chóras seo is éard atá in ainm na réalta ná litir Ghréagach (nó ainm ar litir Ghréagach), agus ainm na réaltbhuíne ag teacht i ndiaidh na litreach sin i dtuiseal gineadach. Mar shampla, Alpha Centauri, Beta Ursae Majoris, Gamma Andromedae.

Is minic a chreidtear go seasann Alpha sa chóras seo don réalta is gile sa réaltbhuíon, agus gurb é Beta an dara ceann is gile, agus araile: Gamma, Delta, Epsilon… Le fírinne ní raibh Bayer féin ag iarraidh ordú gile na réaltaí i réaltbhuíon áirithe a thabhairt go mionchruinn, nó ní raibh ar chumas réalteolaithe a linne an ghile sin a thomhas go róbheacht. Ní dhearna sé ach na réaltaí i réaltbhuíon áirithe a aicmiú de réir a ngile. Má bhí, cuir i gcás, cúig réalta sa réaltbhuíon san aicme ba ghile, bhaist sé Alpha, Beta, Gamma, Delta agus Epsilon ar na cinn seo, agus ansin thug sé Zeta ar an gcéad réalta sa dara haicme, ach ní hionann sin is a rá go dtabharfadh sé Alpha ar an réalta ba ghile acu go léir. Ba mhinic a bhí a aird ar chúiseanna eile freisin: mar shampla, má bhí réalta áirithe ar an gcéad cheann sa réaltbhuíon a thagadh ó scáth na léaslíne, bhí de chlaonadh in Bayer alpha (nó an chéad litir Gréigise san aicme bhainteach gile) a bhronnadh ar an réalta sin thar aon cheann eile.

Thairis sin, rinne na réalteolaithe athruithe ar theorainneacha na réaltbhuíonta ina ndiaidh sin: thar aon rud eile, roinneadh an Long nó Argo Navis go réaltbhuíonta éagsúla, mar atá, an Chíle (Carina), Deireadh na Loinge (Puppis), Compás an Mhairnéalaigh (Pyxis), agus na Seolta (Vela). Ansin, choinnigh gach réalta a litir Ghréagach, cé gur cuireadh ainm na réaltbhuíne nua léi.

Níor chuir Bayer an córas ainmníochta s’aige i bhfeidhm ach amháin ar na réaltbhuíonta a bhí le feiceáil ón nGearmáin. Thit sé ar chrann réalteolaithe eile an córas a fhairsingiú ar réaltaí an leathsféir theas.

Aipsis: Tugtar aipsisí ar chianphointe is ar gharphointe na satailíte, is é sin, an pointe is faide ón bpríomhúlach agus an pointe is cóngaraí don phríomhúlach ar fhithis na satailíte.

Ais leathbheag a thugtar ar an líne a ritheas ó lárphointe na héilipse go dtí ceann den dá phointe ar an éilips is cóngaraí don lárphointe. Is ionann an ais leathbheag agus leath an trastomhais is lú atá ag an éilips.

Ais leathmhór a thugtar ar an líne arb ionann í agus leath an trastomhais is mó atá ag an éilips, is é sin, ritheann sí ó lárphointe na héilipse go ceann den dá phointe ar an éilips is faide ón lárphointe.

Ais neamhaí a thugtar ar an ais a bhfuil an sféar neamhaí ag rothlú timpeall uirthi – go bunúsach, is ionann í agus ais rothlaithe an Domhain.

Ais optúil a thugtar ar an ais a ritheas trí chóras optaice agus a bhfuil an córas sin siméidreach ina timpeall. (Rud eile í an ais optach, a bhaineas leis an dóigh a n-athraontar an solas sna criostail.)

Aistiogmatacht atá i gceist nuair nach ionann an fócas (fócas an lionsa nó fócas an chórais optúil) do na línte ceartingearacha agus na línte cothrománacha.

Aistriú Doppleriarmhairt Doppler a thugtar ar athrú na minicíochta ó fhoinse tonnta atá ag gluaiseacht. Léiriú maith é bonnán an otharchairr: nuair atá an carr ag teacht inár dtreo, táimid ag cloisteáil bíoganna an bhonnáin níos tibhe i ndiaidh a chéile (rud a fhágas go bhfuil an mhinicíocht níos airde, agus fuaim an bhonnáin níos géire), agus nuair atá sí ag imeacht uainn, is dóigh linn go bhfuil na bíoganna le cloisteáil níos scaipthe (agus ansin tá an mhinicíocht níos ísle, ionas go bhfuil an fhuaim níos doimhne). De réir an phrionsabail chéanna, nuair atá foinse aon chineál tonnta ag druidim chugainn, is dóigh linn go bhfuil an tonnfhad níos lú agus an mhinicíocht níos airde ná mar a shílfeadh an breathnóir atá ag gluaiseacht in éineacht leis an bhfoinse – agus a mhalairt más ag druidim uainne atá an fhoinse sin.

Ba é an réalteolaí Ostarach Christian Andreas Doppler a mhínigh an iarmhairt seo in alt faoi dhath na ndéréaltaí thiar sa bhliain 1842. D’aithin sé prionsabal uilechuimsitheach a bhfuil baint aige leis na fuaimthonnta, na radathonnta agus na tonnta leictrimhaighnéadacha de gach cineál, an gnáthsholas san áireamh. Tugtar deargaistriú ar an dóigh a dtéann aistriú Doppler i bhfeidhm ar sholas na réaltaí agus na réada réalteolaíocha eile agus iad ag druidim uainn, agus gormaistriú an téarma a thagraíos d’aistriú Doppler ag réaltaí atá ag gluaiseacht chugainn.

Aladáid géag shnáthaide a thugtar ar chlár is féidir a iompú ionas go bhfuil sé ag pointeáil ar réad ar leith, agus é ag cur ar ár gcumas líne a tharraingt atá ag dul i dtreo an réada sin. Comhpháirt í an aladáid den teodailít (gléas an gheodasaí), mar shampla. Cineál rialóir réalteolaíoch í an aladáid, agus tá an téarma féin bunaithe ar fhocal Araibise a chiallaíos ”rialóir”.

Albireo: Is é Albireo nó Beta Cygni an cúigiú réalta is gile i réaltbhuíon na hEala. Le fírinne is déréalta é – nó tríréalta fiú. Is iad na comhréaltaí is fusa a aithnítear ó chéile ná Albireo A agus Albireo B, ach is déréalta ann féin é Albireo A – tugtar Albireo Aa agus Albireo Ac ar an dá réalta sin inniu.

Fathachréalta fhlannbhuí den K-aicme é Albireo Aa. Réaltaí príomhsheichimh iad an dá cheann eile, Albireo Ac agus Albireo B, agus is B-réaltaí iad – is é sin, réaltaí teo gorma.

Alcor: Is é Alcor nó 80 Ursae Majoris Arundhati leathbhádóir na réalta úd Mizar Zeta Ursae Majoris. Le fírinne is déréalta ann féin é Alcor agus é suite faoi dhá sholasbhliain is ceithre scór dínn. Is réalta phríomhsheichimh den chineál A í príomhréalta Alcor – níl sa leathbhádóir ach abhac fann.

Alcyone: Is í Alcyone nó Eta Tauri an ceann is gile de réaltaí na Pléadaí i réaltbhuíon an Tairbh. Déanta na fírinne is córas ceithre réalta í Alcyone, agus is fathachréalta bhánghorm B-aicme í an phríomhréalta. An trí cinn eile is abhacréaltaí iad agus iad ag dul timpeall na príomhréalta.

Aldebaran: Is é Aldebaran nó Alpha Tauri an réalta is gile i réaltbhuíon an Tairbh, agus é ar réaltaí geala cuidsúlacha na spéire go léir. Fathach flannbhuí K-aicme é. Níl sé mórán níos troime ná an Ghrian s’againn cé go bhfuil sé i bhfad níos mó, i bhfad níos lonrúla – go bunúsach is réalta é a d’fhorbair ó abhac príomhsheichimh go fathach mar is dual don Ghrian féin a dhéanamh i gceann na mílte milliún bliain.

Alderamin: Is é Alderamin nó Alpha Cephei an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir, agus é le feiceáil gan dul i dtuilleamaí uirlisí cianradhairc. Tá sé suite faoi naoi solasbhliana is dhá scór dinn. Réalta bhán A-aicme atá ann. Lonrúil is mar atá sé, ní fathachréalta é ach réalta phríomhsheichimh.

Alfa-cháithnín a thugtar ar an núicléas héiliam a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón ann, nuair a bhítear ag tagairt do na mílte acu agus iad ag gluaiseacht leo go tapa in aon treo, ionas gur féidir a rá gur cineál radaíocht atá i gceist, mar atá, alfa-radaíocht.

Alfa-mheath is cúis leis an alfa-radaíocht a bhíos ag teacht as dúile áirithe radaighníomhacha. Nuair a thiocfas alfa-mheath ar an núicléas, astóidh sé alfa-cháithnín, is é sin cáithnín a bhfuil dhá phrótón agus dhá neodrón ann. Ansin bainfear dhá aonad d’uimhir adamhach an núicléis, ós ar líon na bprótón a aithnítear an uimhir adamhach. Mar sin, má thagann alfa-mheath ar núicléas úráiniam (is é 92 uimhir adamhach an úráiniam), déanfar núicléas tóiriam de (is é 90 uimhir adamhach an tóiriam).

Ar dhúile troma radaighníomhacha, cosúil leis an úráiniam, is tipiciúla a thagas an t-alfa-mheath. Ní bhíonn iseatóip chobhsaí ar bith ag na dúile is troime amuigh, agus mar sin caithfidh núicléis na ndúl sin an mhaisuimhir agus an uimhir adamhach araon a laghdú leis an gcobhsaíocht a bhaint amach. Dealraíonn sé gurb é an teallúiriam (uimhir adamhach: 52) an dúil is éadroime a bhfuil iseatóip alfa-ghníomhacha aige.

Alfa-radaíocht an cineál radaíocht atá comhdhéanta as alfa-cháithníní. An alfa-radaíocht a bhíos ag teacht as na núiclídí radaighníomhacha ní bhíonn sí saibhir i bhfuinneamh agus is leor duilleog páipéir le maolú uirthi go substaintiúil.

Na halfa-cháithníní a bhíos ag bualadh an Domhain ón spás, mar chuid den radaíocht chosmach, tá siad i bhfad níos fuinniúla agus dainséar iontu do na neachanna beo dá réir.

Algenib an t-ainm a thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta:

  • Gamma Pegasi. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon Pheigeasais. Glactar leis go bhfuil sí suite faoi thrí chéad is nócha solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Réalta réasúnta mór atá i nGamma Pegasi, ach is deacair a rá an féidir fathachréalta a thabhairt uirthi dáiríribh: tá sí naoi n-oiread chomh trom leis an nGrian, agus cúig oiread ar trastomhas. Réalta an-lonrúil í áfach – breis is cúig oiread chomh lonrúil leis an nGrian – agus ní shamhlófá a mhalairt le réalta B-aicme. Dealraíonn sé go bhfuil sí le hiompú ina fathach ceart nuair a bheas a cuid hidrigine spíonta aici.
  • Malairt ainm ar Alpha Persei nó Mirfak. Féach Mirfak.

Algol an Deamhanréalta a thugtar ar an réalta úd Beta Persei; ainm eile as Béarla é Winking Demon, is é sin, ”an Deamhan Súilbhobálach”. ”An Deamhan” is brí leis an ainm Araibise úd Al-Ghul, agus is ionann sin mar fhocal agus ghoul an Bhéarla – ”gúl” an leagan Gaeilge a thugas foclóir mór Néill Uí Dhónaill. Ba nós leis na hastralaithe anallód a shíleadh gur tuar tubaiste agus foréigin a bhí ann. Is léir mar sin gur spreag an réalta seo fantaisíocht na ndaoine le fada, agus is é is cúis leis sin ná gur déréalta uraitheach í: an dóigh a mbíonn sí ag ”bobáil súile” shíleadh na daoine gur neach beo a bhí i gceist.

Is é is ciall le ”déréalta uraitheach” ná go dtagann ceann den dá chomhréalta idir sinn agus an ceann eile ó am go ham, rud a fhágas go bhfuil lonrachas agus speictream na réalta ag athrú go tráthrialta. Tá an dá chompánach suite chomh cóngarach dá chéile is nach raibh na sean-réalteolaithe in ann iad a aithint thar a chéile ach amháin ar an timthriall seo – le huirlisí forbartha an lae inniu is féidir an dá réalta a fheiceáil, áfach. Mar sin féin tugtar déréalta speictreach ar Algol, toisc gur ar na hathruithe speictrim is lonrachais a d’aithin na réalteolaithe an chéad uair gur dhá réalta a bhí ann.

Le fírinne tá an tríú comhréalta ann freisin, ach ní uraíonn sí aon cheann den dá réalta eile.

Réaltaí príomhsheichimh iad comhréaltaí Algol, cé go bhfuil siad níos mó ná an Ghrian. An réalta is gile den triúr, nó Algol Aa1, is réalta den B-aicme í, agus í tuairim is trí oiread chomh trom leis an nGrian. Tá sí trí oiread chomh mór leis an nGrian de réir an trastomhais, agus beagnach dhá chéad oiread níos lonrúla. An compánach uraitheach atá ag Algol Aa1, tugtar Algol Aa2 air. Tá sé beagáinín níos éadroime ná an Ghrian, agus é trí oiread go leith chomh mór de réir an trastomhais. Réalta K-aicme é, agus é gan ach seacht n-oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Maidir leis an tríú comhréalta, baineann sí leis an A-aicme, agus níl sí mórán níos troime, ná níos mó, ná an Ghrian.

Bhí an-tábhacht leis an réalta seo i stair na réalteolaíochta, ó chuidigh sí leis na heolaithe tuiscint a fháil ar na déréaltaí mar rud. Is gnách aicme iomlán de dhéréaltaí a dhealramh le hAlgol.

Alioth Epsilon Ursae Majoris atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Bhéir Mhóir. Tá sí suite faoi dhá sholasbhliain is ceithre scór dínn, a bheag nó a mhór, agus í beagnach trí oiread chomh mór leis an nGrian s’againn. Tá Alioth ceithre oiread chomh mór leis an nGrian de réir an trastomhais, agus breis is céad oiread chomh lonrúil. Aicmítear mar A-réalta í. Tagann athruithe aisteacha ar a speictream go tráthrialta timthriallach, agus ceaptar gurb é réimse maighnéadach na réalta a mheascas na dúile breise – na truailleáin – i ”mbreosla” hidrigine na réalta ar dhóigh ar leith, ionas go dtéann siad i bhfeidhm ar an speictream mar sin.

Alkaid Benetnasch Eta Ursae Majoris atá ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Bhéir Mhóir. B-réalta atá ann de réir an speictrim, is é sin, réalta the bhánghorm. Tá sé sé oiread chomh trom leis an nGrian, trí oiread go leith chomh mór de réir an trastomhais, agus míle trí chéad is caoga oiread chomh lonrúil. An chuid is mó de na réaltaí sa Chamchéachta tá siad ag gluaiseacht leo tríd an spás in éineacht, in aon treo agus ar aon luas le chéile – tugtar ”grúpa gluaisteach an Bhéir Mhóir” orthu – ach is eisceacht é Alkaid, nó ní ball den ghrúpa sin é.

Almach Gamma Andromedae atá ar an ilréalta arb í an tríú réad is gile i réaltbhuíon Andraiméide í. D’aithin na réalteolaithe faoi dheireadh an ochtú céad déag gur déréalta a bhí ann. Ceann den dá réalta sin áfach, is dóigh le lucht na ceirde inniu gur córas trí réalta ann féin é. Mar sin, is córas ceithre réalta í Almach, agus é suite faoi trí chéad is caoga solasbhliain dínn. Is iad na ceithre réaltaí sin ná:

  • γ Andromedae A. Fathachréalta í seo a áirítear ar an K-aicme: réalta fhlannbhuí í atá níos fuaire ná an Ghrian.
  • γ Andromedae Ba agus Bb. Dhá réalta phríomhsheichimh den B-aicme iad, agus iad ag dul timpeall a chéile uair in aghaidh dhá lá is ocht n-uaire.
  • γ Andromedae C. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í.

Alnair (focal Araibise a chiallaíos ”an ceann geal”) a thugtar go traidisiúnta ar dhá réalta, mar atá:

  • Alpha Gruis. Tá an réalta seo ar an gceann is gile i réaltbhuíon na Coirre. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í agus í trí nó ceithre oiread níos mó ná an Ghrian s’againn – mar sin, ní fathachréalta í ach réalta phríomhsheichimh a d’fhéadfá a dhealramh le Sirius. Tá sí i bhfad níos lonraí ná an Ghrian, is é sin, dhá chéad is trí scór oiread. Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.
  • Zeta Centauri. Tá an réalta seo le feiceáil i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ocht n-oiread chomh trom leis an nGrian. Tá sí suite faoi thrí chéad agus ceithre scór solasbhliain dínn. Réalta the ghorm de chuid na B-aicme í seo chomh maith le hAlpha Gruis.

Alnilam Epsilon Orionis atá ar an réalta i lár na hastaireachta ar a dtugtar Crios Oiríon nó Slat an Bhodaigh, i réaltbhuíon an Bhodaigh. B-réalta atá ann, is é sin, réalta the ghorm é. Tá sé suite faoi thuairim is dhá mhíle solasbhliain dínn, agus é tríocha oiread chomh trom leis an nGrian, nó i bhfad níos troime fós. De réir na lonrúlachta, tá Alnilam beagnach leathmhilliún oiread níos gile ná ár réalta féin. Tríd is tríd níl sé as cosán ollfhathach a thabhairt ar an réalta seo, agus creidtear go bpléascfaidh sí ina hollnóva an lá is faide anonn.

Alnitak Zeta Orionis a thugtar ar an gceann is faide thoir de na réaltaí i Slat an Bhodaigh (Crios Oiríon). Tá sé suite faoi thuairim is ceithre chéad solasbhliain dínn, agus is tríréalta ann féin é.

Alpha Centauri a thugtar ar an réalta is cóngaraí dúinn, nó ar an gcóras réaltaí le bheith beacht. Tá trí réalta ann: Alpha Centauri A; Alpha Centauri B; agus Alpha Centauri C, nó Proxima Centauri. Tá an trí cinn suite faoi chorradh is ceithre solasbhliana dínn, agus mar is léir ón ainm Laidine – Proxima, ”An Ceann is Cóngaraí” – tá Alpha Centauri C níos gaire dúinn ná an dá cheann eile. Tá cuid de na réalteolaithe barúlach, fiú, nach bhfuil Proxima ach ag dul thar bráid, is é sin nach bhfuil sí ceangailte den bheirt eile ar aon dóigh.

Ba nós leis na réalteolaithe Muslamacha Rijl al Qanturis nó ”Cos an Cheinteáir” a thabhairt ar Alpha Centauri. Is é Rigil Kentaurus an leagan leath-Laidine den ainm chéanna a d’úsáidtí sa Domhan Thiar. Sa bhliain 2016, áfach, shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaíochta gan ”Rigil Kentaurus” a thabhairt ach ar Alpha Centauri A.

Tá Alpha Centauri A ábhairín níos mó ná an Ghrian, agus aon oiread go leith chomh lonrúil. Aicmítear mar G-réalta í, is é sin, is réalta bhuí phríomhsheichimh í cosúil leis an nGrian s’againn. Alpha Centauri B arís, tá sí beagáinín níos lú agus níos fuaire ná an Ghrian – is réalta fhlannbhuí K-aicme í. Maidir le Proxima, níl inti siúd ach abhacréalta bheag nach bhfuil de mhais inti ach 12.3 % de mhais na Gréine. Baineann sí leis an M-aicme, is é sin, is abhacréalta dhearg í agus í níos fuaire ná an dá réalta eile sa chóras.

Chomh gar is atá an dá phríomh-chomhbhall dá chéile, ní féidir iad a aithint thar a chéile gan dul i dtuilleamaí teileascóip. Dá mbeadh Proxima ní ba lonrúla d’fhéadfá í a aithint mar réalta ar leith le súile do chinn féin, ach ós rud é nach bhfuil inti ach léaró fann i gcomparáid leis an dá réalta eile tá teileascóp de dhíth le hí a fheiceáil ar aon nós.

Mar is léir ón ainm, tá Alpha Centauri ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Cheinteáir, agus í ar réaltaí geala na spéire go léir chomh cóngarach dúinn is atá sí. Níl ach Sirius agus Canopus níos gile ná í. Réalta phríomhsheichimh atá i Sirius agus í suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri; fathachréalta atá i gCanopus agus í faoi thrí chéad solasbhliain dínn.

Alphekka Alphecca Gemma An tSeoid Alpha Coronae Borealis a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Choróin an Tuaiscirt. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme í atá suite faoi chúig ciliméadair déag is trí scór dínn. Tá sí timpeall is trí oiread chomh trom leis an nGrian, ach ar ndóigh tá sí i bhfad níos lonrúla ná í – ceithre oiread déag is trí scór. Le fírinne is déréalta í, nó tá leathbhádóir, Alphekka B nó Alpha Coronae Borealis B (α CB B) ag an bpríomhréalta. Tá an leathbhádóir seo ar aon dath agus ar aon mhéid leis an nGrian, agus tá an Ghrian beagáinín níos lonrúla ná é.

Is gnách Alphecca Meridiana a thabhairt ar Alpha Coronae Australis, is é sin, alfa-réalta Choróin an Deiscirt. Tá an réalta seo dhá oiread agus trí dheichiú cuid chomh trom leis an nGrian, agus tríocha oiread níos lonrúla.

Alpheratz Sirah Alpha Andromedae a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon Andraiméide. Tá sí suite in aice le réaltbhuíon Pheigeasais, agus deirtear gurb iad Alpheratz agus trí réalta de chuid Pheigeasais (Markab, Scheat, agus Algenib) ”cearnóg mhór Pheigeasais”.

Tá Alpheratz suite faoi sheacht solasbhliana déag is ceithre scór dinn, agus is déréalta é. Tá an ceann is mó den dá chomhréalta ceithre oiread chomh trom leis an nGrian agus trí oiread chomh leathan (de réir an trastomhais, nó an gha); sáraíonn sí an Ghrian faoi 240 oiread ar lonrachas. Is B-réalta í, is é sin, is réalta gheal ghorm í. Tá an leathbhádóir níos lú ná an phríomhréalta, is é sin, dhá oiread chomh trom leis an nGrian. Réalta den aicme A é, is é sin, réalta bhánghorm atá ann, agus é beagáinín níos fuaire ná an phríomhréalta. Tá sé trí oiread déag chomh lonrúil leis an nGrian.

Tá roinnt dúl ceimiceach neamhghnách le fáil sa phríomhréalta, mearcair, mangainéis, agus xeanón go háirithe, agus a lorg le haithint ar a speictream.

Alphonsus – Cráitéar mór ar an nGealach é Alphonsus, agus é suite taobh thoir de Mhuir na Scamall, in aice le cráitéir Ptolemaeus agus Alpitragus. Tá Alphonsus céad is fiche ciliméadar ar trastomhas, agus é ainmnithe as Alfonso a Deich, rí na Caistíle, a mhair ón mbliain 1221 go 1284. Bhí suim ag Alfonso sna réaltaí agus sna heolaíochtaí, agus is iad na leasainmneacha a baisteadh air ná Sabio, nó an Fear Críonna, agus Astrólogo, nó an tAstralaí.

Altair Alpha Aquilae a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Iolair. Réalta phríomhsheichimh den A-aicme is ea Altair agus í ar cheann de na réaltaí is gile ar an spéir, chomh cóngarach is atá sí dúinn – níl sí ach sé nó seacht solasbhliana déag uainn. Tá Altair ag dul timpeall ar a hais chomh sciobtha is go gcuireann an rothlú seo as a riocht í – níl sí sféarúil (níl sí ar dhéanamh na liathróide) ach sórt leibhéalta sna poil.

Altasamat is ea an cineál gléasadh nó feistiú a chuireas ar do chumas an teileascóp a rothlú ar an ais cheartingearach agus ar an ais chothrománach araon. Tagraíonn tús an fhocail don airde (altitude), agus is ionann an t-asamat agus an treoshuíomh compáis. Cineál altasamat é an túirín gunna chomh maith.

An Altóir atá ar an réaltbhuíon idir an Scairp, an Riail, an Teileascóp agus Triantán an Deiscirt. Tá cuid mhaith réaltbhraislí le feiceáil san Altóir, agus tá Réaltnéal Roc an Gha Nimhe suite sa réaltbhuíon seo freisin. Níl an Altóir le feiceáil ach ó leathsféar theas an Domhain, agus mar sin, níl d’ainmneacha againn ar a cuid réaltaí ach Alpha Arae, Beta Arae, Gamma Arae agus araile.

Ara an t-ainm Laidine ar an Altóir. Tabhair faoi deara go dtagraíonn an t-ainm Gaeilge ”An tAra” do réaltbhuíon eile ar fad, an ceann ar a dtugtar Auriga as Laidin.

Amalthea (Amailtia an leagan Gaelaithe a bhí ag Matt Hussey sa leabhar úd Fréamh an Eolais) a thugtar ar shatailít bheag de chuid Iúpatair; Iúpatar a Cúig an t-ainm córasach. Ba é an Meiriceánach Edward Emerson Barnard a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1892 – an fear céanna a bhfuair Réalta Barnard a hainm uaidh. Tá sí ag timpeallú Iúpatair níos gaire ná gealacha aithnidiúla Galileo, agus í níos lú ná iad: tá déanamh neamhrialta uirthi, is é sin, níl sí ar déanamh liathróide. Shuigh an scríbhneoir ficsin eolaíochta Arthur C. Clarke a ghearrscéal Jupiter Five ar Amalthea, mar is léir ón teideal.

Amharcmhéid an téarma a thagraíos do mhéid na réalta mar a fheictear dúinn í, is é sin, de réir ghile a cuid solais.

Am Iarthar na hEorpa: an t-am a gcloítear leis in Éirinn, sa Phortaingéil agus sa Ríocht Aontaithe. Is ionann é go bunúsach agus an tAm Uilíoch, is é sin, Meán-Am Greenwich, ach amháin go n-aistrítear na cloig uair amháin ar aghaidh le teacht an Earraigh (am coigilte sholas an lae, is é sin, an t-am samhraidh) agus ar ais le teacht an Fhómhair.

Am Lár na hEorpa: an t-am a gcloítear leis sa chuid is mó den Eoraip. Tá sé ag dul uair amháin chun tosaigh ar Am Iarthar na hEorpa.

An tAm Uilíoch: is ionann é agus Meán-Am Greenwich, a bheag nó a mhór – is í an difríocht is mó idir an dá rud ná go bhfuil an tAm Uilíoch níos cruinne ná rothlú an Domhain féin, toisc go bhfuil sé bunaithe ar chloig adamhacha – le fírinne is gnách an tAm Uilíoch a cheartú le soicindí bisigh ó am go ham le féachaint chuige nach rachaidh an dá am sin ó chéile. Cloíonn an Íoslainn leis an Am Uilíoch ó thús go deireadh na bliana, is é sin, níl am samhraidh ar leith (is é sin, am coigilte sholas an lae) acu.

Anailís speictreach a thugtar ar na modhanna oibre a bhíos ag na réalteolaithe le hairíonna na réalta a aithint ar a speictream. Ó tá a cuid línte speictreacha ag gach dúil cheimiceach, is féidir a fheiceáil ar an speictream cé hiad na dúile atá ar fáil i réalta áirithe. Thairis sin, thig linn a aithint an bhfuil an réalta ag éalú uainn nó ag druidim linn. An réalta atá ag éalú uainn, is dealraitheach dúinn go bhfuil na línte speictreacha go léir aistrithe i dtreo na deirge (deargaistriú), agus an réalta atá ag druidim linn, feicimid go bhfuil na línte speictreacha aistrithe i dtreo na goirme (gormaistriú). Is í iarmhairt Doppler is cúis leis an dá aistriú seo.

Andraiméide is ainm don dá rud seo:

  • Réaltra Andraiméide, nó M31, nó NCG 224, atá ar an réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, is é sin, i gcomharsanacht Bhealach na Bó Finne. Réaltra bíseach é. Tá sé suite dhá mhilliún go leith de sholasbhlianta ónár réaltra féin, agus é tuairim is dhá chéad míle solasbhliain ar trastomhas. Ba é an réalteolaí Meiriceánach Heber Curtis (1872-1942) a d’aithin roimh aon duine gur réaltra ar leith a bhí ann, seachas réaltnéal taobh istigh dár réaltra féin.
  • Réaltbhuíon Andraiméide – is é Andromeda an leagan Laidine a úsáidtear sa Bhéarla chomh maith. Tá an réaltnéal le feiceáil sa réaltbhuíon áirithe seo. Tá Andraiméide suite idir Peirseas, Caiseoipé, an Laghairt, Peigeasas, na hÉisc, agus an Triantán. Réaltaí aithnidiúla sa bhuíon seo iad Alpheratz agus Almach. Bíonn dreigechith na nAndraiméidídí (nó na mBílídí) le feiceáil sa réaltbhuíon i Mí na Samhna.

Angstram an leagan Gaeilge de shloinne an fhisiceora Shualannaigh Anders Jonas Ångström (1814-1874) – nó den aonad faid a fuair a ainm ón bhfear seo. Is ionann deich n-angstram agus aon nanaiméadar amháin. Ar an solas agus ar an speictream ba mhó a dhírigh Ångström ina chuid taighde, agus dá réir sin is gnách tonnfhaid na gcineálacha éagsúla radaíochta a thomhas in angstraim. Ba é Ångström a mhapáil roimh aon duine eile na tonnfhaid a fhreagraíos do dhathanna éagsúla an tsolais infheicthe.

Anóid a thugtar ar leictreoid a bhfuil lucht leictreach deimhneach aici, agus í ag aomadh iain a bhfuil lucht leictreach diúltach acu – ainiain a thugtar orthu siúd.

Antamón a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 51, agus is é Sb an tsiombail cheimiceach (tá an giorrúchán seo bunaithe ar sheanainm an antamóin, stibiam). Miotalóideach é an t-antamón, agus allatróip éagsúla aige: is é an t-allatróp miotalach an ceann is cobhsaí acu. Tá an t-antamón 121.76 ar mheáchan adamhach, rud a thugas le tuiscint gurb é antamón a 122 an t-iseatóp is coitianta, ach ní mar sin atá: le fírinne is iad antamón a 121 agus antamón a 123 an dá iseatóp cobhsaí, agus is iseatóp radaighníomhach é antamón a 122 a dtagann béite-mheath air.

Is iad +III (na comhdhúile antamónúla) agus +V (na comhdhúile antamónacha) na staideanna ocsaídiúcháin is minice a bhíos ag an antamón ina chuid comhdhúl. Is é an tsuilfíd antamónúil, Sb2S3, nó an stibnít, an mhian is tábhachtaí. Cól (nó kohl) a thugtar ar an tsuilfíd chéanna nuair a úsáidtear mar smideadh í.

Úsáidtear seisce-ocsaíd an antamóin (trí-ocsaíd dé-antamóin, trí-ocsaíd antamóin, ocsaíd antamónúil Sb2O3) mar lasairdhíonadh. Maidir leis an dúil féin, úsáidtear i gcóimhiotalú í – is é sin measctar trí mhiotail éagsúla é le hiad a dhéanamh níos crua nó níos láidire.

Antares Alpha Scorpii atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon na Scairpe. Ollfhathach dearg atá ann agus é breis is leathchéad míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian s’againn. Dá gcuirfí Antares in áit na Gréine, bheadh fithis Mharsa féin fágtha taobh istigh den réalta. Tá leathbhádóir beag aige, mar atá, Antares B. Tá Antares suite cúig chéad go leith de sholasbhlianta uainn.

Tá Antares le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag siombalú stát Piauí in oirthuaisceart na tíre.

An tAoire Boötes atá ar an réaltbhuíon atá suite idir Coróin an Tuaiscirt, Earcail, an Dragan, an Béar Mór, na Madraí Fiaigh, Folt Bheirnicé, an Mhaighdean, agus Ceann na Péiste. Arcturus atá ar an réalta is gile sa réaltbhuíon áirithe seo.

Aois na cruinne, aois na hollchruinne: is ionann aois na cruinne agus an t-am a d’imigh ón Ollphléasc. Creidtear faoi láthair go bhfuil an ollchruinne tuairim is 13.8 billiún bliain d’aois.

I dtús na fichiú haoise bhí cuid mhór de na fisiceoirí barúlach gur rud éigríochta neamhathraitheach a bhí san ollchruinne. Ba í an teirmidinimic a thug an chéad leid nárbh amhlaidh i ndiaidh an iomláin. Is é dara prionsabal na teirmidinimice ná gur dual d’eantrópacht na cruinne dul i méadaíocht i ngach próiseas nádúrtha, is é sin, dá mbeadh an chruinne ann riamh, gan tús gan deireadh, bheadh sí tar éis uasmhéid na heantrópachta a shroicheadh cheana féin – bheadh an fuinneamh go léir scaipthe go cothrom ar fud na cruinne, agus gach cearn den chruinne ar aon teocht le chéile. Mar sin, tuigeadh go bhfuil aois theoranta ag an gcruinne, agus go bhfuil an chruinne ag athrú – go bhfuil a stair féin aici.

Aomadh aomachán a thugtar ar fhórsa atá ag tarraingt cáithníní, reanna neimhe nó réadanna eile – imtharraingt, aomadh maighnéadach nó pé cineál eile. (Focal é ”aomadh” ar tháinig an Duinníneach air i nGaeilge Oirthear Uladh, agus mar sin, níl leithscéal ná siocair ag bunadh an Tuaiscirt gan úsáid a bhaint as.) Is féidir a rá go n-aomann an Domhan sinn go léir, toisc go bhfuil imtharraingt (domhantarraingt) ag an Domhan. Cosúil leis sin, aomann an lucht leictreach deimhneach agus an lucht leictreach diúltach a chéile. Aomann pol thuaidh agus pol theas an mhaighnéid a chéile freisin.

Aonad réalteolaíoch a thugtar ar mheánfhad an Domhain ón nGrian. Inniu, tá luach an aonaid réalteolaíoch socraithe go hoifigiúil ar 149,597,870.7 ciliméadar (céad agus naoi milliún déag is ceithre scór, cúig chéad agus seacht míle déag is ceithre scór, ocht gcéad agus deich gciliméadar is trí scór, agus seacht gcéad méadar) – is é sin, cé go mbítear ag mioncheartú an mheánfhaid de réir na mbreathnuithe is úire, ní athraítear sainmhíniú an aonaid réalteolaíoch dá réir a thuilleadh.

An tAonbheannach Monoceros atá ar an réaltbhuíon idir an Cúpla, an Madra Beag, an Phéist Uisce, Deireadh na Loinge, an Madra Mór, an Giorria, agus an Bodach. Ritheann an meánchiorcal neamhaí tríd an Aonbheannach. Níl an tAonbheannach ró-chuidsúlach ó thaobh na réaltaí de, ach tá roinnt réaltbhraislí agus réaltnéalta le feiceáil sa réaltbhuíon seo, ar nós Réaltnéal an Róiséid, Réaltbhraisle Chrann na Nollag, Réaltnéal na Coirceoige, agus Réaltnéal Athraitheach Hubble.

An tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta a thugaimid ar eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe proifisiúnta. Bunaíodh sa bhliain 1919 é, agus i bPáras atá ceanncheathrú an Aontais. Is é an tAontas, nó foireann ar leith taobh istigh den Aontas, a shocraíos na hainmneacha réalteolaíocha a bhaistear ar reanna neimhe agus ar réadanna spéire, nó a bhronnas stádas oifigiúil ar leagan áirithe de sheanainm.

Apafócas: malairt ainm ar an gcianphointe (apalár).

Apaigí an téarma a thagraíos do chianphointe na satailíte ar a fithis timpeall an Domhain.

Apaihéilean (nó aiféilean) a thugtar ar chianphointe an phláinéid, an chóiméid nó an astaróidigh ar a fhithis timpeall na Gréine.

Apairéaltracan is ea cianphointe na Gréine ar a fithis timpeall lárphointe Bhealach na Bó Finne.

Apalár a thugtar ar chianphointe na rinne neimhe ar a fithis – is é sin, an pointe is faide ón bpríomhúlach (ón rinn neimhe eile a bhfuil sí ag dul ina timpeall). Samplaí den apalár iad an t-apaigí, an t-apaihéilean, an t-apastrón agus an t-apairéaltracan.

Apalló an t-ainm Gaeilge ar astaróideach uimhir a 1862. Tá grúpa iomlán d’astaróidigh ainmnithe as Apalló: trasnaíonn siad fithis an Domhain ar a gcamchuairt timpeall na Gréine, agus dainséar i gcuid mhaith acu (Apalló féin san áireamh) don Domhan, mar is eagal leis na réalteolaithe.

Apastrón a thugtar ar chianphointe an phláinéid, an astaróidigh nó an chóiméid ar a fhithis timpeall na réalta.

An tAra Auriga atá ar an réaltbhuíon idir an Lincse, an Cúpla agus Peirséas. Is í Capella an réalta is gile sa réaltbhuíon seo, agus í ar na réaltaí is lonrúla amuigh. Le fírinne is córas ceithre réalta í, agus an dá cheann is gile acu is fathachréaltaí buí iad. Déréalta uraitheach í an dara réalta is gile san Ara, mar atá, Menkalinan; réalta athraitheach ar déanamh Algol í. Díol suime í Almaaz (Epsilon Aurigae) freisin mar ilréalta athraitheach. Tá roinnt réaltbhraislí oscailte san Ara fosta agus iad ina n-ábhar spéise ag na réalteolaithe amaitéaracha.

Tabhair faoi deara fosta gurb é Ara ainm Laidine na hAltóra freisin. Ainmneacha Laidine cosúil le Alpha Arae, Beta Arae agus araile, níl siad ag tagairt do réaltaí an Ara, ach don Altóir. Auriga an t-ainm Laidine ar an Ara.

ArcturusAlpha Boötis atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Aoire. Fathachréalta fhlannbhuí den aicme speictreach K é, agus é ar aon mhais leis an nGrian s’againn, cé go bhfuil sé i bhfad níos mó ná í – cúig oiread is fiche ar trastomhas – agus i bhfad bhfad níos lonrúla, is é sin, céad is seachtó oiread. Mar sin, cé gur fathachréalta é anois, is dócha go raibh sé ina réalta phríomhsheichimh tráth den tsaol. Tá Arcturus ar réaltaí geala na spéire, agus ba é an chéad réalta riamh ar a ndearnadh breathnuithe teileascóip de lá.

Argóint an pheirihéilin a thugtar ar an uillinn idir an nód éiritheach agus an peirihéilean.

Argón a thugtar ar dhúil uimhir a hocht déag, agus is é Ar an tsiombail cheimiceach. Is triathghás é, is é sin, tá ochtréad iomlán ar an leictreonsceall is faide amuigh aige – ocht leictreon ar fad. Is í an chumraíocht leictreonach atá aige ná 1s22s22p63s23p6. Struchtúr an-chobhsaí é an t-ochtréad nach gceadaíonn don argón dul i gcomhdhúile le dúile ceimiceacha eile ach ar éigean. Le comhdhúile argóin a chruthú tá imthoscaí neamhghnácha agus ocsaídeoirí láidire (fluairín ach go háirithe) ag teastáil, agus ní bhíonn na comhdhúile argóin fadsaolach ná úsáideach – sórt éachtóireachta é ag na ceimiceoirí argón a nascadh de dhúile eile. Scéal eile é go bhfuil na réalteolaithe tar éis sonrú a chur i gcomhdhúile argóin sa spáis: d’aithin siad iain argóiniam ArH+ ar speictream an ábhair idir-réaltaigh thart ar Réaltnéal an Phortáin.

Tá trí iseatóp cobhsaí ag an argón, mar atá, 36Ar, 38Ar, agus 40Ar. Is é 40Ar an ceann is coitianta, mar is léir ó mheáchan adamhach an argóin, 39.948. Is é is cúis leis seo go bhfuil iseatóp radaighníomhach ag an bpotaisiam, 40K, atá cuíosach flúirseach sa dúlra, agus nuair a thiocfas béite-mheath ar adamh den chineál seo, is é an t-argón úd 40Ar a gheofar mar thoradh.

Is é an t-argón an triathghás is flúirsí in atmaisféar an Domhain, agus dá réir sin ba é an chéad triathghás a d’aithin na heolaithe. Ba iad John William Strutt (Tiarna Rayleigh) agus William Ramsay a d’aonraigh an chéad eiseamal argóin sa bhliain 1894, éacht a thabhaigh Duais Nobel dóibh. Nuair a bhítear ag dealú nítrigine ón aer go crióigineach (is é sin, nuair a bhítear ag reo an aeir leis na gáis éagsúla a aonrú de réir a bhfiuchphointe), faightear argón mar sheachthoradh nádúrtha. Mar sin bíonn argón ar fáil réasúnta saor, agus leas á bhaint as nuair a bhíos gás támh ag teastáil. Astaíonn an t-argón solas corcra nuair a leictrítear é, aggus mar sin is féidir é a úsáid i soilse daite cosúil leis an neon.

Ariel atá ar an gceathrú satailít is mó atá ag Úránas. Ba é an réalteolaí Sasanach William Lassell a chuir an chéad sonrú in Ariel thiar sa naoú haois déag. Satailít sféarúil é – is é sin tá sé ar dhéanamh liathróide, a bheag nó a mhór – agus is é an tsatailít is lú den chineál seo sa Ghrianchóras. Tá fithis Ariel suite beagnach in aon leibhéal le meánchiorcal Úránais. Creidtear go bhfuil Ariel comhdhéanta as oighear agus as cloch araon: is dócha go bhfuil croí cloiche ann agus maintlín oighir ina thimpeall. Níl ach cuid de dhromchla Ariel léarscáilithe, ach is féidir a rá go bhfuil sé breac ar fad le cainneoin agus le cráitéir.

Aristarchus atá ar an gcráitéar is mó ailbéideacht ar an taobh den Ghealach atá iompaithe linn. Chomh geal is atá sé i gcomparáid leis an timpeallacht is féidir é a aithint le súile do chinn féin faoi imthoscaí fabhracha. Tá sé suite in Ardchlár Aristarchus, in Aigéan na Stoirmeacha, agus é daichead ciliméadar ar trastomhas. Ba é an réalteolaí Iodálach Giovanni Riccioli a d’ainmnigh sa bhliain 1651 é as an réalteolaí Aristarchus ó Samos a mhair sna blianta 310-230 roimh Chríost. Ceannródaí héilealárnachais a bhí ann – is é sin bhí sé ar na heolaithe is moiche a thuig gurb í an Ghrian lárphointe an ghrianchórais.

Arsanaic a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a 33. As an tsiombail cheimiceach sna foirmlí. Tá sí in aon ghrúpa leis an nítrigin agus leis an bhfosfar i dtábla peiriadach na ndúl, agus cúig leictreon ar an sceall is faide amuigh aici. Miotalóideach í an arsanaic, is é sin tá sí idir eatarthu idir na miotail agus na dúile neamh-mhiotalacha ar a lán dóigheanna. Tá allatróip éagsúla ag an arsanaic, cosúil leis an bhfosfar – is é sin, an arsanaic liath mhiotalach, an arsanaic bhuí, agus an arsanaic dhubh. Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin aici, agus is é an t-aon iseatóp arsanaice atá le fáil sa dúlra.

Is iad na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí ná +3 agus +5, mar is léir ón dá ocsaíd, mar atá, an trí-ocsaíd dé-arsanaice As2O3 (”an arsanaic bhán”) agus an peantocsaid dé-arsanaice As2O5. Comhdhúile nádúrtha arsanaice iad an tríshuilfíd dé-arsanaice As2S3 (an óirpimint) agus an teitreashuilfíd teatrarsanaice As4S4 (an rialgar). Tá dath dearg sa rialgar, agus dath órbhuí san óirpimint, agus mar sin d’úsáidtí sa dathadóireacht iad ar feadh i bhfad, go dtí gur chuir ábhair dhatha eile – cinn nach bhfuil arsanaic iontu – an ruaig orthu.

Nimh í an arsanaic, an dúil féin chomh maith leis na comhdhúile. Go bunúsach, is é is cúis le nimhiúlacht na harsanaice ná go bhfuil sí chomh cosúil leis an bhfosfar is gur féidir léi dul in áit an fhosfair i mbeothach an duine, ach san am chéanna ní féidir léi gnó an fhosfair a dhéanamh sna próisis bhithcheimeacha. Thar aon rud eile cuireann sí táirgíocht na trífhosfáite adanaisín ó mhaith. Is éard atá i gceist leis an trífhosfáit adanaisín ná comhdhúil a iompraíos fuinneamh sa cholainn – cineál ”airgeadra fuinnimh” sna teagmhálacha idir na cealla – agus mar is léir ón ainm tá trí adamh fosfair i ngach móilín trífhosfáite adanaisín.

Sna scéalta bleachtaireachta is minic a mharaítear daoine le harsanaic, ach déanta na fírinne ní bheadh sé praiticiúil ag aon dúnmharfóir arsanaic a úsáid, ós dúil cheimiceach ar leith í atá réasúnta so-aitheanta ag na saineolaithe.

Fadhb thromchúiseach é an truailliú arsanaice sa screamhuisce. Truailliú nádúrtha ón úir é go coitianta, is é sin, ní hí tionsclaíocht an duine is cúis leis. Tá an truailliú seo as pabhar dona in Iarthar na Stát Aontaithe, sa Bhanglaidéis, san Airgintín agus sa Mhongóil, mar shampla.

Asamat an uillinn a thugas treoshuíomh na réalta ar an gcompás. Céim stua (céim uillinne) an t-aonad a úsáidtear leis an asamat a thomhas, agus is é an tuaisceart an nialas.

Astaireacht réaltlach a thugtar ar ghrúpa suntasach réaltaí a gcoinnítear cuimhne ar leith air cé nach réaltbhuíon é. Astaireachtaí aithnidiúla iad an Camchéachta (Merak, Dubhe, Phecda/Phad, Megrez, Alioth, Mizar-Alcor, agus Alkaid), Triantán an tSamhraidh (Altair, Deneb, agus Vega), Triantán an Gheimhridh (Betelgeuse, Sirius, agus Procyon), an Muileata Mór (Croí Shéarlais, Spica, Denebola, agus Arcturus), Heicseagán an Gheimhridh (Pollux, Procyon, Capella, Aldebaran, Sirius, agus Rigel), agus Slat an BhodaighCrios Oiríon (Alnitak, Mintaka, agus Alnilam).

Is féidir a rá gur astaireacht agus réaltbhuíon araon í Cros an Deiscirt, nó fuair an réaltbhuíon a hainm ó astaireacht na gceithre réaltaí is gile inti.

Astaróideach a thugtar ar reanna neimhe atá ag fithisiú na Gréine, agus iad níos lú ná na pláinéid. Ní astaróidigh iad na cóiméid, áfach. Sa chiall is cúinge, is astaróidigh iad na cinn atá suite idir Mars agus Iúpatar, san áit a bhfuil crios na n-astaróideach, ach tá grúpaí eile astaróideach ann, cosúil leis na Traígh agus na Gréagaigh (na hastaróidigh a leanas Iúpatar nó a ghabhas roimhe), nó na hastaróidigh neas-Domhain (na cinn a thagas i gcóngar dár bpláinéad féin).

Athshondas a thugtar ar an tionchar tráthrialta a imríos reanna neimhe ar a chéile lena n-imtharraingt, go háirithe más é is toradh don idirghníomhú seo ná go bhfuil a dtréimhsí imrothluithe i gcoibhneas simplí a chéile. Sampla den athshondas é go gcríochnaíonn Neiptiún trí imrothlú timpeall na Gréine san am chéanna a thógas sé ar Phlútón dhá imrothlú a chur de.

Aurora borealis agus aurora australis a thugtar ar na gealáin a fheictear timpeall an dá phol agus an ghrianghaoth ag bualadh faoi mhaighnéadsféar an Domhain. Is cuid súl iad na gealáin seo go minic, agus iad ag cur na ndathanna díobh. Seasann aurora borealis do na gealáin a bhíos le feiceáil timpeall an phoil thuaidh – an chaor aduaidh – agus is ionann aurora australis agus an chaor aneas. Bíonn gealáin chosúla le feiceáil ar na pláinéid eile freisin.

An Balla Díreach a thugtar ar an ngág nó an scairp is suntasaí ar an nGealach. Rupes Recta an t-ainm Laidine. Tá an Balla Díreach suite in aice le Muir na Scamall, agus é tuairim is céad ciliméadar ar fad.

An Balla Mór – Sa réalteolaíocht, tugtar ”An Balla Mór” ar struchtúir áirithe mhórscála a aithnítear ar an ollchruinne, mar atá:

  • Balla Mór an Tuaiscirt. Is é seo an rud is réidhe a bhíos i gceist ag na réalteolaithe agus iad ag trácht ar ”an mBalla Mór”. Sreang nó ”filiméad” de réaltraí atá ann agus í leathmhíle milliún solasbhliain ar fad, nó níos faide fós. Cuireadh an chéad sonrú sa Bhalla Mhór seo thiar sa bhliain 1989.
  • Balla Mór Sloan. hAithníodh an filiméad seo an chéad uair sa bhliain 2003, agus fuair sé a ainm ón scéim suirbhéireachta spéire ar a dtugtar Suirbhé Digiteach Spéire Sloan, ó ba iad torthaí na scéime sin a chuidigh leis na saineolaithe fionnachtain an Bhalla seo a dhéanamh. Fuair an suirbhé maoiniú ó Fhondúireacht Alfred P. Sloan, agus as an bhfondúireacht sin a hainmníodh an tionscadal. Innealtóir agus fear gnó a bhí in Alfred P. Sloan a bhí i gceannas ar an ngnólacht úd General Motors ar feadh i bhfad, agus bhunaigh sé an Fhondúireacht sa bhliain 1934 le taighde agus teicneolaíocht a mhaoiniú. Tá Balla Mór Sloan i bhfad níos faide fós ná Balla Mór an Tuaiscirt.



Bá na mBoghanna Báistí Sinus Iridum a thugtar ar an ”mbá” in iarthuaisceart Mhuir na Báistí ar an nGealach.

Bandaí cianaigine: is iad seo na bandaí i speictream na réalta ar a n-aithnítear go bhfuil cianaigin ar fáil sa réalta. Comhdhúil charbóin agus nítrigine í an chianaigin, C2N2. Tá na bandaí cianaigine is tábhachtaí suite ag an dá thonnfhad úd 389 agus 422 nanaiméadar. Tugtar CN-réaltaí ar na réaltaí le bandaí cianaigine.

Bandaí ocsaíde tíotáiniam: is iad seo na bandaí i speictream na réalta ar a n-aithnítear go bhfuil (aon)ocsaíd tíotáiniam, TiO, ar fáil sa réalta. I speictream na bhfathachréaltaí ”fuara” (K-aicme agus M-aicme) is tipiciúla a fheictear na bandaí ocsaíde tíotáiniam.

Bandaspeictream a thugtar ar speictream ina bhfeictear grúpaí tiubha (bandaí) de línte speictreacha.

Banda stoidiacach an banda solais ar an spéir a cheanglaíos an solas stoidiacach den fhrithloinnir. Ní bhíonn an banda stoidiacach le feiceáil ach faoi imthoscaí eisceachtúla, nuair a bhíos oíche an-dorcha agus spéir gheal ann.

An Bhanlámh – ceann de na hainmneacha atá ag na Gaeil ar Chrios Oiríon nó Slat an Bhodaigh, is é sin an trí réalta úd Alnitak, Alnilam, agus Mintaka i réaltbhuíon an Bhodaigh.

Baralár a thugtar ar mheáchanlár nó maislár an chórais imtharraingthe. Nuair a deir muid go bhfuil satailít áirithe ag fithisiú pláinéad áirithe, mar shampla, is ráiteas cineál míchruinn é – b’fhearr a rá go bhfuil an pláinéad agus an tsatailít araon ag dul timpeall ar bharalár an chórais imtharraingthe arbh é an pláinéad an rinn is mó ann. Mar shampla, tá an Domhan agus an Ghealach ag fithisiú a gcomh-bharaláir, ach ar ndóigh tá an pointe sin suite taobh istigh den Domhan cé nach ionann é agus lárphointe an Domhain. Scéal eile é scéal Phlútóin agus a chuid satailítí, nó tá baralár an chórais sin suite taobh amuigh de Phlútón.

Bealach na Bó Finne an Láir Bhán Claí Mór na Réaltaí a thugtar ar an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin – sa chiall chúng is é Bealach na Bó Finne an crioslach bán a ritheas trasna na spéire áit a bhfuil na réaltaí chomh tiubh le chéile is nach dtig le súil an duine iad a aithint thar a chéile. Is ionann an crioslach sin go bunúsach agus diosca an réaltra mar a fheictear dúinn inár dtimpeall é, ó tá muid féin suite sa diosca sin. Is é Bealach na Bó Finne an dara réaltra is mó sa Ghrúpa Áitiúil, nó is é réaltra Andraiméide an ceann is mó.

Réaltra bíseach barrach é Bealach na Bó Finne. Is iad géaga ár réaltra – nó na cinn is tábhachtaí acu – ná Géag Pheirséis, Géag Chóngarach an Trí Chileaparsoic, Géag Chianmhar an Trí Chileaparsoic, Géag na Rialach, an Ghéag Lasmuigh, an Nua-Ghéag Lasmuigh, Géag na Scéithe is an Cheinteáir, Géag na Cíle is an tSaighdeora, agus Géag an Bhodaigh is na hEala. Is féidir gur codanna d’aon ghéag amháin iad Géag Pheirséis agus an dá Ghéag Trí Chileaparsoic; ar an dóigh chéanna, is dócha nach bhfuil sa dá Ghéag Lasmuigh ach fairsingiú ar Ghéag na Rialach. Is í Géag an Bhodaigh is na hEala ár ngéag dhúchais féin.

An Béar Beag Ursa Minor a thugtar ar an réaltbhuíon arb í an Réalta Pholach an réalta is gile inti. Níl sí róchosúil le haon bhéar, ach tá sí cosúil leis an gCamchéachta, ós rud é go bhfuil ”bosca” ceithre réalta ann chomh maith le ”cos” trí réalta. Tá an Réalta Pholach, nó Alpha Ursae Minoris, suite i ndeireadh na ”coise”. Tá an dara réalta is gile sa réaltbhuíon, Kochab nó Beta Ursae Minoris, ar cheann de réaltaí an ”bhosca”. Déréalta is ea an Réalta Pholach, agus is ollfhathachréalta bhuí í an phríomhréalta. Fathach é Kochab chomh maith, agus é ag dul in aois cheana: K-réalta atá ann, is é sin, réalta atá níos fuaire agus níos deirge ná an Ghrian s’againn.

An Béar Mór Ursa Major a thugtar ar an réaltbhuíon a bhfuil an Camchéachta (an tSeisreach) suite taobh istigh di. Is iad na réaltbhuíonta timpeall an Bhéir Mhóir ná na Madraí Fiaigh, Folt Bheirnicé, an Leon, an Leon Beag, an Portán, an Lincse, an Sioráf, an Dragan, agus an tAoire. Is iad réaltaí an Chamchéachta na cinn is gile agus is feiceálaí sa Bhéar Mhór: Alkaid (Benetnasch, Eta Ursae Majoris), Mizar (Zeta Ursae Majoris), Alioth (Epsilon Ursae Majoris), Megrez (Kaffa, Delta Ursae Majoris), Phekda (Phecda, Phad, Gamma Ursae Majoris), Merak (Beta Ursae Majoris), agus Dubhe (Ak, Alpha Ursae Majoris). Tá roinnt réaltraí le feiceáil sa réaltbhuíon seo chomh maith.

Bearna Cassini a thugtar ar an mbearna idir A-fháinne agus B-fháinne Shatarn. Fuair sí a hainm ón réalteolaí Francach-Iodálach Giovanni Domenico (nó Jean Dominique) Cassini, a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1675.

Bearna Encke – is bearna í taobh istigh d’A-fháinne Shatarn. Fuair an bhearna seo a hainm ón réalteolaí Gearmánach Johann Encke. Tá Pan, ceann de ghealaí beaga Shatarn, ag fithisiú an phláinéid sa bhearna seo.

Bearna Hertzsprung – is éard atá i gceist léi ná réigiún i léaráid Hertzsprung-Russell nach bhfuil ach dornán beag réaltaí le fáil ann. Tá an bhearna seo suite os cionn an phríomhsheichimh, ón A-aicme go dtí an F-aicme. Fuair an bhearna a hainm ón réalteolaí Danmhargach Ejnar Hertzsprung, duine acu siúd a bhfuil an léaráid féin ainmnithe astu. Ní fhanann ach beagán réaltaí sa bhearna seo ar feadh i bhfad, agus is dual do na cinn eile í a fhágáil ina ndiaidh i rith a bhforbartha. Faoi láthair, tá Capella Aa – an comhbhall is mó d’ilréalta Capella – suite i mbearna Hertzsprung.

Bearnaí Kirkwood – Sa bhliain 1866 d’aithin an réalteolaí Meiriceánach Daniel Kirkwood bearnaí áirithe i scaipeachán na n-astaróideach sa Ghrianchóras. Go bunúsach ní cheadaítear do na hastaróidigh bheith in athshondas le hIúpatar, is é sin cúrsa amháin timpeall na Gréine a thabhairt in am a bheadh i gcoibhneas simplí an ama a thógas sé ar Iúpatar imrothlú amháin a chur de, agus is iad bearnaí Kirkwood is toradh don chosc seo.

Bellatrix Gamma Orionis a thugtar ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh. B-réalta í, is é sin réalta the bhánghorm, agus í suite dhá chéad go leith de sholasbhlianta uainn. Tá sí ocht n-oiread chomh téagartha (ó thaobh na maise de) leis an nGrian, agus naoi míle is dhá chéad oiread níos lonrúla. Bhaintí úsáid aisti mar thomhas caighdeánach ar ghile agus ar speictream na réaltaí eile tráth, ach d’éirigh lucht na ceirde as sin le fada, ós rud é gur réalta réasúnta athraitheach í.

BetelgeuseAlpha Orionis an dara réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh (is ea, an dara ceann is gile acu, cé gurb é Alpha Orionis ainm na réalta de réir ainmníocht Bayer). Tá Betelgeuse ar réaltaí móra na spéire: ollfhathach dearg den M-aicme atá ann, agus é suite faoi shé chéad go leith de sholasbhlianta dínn, ach bíonn na réalteolaithe an-easaontach faoi chomh fada ar shiúl is atá an réalta seo dáiríre, agus na meastacháin an-difriúil le chéile. Tá sé timpeall ar dhá oiread déag chomh trom leis an nGrian, agus céad míle oiread níos lonrúla – is gá cuimhne a choinneáil air, áfach, go bhfuil sé athraitheach go leor ó thaobh an lonrachais de. Táthar ag déanamh go bhfuil sé i ndán do Bhetelgeuse pléasc ollnóva a dhéanamh sa deireadh.

Na Bílidí – malairt ainm ar an dreigechith ar a dtugtar na hAndraiméididí. Is éard atá i gceist leis an dreigechith seo ná iarsmaí an chóiméid úd Biela, ar stróic imtharraingt Iúpatair as a chéile é thiar sa bhliain 1842. Fuair an cóiméad a ainm ón réalteolaí Gearmánach Wilhelm von Biela a d’aithin gur cóiméad peiriadach a bhí ann.

Biosmat a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a trí is ceithre scór sa Tábla Peiriadach. Bi an giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Miotal geal sobhriste é an biosmat ach is dual dó éirí pinc nuair a oibríos ocsaigin an aeir air. Níl ach aon iseatóp amháin ar fáil i mbiosmat nádúrtha, mar atá, biosmat a 209. Iseatóp radaighníomhach é an ceann sin féin, nó tagann alfa-mheath air, ach tá leathré an iseatóip sin chomh fada (níos faide ná aois mheasúnaithe na hollchruinne) is nach bhfuil cúis imní sa radaighníomhaíocht sin. Le fírinne níl an biosmat leath chomh dainséarach leis na trom-mhiotail eile, an luaidhe ach go háirithe.

Tá biosmat ar fáil mar mhiotal sa dúlra, ach is iad an bhiosmaitinít agus an bhismít na mianta is tábhachtaí. Suilfíd bhiosmait (Bi2S3) í an bhiosmaitinít, agus ocsaíd (Bi2O3) í an bhismít.

Baintear úsáid as biosmat agus as comhdhúile biosmait sa tionsclaíocht, ach ní féidir a rá go mbeadh an-ráchairt air. Dealraíonn sé áfach go bhfuil biosmat le dul in áit na luaidhe ina lán feidhmeanna, ó táthar ag iarraidh éirí as an luaidhe scun scan chomh nimhiúil is atá sí.

Bís a thugtar ar réaltraí agus réaltnéalta ar déanamh bíse. Réaltra bíseach é Bealach na Bó Finne féin, ach mar a fuair na réalteolaithe amach le déanaí is bís bharrach é dháiríre. Réaltraí bíseacha eile iad Réaltra Andraiméide agus Réaltra an Triantáin.

Bís bharrach a thugtar ar réaltra a bhfuil barra thart ar a lárphointe, agus géaga bíseacha an réaltra ag teacht as an mbarra.

Bladhm a thugtar ar bhrúchtadh tobann gréine a aithnítear mar laom láidir gile in aice le dromchla na Gréine (nó pé réalta eile). Tugtar bladhmréaltaí ar réaltaí ar féidir bladhmanna tobanna a aithint orthu gan choinne. Abhaic dhearga iad an chuid is mó de na bladhmréaltaí.

Bliain a thugtar ar imrothlú an Domhain timpeall na Gréine. Is féidir an coincheap a thuiscint is a shainmhíniú ar go leor bealaí éagsúla, áfach.

Nuair a bhímid ag trácht ar an mbliain sa ghnáthchaint, is í an bhliain ghréine, nó an bhliain thrópaiceach, a bhíos i gceist againn. Is ionann sin agus timthriall na Gréine ar an éiclipteach. Tá cineálacha eile bliana ann, áfach.

Is í an réaltbhliain an tomhas is fearr ar imrothlú an Domhain. Ar ghluaiseacht bhliantúil na réaltaí a aithnítear í (is ionann anseo ”na réaltaí” agus an sféar neamhaí, is é sin cúlra dobhogtha na réaltaí cianmhara a bhfuil a ndualghluaisne chomh beag is gur féidir neamhshuim a dhéanamh di). Tá an réaltbhliain tuairim is fiche nóiméad níos faide ná an bhliain thrópaiceach. Is é an feiniméan ar a dtugtar luainíocht na haise is cúis leis an difríocht seo.

Bliain aimhrialta a thugtar ar an am a chaitheas an Domhan ag dul ó pheirihéilean go peirihéilean (is é an peirihéilean garphointe an Domhain don Ghrian, is é sin an pointe is cóngaraí don Ghrian ar fhithis an Domhain).

Bliain Iúlach a thugtar ar mheánfhad na bliana de réir fhéilire Iúil. San fhéilire sin tá an ghnáthbhliain 365 lá ar fad, agus an bhliain bhisigh lá amháin níos faide, agus bliain amháin as gach ceithre cinn is bliain bhisigh í. Mar sin, is é an meánfhad 365.25 lá, go beacht, de réir an fhéilire seo. Úsáidtear an bhliain Iúlach seo sa réalteolaíocht i gcónaí. Mar shampla is í an cineál bliain is bunús leis an tsolasbhliain – an fad a chuireas an solas de in aghaidh na bliana Iúlaí. Seanghnás is mó is cúis leis seo.

Is í an bhliain Ghréagórach meánfhad na bliana de réir fhéilire Ghréagóra, an féilire a úsáidimid i láthair na huaire. Blianta bisigh iad 97 mbliana as gach 400 ceann san fhéilire sin, agus mar sin is ionann an bhliain Ghréagórach agus 365.2425 lá.

Is ionann aon bhliain ghealaí amháin agus dhá mhí déag den chineál shionadach – is é sin míonna de réir chéimeanna na Gealaí. Tá an bhliain ghealaí tuairim is aon lá déag níos giorra ná an bhliain Ghréagórach. Tá an féilire Ioslamach agus an féilire Giúdach bunaithe ar an mbliain ghealaí.

Bliain bhisigh a thugtar ar bhliain féilire atá 366 lá ar fad. I bhféilire Iúil, is bliain bhisigh í gach bliain atá inroinnte ar a ceathair. I bhféilire Ghréagóra, má tá an bhliain inroinnte ar chéad, ní bliain bhisigh í mura bhfuil sí inroinnte ar cheithre chéad freisin. Mar sin, ní blianta bisigh iad na blianta úd 1900 ná 2100, ach is bliain bhisigh í an bhliain úd 2000, de réir fhéilire Ghréagóra.

An Bodach an t-ainm Gaeilge ar Oiríon nó Orion, ar ceann de na réaltbhuíonta is aithnidiúla amuigh é. Tá an Bodach le feiceáil go soiléir ó Éirinn, agus is cinnte go n-aithníonn gach duine de mhuintir an oileáin é, iad siúd san áireamh nach bhfuil a fhios acu a ainm. Le fírinne tá an Bodach suite in aice le meánchiorcal an sféir neamhaí, rud a chiallaíos go bhfuil aithne ag an gcuid is mó de mhuintir ár bpláinéid air, agus chomh feiceálach is atá sé, bíonn páirt éigin aige i miotaseolaíochtaí ar fud an uile Dhomhain. Tá an Bodach dingthe idir an Madra Mór, an Abhainn, an tAonbheannach, an Cúpla, an tAra, an Tarbh agus an Giorria, agus is iomaí réalta gheal atá suite sa réaltbhuíon áirithe seo: Betelgeuse, Bellatrix, Rigel, Saiph agus an triúr ar a dtugtar Crios Oiríon, Slat an Bhodaigh, Slat an Cheannaí, Slat an Rí, an Bhanlámh, nó an Fhearsaid, mar atá, Alnilam, Alnitak agus Mintaka.

Ollfhathach dearg atá in Betelgeuse; fathachréaltaí gorma nó bánghorma iad Rigel, Saiph, Bellatrix agus réaltaí Shlat an Bhodaigh.

Bóilíd a thugtar ar chaor thine thuas sa spéir, go háirithe ar dhreige mhór agus í ag pléascadh san atmaisféar.

Boilsciú a thugtar, i gcúrsaí réalteolaíochta nó cosmeolaíochta, ar an bhfairsingiú a tháinig ar an Ollchruinne go gairid i ndiaidh na hOllphléisce, i rith na tréimhse boilscithe (10-36 go 10-32 soicind i ndiaidh na hOllphléisce).

Bólaiméadar a thugtar ar ghléas ar féidir leat gach cineál radaíocht leictreamhaighnéadach a thomhas leis, idir sholas, radaíocht ultravialait, radaíocht infridhearg, radaíocht ianaitheach, x-ghathanna agus eile. Ón taobh eile de ní féidir leis an mbólaiméadar go bunúsach ach iomlán an fhuinnimh i bhfoirm radaíochta a aithint – is é sin, ní aithníonn sé na cineálacha éagsúla radaíochta thar a chéile. Go bunúsach is brathadóir teirmeach (teasbhunaithe) é an bólaiméadar – is é sin tá eilimint ann agus í ag dul i dteocht le gach candam radaíochta a bhuaileas í, agus is ar an téamh seo a aithnítear fuinneamh na radaíochta.

Tagraíonn na focal bólaiméadracht agus bólaiméadrach do bhreathnuithe réalteolaíocha atá bunaithe ar gach cineál radaíochta – le hiad a dhealú, abair, ó amharcbhreathnuithe (nach gcuireann san áireamh ach an solas infheicthe). Mar shampla, aithnítear méid bhólaiméadrach na réalta thar a hamharcmhéid: is ionann an mhéid bhólaiméadrach agus méid (nó gile) na réalta mar a fheictear dúinn í de réir na gcineálacha éagsúla radaíochta, agus is ionann an amharcmhéid agus chomh mór nó geal a fhaighimid an réalta de réir is mar atá sí ag tabhairt solais infheicthe uaithi.

Bolcán a thugadh na réalteolaithe fadó ar an bpláinéad a cheap siad a bheith ag fithisiú na Gréine níos gaire ná Mearcair. Ba é an réalteolaí Francach Urbain Le Verrier a bhaist Bolcán, thiar sna 1840idí. Ba é ba chúis leis an hipitéis faoi Bholcán ná go bhfuil peirihéilean Mhearcair (is é sin, garphointe Mhearcair don Ghrian, an pointe is cóngaraí don Ghrian ar fhithis an phláinéid) ag bogadh traidhfilín níos gasta ná mar ba chóir, de réir na fisice clasaicí, agus ba é tuairim Le Verrier agus lucht a chomhaimsire go míneodh imtharraingt Bholcáin an difríocht seo. Ba í teoiric coibhneasaíochta Albert Einstein a chuir deireadh leis an tuairimíocht faoi Bholcán, nó tá an aimhrialtacht sin i luainíocht pheirihéilean Mhearcair inmhínithe ar fad de réir na teoirice sin.

Bonner Durchmusterung (tabhair faoi deara nach bhfuil …Dürchmusterung ceart ar aon nós, nó níl umlabht ar bith sa réimír úd durch-) nó BD a thugtar ar an tsuirbhéireacht chórasach a rinne Réadlann Ollscoil Bhonn in Iarthar na Gearmáine ar an spéir i rith an dara leath den naoú haois déag. Inniu féin tá tábhacht nach beag ag roinnt leis an réaltchatalóg ba thoradh don obair fhadaraíonach seo, nó luaitear breis is trí chéad míle de réaltaí ansin. Ba é an réalteolaí Gearmánach de phór na Fionlainne Friedrich Wilhelm Argelander (1799-1875) a chuir tús leis an Durchmusterung agus a bhí i gceannas ar an obair go lá a bháis.

An Bosca Seod a thugtar ar NCG 4755 nó réaltbhraisle Kappa Crucis, is é sin an réaltbhraisle atá le feiceáil i réaltbhuíon Chros an Deiscirt, timpeall ar an réalta úd Kappa Crucis, agus í ar na réaltaí is gile sa bhraisle. Ollfhathachréalta ghorm B-aicme í Kappa Crucis. Ba é an réalteolaí Francach Nicolas-Louis de Lacaille a chuir an chéad sonrú sa bhraisle seo thiar i dtús na 1750idí, ach ba é John Herschel a d’ainmnigh í.

Braisle is féidir a thabhairt ar bhraisle réaltaí (réaltbhraisle) nó ar bhraisle réaltraí.

  • Is éard atá i gceist le braisle réaltaí réaltbhraisle ná grúpa réaltaí taobh istigh den réaltra agus iad ceangailte dá chéile ag an gcomh-imtharraingt. Aithnítear dhá phríomhchineál réaltbhraislí: an bhraisle oscailte agus an bhraisle chruinneogach. Réaltaí óga iad na cinn sa bhraisle oscailte, agus ní bhíonn ach cúpla céad réalta i mbraisle thipiciúil den chineál seo; na braislí cruinneogacha áfach bíonn siad i bhfad níos sine, agus i bhfad níos saibhre i réaltaí. Grúpa gluaisteach réaltghaolmhaireacht a thugtar ar réaltbhraisle scaoilte nach féidir a aithint ach ar ghluaiseacht na réaltaí: ní fheictear mar bhraisle dhlúth iad, ach ós rud é go bhfuil siad ag gluaiseacht in aon treo agus ar aon luas, is léir gur réaltbhraisle a bhí iontu ó thús.
  • Braisle réaltraí a thugtar ar ghrúpa réaltraí agus iad ceangailte dá chéile ag an gcomh-imtharraingt. Samplaí iad Braisle Virgo, atá le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine, agus Braisle Bheirnicé i réaltbhuíon Fholt Bheirnicé.

An Bhrasaíl – An tír is mó i Meiriceá Theas, an tír is mó ina labhraítear Portaingéilis mar phríomhtheanga, agus an tír is mó a gcuirfeadh réalteolaí amaitéarach suim ina bratach náisiúnta. Taispeánann bratach na Brasaíle an spéir os cionn Rio de Janeiro ag a leathuair tar éis a hocht ar maidin ar an cúigiú lá déag de Mhí na Samhna, nuair a gaireadh poblacht den tír. Seasann na réaltaí éagsúla do stáit éagsúla an stáit fheidearálaigh, mar seo:

Is í Spica, nó Alpha Virginis, an t-aon réalta amháin a fheictear os cionn an chreasa bháin a ritheas trasna an sféir neamhaí i lár na brataí. (Is iad na focail Phortaingéilise Orden e progresso, is é sin, ”Ordú agus forás”, nó b’fhéidir ”Síocháin sa tsochaí agus dul chun cinn”, atá le léamh ar an gcrios sin.) Tá na réaltaí eile go léir suite taobh thíos den chrios. Siombalaíonn Spica stát Pará i dtuaisceart na tíre. Is í Belém príomhchathair an stáit.

Ar chlé taobh thíos den chrios a fheictear Procyon, nó Alpha Canis Minoris. Seasann an réalta seo do stát Amazonas atá suite in iarthuaisceart na tíre, agus é ar an stát is mó sa Bhrasaíl. Manaus an phríomhchathair.

Síos ar dheis ó Procyon a fheictear cúig réalta an Mhadra Mhóir, mar atá, Sirius (Alpha Canis Majoris), Mirzam (Beta Canis Majoris), Muliphen (Gamma Canis Majoris), Wezen (Delta Canis Majoris), agus Adhara (Epsilon Canis Majoris).

  • Seasann Sirius do Mato Grosso, an tríú stát is mó sa tír, agus é suite in Iarthar na Brasaíle.
  • Seasann Mirzam d’Amapá, stát beag i dtuaisceart na tíre. Ní dhearnadh stát d’Amapá ach i ndeireadh na n-ochtóidí, nó ní raibh ann roimhe sin ach ”críoch”, agus ní bhfuair sé a réalta i mbratach na tíre ach i dtús na nóchaidí.
  • Seasann Muliphen do Rondônia in iarthar na tíre, in aice leis an mBolaiv.
  • Seasann Wezen do Roraima i dtuaisceart na tíre.
  • Seasann Adhara do Tocantins, stát beag nár dealaíodh ó stát Goiás ach sa bhliain 1988.

In aice le réaltaí an Mhadra Mhóir a fheictear Canopus (Alpha Carinae), mar shiombal do Goiás in Iarthar Lár na Brasaíle.

Ar dheis ón Madra Mór atá Cros an Deiscirt, cúig réalta ar fad.

  • Seasann Alpha Crucis (nó Acrux, réalta ar a dtugann lucht labhartha na Portaingéilise Estrela de Magalhães nó Réalta Magellan freisin) do São Paulo i ndeisceart na tíre.
  • Seasann Beta Crucis (Becrux nó Mimosa) do Rio de Janeiro.
  • Seasann Gamma Crucis (Gacrux, nó Rubídea – ”an réalta ar dhath an rúibín” – i measc lucht labhartha na Portaingéilise) do Bahia in oirthear na tíre.
  • Seasann Delta Crucis (Pálida a thugtar ar an réalta seo as Portaingéilis) do Minas Gerais, stát atá suite in oirthear na tíre, agus é scartha ó chósta an Atlantaigh ag stiall chúng talún – is éard atá sa stiall sin ná an dá stát úd Rio de Janeiro agus Espírito Santo.
  • Seasann Epsilon Crucis do stát Espírito Santo. Giota beag cósta atá ann mar stát, agus é suite idir Rio de Janeiro, Bahia, agus Minas Gerais. Is í Vitória an phríomhchathair, ach tá Vila Velha (”an tseanchathair” is ciall don ainm Portaingéilise seo) níos mó ná Vitória ar na saolta seo.

Tá réalta pholach an Deiscirt, Sigma Octantis, nó Polaris Australis, le feiceáil thíos ina haonar. Ar ndóigh seasann an réalta seo do Distrito Federal – ceantar a gearradh ó stát Rio de Janeiro le haghaidh phríomhchathair nua na Brasaíle, Brasília, sa bhliain 1960.

Ar dheis ó Sigma Octantis a fheictear Triantán an Deiscirt, trí réalta ar fad.

  • Seasann Alpha Trianguli Australis do Rio Grande do Sul i ndeisceart na tíre, in aice le hUragua. (”Abhainn Mhór an Deiscirt” is ciall d’ainm an stáit.)
  • Seasann Beta Trianguli Australis do Santa Catarina, stát beag i ndeisceart na tíre in aice le Rio Grande do Sul. Is í Florianópolis príomhchathair an stáit, ach is í Joinville an chathair is mó. D’fhág an lucht inimirce ón nGearmáin agus ón Ostair blas láidir a ndúchais ar chultúr an stáit.
  • Seasann Gamma Trianguli Australis do Paraná, stát eile i ndeisceart na tíre. Curitiba atá ar phríomhchathair an stáit seo.

Is í an Scairp an réaltbhuíon is faide ar dheis ar bhratach na Brasaíle, ocht réalta ar fad.

  • Seasann Alpha Scorpii, nó Antares, do Piauí in Oirthuaisceart na Brasaíle. Is í Teresina an phríomhchathair. Tá a lán iarsmaí tábhachtacha seandálaíochta ó ré na sibhialtachtaí réamh-Spáinneacha le feiceáil i stát Piauí, go háirithe i bPáirc Náisiúnta Serra da Capivara.
  • Seasann Beta Scorpii (Graffias, Acrab) do Maranhão in Oirthuaisceart na Brasaíle. São Luis atá ar an bpríomhchathair.
  • An chéad réalta eile de chuid na Scairpe a fheictear ar an mbratach, is í Epsilon Scorpii í, agus í ag seasamh do stát Ceará. Tá an stát seo suite san Oirthuaisceart chomh maith, agus is í Fortaleza an phríomhchathair.
  • Seasann Theta Scorpii (nó Sargas) d’Alagoas, stát beag in oirthear na tíre. Is í Maceio príomhchathair an stáit.
  • Siombalaíonn Iota Scorpii stát Sergipe, stát beag eile in oirthear na tíre – le fírinne is é an stát is lú sa Bhrasaíl ar fad. Aracaju an phríomhchathair.
  • Is í Kappa Scorpii, nó Girtab, is siombail do stát Paraíba. Is í João Pessoa an phríomhchathair. Stát beag eile in oirthear na tíre atá ann, ach tá Paraíba ar na stáit is tibhe daonra sa Bhrasaíl.
  • Aisteach go leor tá Lambda Scorpii ar réaltaí geala na Scairpe, ar an dara réalta is gile b’fhéidir, cé gurb é ”lambda” an litir Ghréagach a thagraíos di i gcóras ainmníochta Bayer. Ainm eile ar an réalta é Shaula. Seasann sí do Rio Grande do Norte (”Abhainn Mhór an Tuaiscirt”), agus is í Natal príomhchathair an stáit. Deirtear go bhfuil Rio Grande do Norte ar na háiteanna is glaine aer i Meiriceá Theas ar fad. Stát beag eile in oirthear na tíre cois farraige é Rio Grande do Norte.
  • Mu Scorpii an ceann deireanach de réaltaí na Scairpe a shiombalaíos stát i mbratach na Brasaíle. Is é Pernambuco an stát sin, agus is í Recife an phríomhchathair. Ba iad na hOllannaigh ba thúisce a tháinig i seilbh an cheantair, rud a chuaigh i bhfeidhm ar an gcultúr agus ar an tithíocht i bPernambuco.

Feictear dhá réalta de chuid na Péiste Uisce taobh thíos den chrios a ritheas trasna na liathróide, mar atá, Alphard (Alpha Hydrae) agus Gamma Hydrae.

  • Seasann Alphard do Mato Grosso do Sul, stát beag i ndeisceart na tíre a dealaíodh ó Mato Grosso sna seachtóidí. Campo Grande an phríomhchathair.
  • Seasann Gamma Hydrae d’Acre, stát beag in iarthar na tíre in aice le Peiriú agus an Bholaiv. Rio Branco atá ar an bpríomhchathair. Bhí an ceantar ina chnámh spairne idir an Bholaiv agus an Bhrasaíl timpeall ar an mbliain 1900, agus ghair muintir an cheantair poblacht neamhspleách d’Acre faoin am sin, chomh maith. Cúpla uair d’ionsaigh na Bolavaigh an phoblacht le seilbh a ghlacadh uirthi arís, ach sa bhliain 1903 ba iad na Brasaíligh a rinne a gcuid di.

Maidir le stair na réalteolaíochta sa Bhrasaíl, is deacair a rá cathain a thosaigh sí. Ba iad na hOllannaigh a thóg an chéad réadlann i Recife nuair a bhí siad i seilbh na háite, thiar sa bhliain 1639, ach ansin, cúig bliana déag ina dhiaidh sin, d’athghabh na Portaingéalaigh an ceantar, agus chuaigh an réadlann de dhroim an domhain sa teagmháil. Sa bhliain 1845, cuireadh an Réadlann Impiriúil ar bun i Morro do Castelo, Rio de Janeiro, agus sa bhliain 1906, fuair an réadlann ainm nua, an Réadlann Náisiúnta. hAistríodh go dtí São Cristóvão i gcathair Rio de Janeiro í sa bhliain 1922. Ba é Henrique Morize a bhí i gceannas ar an Réadlann go dtí an bhliain 1930, agus sa bhliain 1919 chuidigh sé le réalteolaithe Sasanacha turas a eagrú go Sobral i stát Ceará le breathnuithe a dhéanamh ar urú iomlán na Gréine – breathnuithe a theastaigh le teoiric na coibhneasachta (an teoiric chéanna a thuill a chlú d’Einstein) a chruthú.

Ní mór scéilín áirithe magaidh a insint anseo a bhfuil baint aige leis an mBrasaíl agus leis an réalteolaíocht araon: an scéal faoi ”phróiseas Urca”. Is éard atá i gceist le próiseas Urca ná an dóigh a gcailleann neodrónréaltaí agus abhacréaltaí bána fuinneamh agus iad ag fuarú – ina neoidríonónna a imíos an fuinneamh sa phróiseas seo. Bhí George Gamow (nó Georgii Gamov), réalteolaí Meiriceánach de phór na Rúise, i Rio de Janeiro ar cuairt ag Mário Schönberg, a bhí ar an réaltfhisiceoir is mó le rá sa Bhrasaíl san fhichiú haois, agus an bheirt acu ag forbairt a dteoirice ar an bhfuarú seo. Ba nós leis an mbeirt seo scíth a fháil ó obair throm na teoiriceoireachta i dteach cearrbhachais – Urca a bhí ar an gceantar den chathair ina raibh an teach aeraíochta sin suite. Dúirt fear acu leis an bhfear eile go raibh an fuinneamh ag imeacht leis na neoidríonónna chomh tiubh is a bhíodh a gcuid airgid ag imeacht sa teach cearrbhachais in Urca. Mar sin a baisteadh an próiseas.

Breacsholas a thugtar ar an tréimhse idir solas an lae agus dorchadas na hoíche. Aithnítear cineálacha éagsúla breacsholais: an breacsholas oifigiúil, an muir-bhreacsholas agus an breacsholas réalteolaíoch.

Nuair atá lárphointe na gréine sé chéim stua nó níos lú faoin léaslíne, deirtear go bhfuil breacsholas oifigiúil ann.

Nuair atá lárphointe na gréine níos mó ná sé chéim stua, níos lú ná dhá chéim stua déag faoin léaslíne, tá muir-bhreacsholas ann. Le linn an mhuir-bhreacsholais, tá an léaslíne sách sofheicthe, sách inaitheanta is gur féidir leis an mairnéalach áit na loinge a oibriú amach agus é i muinín an tseicheamháin.

Nuair atá lárphointe na gréine níos mó ná dhá chéim stua déag, níos lú ná ocht gcéim stua déag faoin léaslíne, tá breacsholas réalteolaíoch ann. Ansin is féidir leis na réalteolaithe breathnuithe a dhéanamh, cé go bhfuil loinnir ón nGrian le haithint ar an spéir go fóill.

Bremsstrahlung a thugtar ar an radaíocht a ghinfear má chailleann cáithnín luchtaithe amháin (leictreon, cuir i gcás) fuinneamh gluaiseachta agus réimse leictreach timpeall ar cháithnín eile (núicléas adaimh, mar shampla) ag dul i bhfeidhm air. Deir dlí imchoimeádta an fhuinnimh nach féidir fuinneamh a chur ar neamhní, agus mar sin, an fuinneamh gluaiseachta a chaillfeas an cáithnín, claochlófar go radaíocht é. ”Radaíocht choscáin” is ciall leis an bhfocal Gearmáinise Bremsstrahlung.

Bruthcharraig a thugtar ar charraig a foirmíodh nuair a chuaigh magma (laibhe, cloch leáite) i bhfuacht. Is é an basalt an cineál bruthcharraige is coitianta ar an Domhan.

Buaile an Bhodaigh an t-ainm Gaeilge ar réaltnéal Oiríon (M42 i gCatalóg Messier, NCG 1976 sa Nua-Chatalog Ghinearálta).

Bun-fhadlíne a thugtar ar an bhfadlíne a shainmhínítear mar nialas do chóras na bhfadlínte. Mar is eol do chách is í fadlíne Greenwich bun-fhadlíne an Domhain. Ritheann bun-fhadlíne na Gealaí trasna an leathsféir den Ghealach atá le feiceáil ón Domhan. Is é cráitéar Airy (ainmnithe as an réalteolaí Sasanach George Biddell Airy) a dhéanas gnó Greenwich ar Mhars – sin é an tuige go dtugtar ”Airy-0” air freisin. Ritheann bun-fhadlíne Mhearcair fiche céim stua soir ó chráitéar Hun Kal – is é sin, tá sainmhíniú na bun-fhadlíne bunaithe ar an gcráitéar sin, ach ní hé an cráitéar an nialas. Maidir le Véineas, is í an bhun-fhadlíne ansin an ceann a ritheas trí lárphointe chráitéar Ariadne.

Bunghluaisne: Ba é tuiscint na seanársaíochta ar struchtúr na hOllchruinne go raibh na réaltaí feistithe de sféar criostail a bhí ag iompú ar a ais aon uair amháin in aghaidh an lae. Bunghluaisne a thugtar ar an iompú seo agus ar an tsamhail seo den ollchruinne.

Buningear a thugtar ar an gciorcal samhlaíoch a ritheas tríd an bhforar, trí phointe an oirthir, trí phointe an iarthair, agus tríd an nadair.

Caidhpeanna polacha a thugtar ar an leac oighir timpeall ar na poil ar phláinéid áirithe. Tá caidhpeanna polacha ar an Domhan agus ar Mhars. Oighear sa chiall chúng, is é sin uisce reoite, atá i gcaidhpeanna polacha an Domhain, ach bhí sé ina chúis amhrais ar feadh i bhfad, cé acu uisce nó dé-ocsaíd charbóin a bhí timpeall ar phoil Mharsa. Mar a thuigtear inniu, tá an dá rud fíor: uisce reoite atá sa chuid is mó de chaidhpeanna an phláinéid sin, ach is dual do na caidhpeanna dul i bhfairsinge sa gheimhreadh, agus dé-ocsaíd charbóin ag sioc sa mhullach ar an uisce.

Cailciam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir fiche, agus is é Ca an tsiombail cheimiceach. Miotal cré-alcaileach é an cailciam, agus is dual dó dhá leictreon a thabhairt uaidh le caitian défhiúsach, Ca2+, a dhéanamh. Tá an cailciam 40.078 ar mheáchan adamhach, agus mar sin, is é an t-iseatóp is tábhachtaí ná 40Ca, cé go bhfuil roinnt iseatóp cobhsaí eile ann. Tá raidiseatóp nádúrtha ann freisin, mar atá, 48Ca. Tá sé chomh fadsaolach is gur féidir dearmad a dhéanamh den radaighníomhaíocht a bhaineas leis, áfach – ní féidir a rá gur truailleán dainséarach a bheadh ann.

Ceann de na miotail cré-alcaileacha é an cailciam, is é sin, tá sé in aon ghrúpa leis an maignéisiam, an strointiam, an beirilliam agus an bairiam. Cosúil leis na dúile eile sa ghrúpa tá dhá leictreon ar an sceall is faide amuigh ag an adamh cailciam, agus ochtréad iomlán taobh istigh den sceall sin. Mar sin is dual dó an dá leictreon a thabhairt ar iasacht agus ian Ca2+ a dhéanamh.

Miotal bog é an cailciam agus é araiciseach chun imoibriú a dhéanamh leis an uisce agus le hocsaigin an aeir, rud a fhágas nach bhfuil sé furasta é a choinneáil i dtaisce mar dhúil ghlan aonraithe. Seoltóir maith leictreachais é, ach ní féidir úsáid a bhaint as sa leictreoireacht chomh himoibríoch is atá sé. Scéal eile é scéal an spáis áfach, ós rud é nach bhfuil ocsaigin amuigh ansin – mar is dóigh le hinnealtóirí áirithe. Dá réir sin is féidir go bhfeicfidh muid gléasra leictreachais fós atá ceaptha don úsáid sa spás, agus é bunaithe ar an gcailciam mar ábhar seoltóireachta.

Is iad na mianta cailciam is tábhachtaí ná an chailcít (carbónáit an chailciam, CaCO3), an dolaimít (carbónáit mheasctha an mhaignéisiam agus an chailciam, CaMg(CO3)2), an gipseam (déhiodráit shulfáit an chailciam, CaSO4 + 2H2O), an ainhidrít (an tsulfáit ghlan nó CaSO4), an fhluairít (fluairíd an chailciam, CaF2) agus an apaitít nó Ca5(PO4)3X, inarb ionann X agus ceann den triúr seo a leanas: Cl (clórapaitít), OH (hiodracsalapaitít) nó F (fluarapaitít). Is iad an tSín, an Rúis agus na Stáit Aontaithe na tíortha is mó a tháirgeas cailciam.

Teastaíonn iain chailciam ón duine le haghaidh a chuid cnámh, agus mar sin is minic a chuirtear salainn chailciam le bia mar fhorlíonadh cothaitheach. Is iomaí úsáid a bhaintear as na comhdhúile éagsúla cailciam sa teicneolaíocht freisin. Maidir leis an miotal féin, úsáidtear mar chómhiotal é.

An Caimileon Chamaeleon a thugtar ar an réaltbhuíon atá dingthe idir an Chuileog, an Chíle, an tIasc Eitilte, an Tábla, an tOchtamhán agus Éan Parthais. Níl d’ainmneacha ar na réaltaí is gile sa Chaimileon ach litreacha Bayer: Alpha Chamaeleontis, Beta Chamaeleontis, Gamma Chamaeleontis agus Delta Chamaeleontis.

Ba é an réalteolaí Pléimeannach Petrus Plancius (nó Pieter Platevoet, mar ab ainm dó ina theanga dhúchais féin) a shainigh agus a d’ainmnigh an Caimileon i ndeireadh na séú haoise déag. Ní raibh Plancius ina réalteolaí go díreach: ba í an tíreolaíocht an chloch ba mhó ar a phaidrín, agus é ag tarraingt mapaí do lucht na loingseoireachta, ach ar ndóigh bhí na réaltaí thar a bheith tábhachtach ag na mairnéalaigh san am sin leis an mbealach ceart a aimsiú amuigh ar an teiscinn mhór i bhfad ón talamh slán, rud a thuig Plancius go maith. Mar sin bhí suim aige i mapáil na spéire chomh maith le mapáil an Domhain.

Bhí Plancius i dtuilleamaí na mbreathnuithe a rinne an loingseoir Pieter Dirkszoon Keyser sna farraigí theas – taiscéalaí a bhí in Keyser agus aithne ag Plancius air. Fuair Keyser bás in oileán Iáva sa bhliain 1596, ach má fuair, seachadadh torthaí a chuid breathnuithe chuig Plancius de réir mar a bhí socraithe acu roimhe sin.

Réalta phríomhsheichimh F-aicme í Alpha Chamaeleontis, agus í beagáinín níos troime ná an Ghrian. Tá sí ocht n-oiread chomh lonrúil, áfach. Tá sí suite réasúnta cóngarach dúinn – is é sin níl sí ach trí solasbhliana is trí scór uainn.

Maidir le Beta Chamaeleontis, tá an ceann sin trí chéad solasbhliain uainn. Aicmítear mar B-réalta í, agus í cúig oiread chomh trom leis an nGrian, breis is dhá chéad oiread níos lonrúla ná í. Réalta phríomhsheichimh í.

Gamma Chamaeleontis arís, tá sí suite faoi cheithre chéad is fiche solasbhliain dínn. An cineál fathachréalta atá inti ná an cineál fathachréalta a bheas sa Ghrian féin i ndeireadh ama, agus mar sin is dócha nach bhfuil sí mórán níos troime ná an Ghrian. Tá sí seacht n-oiread is trí scór chomh fairsing leis an nGrian, agus ocht gcéad is trí scór oiread chomh lonrúil. Réalta K-aicme í, is é sin, is réalta fhlannbhuí í, agus í traidhfilín níos fuaire ná an Ghrian.

Cairt Franklin-Adams a thugtar ar an mbailiúchán de phlátaí réalteolaíocha (grianghrafanna spéire) a rinne an réalteolaí amaitéarach Sasanach John Franklin-Adams (1843-1912). Chumhdaigh Franklin-Adams an spéir go léir, thuaidh agus theas – chaith sé seal i réadlann Johannesburg san Afraic Theas leis an spéir theas a ghrianghrafadh. Tháinig an chairt i gcló cúpla bliain i ndiaidh bhás an fhir féin. Dhá chéad agus sé phláta atá ann.

Cairteacha Wolf-Palisa a thugtar ar thorthaí an tsuirbhé réalteolaíoch a rinne ollscoil Vín agus ollscoil Heidelberg in éineacht sna blianta 1900-1916. Ba é an réalteolaí Gearmánach Maximilian Wolf (1863-1932) a rinne an chuid is mó den ghrianghrafadóireacht i Heidelberg (an áit ar rugadh is ar cailleadh é), ach ansin chuidigh Johann Palisa le Wolf na plátaí a réiteach don chló. Ostarach a bhí i bPalisa a rugadh sa bhliain 1848 in Troppau (inniu, Opava i bPoblacht na Seice) agus a fuair bás sa bhliain 1925 i Vín. Bhí suim ag Wolf agus Palisa sna hastaróidigh chomh maith, agus d’aithin is a d’ainmnigh siad cuid mhór acu.

Caiseoipé: an réaltbhuíon ar dhéanamh na litreach úd ”W” atá dingthe idir an Sioráf, Ceiféas, an Laghairt, Andraiméide, agus Peirséas. Is iad réaltaí móra na réaltbhuíne seo ná Schedar (Alpha Cassiopeiae), Caph (Beta Cassiopeiae), Gamma Cassiopeiae (nach bhfuil ainm traidisiúnta Araibise ná Laidine uirthi), Ruchbah (Ksora, Delta Cassiopeiae), agus Segin (Epsilon Cassiopeiae).

Tríd is tríd is í Schedar an réalta is gile i gCaiseoipé, cé go sáraíonn Gamma Cassiopeiae uaireanta í. Is ilréalta í Schedar, ach is fathachréalta fhlannbhuí é an ceann is suntasaí de chomhbhaill na hilréalta. Tá an réalta seo suite faoi 230 solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus í beagnach seacht gcéad oiread chomh geal leis an nGrian, ceithre nó cúig oiread chomh trom, agus dhá oiread is dhá scór chomh fairsing.

Réalta athraitheach ar aon chineál le Delta Scuti í Caph. Tá ainm na réalta bunaithe ar an bhfocal Araibise a chiallaíos ”lámh” nó ”bos”: tá cúig réalta i gCaiseoipé, díreach cosúil le cúig mhéar na láimhe, agus mar sin is léir go raibh an t-ainm seo ag tagairt don réaltbhuíon go léir i dtús báire. Tá sí dhá oiread chomh trom leis an nGrian, trí oiread go leith chomh fairsing, agus seacht n-oiread is fiche chomh lonrúil. Réalta F-aicme í Caph, is é sin is réalta bhánbhuí í atá traidhfilín níos teo ná an Ghrian. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil sí díreach ag forbairt go fathachréalta. Réalta aonair í, is é sin níl leathbhádóir ar bith aici. Tá sí ag dul timpeall ar a hais go sciobtha, rud a fhágas oblátacht áirithe uirthi – is é sin tá a trastomhas níos mó ag an meánchiorcal ná idir na poil.

Réalta athraitheach eile í Gamma Cassiopeiae, agus cineál iomlán réaltaí athraitheacha ainmnithe aisti. Tá sí suite faoi chúig chéad go leith de sholasbhlianta dínn, agus is B-réalta í – is é sin, is réalta ghorm nó bhánghorm í. Fathachréalta bheag, nó fo-fhathach, atá inti, agus cosúil le Caph, tá sí níos fairsinge ag an meánchiorcal ná ag na poil. Tá sí ag caitheamh ábhair uaithi, agus diosca foirmithe timpeall na réalta as an ábhar sin. Is é an diosca is cúis le hathruithe na gile, is dócha.

Bhí Gamma Cassiopeiae tábhachtach ag na spásairí Meiriceánacha fadó mar chabhair spásloingseoireachta, is é sin, leis an treoir cheart a aimsiú sa spás. Bhaist an spásaire Gus Grissom Navi ar an réalta – giorrúchán ón bhfocal úd navigation (loingseoireacht) a bhí ann is dócha. Fuair Grissom agus beirt spásairí eile bás nuair a chuaigh an spásbhád úd Apollo a hAon trí thine ar an 27 Eanáir 1967 – níor imigh an spásbhád sin ón gceap lainseála riamh, mar sin, nó ní raibh ach druileáil i gceist acu. Na daoine a thugas Navi ar Gamma Cassiopeiae inniu is éard atá i gceist acu ná urraim a thabhairt do mhairtíreach seo an spástaistil.

Maidir le Ruchbah, fuair sí a hainm ó na hArabaigh, agus ”glúin” is ciall dó ina dteanga siúd. (Leagan eile den fhocal chéanna é Rukbat, a thagraíos d’Alpha Sagittarii i réaltbhuíon an tSaigheadóra.) Tá sí suite faoi chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus í comhdhéanta as dhá chomhbhall a uraíos a chéile go tráthrialta. Déréalta í mar sin. Tá an phríomhréalta den bheirt sin dhá oiread go leith chomh trom agus beagnach ceithre oiread chomh fairsing leis an nGrian. Réalta A-aicme í agus í ina fo-fhathach faoi láthair – is dóigh leis na réalteolaithe go bhfuil sí díreach ag claochlú go fathachréalta cheart.

Segin, arís, tá sí suite ceithre chéad solasbhliain uainn. Fathachréalta í, agus í dhá mhíle agus cúig chéad oiread chomh geal leis an nGrian. Is B-réalta í, is é sin, is réalta the ghorm í. Tá sí naoi n-oiread chomh trom leis an nGrian, agus sé oiread chomh fairsing.

Tá cuid mhór réaltaí móra millteanacha le feiceáil i gCaiseoipé nach bhfeictear dúinn chomh geal leis na príomhréaltaí seo, toisc go bhfuil siad suite i bhfad i gcéin uainn. Ollfhathachréalta dhochuimsitheach – nó hipearfhathachréalta – í Rho Cassiopeiae, mar shampla, agus í suite faoi bhreis is ocht míle solasbhliain dínn. Tá sí leathmhilliún oiread chomh geal leis an nGrian, agus is hipearfhathach buí í – ní minic a thiocfá ar a leithéid sin, ach iontas na n-iontas, tá ceann eile den chineál le feiceáil i gCaiseoipé, mar atá, V509 Cassiopeiae.

Callisto: Ceann de Ghealacha Galileo í Callisto – is é sinn, satailít de chuid Iúpatair í, agus ba é Galileo Galilei a tháinig uirthi sa bhliain 1610, chomh maith le trí ghealach eile (Io, Ganymede agus Europa). Ní raibh d’ainm ag Galileo ar an ngealach seo ach Iúpatar a Ceathair: an t-ainm atá againn uirthi inniu fuair sí ó Simon Marius é. Réalteolaí Gearmánach ab ea Simon Marius (Simon Mayr an leagan Gearmáinise dá ainm) a rinne fionnachtain na ngealach seo faoin am chéanna, beag beann ar Galileo.

Tá Callisto beagnach ar aon mhéid le Mearcair, ach tá sí i bhfad níos éadroime ná é.

An Camchéachta an Céachta an tSeisreach a thugtar ar astaireacht na seacht réaltaí is suntasaí sa Bhéar Mhór, mar atá, Dubhe, Merak, Phekda, Megrez, Alioth, Mizar, agus Alkaid.

RÉALTAÍ AN CHAMCHÉACHTA

Ainm Litir Bayer Aicme speictreach Méid dhealraitheach Fad na réalta uainn (solasbhlianta) Lonrachas/mais i gcomparáid leis an nGrian
Dubhe Alpha Ursae Majoris K 1.8 124 316/4.25
Merak Beta Ursae Majoris A 2.4 79 64/2.7
Phekda (Phecda, Phad) Gamma Ursae Majoris A 2.4 84 ?*/3.0
Megrez Delta Ursae Majoris A 3.3 58 14/1.6
Alioth Epsilon Ursae Majoris A 1.8 81 4/2.9
Mizar Zeta Ursae Majoris A 2.1 78 (ilréalta)
Alkaid (Benetnasch) Eta Ursae Majoris B 1.9 101 1.4/6

*) Tá sé deacair lonrachas Phekda i gcomparáid leis an nGrian a mheasúnú. Deirtear go bhfuil sé idir 5 agus 25 oiread.

Candam a thugtar ar phacáiste beag fuinnimh de réir na fisice candamaí, cosúil leis an bhfótón (an candam solais). Tá dlúthbhaint ag an gcandam le tuiscint na fisice comhaimseartha ar struchtúr an adaimh. San adamh tá na leictreoin timpeall an adaimh suite ar leibhéil éagsúla fhuinnimh (na leictreonscealla agus na foscealla leictreonacha), agus ní féidir leis an leictreon bheith idir eatarthu idir na leibhéil seo. Le dul ó leibhéal íseal go leibhéal ard, caithfidh an leictreon dáileog chruinn fhuinnimh – candam – a fháil a fhreagraíos don difríocht idir an dá leibhéal. Is éard is impleacht dó sin ná go bhfuil gach cineál radaíocht leictreamhaighnéadach – an solas infheicte, an radaíocht infridhearg, an radaíocht ultraivialait, na radathonnta, na micreathonnta, an x-radaíocht, an gháma-radaíocht – candamaithe, is é sin roinnte ina candaim.

Canóin na nÉiclipsí Canon der Finsternisse (Gearmáinis) a thugtar ar an díolaim faoi uruithe (éiclipsí) na Gréine is na Gealaí a chuir an réalteolaí Theodor Ritter von Oppolzer i dtoll le chéile. D’fhoilsigh Acadamh Eolaíochtaí na hOstaire an saothar sa bhliain 1887, an bhliain i ndiaidh don eolaí féin bás a fháil. D’oibrigh Oppolzer amach na mionsonraí d’ocht míle urú gréine agus cúig mhíle urú gealaí, ón mbliain 1207 roimh Chríost go dtí an bhliain 2162 AD, de réir na matamaitice agus an eolais chomhaimseartha ar an meicnic neamhaí. Ábhar suntais é chomh cruinn, chomh saibhir is atá an saothar seo a rinneadh i bhfad roimh lá na ríomhairí.

Ostarach a bhí in Oppolzer, nó rugadh i bPrág é sa bhliain 1841, agus d’éag sé i Vín sa bhliain 1886. Bhí a mhac Egon von Oppolzer ina réalteolaí chomh maith, agus cosúil leis an athair fuair sé bás réasúnta óg.

Canopus Alpha Carinae Soheil atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon na Cíle. Réalta bhán A-aicme atá ann. Tá sé ar an dara réalta is gile ar an spéir, de réir is mar a fheictear dúinn – níl ach Sirius níos gile. Tá sé suite faoi thrí chéad solasbhliain dínn, agus é deich míle níos gile ná an Ghrian, cé nach bhfuil ach téagar seacht nGrian ann. Réalta úsáideach a bhíodh ann do na mairnéalaigh agus iad ag iarraidh treoir a fháil amuigh ar an teiscinn mhór. Fuair Canopus a ainm ó na sean-Ghréagaigh, ach is deacair a rá cad is bunús leis an ainm – tá míniúcháin éagsúla ann. Is é an ceann is inchreidte ná go dtagraíonn ainm na réalta do Kanobos, a bhí ina phíolóta ar long an rí Menelaos – bhí Menelaos ina rí ar na Spartaigh le linn chogadh na Traí, mar a deir seanchas na Sean-Ghréige.

Tá Canopus le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag seasamh do stát Goiás i lár na tíre – Goiânia an phríomhchathair.

Caor thine bóilíd a thugtar ar dhreige is gile ná an ghnáthréalta reatha.

An Capall Beag a thugtar ar an réaltbhuíon atá dingthe idir Iompróir an Uisce, Peigeasas, agus an Deilf. Réaltbhuíon bheag é an Capall Beag, agus ní féidir a rá go mbeadh sé cuidsúlach ach an oiread. Alpha Equulei nó Kitalpha atá ar an réalt is gile sa Chapall Bheag, agus is déréalta í: is fathachréalta bhuí G-aicme í Alpha Equulei A, agus is réalta bhán phríomhsheichimh í Alpha Equulei B. Tá Kitalpha suite faoi 190 solasbhliain dínn.

Capella atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Ara, Alpha Aurigae. Le fírinne is córas ceithre réalta í: is fathachréaltaí iad Capella Aa (réalta fhlannbhuí K-aicme) agus Capella Ab (réalta bhuí G-aicme), agus is abhacréaltaí dearga iad Capella H agus Capella L. Tá réaltchóras Capella suite faoi thrí solasbhliana is dhá scór dínn. Foinse láidir x-radaíochta í Capella: creidtear go ngintear an radaíocht sin i gcoróin Capella Aa.

Catalóg Ghinearálta Boss an chatalóg réalteolaíoch a d’fhoilsigh an Meiriceánach Benjamin Boss sa bhliain 1936. Seasann an giorrúchán GC (General Catalogue an Bhéarla) do na réaltaí sa chatalóg seo. Tá trí mhíle dhéag is fiche, trí chéad, dhá réalta is dhá scór (33,342 réalta) ar fad sa chatalóg. Is fairsingiú í ar an gcatalóg a d’fhoilsigh athair Benjamin, Lewis Boss, roimh a mhac, agus nach raibh ach sé mhíle, céad, ocht réalta is ceithre scór inti. Bhí an mac i gceannas ar Réadlann Dudley i Schenectady, Stát Nua-Eabhrac, chomh maith lena athair roimhe.

Catalóg Messier a thugtar ar an gcatalóg a chuir an réalteolaí Francach Charles Messier i dtoll le chéile thiar sna 1770idí. Réaltraí agus réaltnéalta iad na réadanna sa chatalóg seo. Ní raibh suim ag Messier iontu ar a son féin – a mhalairt ar fad bhí sé ag iarraidh cóiméid a aithint, agus na réaltnéalta ag cur isteach air san obair seo. Mar sin, d’oibrigh sé amach catalóg de réadanna a d’fhéadfaí a thógáil in ainriocht cóiméid. Úsáidtear an chatalóg seo i gcónaí. Tá deich réad is cúig scór sa chatalóg, ó M1 go M110. Is é Réaltnéal an Phortáin an chéad réad, agus seasann M110 do réaltra beag in aice le Réaltra Andraiméide (NCG 205 de réir na Nua-Chatalóige Ginearálta).

Is í an Chatalóg Réaltghrafach an chatalóg réalteolaíoch a cuireadh i dtoll a chéile as na sonraí a bhailigh fiche réadlann i ngach cearn den domhan faoi cheannas Réadlann Pháras ón mbliain 1887 ar aghaidh. Le fírinne bhí dhá thionscadal ann: ar dtús thóg na réadlanna grianghrafanna dá raibh le feiceáil le réaltaí a bhí chomh fann le 11 ar mhéid (an Chatalóg Réalteolaíoch), nó níos gile ná sin; agus ina dhiaidh sin bhí siad le sraith nua grianghrafanna a thógáil a thaispeáin réaltaí ab fhainne ná sin, síos go 14 ar mhéid (Carte du Ciel nó ”Mapa na Spéire”, as Fraincis, a bhí ar an dara leagan seo). Bhí an spéir go léir le grianghrafadh i rith an tionscadail dhúbailte seo.

Bhí an scéim thar a bheith uaillmhianach, ach má bhí féin, ní raibh sé chomh torthúil is a shílfeá. Mhair na réadlanna na scórtha bliain á thabhairt i gcrann, agus an teicneolaíocht a raibh sé bunaithe uirthi chuaigh sí as dáta i rith na mblianta sin. Thairis sin níor críochnaíodh an dara leath den tionscadal, Carte du Ciel, i gceart riamh – ní raibh ach cuid de na réadlanna sásta páirt a ghlacadh ann a thuilleadh, nuair a bhí an chéad sraith istigh.

Ar feadh i bhfad is beag úsáid a bhaintí as an dá chatalóg mhóra mhillteanacha seo, agus ba é an tuairim a bhí ag cuid mhór de na réalteolaithe gur obair amú a bhí iontu. Bhí fócas na réalteolaíochta féin athraithe ón réaltghrafaíocht go dtí an réaltfhisic (ó bhreathnú is mapáil na spéire go tuiscint theoiriciúil a forbartha) le linn na mblianta a chaith na réalteolaithe ag tógáil na ngrianghrafanna seo. Mar sin féin, tháinig cuma nua ar an scéal arís le déanaí, agus inniu cuirtear seansonraí an tionscadail seo i gcomparáid leis na grianghrafanna nua ón tsatailít úd Hipparcos a bhí ag mapáil na spéire sna blianta 1989-1993.

Catóid a thugtar ar leictreoid a bhfuil lucht leictreach díoltach aici, agus í ag aomadh iain a bhfuil lucht leictreach deimhneach acu – caitiain, mar a thugtar orthu.

Ceann na Péiste a thugtar ar an gcuid de réaltbhuíon na Péiste atá suite idir Fear na bPéisteanna, Earcail, Coróin an Tuaiscirt, an tAoire, an Mhaighdean, agus an Mheá. Tá dhá leath na Péiste, is é sin Ceann na Péiste agus Eireaball na Péiste, scartha ó chéile ag Fear na bPéisteanna. Is í Alpha Serpentis, nó Unukalhai, an réalta is gile i gCeann na Péiste agus sa réaltbhuíon go léir. Tá Unukalhai suite faoi 74 solasbhliana dínn, agus is fathachréalta í. Aicmítear mar K-réalta í, is é sin is réalta fhlannbhuí í agus í beagáinín níos fuaire sa dromchla ná an Ghrian s’againn.

Ceantar na Gréine a thugtar ar an réigiún spáis timpeall na Gréine. Is féidir a rá go bhfuil Alpha Centauri, Sirius, Procyon, Réalta Kapteyn, Réalta Barnard, Réalta Teegarden, agus Epsilon Eridani suite sa cheantar sin de réir gach sainmhíniú.

Cearnóg Mhór Pheigeasais a thugtar ar an astaireacht a chuimsíos na réaltaí seo leanas:

  • Alpha Pegasi, nó Markab;
  • Beta Pegasi, nó Scheat;
  • Gamma Pegasi, nó Algenib;
  • agus Alpha Andromedae, nó Alpheratz. Tá Alpheratz suite ar theorainn Pheigeasais agus Andraiméide, agus ar feadh i bhfad bhíodh na réalteolaithe idir dhá chomhairle fúithi – in ainmníocht Bayer ba nós dhá ainm a thabhairt uirthi ar dtús, Delta Pegasi chomh maith le Alpha Andromedae. Inniu, áirítear ar réaltaí Andraiméide amháin í.

Ceartairde (dronairde, ceartéirí, dronéirí) a thugtar ar cheann den dá chomhordanáid i gcóras na gcomhordanáidí réalteolaíocha. Is í an cheartairde an chomhordanáid a fhreagraíos don fhadlíne, nó is ionann í agus an fad idir pointe áirithe ar an meánchiorcal neamhaí agus pointe chónocht an Earraigh (teagmháil an éicliptigh agus an mheánchiorcail neamhaí), ar a dtugtar ”túsphointe Aries” freisin. Gualainn nó stua í an cheartairde go bunúsach, ach is gnách í a thabhairt in aonaid ama (uaireanta, nóiméid agus soicindí) seachas aonaid stua (céimeanna, stuanóiméid agus stuashoicindí); is ionann, ansin, ceithre huaire is fiche agus ciorcal iomlán.

Is iad ”ceartairde” agus ”ceartéirí” na leaganacha is mó a d’fheicfeá sna foclóirí, ach dealraíonn sé gur fearr le réalteolaithe le Gaeilge, nó le Gaeilgeoirí a bhfuil eolas éigin acu ar na réaltaí, na leaganacha ”dronéirí” agus ”dronairde” a úsáid.

Ceathramhán: Bíonn sé praiticiúil go minic an spéir infheicthe a roinnt ina ceithre chuid, agus tugtar ceithreamháin ar na rannóga seo. Braitheann sainmhíniú an cheathramháin ar an gcóras comhordanáidí a úsáidtear. Focal é ”ceathramhán” a chloistear go minic ar Star Trek freisin, mar chuid den teicneachabaireacht. Dealraíonn sé go bhfuil sé i gceist ag na scriptscríbhneoirí go bhfuil ár réaltra féin, Bealach na Bó Finne, roinnte ina ceathramháin, agus ár ngrianchóras féin suite san Alfa-Cheathramhán. Níl an úsáid seo ródhifriúil leis an dóigh a n-úsáidtear an focal san fhíor-réalteolaíocht.

An Ceathramhán, nó An Ceathramhán Múrach, a thugtaí ar an réaltbhuíon ar shainigh an réalteolaí Francach Jérôme Lalande sa bhliain 1795 í agus í suite idir an tAoire agus an Dragan. Ní thugann eagraíocht idirnáisiúnta na réalteolaithe aitheantas don Cheathramhán a thuilleadh, ach tá dreigechith na gCuadraintídí ainmnithe as: Quadrans Quadrans Muralis an t-ainm Laidine ar an réaltbhuíon.

Ceathrú an téarma a thagraíos ar an gcuma atá ar an ngealach nuair atá leath a diosca soilsithe mar a fheictear dúinn féin é. Is é sin, is ionann ceathrú agus leath gealaí. Tá an ghealach i mbéal ceathrún nuair atá cuma na leathghealaí uirthi agus í ag fás, is é sin roimh an lánré. Is í an cheathrú dheireanach atá ann nuair atá cuma na leathghealaí uirthi agus í ag dul i laghad, is é sin roimh an nua-ré. D’fhéadfá an dara ceathrú a thabhairt ar an lánré, ach ní gnáthúsáid a bheadh ann.

Ceiféas a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Eala, an Sioráf, Caiseoipé, an Laghairt, an Dragan, agus an Béar Beag. Is í Alderamin, nó Alpha Cephei, an réalta is gile sa réaltbhuíon, agus í suite faoi naoi solasbhliana agus dhá scór dínn. Tá Alderamin cúpla oiread chomh mór leis an nGrian, agus seacht n-oiread déag chomh lonrúil. Creidtear go bhfuil Alderamin díreach ag fágáil an phríomhsheichimh ina diaidh le hiompú ina fathachréalta nó ina fo-fhathachréalta. A-réalta (réalta bhán nó ghormbhán) atá in Aldebaran de réir aicmiú speictreach na réaltaí.

Errai, nó Gamma Cephei, an dara réalta is gile. Le fírinne is déréalta í: tugtar Gamma Cephei ar an gcóras go léir, agus Errai a thugtar ar phríomhréalta an chórais. K-réalta (réalta fhlannbhuí) agus fo-fhathachréalta í Errai, agus í beagáinín níos fuaire ná an Ghrian (ar G-réalta bhuí í). Abhacréalta dhearg atá i leathbhádóir Errai. Sa bhliain 1988 a cuireadh an chéad sonrú i bpláinéad mór (níos mó ná Iúpatar, de réir chosúlachta) atá ag fithisiú Errai. I ndeireadh na bliana 2015 socraíodh an t-ainm Tadmor a bhaisteadh ar an bpláinéad sin. Is éard atá in Tadmor ná ainm Araibise ar an tseanchathair stairiúil úd Palmyra sa tSiria, agus ba í eagraíocht réalteolaithe na Siria a mhol an t-ainm.

Alfirk, nó Beta Cephei, an tríú réalta is gile i gCeiféas. Réalta athraitheach atá inti, agus aicme nó cineál iomlán de réaltaí athraitheach ainmnithe aisti – réaltaí athraitheacha ar aon déanamh le Beta Cephei. Tríréalta í Beta Cephei, agus í comhdhéanta as déréalta speictreascópach (is é sin, déréalta nach féidir a aithint mar dhéréalta ach breathnuithe a dhéanamh ar a speictream) agus comhbhall amháin eile atá infheicthe mar réalta ar leith.

Réalta athraitheach de chineál ar leith í Delta Cephei. Bíonn lonrachas na réalta seo ag athrú go tráthrialta – d’fhéadfá a rá go bhfuil sí ag tabhairt bíoganna uathu. Bíonn lonrachas na réalta ag fás go tobann leis an uasmhéid a shroicheadh, agus maolú ag teacht uirthi de réir a chéile ina dhiaidh sin. Tógann sé 3.37 lá (trí lá agus beagnach naoi n-uaire) ar Delta Cephei timthriall amháin den tsórt seo a chur di. Athraíonn aicme speictreach na réalta féin i rith an timthrialla, ó F go G agus ar ais.

Tá aicme iomlán réaltaí athraitheacha ainmnithe as Delta Cephei, mar atá, na Ceifidí. Réaltaí bíogacha iad na Ceifidí a dtagann athruithe ar a n-aicme speictreach agus ar a dtrastomhas féin de réir timthriall tráthrialta. Is gnách leis na réalteolaithe úsáid a bhaint as an gcineál seo réaltaí mar chineál baoithe spáis le faid a thomhas.

Ceilt a bheas ann má thagann rinn neimhe amháin idir sinn agus rinn neimhe eile. Ansin beidh an dara ceann acu ceilte ag an gcéad cheann. Mar shampla, is féidir nach bhfeicimid réalta áirithe, toisc go bhfuil an Ghealach idir sinn agus í.

Más í an Ghrian atá ceilte ag an nGealach, ní gnách ceilt a thabhairt air sin, ach urú (gréine).

Céimeanna na Gealaí a thugtar ar na hathruithe a thagas ar chuma na Gealaí mar a fheictear dúinn féin í i rith na míosa. Is í céim na Gealaí an chuid – an céatadán, fiú – den Ghealach atá soilsithe, go bunúsach. Nuair nach bhfuil an Ghealach le feiceáil ar aon nós, toisc nach bhfuil sí soilsithe ag an nGrian, deirimid go bhfuil an nua-ré ann. I ndiaidh na nua-ré tagann cuma an chorráin ar an nGealach, agus í ag fás. Timpeall ar sheachtain i ndiaidh na nua-ré tá an Ghealach i mbéal ceathrún, agus leath di soilsithe. Ina dhiaidh sin tá an Ghealach scothlán. Nuair atá an Ghealach go léir soilsithe, timpeall ar dhá sheachtain i ndiaidh na nua-ré, deirtear go bhfuil lán-réiomlán gealaí ann. I ndiaidh na lán-ré tagann cuma scothlán ar an nGealach arís, agus í ag dul i laghad anois. Timpeall ar thrí seachtaine i ndiaidh na nua-ré, níl ach leath na Gealaí soilsithe, agus is éard a thugtar air sin ná an cheathrú dheireanach. Ina dhiaidh sin, tá corrán Gealaí ann arís. Sa deireadh, níl an corrán féin fágtha, agus tá nua-ré ann in athuair.

Tugtar mí shionadach mí ghealaí ar an tréimhse idir dhá nua-ré, nó dhá lán-ré. Tá sí naoi lá is fiche, dhá uair déag, agus ceithre nóiméad is dhá scór ar meánfhad, ach le fírinne bíonn fad na míosa gealaí ag luainiú ó 29.8 lá go 29.26 lá, de réir is mar a bhíos imtharraingt na Gréine ag dul i bhfeidhm ar fhithis na Gealaí.

Céim stua a thugtar ar an aonad stua arb ionann é agus 1/360 (aon trí chéad is seascadú cuid) den chiorcal iomlán.

An Ceinteár (Centaurus an leagan Laidine, Centauri an ginideach) an réaltbhuíon ina bhfuil an réalta is cóngaraí don Ghrian le feiceáil, agus í ag críochantaíocht leis an Aerchaidéal, an Chíle, an Compás, Cros an Deiscirt, an Phéist Uisce, an Mheá, an Faolchú, an Chuileog, agus na Seolta.

Is í an tríréalta úd Alpha Centauri, nó Toliman, an réalta (nó an réaltchóras) is feiceálaí sa Cheinteár. Tá trí chomhbhall ann: Rigil Kentaurus, nó Alpha Centauri A; Alpha Centauri B; agus Alpha Centauri C, nó Proxima Centauri (is é is ciall le proxima na Laidine ná ”an ceann is cóngaraí”). Ní réaltaí móra iad: is G-réalta phríomhsheichimh í Rigil Kentaurus, agus í ábhairín níos mó ná an Ghrian; is K-réalta phríomhsheichimh í Alpha Centauri B, agus í ábhairín níos mó agus níos fuaire ná an Ghrian; agus is abhacréalta dhearg (M-réalta) í Proxima, agus í i bhfad níos lú ná an Ghrian, nó an dá réalta eile sa chóras chéanna. Le fírinne tá sé ina chúis easaontais idir an lucht saineolais i gcónaí, an bhfuil baint cheart ag Proxima leis an dá réalta eile, nó an ea nach bhfuil sí ach ag dul thart. Tá an trí cinn acu suite faoi bhreis is ceithre solasbhliana dínn, ach tá Proxima níos gaire dúinn ná an dá cheann eile.

Tá Alpha Centauri chomh cóngarach dúinn is go bhfuil sí ar réaltaí geala na spéire: níl ach Canopus agus Sirius níos gile. Fathachréalta é Canopus; maidir le Sirius, is réalta phríomhsheichimh é atá suite i gcóngar dúinn, díreach cosúil le hAlpha Centauri.

Ceinteáir a thugtar ar aicme ar leith d’astaróidigh freisin, mar atá, iad siúd a ritheann a bhfithis trasna ar fhithisí na bhfathachphláinéad (is é sin, Iúpatar, Satarn, Úránas agus Neiptiún). Is féidir dearcadh orthu mar astaróidigh nó mar chóiméid, díreach mar a bhí tréithe an duine agus an chapaill araon ag ceinteáir na miotaseolaíochta. Níor aithin na réalteolaithe na ceinteáir mar ghrúpa ar leith de reanna neimhe sular chuir siad sonrú in Chiron sa bhliain 1977. Is í Chariklo, a haithníodh sa bhliain 1997, an ceinteár is mó, agus í dhá chéad go leith de chiliméadair ar trastomhas (nó trí chéad ciliméadar ar fad, más fearr leat – níl sí ar déanamh na liathróide).

Ba é Hidalgo an chéad cheinteár a d’aithin na réalteolaithe, thiar sa bhliain 1920, ach ní raibh ainm ar leith acu ar an gcineál seo réadanna go fóill – d’aicmigh siad mar ghnáthastaróideach é. Fuair Hidalgo a ainm ón Athair Miguel Hidalgo, laoch saoirse Mheicsiceo; inniu áfach is gnách na ceinteáir a ainmniú as ceinteáir na miotaseolaíochta, cosúil le Chiron, Chariklo, Nessus agus Amycus.

Ceres an ceann is mó de na reanna neimhe i gCrios na nAstaróideach – le fírinne ní dhearctar air mar astaróideach i gciall cheart an fhocail, ach mar abhacphláinéad cosúil le Plútón. Tá Ceres ar déanamh na liathróide – is é sin tá sí sféarúil. Téann sí timpeall ar an nGrian uair amháin in aghaidh 4.6 bliain, agus í naoi gcéad go leith de chileaméadair ar trastomhas. Tá trian de mhais Chrios na nAstaróideach i Ceres. Creidtear go bhfuil leac oighir timpeall ar chroílár cloiche an abhacphláinéid seo. Ba é an spástaiscéalaí úd Dawn an chéad ghléas daondéanta a fuair radharc ceart ar dhromchla Ceres, nuair a chuaigh sé thart léi sa bhliain 2015. Thóg an gléas cuid mhaith grianghrafanna, agus is éard atá le haithint orthu ná go bhfuil Ceres breac le cráitéir. Uisce galaithe an t-aon atmaisféar atá ag Ceres, agus solas na Gréine ag baint móilíní uisce den dromchla oighir.

Chiron a thugtar ar mhionphláinéad (astaróideach) uimhir 2060, ar chuir an réalteolaí Charles Kowal an chéad sonrú ann sa bhliain 1977. Ní bhaineann Chiron le crios Kuiper ar imeall an ghrianchórais ná le crios na n-astaróideach idir Mars agus Iúpatar, agus mar sin fuair na réalteolaithe riachtanach aicme nua a bhunú dá leithéidí – na ”ceinteáir”. Dá réir sin d’ainmnigh siad as ceann de cheinteáir na miotaseolaíochta Gréagaí é. Tá garphointe a fhithise don Ghrian (an peirihéilean) suite taobh istigh d’fhithis Iúpatair, agus an cianphointe (an t-aiféilean) taobh amuigh d’fhithis Úránais.

Ciantréimhseach: Is é an t-athrú ciantréimhseach an t-athrú nach bhfuil peiriadach. (Athruithe peiriadacha iad na hathruithe a chuirtear ar ceal go tráthrialta agus an peiriad nó an timthriall ag tosú arís.) Claonadh mall fadtéarmach atá i gceist leis an athrú ciantréimhseach, mar sin. Is gá a admháil, áfach, go bhfuil an duine daonna chomh gearrshaolach i gcomparáid le himeachtaí na spéire is gur féidir gur athrú peiriadach nó timthriallach atá i gceist lena lán forbairtí ciantréimhseacha, agus iad chomh mall ag teacht i gcrann nach féidir leis an duine fad an timthrialla a thomhas.

Is é an focal Béarla ar ”ciantréimhseach” ná secular. Sa ghnáthchiall is mar ”saolta” a aistrítear é, agus tá sé tábhachtach aird a thabhairt air nach é sin an téarma réalteolaíochta sa Ghaeilge.

Cignídí: dreigechith iad na Cignídí a bhíos le feiceáil i réaltbhuíon na hEala (Cygnus) i Mí Lúnasa.

An Chíle (ainm Laidine: Carina, ginideach: Carinae) atá ar an réaltbhuíon idir Deireadh na Loinge, na Seolta, Compás an Mhairnéalaigh, an Péintéir, an tIasc Eitilte, an Caimileon, an Chuileog, agus an Ceinteár. Cosúil lena lán de na réaltbhuíonta ina timpeall, ba chuid den Long (Argo Navis) í ar dtús.

Is é Canopus, nó Alpha Carinae, an réalta is gile sa Chíle. Ollfhathachréalta bhán atá ann, agus é ar an dara réalta is gile ar an spéir (níl ach Sirius níos gile, agus ní fathach é Sirius, ach réalta phríomhsheichimh atá cóngarach dúinn).

Maidir le Beta Carinae nó Miaplacidus, tá sé ar réaltaí geala na spéire chomh maith. Ainm aisteach é Miaplacidus, ós rud é go bhfuil sé curtha i dtoll le chéile as focal Araibise a chiallaíos ”na huiscí” agus focal Laidine a chiallaíos ”mín, moiglí, séimh” (cf. placid an Bhéarla). Pé scéal é tá an réalta seo trí oiread go leith chomh trom leis an nGrian, beagnach seacht n-oiread chomh leathan, agus dhá chéad ocht n-oiread is ceithre scór chomh lonrúil. A-réalta is ea Miaplacidus, cosúil le Sirius.

Níl a leithéid de réalta ann agus ”Gamma Carinae”. Nuair a scoilteadh an Long ina réaltbhuíonta éagsúla, choinnigh gach réalta an litir Ghréagach a bhí mar ainm uirthi in ainmníocht Bayer, ionas nár hathraíodh ach ainm Laidine na réaltbhuíne i ndiaidh na litreach. Ba leis na Seolta a thit Gamma Argus Navis, agus baisteadh Gamma Velorum ar an réalta sin (Vela an t-ainm Laidine ar na Seolta).

Eta Carinae ar réaltaí móra na spéire, agus í suite faoi sheacht míle go leith de sholasbhlianta dínn. Déréalta nó ilréalta í agus í na milliúin oiread níos gile ná an Ghrian s’againn. Tagann athruithe móra ar a méid dhealraitheach, agus an dá phríomhbhall den chóras ag dul i bhfeidhm ar a chéile. Bhí Eta Carinae ina réalta mhór fheiceálach sna 1830idí agus sna 1840idí (”an Brúchtadh Mór” a thugas na réalteolaithe ar an tréimhse inniu), agus í ní ba ghile ná Canopus féin tráth, ach ina dhiaidh sin mhaolaigh uirthi arís. Glactar leis anois go mbíonn gile na réalta seo ag athrú go timthriallach, agus an dá chomhbhall den déréalta ag timpeallú a chéile – tógann sé cúig bliana go leith ar an dá réalta timthriall amháin a chríochnú. Ní ar an timthriall amhán a bhraitheas na hathruithe a thagas ar ghile na réalta seo, áfach – mar shampla bíonn sé éagsúil go leor cé acu mar sholas infheicthe nó mar radaíocht de chineál eile a astaíos Eta Carinae a cuid fuinnimh.

Chomh mór millteanach is atá Eta Carinae, creideann na réalteolaithe go bhfuil ollnóva i ndán di, agus go n-iompóidh sí ina dúpholl ina dhiaidh sin. Le fírinne chuirfeadh na pléasca is na brúchta ar Eta Carinae ollnóvaí i gcuimhne duit, ach ní ollnóvaí iad i gciall cheart an fhocail, nó fanann an réalta ina réalta i ndiaidh na n-imeachtaí seo, is é sin ní dhéantar neodrónréalta ná dúpholl di. Nóvaí ateagmhasacha atá i gceist mar sin ach is ábhar iontais é an fás a thagas ar ghile na réalta le linn na mbrúchta seo. Is féidir ollnóvaí bréige a thabhairt orthu, nó ”ollnóvaí den chineál V”; nuair a bhíos brúchta cosúla le haithint ar réaltaí eile, is minic a dhealraítear le hEta Carinae iad (”imeachtaí i stíl Eta Carinae”).

Cill fhótaileictreach: is éard atá i gceist lena leithéid ná gléas a tháirgeas leictreachas nuair a bhuaileas an solas é, ionas go dtugann athruithe ar an leictreachas sin de réir athruithe an tsolais. Tá an chill fhótaileictreach bunaithe ar an bhfeiniméan fisice a dtugtar iarmhairt fhótaileictreach air.

Cineálacha lonrachais: Is éard atá i gceist leis na cineálacha lonrachais ná aicmiú na réaltaí de réir chomh lonrúil is atá siad. Sa chéad leagan den rangú seo ní raibh ach cúig aicme, is é sin, I, II, III, IV agus V – na huimhreacha Rómhánacha óna haon go dtí a cúig. Sa chóras seo, bhí I ag seasamh do na hollfhathachréaltaí, agus V ag tagairt do réaltaí an phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian s’againn. Ina dhiaidh sin, rinneadh athruithe agus fairsingiú ar an gcóras: mar sin, tá aicme na n-ollfhathach roinnte ina lán fochatagóirí (0, Ia, Iab, Ib) agus cúpla catagóir nua curtha leis an gcóras do na habhaic is lú freisin (sd = sub-dwarf an Bhéarla, nó fo-abhac, agus D = dwarf an Bhéarla, is é sin abhacréalta bhán).

Ba iad na réalteolaithe William Morgan, Philip Keenan agus Edith Kellman a d’oibrigh amach an córas aicmiúcháin seo i dtús na 1940idí, agus dá réir sin is gnách ”córas Morgan-Keenan” nó ”córas MKK” a thabhairt air. Bhí siad ag obair i Réadlann Yerkes – tá an réadlann seo suite i Wisconsin, ach is cuid d’Ollscoil Chicago í. An leagan den rangú atá in úsáid inniu téann sé siar go dtí na caogaidí.

Ciogal Mheatóin: Is ionann ”ciogal Mheatóin” agus 235 mhí gealaí. D’aithin an réalteolaí sean-Ghréagach Meatón gurb ionann, beagnach, naoi mbliana déag agus 235 mhí gealaí (níl de dhifríocht ach dhá uair an chloig, má ghlactar leis gurb ionann an ”bhliain” agus bliain na gréine (an bhliain thrópaiceach). Bhí tábhacht nár bheag ag baint le ciogal Mheatóin i bhféilireacht na seanársaíochta.

Ciogal na ngrianspotaí: peiriad na n-athruithe a thagas ar ghníomhaíocht mhaighdéanach na Gréine agus ar na grianspotaí, ar toradh don ghníomhaíocht sin iad. Tógann sé tuairim is aon bhliain amháin ar an nGrian ciogal den chineál seo a chur di.

Ciogal Sótach: Má chloítear leis gurb ionann bliain amháin agus trí chéad cúig lá is trí scór, beidh an féilire chun deiridh ar shéasúir na bliana. Tógfaidh sé ciogal Sótach amháin go mbeidh an féilire cothrom leis an mbliain arís. Is ionann aon chiogal amháin agus míle ceithre chéad is trí scór bliain (1460 bliain) de réir fhéilire Iúil, nó bliain amháin thar an méid sin (1461 bhliain) de réir fhéilire na sean-Éigipteach (is ionann bliain sean-Éigipteach agus 365 lá go cothrom). Tá an aidiacht sin Sótach bunaithe ar Sotis, arbh é ainm na nÉigipteach ar an réalta úd Sirius (le fírinne, is leagan Gréigise é den ainm Éigiptise Sopdet), nó ba nós leis na hÉigiptigh a shíleadh gurb é éirí héiliacach na réalta sin tús na bliana. (An bhliain a shainmhínítear de réir éirí héiliacach na réalta seo, tugtar bliain Shótach uirthi, agus í tuairim is aon nóiméad amháin níos faide ná an bhliain thrópaiceach, is é sin, bliain na Gréine.)

Ciorcal an diallais: an ciorcal i ngléasadh meánchiorclach an teileascóip ar a socraítear an diallas is é ciorcal an diallais é.

Ciorcal comhlárnach: Ciorcail chomhlárnacha iad na ciorcail arb ionann a lárphointe. Dhá chiorcal comhlárnacha nach ionann a nga, tugtar fáinne ar an réigiún eatarthu.

Ciorcal éalárnach: Ciorcail a bhfuil ceann acu go hiomlán taobh istigh den cheann eile, agus nach ionann a lárphointe, is ciorcail éalárnacha iad.

Ciorcal polach: Ciorcail pholacha iad an ciorcal Artach agus an ciorcal Antartach. Taobh istigh den chiorcal pholach caitheann an Ghrian tréimhse níos faide ná lá is oíche amháin os cionn na léaslíne uair amháin in aghaidh na bliana (grian an mheán oíche, mar a déarfá), agus tréimhse níos faide ná sin taobh thíos den léaslíne uair amháin aghaidh na bliana chomh maith.

Ciseal cúlaithe: Is é an ciseal cúlaithe an ciseal i gcrómaisféar na Gréine, díreach os cionn an fhótaisféir. Is ansin a fhágtar na línte ionsúcháin ar speictream na Gréine.

Ciseal Kennelly-Heaviside: Cuid d’ianaisféar an Domhain é ciseal Kennelly-Heaviside, nó an tE-chiseal, nó an tE-réigiún. Gás ianaithe atá sa chiseal seo, agus é suite 90-150 ciliméadar os ár gcionn. Frithchaitheann ciseal Kennelly-Heaviside radathonnta meánmhinicíochta, rud a chiallaíos gur féidir leis iad a iompar thar an léaslíne.

Ciseal vialait: Is éard atá i gceist leis an gciseal vialait ná ciseal cáithníní sa chuid is airde thuas d’atmaisféar Mharsa, agus é ag stopadh an tsolais chorcra, an tsolais vialait agus an tsolais ultraivialait.

Cisghealaí: An réigiún den spás atá suite idir atmaisféar an Domhain agus fithis na Gealaí, deirtear gurb é an spás cisghealaí é. An spás taobh amuigh den spás cisghealaí, arís, is é an cianspás é.

Claíomh Oiríon: Astaireacht, nó grúpa réaltaí, é Claíomh Oiríon atá le feiceáil i réaltbhuíon an Bhodaigh (Oiríon) taobh thíos de Shlat an Bhodaigh (Crios Oiríon, an Fhearsaid). Tá Claíomh Oiríon comhdhéanta as 42 Orionis, Theta Orionis, agus Iota Orionis chomh maith le Réaltnéal an Bhodaigh, nó Réaltnéal Oiríon, arb é réad uimhir a 42 i gcatalóg Messier agus réad uimhir a 1976 sa Nua-Chatalóg Ghinearálta é (M42, NCG1976).

Clann chóiméad: Bíonn na cóiméid ghearrthréimhseacha ag fithisiú na Gréine ar fhithisí fadaithe, agus go tipiciúil tá cianphointe (apaihéilean) an chineál sin cóiméid suite sa réigiún den ghrianchóras ina bhfuil na pláinéid mhóra le fáil. An pláinéad a bhfuil cianphointe an chóiméid suite in aice lena fhithis, deirtear gur de chlann an phláinéid sin an cóiméad. Clann chóiméad thábhachtach í clann Iúpatair, cuir i gcás.

Claonadh fithise: Is é claonadh na fithise ná an ghualainn idir fithis an phláinéid (nó a leithéide de réad) agus plána (leibhéal) tagartha éigin. Más ag trácht ar fhithisí na bpláinéad timpeall na Gréine atáimid, is iad na gnáthphlánaí tagartha ná an t-éiclipteach (an leibhéal a ritheann fithis an Domhain tríd), an plána a ritheann meánchiorcal na Gréine tríd, agus an plána do-athraitheach, nó plána Laplace (leibhéal a bhfuil baralár, nó meáchanlár, an Ghrianchórais suite ann).

Cóiméad réalta scuaibe, réalta eireabaill, réalta mhongach scuabréalta a thugtar ar réad beag a thagas ó imeall an Ghrianchórais i dtreo na Gréine, ionas go bhfeictear radaíocht na Gréine ag baint damhna den réad, agus an damhna sin ag lasadh suas mar a bheadh eireaball ag an réad.

Go bunúsach, ní bhíonn i gceist le cóiméad ach leac oighir den chineál atá flúirseach i scamall Oort agus i gcrios Kuiper, ar imeall an ghrianchórais. An dóigh a dtéann imtharraingt na réaltaí is gaire dúinn i bhfeidhm ar an scamall sin, bíonn corraíl ann, agus de thoradh na corraíola sin a fhágas na cóiméid an scamall le bealach a dhéanamh i dtreo na Gréine.

Tugtar núicléas ar an gcnap oighir féin. Timpeall an núicléis atá an cóma, is é sin, an t-atmaisféar tanaí agus é comhdhéanta as móilíní uisce agus pé cineál damhna eile atá sa núicléas féin. As an gcóma a dhéantar eireaball an chóiméid.

Is é an t-eireaball nó an scuab an ghné is feiceálaí den chóiméad. Is éard atá ann ná ábhar a bhaintear de dhromchla an chóiméid faoi bhrú na radaíochta ón nGrian, chomh maith leis an ngrianghaoth. Le fírinne áfach is minic is féidir dhá eireaball éagsúla a aithint ag an gcóiméad – an t-eireaball dusta agus an t-eireaball gáis – ós rud é nach leac oighir amháin atá sa chóiméad. Tá an dá eireaball ag iompú ón nGrian, ach ní hionann luas a ngluaiseachta.

Bíonn na cóiméid ag dul timpeall na Gréine ar fhithisí fadaithe, agus is gnách iad a aicmiú ina dhá ngrúpa, mar atá, na cóiméid ghearrthréimhseacha agus na cóiméid fhadtréimhseacha. Is as scamall Oort taobh thiar de Neiptiún a thagas na cinn ghearrthréimhseacha, agus is as crios Kuiper, an t-imeallbhord is faide ón nGrian, do na cóiméid fhadtréimhseacha. Is iad na cóiméid ghearrthréimhseacha na cinn a chríochnaíos turas amháin timpeall na Gréine in aghaidh an dá chéad bliain, nó níos minice, agus is iad na cinn fhadtréimhseacha na cinn a dtógann sé níos mó ama orthu. Tá cóiméid neamhthréimhsiúla ann fosta, is é sin cóiméid nach bhfanann sa Ghrianchóras tar éis an chéad turas a thabhairt i dtreo na Gréine.

Téann imtharraingt na réad mór – imtharraingt na bpláinéad, cuir i gcás – i bhfeidhm ar na cóiméid ó am go ham, agus tarlaíonn sé go mbuaileann cóiméad faoi phláinéad. Sampla clúiteach de seo is ea cóiméad Shoemaker-Levy a bhuail Iúpatar sa bhliain 1994: ar dtús thit an cóiméad seo as a chéile, agus ansin bhuail na hiarsmaí an pláinéad. Ba mhillteanach an phléasc a bhí ann, agus ar ndóigh bhí an t-imbhualadh seo tábhachtach do na réalteolaithe. Threisigh sé leis an tuairim atá ag cuid mhór acu gur sciath chosanta é Iúpatar atá ag dul idir an Domhan agus dreigeoidigh nó cóiméid ó imeall an ghrianchórais.

Cóiméad Arend-Roland a thugtar ar an gcóiméad a d’aithin na réalteolaithe Sylvain Arend agus Georges Roland thiar sa bhliain 1956. Bhí sé geal as an ngnáth nuair a tháinig sé i ngar don Domhan, agus mar sin áirítear ar na cóiméid mhóra i stair na réalteolaíochta é. Cóiméad neamhthréimhsiúil a bhí ann, is é sin, d’imigh sé as an nGrianchóras tar éis dó a pheirihéilean (a gharphointe don Ghrian) a fhágáil ina dhiaidh.

Cóiméad Biela: Fuair an cóiméad seo a ainm ó Wilhelm von Biela, oifigeach Ostarach de phór na Gearmáine a raibh suim aige sa réalteolaíocht. Ba iad Jacques Montaigne agus Charles Messier (an fear céanna a chuir i dtoll le chéile catalóg na réaltnéal!) a chéadaithin an cóiméad seo go neamhspleách ar a chéile sna 1770idí, ach ba é Biela a d’oibrigh amach, sa bhliain 1826, mionsonraí matamaitice na fithise agus a dheimhnigh tréimhse imrothlaithe an chóiméid – tuairim is 6.6 bliain.

Sa bhliain 1845, chonaic na réalteolaithe go raibh dhá leath déanta den chóiméad, agus ina dhiaidh sin, thit Cóiméad Biela as a chéile. Níor fágadh ach dreigechith de – na hAndraiméidídí nó na Bílídí – agus níl an dreigechith sin féin le feiceáil a thuilleadh inniu.

Cóiméad Donati: Ba é an réalteolaí Iodálach Giovanni Battista Donati a chuir an chéad sonrú sa chóiméad seo thiar sa bhliain 1858. Bhí cóiméad Donati ar an gcéad chóiméad ar tógadh grianghraf de riamh. Ceann de chóiméid mhóra na staire é chomh feiceálach is a bhí sé, agus deireadh lucht na comhaimsire gurbh é an cóiméad ab áille a chonacthas riamh – ar a laghad chuaigh sé go mór mór i bhfeidhm ar a lán ealaíontóirí mar inspioráid. Glactar leis gur cóiméad fadtréimhsiúil é nach bhfillfidh ach sa cheathrú mílaois.

Cóiméad Encke: Cóiméad gearrthréimhseach é Cóiméad Encke nach dtógann sé ach tuairim is trí bliana air turas a thabhairt timpeall na Gréine. Cuireadh sonrú sa chóiméad seo san ochtú haois déag, ach is é an t-ainm a fuair sé ná sloinne an réalteolaí a d’oibrigh amach mionsonraí a fhithise sa bhliain 1819, mar atá, Johann Franz Encke.

Cóiméad Halley: Ceann de chóiméid mhóra na staire é an cóiméad seo. Tógann sé cúig bliana déag is trí scór air imrothlú amháin timpeall na Gréine a chríochnú. Bíonn sé le feiceáil go soiléir ón Domhan nuair a thagas sé i ngar don Ghrian, agus na teoiricí atá ag na réalteolaithe i dtaobh na gcóiméad tá siad, cuid mhór, bunaithe ar na breathnuithe a rinneadh ar an gcóiméad áirithe seo. Cosúil le Cóiméad Encke, tá an cóiméad seo ainmnithe as an matamaiticeoir a d’oibrigh amach airíonna a fhithise, seachas as an duine a chuir an chéad sonrú ann. Edmund Halley a bhí ar an eolaí sin, agus rinne sé an t-éacht i dtús na hochtú haoise déag. Chonaic Halley an cóiméad le súile a chinn féin sa bhliain 1682, agus bhí sé in ann filleadh an chóiméid a thairngreacht sách cruinn, ach fuair sé féin bás breis is deich mbliana sula bhfacthas a chóiméad arís.

Cóiméad Holmes: Ba é an réalteolaí Sasanach Edwin Holmes a chuir an chéad sonrú sa chóiméad áirithe seo sa bhliain 1892. Tógann sé sé bliana agus deich mí, a bheag nó a mhór, ar an gcóiméad seo turas amháin timpeall na Gréine a chríochnú, ach de ghnáth ní bhíonn mórán cuid súl ann.

Cóiméad Ikeya-Seki: Cóiméad fadtréimhseach é an cóiméad seo ar chuir na réalteolaithe Seapánacha Kaoru Ikeya agus Tsutomu Seki sonrú ann sa bhliain 1965. Tháinig cóiméad Ikeya-Seki an-chóngarach don Ghrian agus rinneadh trí chuid de, ach má rinneadh, chloígh na codanna sin lena seanruthag ina dhiaidh sin féin. Nuair a d’imigh an cóiméad ó lár an ghrianchórais, ní fhacthas arís é.

Cóiméad Kohoutek: Ba é an réalteolaí Seiceach Luboš Kohoutek a chuir an chéad sonrú sa chóiméad áirithe seo. Chonacthas sa bhliain 1973 é, agus bhain sé amach a gharphointe don Ghrian faoi dheireadh na bliana. Cóiméad fadtréimhseach é nach bhfeicfear arís ach i gceann seachtó is cúig mhíle bliain. Ba é an chéad chóiméad riamh a ndearnadh breathnuithe air ó spásbháid – ba iad an spás-stáisiún Sóivéadach Soyuz a 13 agus an ceann Meiriceánach Skylab a 4 a bhí i gceist.

Cóiméad Pons-Winnecke: Seo cóiméad ar chuir an réalteolaí Francach Jean-Louis Pons an chéad sonrú ann sa bhliain 1819. Chuaigh an cóiméad seo as radharc ar na réalteolaithe idir an dá linn, ach ansin rinne an Gearmánach Friedrich August Theodor Winnecke a athfhionnachtain sa bhliain 1858. Cóiméad gearrthréimhseach é nach dtógann sé ach corradh is sé bliana air turas a thabhairt timpeall na Gréine.

Coimhdire a thugtar ar an gcomhbhall is lú i bhfíor-dhéréalta – is coimhdire é Sirius B, mar shampla.

Cóimheas Pogson: Ar scála logartamach na gile, tá réalta na séú méide céad oiread níos gile ná réalta na chéad mhéide. Is é is impleacht dó sin ná, más ionann gile na réalta seo agus m, agus más í gile na réalta úd eile agus m + 1, de réir an scála, is é is brí leis sin ná go bhfuil an réalta úd eile timpeall is 2.512 oiread níos gile ná an réalta seo. Is í an uimhir sin cóimheas Pogson. (Le bheith beacht, is ionann cóimheas Pogson agus an cúigiú fréamh as céad, is é sin, más ionann x5 agus 100, is ionann x agus cóimheas Pogson.) Ba é an réalteolaí Sasanach Norman Robert Pogson a d’oibrigh amach an córas seo faoi lár na naoú haoise déag.

Coindrít a thugtar ar dhreigít atá fáiscthe as dusta agus mionábhar eile spáis, agus cáithníní an mhionábhair seo le haithint i gcónaí mar choindriúil sa chloch.

An Choirceog an t-ainm Gaeilge ar Praesepe nó réad uimhir a 44 i gcatalóg Messier (M44). Réaltbhraisle oscailte í atá le feiceáil i réaltbhuíon an Phortáin, agus í ar na braislí oscailte is cóngaraí dúinn. Tá réaltaí na Coirceoige suite faoi chúig nó sé chéad solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór, agus is léir óna ndualghluaisne go bhfuil baint éigin ag an gCoirceog le braisle Hyades. Tá timpeall ar mhíle réalta sa Choirceog agus iad nasctha dá chéile ag an imtharraingt; an chuid is mó acu tá siad sách beag, ach d’aithin na réalteolaithe cúig fhathachréalta ansin chomh maith. Ba é Galileo Galilei, roimh aon duine eile, a rinne breathnuithe teileascóip ar an gCoirceog, agus é in ann dhá scór réalta a aithint thar a chéile ansin.

An Chorr Grus a thugtar ar an réaltbhuíon idir an tIndiach, an Túcán, an Micreascóp, Iasc an Deiscirt, an Dealbhóir, agus an Féinics. Ceann d’”Éanacha an Deiscirt” í an Chorr, mar a deirtear; is iad an Túcán, an Féinics, agus an Phéacóg na ”héanacha” eile. Ba é an réalteolaí Pléimeannach Petrus Plancius (nó Pieter Platevoet), thiar faoi dheireadh na séú haoise déag, a shainaithin an Chorr mar réaltbhuíon ar leith. Roimhe sin ba ghnách dearcadh uirthi mar chuid d’Iasc an Deiscirt.

Is é Alnair nó Alpha Gruis an réalta is gile sa réaltbhuíon seo. Réalta phríomhsheichimh é, ach cosúil le Sirius tá sé an-te, an-lonrúil, cé nach bhfuil sé ach ceithre oiread chomh mór leis an nGrian. Le fírinne chomh lonrúil is atá sé is féidir go bhfuil sé díreach leis an bpríomhsheicheamh a fhágáil ina dhiaidh le hiompú ina fhathachréalta. Tá sé deich n-oiread chomh lonrúil le Sirius féin.

ALNAIR AGUS SIRIUS Á gCUR I gCOMPARÁID

Réalta Trastomhas (1 = trastomhas na Gréine) Mais (1 = mais na Gréine) Aicme speictreach Lonrachas (1 = lonrachas na Gréine) Méid dhealraitheach Fad ón Domhan
Alnair (Alpha Gruis) 3.4 4.0 B 263 +1.74 céad agus aon solasbhliain amháin (aon pharsoic déag agus fiche)
Sirius A (Alpha Canis Majoris A, príomh-chomhbhall na déréalta) 1.7 2.0 A 25 -1.47 ocht solasbhliana agus sé dheichiú cuid (dhá pharsoic agus sé dheichiú cuid)

Maidir le Beta Gruis, is fathachréalta dhearg í nach bhfuil mórán rudaí suimiúla le rá fúithi: níl sí ach dhá oiread is ceithre dheichiú cuid chomh trom téagartha leis an nGrian, ach tá sí dhá mhíle is cúig chéad oiread níos lonrúla. Réalta M-aicme í.

Gamma Gruis arís, is fathachréalta í fosta ach is mar B-réalta a aicmítear í – is é sin, ar an dara aicme speictreach is teo. Radaíocht ultraivialait is mó a astaíos sí, ach tá sí lonrúil go maith ó thaobh an tsolais infheicthe chomh maith – tuairim is trí chéad is nócha oiread chomh lonrúil leis an nGrian. Réalta bhánghorm í, ar ndóigh.

Crios Oiríon an Bhanlámh, an tSlat is an Bhanlámh, nó Slat an Rí, nó Slat an Cheannaí, nó an Fhearsaid, nó Slat an Bhodaigh a thugtar ar an astaireacht trí réalta atá i lár an Bhodaigh – más mar fhear armtha a shamlaítear an réaltbhuíon, is iad crios an tsaighdiúra sin iad. Is iad ainmneacha na réaltaí seo ná Alnitak, Alnilam, agus Mintaka, agus is fathachréaltaí teo gorma nó gormbhána iad. Cé go bhfuil siad ar réaltaí geala na spéire, tá trí réalta is gile ná iad féin sa réaltbhuíon chéanna, mar atá, Betelgeuse, Rigel, agus Bellatrix.

Denebola Beta Leonis atá ar an tríú réalta is gile i réaltbhuíon an Leoin. Tá sí suite faoi shé solasbhliana déag is fiche dínn, agus í infheicthe go maith gan dul i dtuilleamaí gléasra cianradhairc. Réalta phríomhsheichimh í – níl sí dhá oiread chomh mór leis an nGrian – ach is A-réalta the lonrúil í. Réalta athraitheach í den chineál atá ainmnithe as Delta Scuti, is é sin, tagann athruithe beaga bídeacha ar a lonrachas de réir tréimhse nach bhfuil ach cúpla uair an chloig ar fad.

Diphda: Is í Diphda nó Deneb Kaitos Beta Ceti an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir – tá sí níos gile, fiú, ná an réalta ar a dtugtar Alpha Ceti, nó Menkar. Ó thaobh an speictrim de, tá sí idir eatarthu idir na haicmí G agus K. Fathachréalta fhlannbhuí í mar sin. Meastar go bhfuil sí suite faoi shé solasbhliana déag agus ceithre scór den Domhan.

An Domhan an pláinéad a bhfuil muid inár gcónaí air. Tá sé ar an gceann is mó de na pláinéid dhomhanchosúla sa Ghrianchóras, is é sin de na pláinéid nach gásfhathaigh iad. Tá dhá dtrian de dhromchla an Domhain, nó níos mó fós, clúdaithe ag uisce, agus an t-atmaisféar saibhir in ocsaigin – tá an dá rud riachtanach don bheatha mar a d’fhorbair sí ar an Domhan, ach is tábhachtach a thuiscint gur neachanna anaeróbacha a bhí sna chéad orgánaigh bheo ar an Domhan, is é sin gur nimh a bhí san ocsaigin dóibh. Mar sin b’éigean don bheatha éabhlóid áirithe a dhéanamh le bheith in ann leas a bhaint as ocsaigin an atmaisféir.

Aithníonn na geolaithe screamh, maintlín agus croí an Domhain. Is í an screamh an ciseal tanaí cloiche a chlúdaíos an pláinéad, agus í timpeall ar chúig ciliméadair ar tiús faoi na farraigí. Bíonn sí i bhfad níos tibhe faoin talamh slán, tríocha ciliméadar, fiú.

Tugtar an Moho, nó neamhleanúnachas Mohorovičić, ar an dromchla a scaras an screamh ón maintlín. Fuair an dromchla a ainm ó Andrija Mohorovičić, geolaí Crótach a bhí ina cheannródaí seismeolaíochta (is éard is seismeolaíocht ann ná an chraobh den gheolaíocht a dhéanas taighde ar na talamhchreathanna). D’aithin Mohorovičić roimh aon duine eile go bhfrithchaitheann an dromchla sin tonnta seismeacha (tonnta talamhchreatha) – is é sin nach leanann na tonnta sin a seanbhealach i ndiaidh an dromchla sin a bhualadh (sin é an fáth a dtugtar ”neamhleanúnachas” air).

Tugtar litisféar, nó sféar cloiche, ar an screamh agus ar uachtar an mhaintlín araon; taobh thíos den litisféar atá an t-astanaisféar, nó sféar na laibhe. Faoin astanaisféar atá croí an Domhain, agus is féidir struchtúr inmheánach áirithe a aithint ar an gcroí féin: an croí amuigh agus an croí istigh. Sreabhán slaodach atá sa chroí amuigh, ach is solad é an croí istigh.

Tá an litisféar deighilte ina phlátaí teicteonacha, agus tugtar teicteonaic ar an gcraobh den gheolaíocht a bhíos ag plé le gluaiseachtaí na bplátaí seo. Bíonn próisis éagsúla gheolaíocha ar obair áit a dtagann dhá phláta le chéile: ansin a bhíos talamhchreathanna le mothú agus bolcáin nua ag fás.

Tá an Domhan beo le bolcánachas. Le fírinne tá an Domhan eisceachtúil go maith sa Ghrianchóras chomh gníomhach is atá sé ó thaobh an bholcánachais de. Is iad na substaintí radaighníomhacha nádúrtha is mó is cúis leis an teas taobh istigh den Domhan: nuair a thagas meath radaighníomhach orthu, scaoiltear le radaíocht, is é sin le fuinneamh, agus an fuinneamh sin á chlaochlú go teas. Úráiniam, tóiriam, agus potaisiam (an t-iseatóp radaighníomhach úd 40K, nó potaisiam 40) na dúile is mó atá i gceist.

Cloch atá sa chuid is mó den Domhan, agus is éard atá sa chuid is mó den chloch ná sileacáití. Is éard atá i sileacáit ná ainian (ian a bhfuil lucht leictreach diúltach aige) atá comhdhéanta as ocsaigin agus sileacan, agus é ceangailte de chaitiain éagsúla (iain a bhfuil lucht leictreach deimhneach aige). Iain mhiotail is mó a bhíos ann (is é sin adaimh mhiotail a thug leictreoin ar iasacht uathu), ach bíonn iain níos casta ná sin ann.

ATMAISFÉAR AN DOMHAIN: NA GÁIS ÉAGSÚLA SAN AER TIRIM

Nítrigin (N2) 78.09 %
Ocsaigin (O2) 20.95 %
Argón (Ar) 0.93 %
Dé-ocsaíd charbóin (CO2) 0.041 %
Neon (Ne) 0.0018 %
Héiliam (He) 0.00052 %
Meatán (CH4) 0.00018 %
Crioptón (Kr) 0.00011 %
Hidrigin (H2) 0.000055 %

Is gnách atmaisféar an Domhain a dheighilt ina chisil mar seo:

Ainm an chisil Airde Nótaí
An t-eisisféar Ó sheacht gcéad go fiche míle ciliméadar Is mó a bhaineas sainmhíniú an eisisféir le himtharraingt an Domhain ná le brú an atmaisféir. Go bunúsach tá deireadh leis an eisisféar san áit a bhfuil an ghrianghaoth níos láidire ná an domhantarraingt ag dul i bhfeidhm ar na móilíní gáis.
AN TEIRMEASTAD – SEACHT gCÉAD CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – a scaras an t-eisisféar agus an teirmisféar ó chéile
An teirmisféar Ó ochtó ciliméadar go seacht gcéad ciliméadar Tá an chuid seo den atmaisféar an-te, de réir chomh sciobtha is a bhíos na móilíní is na hadaimh ag gluaiseacht. Tá an gás chomh scaipthe anseo áfach nach n-aithneodh aon teirmiméadar (ná aon duine) an teocht sin – a mhalairt bheadh mothú mór fuachta ann. Bíonn na hadaimh ianaithe sa chuid seo den atmaisféar, agus mar sin tugtar ianaisféar ar an teirmisféar agus ar chodanna den mhéisisféar agus den eisisféar araon.
AN MÉISEASTAD – CEITHRE SCÓR CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – an teorainn idir an méisisféar agus an teirmisféar, agus an áit is fuaire san atmaisféar, de réir luas gluaiseachta na n-adamh.
An méisisféar Ó chaoga go hochtó ciliméadar Murab ionann agus an teirmisféar, tá an méisisféar ag dul i bhfuacht suas, fiú de réir luas gluaiseachta na n-adamh. Is é an méiseastad (an teorainn idir an méisisféar agus an teirmisféar) an áit is fuaire san atmaisféar.
AN STRATASTAD – LEATHCHÉAD CILIMÉADAR OS CIONN NA TALÚN – a scaras an strataisféar agus an méisisféar ó chéile
An strataisféar Ó dhá chiliméadar déag go caoga ciliméadar Tá an strataisféar níos fuaire thíos, níos teo thuas, agus é féin roinnte ina chisil éagsúla (sin é an tuige a dtugtar strataisféar air – féach focail ar nós stratum agus stratification sa Bhéarla, nó fiú sraith na Gaeilge).
AN TRÓPASTAD – DHÁ CHILIMÉADAR DÉAG OS CIONN NA TALÚN – an teorainn idir an trópaisféar agus an strataisféar
An trópaisféar Ó dhroim an phláinéid go dhá chiliméadar déag An chuid den atmaisféar is aithin dúinn féin gan dul i muinín gléasra eolaíochta agus taighde. Tá an trópasféar níos teo thíos, agus níos fuaire thuas.

Dualghluaisne a thugtar ar an dóigh a bhfuil réalta áirithe ag gluaiseacht trasna na spéire i gcomparáid leis an sféar neamhaí (is é sin, i gcomparáid le cúlra dobhogtha na réaltaí is na reann neimhe atá chomh cianmhar is nach féidir linn a ndualghluaisne siúd a aithint). Stua í an dualghluaisne, agus í á tomhas ina soicindí stua in aghaidh na bliana. Na réaltaí is mó dualghluaisne, is abhacréaltaí éadroma iad agus iad suite réasúnta cóngarach dúinn, cosúil le Réalta Barnard, Réalta Kapteyn agus Réalta Teegarden.

Eamhnú an téarma a thagraíos do scoilteadh an núicléis san adamh. Is féidir don neodrón a bhuaileas an núicléas eamhnú a spreagadh, rud is bun leis an imoibriú slabhrúil sa bhuama adamhach agus san imoibreoir adamhach (nó ansin scaoiltear saor tuilleadh neodrón agus iad ag bualadh núicléis eile), ach tá roinnt núiclídí troma radaighníomhacha claonta chun eamhnú a dhéanamh go spontáineach.

Tugtar ábhar eamhnach ar an gcineál ábhar radaighníomhach ar féidir leis an t-imoibriú slabhrúil a choinneáil ag imeacht sna himoibreoirí núicléacha nó sa bhuama adamhach. Is iseatóip ineamhnaithe iad na núiclídí ar féidir leo eamhnú a dhéanamh i ndiaidh dóibh neodrón a cheapadh, ach ní féidir úsáid an ábhair eamhnaigh a bhaint as gach iseatóp ineamhnaithe, ós rud é nach bhfuil cuid acu chomh claonta chun eamhnú is go bhféadfaidís gan an slabhra a bhriseadh.

Is é úráiniam a 235, nó 235U, an t-iseatóp ineamhnaithe a úsáidtear sna himoibreoirí adamhacha, ar nós na stáisiún cumhachta. Maidir leis na buamaí adamhacha, is é plútóiniam a 239, nó 239Pu, is mó a úsáidtear iontusan. Ar na saolta seo tá úsáid an tóiriam mar bhreosla núicléach i mbéal an phobail freisin, ós rud é go bhfuil an tóiriam i bhfad níos coitianta ná an t-úráiniam. An t-iseatóp atá i gceist, mar atá, tóiriam a 232 nó 232Th, ní ábhar ineamhnaithe ann féin é, áfach, ach ábhar torthúil a chlaochlaítear go húráiniam a 233 (233U) san imoibreoir féin. Iseatóp é úráiniam a 233 nach bhfuil ar fáil sa dúlra.

Eantrópacht a thugtar ar an gcainníocht fhisiceach a thomhaiseas an t-anord ar leibhéal na n-adamh is na móilíní. Is dual don eantrópacht dul i méadaíocht i ngach próiseas spontáineach agus an córas ag dul i dtreo na cothromaíochta teirmidinimiciúla (seo Dara Dlí na Teirmidinimice). Nuair a bhainfear an chothromaíocht sin amach, beidh an córas iomlán ar aon teocht, agus adaimh is móilíní na substaintí éagsúla measctha trí chéile.

Éiclipteach a thugtar ar chonair bhliantúil na Gréine ar an sféar neamhaí, is é sin, an dóigh a bhfuil an Ghrian ag gluaiseacht i gcomparáid le cúlra dobhogtha na réaltaí i gcéin i rith na bliana. Tá an stoidiaca suite ar feadh an éicliptigh. Ar an éiclipteach a aithnítear an leibhéal a ritheann fithis an Domhain timpeall na Gréine air, agus is féidir leibhéal an éicliptigh a thabhairt air.

Fathach: Is éard atá i gceist le fathach nó fathachréalta ná réalta atá i bhfad níos mó ná na réaltaí príomhsheichimh ar aon dath agus ar aon teocht léi. Tá na fathachréaltaí suite os cionn an phríomhsheichimh i léaráid Hertzsprung-Russell. Tá fathachréaltaí éagsúla ann: cuid acu bhí siad ina réaltaí príomhsheichimh ar dtús, ach ansin d’fhorbair siad go fathachréaltaí, an chuid eile bhí siad mór millteanach ó thús báire.

Glactar leis go n-iompóidh an Ghrian féin ina fathachréalta i ndeireadh báire, i gceann cúig mhíle milliún bliain, nuair a bheas an hidrigin go léir i gcroí na réalta comhleáite go héiliam. Ansin crapfaidh an croí isteach chuige féin, agus an t-ábhar taobh amuigh de á aomadh chuige ag an imtharraingt. Faoi bhrú na himtharraingte cuirfear tús nua leis an gcomhleá, ach anois, is sna sraitheanna taobh amuigh den chroí a bheas sé ag dul ar aghaidh, áit a bhfuil hidrigin fágtha fós. Rachaidh na sraitheanna sin go mór i bhfairsinge, ach ní bheidh siad chomh te céanna is a bhí dromchla na réalta ar dtús: an fuinneamh a bheas á tháirgeadh beidh sé scaipthe níos fairsinge. Mar sin rachaidh dath agus aicmiú na réalta i dtreo na fuachta, is é sin, i dtreo na deirge (aicmí K agus M).

DORNÁN FATHACHRÉALTAÍ AITHNIDIÚLA

(más déréalta nó ilréalta atá i gceist, is iad sonraí na príomhréalta sa chóras atá le léamh thíos)

Ainm Réaltbhuíon Mais i gcomparáid leis an nGrian Trastomhas i gcomparáid leis an nGrian Lonrachas i gcomparáid leis an nGrian Aicme speictreach
Albireo An Eala cúig oiread deich n-oiread agus trí scór míle agus dhá chéad oiread K
Aldebaran An Tarbh aon oiread go leith ceithre oiread is dhá scór leathmhíle oiread K
Alnitak An Bodach trí oiread déag is fiche fiche oiread dhá chéad go leith míle oiread (an ceathrú cuid den mhilliún) O
Alphard An Phéist Uisce trí oiread leathchéad oiread ocht gcéad oiread K
Altarf An Portán trí oiread leathchéad oiread sé chéad is trí scór míle oiread K
Antares An Scairp dhá oiread déag ocht gcéad is trí oiread agus ceithre scór leathchéad is seacht míle is cúig chéad oiread M
Arcturus An tAoire aon oiread amháin cúig oiread is fiche céad is deich n-oiread is trí scór K
Betelgeuse An Bodach tá meastacháin éagsúla ann ó ocht n-oiread go fiche oiread tuairim is míle oiread timpeall ar chéad míle oiread (réalta an-athraitheach atá i gceist) M
Canopus An Chíle tuairim is deich n-oiread tuairim is deich oiread is trí scór cúig mhíle déag oiread F
Deneb An Eala tuairim is fiche oiread tuairim is dhá chéad oiread tuairim is dhá chéad míle oiread A
Diphda (Deneb Kaitos) An Míol Mór dhá oiread is ocht ndeichiú cuid seacht n-oiread is fiche céad is dhá scór oiread K
Eta Carinae An Chíl meastacháin éagsúla ó chéad oiread go dhá chéad oiread meastacháin éagsúla ó thrí scór oiread go hocht gcéad oiread cúig mhilliún oiread athraitheach
Hamal An Reithe aon oiread go leith cúig oiread déag timpeall ar dheich n-oiread is ceithre scór oiread K
Rigel An Bodach tuairim is fiche oiread ceithre scór oiread céad is fiche míle oiread B

An Ghealach an t-aon satailít nádúrtha atá ag an Domhan s’againn. Go bunúsach, níl inti ach cloch: sileacáití, alúmana, aol, ocsaídí iarainn, ocsaídí tiotáiniam agus eile. Tá dhá chineál tír-raon ann, is é sin, na garbhchríocha agus na mara, mar a thugtar orthu – ar ndóigh, ní thiocfá ar bhraon uisce sna farraigí sin, nó is éard atá iontu ná ísleáin nó mánna, agus iad déanta as cloch bholcánach (basalt, brúchtcharraig).

I gcomparáid le satailítí nádúrtha eile an Ghrianchórais, níl an Ghealach beag ar aon nós. Tá sí níos mó ná Europa, is é sin, an ceann is lú de Ghealacha Galileo (na ceithre satailítí is mó atá ag Iúpatar). Thairis sin, tá sí níos mó ná aon cheann acu i gcomparáid leis an bpláinéad a bhfuil sí ag dul ina thimpeall – an príomhúlach, mar a déarfá. Tá gealacha Iúpatair agus Shatarn i bhfad níos lú i gcomparáid lena bpríomhúlach.

Is éard atá sa Ghealach, mar a chreidtear inniu, ná toradh d’imbhualadh millteanach a tharla tuairim is leathchéad milliún bliain i ndiaidh fhoirmiú an Ghrianchórais. Bhuail pláinéad ar aon mhéid le Mars faoin réamh-Dhomhan – Theia a thugas na réalteolaithe ar an imbhuailteoir seo – agus ba iad smidiríní Theia comhábhair na Gealaí. Ba dhomhain ar fad a chuaigh Theia isteach sa phláinéad s’againn, agus a rian sin le haithint ar mhaintlín agus ar chroílár an Domhain i gcónaí.

Deirtear go bhfuil rothlú na Gealaí sioncrónach leis an Domhan – is é sin, is é an taobh céanna den Ghealach a bhíos iompaithe linn an t-am ar fad. Is féidir linn, áfach, beagáinín níos mó ná leath de dhromchla ár satailíte a fheiceáil, toisc go mbíonn sí ag guagadh ar dhóigheanna éagsúla: uaireanta iompaíonn sí a pol thuaidh nó a pol theas linn, agus bíonn sí ag moilliú nó ag géarú a gluaiseachta ar a fithis, ionas gur féidir linn tuilleadh den ”tosach” nó den ”chúl” a fheiceáil in amanta difriúla. Fágann an guagadh 59 % de dhromchla na Gealaí inmhapáilte ón Domhan. Ba iad na Sóivéadaigh a chuir tús le léarscáiliú an taoibh eile den Ghealach sa bhliain 1959: ansin, d’éirigh leo taiscéalaí (is é sin spásbhád beag gan foireann) a chur ag fithisiú na Gealaí agus ag tógáil grianghrafanna.

Thug daoine daonna an chéad chuairt ar an nGealach i Mí Iúil 1969, nuair a thuirling an tIolar (Eagle) modúl tuirlingthe an spásbháid úd Apollo a hAon Déag – i Muir na Sáimhe. Ba iad na spásairí Meiriceánacha Neil Armstrong agus Buzz Aldrin a bhí ag stiúradh an mhodúil, agus an tríú fear, Michael Collins, ag fanacht leo i modúl ceannasaíochta an spásbháid a bhí ag fithisiú na Gealaí. I ndiaidh an turais, bhain Collins amach clú áirithe mar scríbhneoir leis an leabhar cuimhní cinn a bhreac sé síos faoi shaol an spásaire, Carrying the Fire.

Maidir le tábhacht na dturasanna seo don eolaíocht is don taighde, ba iad na geolaithe ba mhó a ghnóthaigh orthu, nó d’ardaigh na spásairí leo cuid mhaith cloch a thug léargas nua ar fhorbairt gheolaíoch na Gealaí. Fuair na spásairí go léir bunscolaíocht sa gheolaíocht, agus bhí Harrison Schmitt, fear den triúr spásairí ar an turas deireanach go dtí an Ghealach, ina gheolaí oilte.

Gealacha Galileo a thugtar ar na satailítí is mó atá ag Iúpatar, ceithre cinn ar fad, a ndearna Galileo Galilei a bhfionnachtain thiar sa bhliain 1610.

Is iad ainmneacha na ngealach seo ná Io, Europa, Ganymede, agus Callisto. Fuair siad na hainmneacha seo ón réalteolaí Gearmánach Simon Marius (Mayr), ach ní raibh formhór na réalteolaithe fonnmhar iad a úsáid roimh an bhfichiú haois, ó nach raibh Galileo féin sásta leo – b’fhearr leis na gealacha a uimhriú go simplí. Is gnách ainmniú na reann neimhe a fhágáil faoin duine a rinne a bhfionnachtain, agus ba é Galileo a d’aithin na gealacha seo roimh Marius. Thairis sin, deirtear go raibh meas an mhagaidh mhíchuí ag lucht na comhaimsire ar na hainmneacha a bhronn seisean. Nó tagraíonn siad do na cailíní (agus d’fhear óg amháin) a raibh cumainn ghrá ag Zeus leo de réir mhiotaseolaíocht na sean-Ghréige, agus is gnách Zeus a chomhionannú le hIúpatar, mar a rinne na Rómhánaigh fadó, ó ba nós leo gach dia de chuid na nGréagach a chomhionannú le dia dá gcuid féin.

Ba é Giovanni Battista Hodierna, dalta de chuid Galileo, a bhaist na hainmneacha Principharus, Victripharus, Cosmipharus agus Fernipharus orthu. Tagairt a bhí sna hainmneacha seo do ”Phrionsa (principe) na Tuscáine”, do Vittoria della Rovere (bean Ferdinando de Medici), Cosimo de Medici (urraí Galileo) agus Ferdinando de Medici (mac Cosimo). Ó bhí Galileo ag fáil urraíochta ó Cosimo de Medici, Ard-Diúc na Tuscáine, bhí sé féin tar éis Medicea Sidera nó ”Réaltaí Mhuintir Medici” a bhaisteadh ar na gealacha seo in éineacht.

GEALACHA GALILEO – ”RÉALTAÍ MHUINTIR MEDICI” – ”MEDICEA SIDERA”

IO (Iúpatar a hAon, Principharus) EUROPA (Iúpatar a Dó, Victripharus) GANYMEDE (Iúpatar a Trí, Cosmipharus) CALLISTO (Iúpatar a Ceathair, Fernipharus)

AR MHAITHE LEIS AN gCOMPARÁID:

AN GHEALACH TIOTÁN (an tsatailít is mó atá ag Satarn)
Meángha (ciliméadar) 1822 1560 2630 2410 1737 2575
Tréimhse imrothlaithe (lá Domhanda) 1.77 3.55 7.15 16.7 27.3 15.9
Meánluas ar an bhfithis (ciliméadar in aghaidh na soicinde) 17.3 13.7 10.9 8.2 1.02 5.57
Mais (i gcomparáid leis an Domhan) 0.015 0.008 0.025 0.018 0.012 0.0225
Dlús (gram in aghaidh an cheintiméadair chiúbaigh) 3.5 3.0 1.9 1.8 3.3 1.9
Imtharraingt ar an dromchla (g-aonad) 0.183 0.134 0.146 0.126 1.62 1.352
Treoluas éalaithe (ciliméadar in aghaidh na soicinde) 2.558 2.025 2.741 2.440 2.38 2.639
Meánteocht ar an dromchla (ceilvin) 110 102 110 134 220 94
Ailbéideacht 0.63 0.67 0.43 0.22 0.136 0.22
Cianphointe na fithise (ciliméadar) 423 400 677 000 1 071 600 1 897 000 405 400 1 257 000
Garphointe na fithise (ciliméadar) 420 000 665 000 1 069 200 1 869 000 362 600 1 187 000

Gienah Gienah Cygni – ”Sciathán na hEala” – a thugtar go traidisiúnta ar an réalta úd Epsilon Cygni i réaltbhuíon na hEala. Fathachréalta fhlannbhuí K-aicme is ea í agus í suite corradh is seachtó solasbhliain dínn. Tá sí aon oiread déag chomh mór leis an nGrian (de réir an trastomhais) agus dhá oiread is trí scór chomh lonrúil. Creidtear áfach nach bhfuil sí ach aon oiread amháin níos troime ná an Ghrian – is é sin bhí sí i bpríomhsheicheamh na réaltaí ar dtús sular iompaigh sí ina fathach, díreach mar atá i ndán don Ghrian féin a dhéanamh i ndeireadh ama.

Gienah Ghurab Gienah Corvi Ala Corvi a thugtar ar Gamma Corvi, arb í an réalta is gile i réaltbhuíon an Phréacháin. Réalta the bhánghorm den aicme B í, agus í suite faoi chéad go leith de sholasbhlianta dínn. Focal Araibise é Gienah a chiallaíos ”eite, sciathán”, agus mar sin, is é ”Sciathan an Phréacháin” is brí le hainm na réalta.

An Grúpa Áitiúil a thugtar ar an ngrúpa réaltraí a mbaineann Bealach na Bó Finne leis. Is iad Réaltra Andraiméide, Bealach na Bó Finne, agus Réaltra an Triantáin na réaltraí is mó sa ghrúpa, ach thairis sin tá cuid mhór réaltraí ann is lú ná na cinn sin, ar nós Scamall Mór Magellan agus Scamall Beag Magellan.

ROINNT RÉALTRAÍ SA GHRÚPA ÁITIÚIL

Ainm Uimhir i gcatalóg Messier Uimhir sa Nua-Chatalóg Ghinearálta An cineál réaltra atá ann An réaltbhuíon ina bhfeictear an réaltra Nótaí
Réaltra Andraiméide M31 NCG224 Réaltra bíseach barrach Andraiméide An réaltra is mó sa ghrúpa
Bealach na Bó Finne Réaltra bíseach barrach An réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin
Réaltra an Triantáin M33 NCG598 Réaltra bíseach neamhbharrach An Triantán An réaltra bíseach is lú sa Ghrúpa Áitiúil. Is dócha gur satailít de chuid réaltra Andraiméide atá ann
Scamall Mór Magellan Réaltra bíseach barrach agus é curtha as a riocht ag imtharraingt ár réaltra féin An Colgán agus an Tábla Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann. Shíltí ar feadh i bhfad gur réaltra neamhrialta a bhí ann
Scamall Beag Magellan NCG292 Réaltra bíseach barrach agus é curtha as a riocht ag imtharraingt ár réaltra féin An Túcán agus an Phéist Uisce Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann

M32

NCG221 Réaltra éilipseach Andraiméide Satailít de chuid Andraiméide atá ann
SagDEG (Sagittarius Dwarf Elliptical Galaxy, Abhacréaltra Éilipseach an tSaigheadóra) Réaltra éilipseach An Saigheadóir Satailít de chuid Bhealach na Bó Finne atá ann
SagDIG (Sagittarius Dwarf Irregular Galaxy, Abhacréaltra Neamhrialta an tSaigheadóra) Réaltra neamhrialta An Saigheadóir Is é seo an réaltra is faide atá suite ó bharalár (is é sin, ó mheáchanlár) an Ghrúpa Áitiúil
Abhac an Dragain (Béarla: Draco Dwarf) Abhacréaltra sféaróideach An Dragan Táthar ag déanamh go bhfuil an réaltra seo an-saibhir i ndamhna dorcha

Héiliam: Is é an héiliam dúil uimhir a dó sa tábla peiriadach. Mar is léir ón uimhir adamhach, tá dhá phrótón i núicléas an héiliam. Tá dhá iseatóp tábhachtacha ag an héiliam, mar atá, an ceann is coitianta, nó héiliam a ceathair, agus an ceann eile, nó héiliam a trí. Na hiseatóip eile is radanúiclídí éagobhsaí iad a dtagann meath radaighníomhach orthu go sciobtha. Tá dhá leictreon ag an héiliam, agus mar sin, is triathghás é, nó níl áit ar an leictreonsceall is cóngaraí don núicléas ach d’aon leictreondís amháin. Dá réir sin ní féidir leis an héiliam dul i gcomhdhúil le dúil eile.

Tá fiuchphointe an héiliam iontach íseal, nó níl sé ach cúpla céim Celsius os cionn an dearbhnialais. Ní féidir héiliam a reo go solad gan brú ard a oibriú air. Ina áit sin, má reoitear i dtreo an dearbhnialais é faoi ghnáthbhrú an atmaisféir, iompóidh sé ina fhorshreabhán a bhfuil saintréitheanna neamhghnácha aige: mar shampla ní féidir é a choinneáil i gcoimeádán oscailte, nó dreapfaidh sé as agus é ag dul ar fud na háite ina scannán tanaí.

Hidrigin: Is í an hidrigin dúil uimhir a haon sa tábla peiriadach, agus is í an dúil is simplí ó thaobh an struchtúir de, nó níl ach aon phrótón amháin i núicléas na hidrigine, agus níl ach aon leictreon amháin i néal leictreon na hidrigine. Is dual do na hadaimh hidrigine móilíní dhá adamh a dhéanamh faoi na gnáth-imthoscaí ar dhroim an Domhain, ach dáiríre is dúil an-imoibríoch í an hidrigin, agus tá an chuid is mó di le fáil ceangailte i gcomhdhúile éagsúla ceimiceacha. Le fírinne tá an gás hidrigine chomh héadrom is nach bhfuil imtharraingt ár bpláinéid sách láidir lena choinneáil san atmaisféar: is dual dó éalú go dtí an spás. Sin é an tuige nach bhfuil ach iarsmaí beaga hidrigine le fáil san aer.

Nuair a rachas an hidrigin trí thine, is é an toradh a gheofar ná ocsaíd na hidrigine – is é sin, uisce. Is féidir leis an hidrigin pléasc a dhéanamh agus í ag imoibriú leis an ocsaigin. Thairis sin, tá dainséar eile ag baint le dóchan na hidrigine: tá lasair na hidrigine beagnach dofheicthe, agus í an-te san am chéanna.

Tá trí iseatóp ag an hidrigin, agus ainmneacha ar leith orthu: an próitiam (an ghnáth-hidrigin, nach bhfuil ach prótón amháin mar núicléas aici), an deoitéiriam (hidrigin a dó – tá prótón agus neodrón amháin i núicléas an iseatóip seo), agus an tritiam (hidrigin a trí – prótón amháin agus dhá neodrón sa núicléas). Núiclíd radaighníomhaíoch é an tritiam, agus tagann béite-mheath air: is é héiliam a trí (iseatóp neamhghnách de chuid an héiliam) is toradh don mheath seo.

I réaltaí an phríomhsheichimh, cosúil leis an nGrian, comhleáitear núicléis hidrigine go héiliam: an fuinneamh a thagas as an nGrian is toradh don chomhleá seo é. Ar dtús téann dhá phrótón le chéile le núicléas deoitéiriam (”deoitéarón”) a dhéanamh, ansin téann deoitéarón agus prótón le chéile le núicléas de chuid héiliam a trí a tháirgeadh, agus sa deireadh comhleáitear dhá núicléas den chineál seo go núicléas gnáth-héiliam (héiliam a ceathair) – scaoiltear dhá phrótón saor sa teagmháil seo. Tugtar timthriall ”prótón-prótón” air seo.

Infridhearg a thugtar ar na bannaí radaíochta idir na radathonnta agus an solas infheicthe. Tá tonnfhad na radaíochta infridheirge níos mó ná tonnfhad an tsolais, agus dá réir sin tá a minicíocht níos ísle. Is mar theas is mó a aithníos nó a mhothaíos an duine an radaíocht infridhearg.

Io an ceann de Ghealacha Galileo is cóngaraí d’Iúpatar, agus is minic a thugtar ”an ghealach píotsa” uirthi, toisc go bhfuil sí buí (cosúil le cáis an phíotsa) agus breac le bolcáin (a chuirfeadh slisní tráta i gcuimhne duit). Tá Io á streachailt as a chéile taobh istigh ag na fórsaí taoidmheara, is é sin, ag imtharraingt na ngealach eile gan trácht a dhéanamh ar Iúpatar féin. Dá thoradh sin tá sí beo le bolcánachas thar aon rinn neimhe eile sa Ghrianchóras. Is é an sulfar a thagas as na bolcáin is cúis leis an dath buí, agus na dathanna eile a fheictear is minic a bhaineas siad le hallatróip neamhghnácha an tsulfair.

Tá Io beagáinín níos mó ná an Ghealach s’againn, agus í ar an dara ceann is lú de ghealacha Galileo. Tá sí níos mó ná Europa, agus níos lú ná Ganymede agus Callisto.

Léaráid Hertzsprung-Russell a thugtar ar an léaráid a gheofar, má chuirtear sonraí na réaltaí i gcóras comhordanáidí ionas gurb iad aicmiú na réalta (is é sin, dath na réalta, nó teocht a dromchla) agus a lonrachas na haiseanna comhordanáide. Tá an léaráid ainmnithe as Ejnar Hertzsprung agus Henry Russell, beirt réalteolaithe a d’fhorbair í tuairim na bliana 1910. Danmhargach ab ea Hertzsprung, agus b’as na Stáit Aontaithe don Ruiséalach. Is féidir na hollfhathachréaltaí, na fathachréaltaí, an príomhsheicheamh agus na habhacréaltaí a aithint thar a chéile ar an léaráid seo, mar limistéir atá réasúnta scartha ó chéile.

Litiam a thugtar ar an gceann is éadroime de na miotail alcaileacha. Li an tsiombail cheimiceach, agus ós rud é go bhfuil trí phrótón i núicléas an litiam, is é dúil cheimiceach uimhir a trí é i dtábla peiriadach na ndúl. Tá sé 6.94 ar mheáchan adamhach, rud a thugas le fios gurb é litiam a seacht, nó 7Li, an t-iseatóp is coitianta. Tá teacht ar litiam a sé, nó 6Li, sa dúlra chomh maith, agus níl aon cheann den dá iseatóp nádúrtha sin radaighníomhach. Bíonn céatadán litiam a sé ag guagadh timpeall ar chúig sna heiseamal nádúrtha, agus é chomh hathraitheach is nach féidir meáchan adamhach na dúile seo a shocrú níos cruinne ná 6.94.

Is í an chumraíocht leictreonach atá ag an litiam ná 1s22s1. Is é sin, tá an leictreonsceall is cóngaraí don núicléas lán (níl áit ansin ach do dhá leictreon) agus leictreon amháin ar an sceall taobh amuigh de. Is dual don litiam an leictreon seo a thabhairt ar iasacht uaidh agus ian deimhneach, Li+, a dhéanamh. Mar sin, tá sé sách araiciseach chun imoibriúcháin, cosúil leis na miotail alcaileach eile, cé nach bhfuil sé chomh himoibríoch leis an sóidiam. Seoltóir maith leictreachais agus teasa é fosta.

Níl an litiam ach 0.53 g/cm3 ar dhlús. Is é sin, tá an t-uisce beagnach dhá oiread chomh dlúth. Má chuirtear cnapán litiam i gcoimeádán uisce le súil is go n-imoibreoidh sé leis an uisce, beidh an cnapán ag snámh ar dhromchla an uisce agus é ag iompú go hiodrocsaíd litiam le linn an imoibriúcháin.

Is gnách an miotal litiam a choinneáil i dtaisce in ola le hé a chosaint ar an uisce agus ar an aer. Is dual dó imoibriú le hocsaigin an aeir féin agus ocsaíd litiam a dhéanamh. Thairis sin áfach tá an litiam in ann imoibriú le nítrigin an aeir le teocht an tseomra agus nítrid litiam Li3N a dhéanamh. Níl na miotail alcaileacha eile féin in ann dul i gcomhdhúil leis an nítrigin mar sin.

Is é +I an t-aon uimhir ocsaídiúcháin a bhíos ag an litiam ina chuid comhdhúl, rud is léir ón gcumraíocht leictreonach. Úsáidtear salainn áirithe litiam mar fhrithdhúlagráin, is é sin, mar chógais le maolú ar an dúlagar intinne.

An Mhaighdean – Ceann de réaltbhuíonta an Stoidiaca í an Mhaighdean, agus í le feiceáil idir an Leon, an Préachán, an Cupán, Folt Bheirnicé, an Mheá, ceann na Péiste, agus an tAoire. Spica (Alpha Virginis) an réalta is gile sa réaltbhuíon seo; réaltaí suntasacha eile iad Zavijava (Beta Virginis), Porrima (Gamma Virginis), Auva (Delta Virginis) agus Vindemiatrix (Epsilon Virginis). Tá braisle iomlán réaltraí, Braisle na Maighdine, le feiceáil sa réaltbhuíon seo chomh maith.

Markab Markeb a thugtar ar cheithre réalta éagsúla:

  • Alpha Pegasi. Cé gurb í alfa-réalta Pheigeasais í, níl sí ach ar an tríú réalta is gile sa réaltbhuíon sin i ndáiríre. B-réalta í, is é sin, réalta the bhánghorm. Is fathachréalta í agus í chomh sean is nach bhfuil sí ag comhleá hidrigine go héiliam a thuilleadh. Tá sí suite faoi chéad trí solasbhliana déag is fiche dínn.
  • Tau Pegasi. Tugtar Salm Kerb ar an réalta seo freisin. Réalta the den A-aicme í, ach níl sí ina fathach. Tá sí suite faoi chéad is trí scór solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.
  • k Puppis (tabhair faoi deara nach í an litir Ghréagach úd kappa atá againn ansin, ach an ghnáthlitir k!). Déréalta í seo a bhfuil dhá fhathachréalta ghorma den B-aicme inti – nó, le fírinne, tá ceann den dá leathréalta sin ina dhéréalta ann féin. Tá siad go léir suite faoi cheithre chéad go leith de sholasbhlianta dínn.
  • Kappa Velorum. Déréalta i réaltbhuíon na Seolta atá ann, agus í suite faoi chúig chéad agus deich solasbliana déag is trí scór dínn. Ní furasta an dá leathréalta a aithint thar a chéile, ach is mar B-réalta a rachaidís i bhfeidhm ort.

Mars atá ar dhia cogaidh na sean-Róimhe, óna bhfuair an ceathrú pláinéad sa ghrianchóras s’againn a ainm féin. Tá Mars ag fithisiú na Gréine idir an Domhan agus crios na n-astaróideach, agus dhá ghealach aige: Phobos agus Deimos. Níl iontu siúd ach cnapáin bheaga chloiche i gcomparáid leis an nGealach s’againn, agus dealraíonn sé nach raibh iontu riamh ach astaróidigh fhánacha agus iad ceaptha ag Mars ar a gcamchuairt.

Tá Mars níos lú ná an Domhan, ach is ionann, beagnach, achar Mharsa agus achar na talún tirime ar an Domhan. Is minic a thugtar ”an pláinéad dearg” ar Mhars, ach is dócha go mb’fhearr ”an pláinéad rua” a rá, nó is é an t-iarann is cúis leis an dath sin – is é dath na meirge é go bunúsach, nó tá ”cré” Mharsa sách saibhir i mianraí iarainn. Chomh fíneáilte is atá an chré nó an dusta sin bíonn cuid mhór de ar foluain san aer, ionas go bhfuil an spéir féin sórt dearg nó rua ar Mhars.

Bhí sé ina chnámh spairne ar feadh i bhfad an bhfuil uisce ar bith ar dhromchla Mharsa. Faoi dheireadh na naoú haoise chreid a lán daoine go raibh ”canálacha” ar Mhars, ó thug an réalteolaí Iodálach Giovanni Schiaparelli le fios go raibh sé in ann línte díreacha a aithint ar dhromchla an phláinéid agus é barúlach gur uiscebhealaí de chineál éigin a bhí ann. Is é an chiall a bhain a lán daoine as seo go raibh neacha intleachtúla tar éis canálacha a ghearradh ansin, agus spreag an smaoineamh seo cuid mhaith scéalta faoi shibhialtacht sheanársa Mharsa atá ag foghlaim an bháis cheana, agus na daoine, nó pé cineál neacha iad, ag streachailt leo leis an mbeagán uisce atá fágtha a bhailiú ina gcuid canálacha. Mar a thiontaigh an scéal amach, áfach, ní raibh sna canálacha ach iomrall súl, agus ní raibh Marsaigh ann ach an oiread.

Maidir le ceist an uisce ar Mhars, is iad na caidhpeanna polacha is mó is ábhar suime dháiríre. Bhí na heolaithe barúlach ar feadh i bhfad gur dé-ocsaíd charbóin a bhí iontu, ach ina dhiaidh sin tháinig a athrú tuairime i bhfaisean, agus na heolaithe suite siúráilte gur oighear uisce a bhí i gceist. Is é tuiscint na n-eolaithe sa lá atá inniu ann ná go bhfuil an dá chuid ann, ach gur gnách don dé-ocsaíd charbóin galú le teacht an tsamhraidh, ionas nach bhfágtar ach an t-oighear uisce. Sin é an tuige go dtagann crapadh ar na caidhpeanna go tráthrialta.

Tá bliain Mharsa beagnach dhá oiread chomh fada le bliain an Domhain, ach níl lá Mharsa ach beagáinín níos faide ná ár lá féin – dhá scór nóiméad níos faide, a bheag nó a mhór. Bíonn na séasúir – an samhradh is an fómhar, an geimhreadh is an t-earrach – ag leanúint a chéile de réir timthriall a chuirfeadh an Domhan i gcuimhne duit.

Ceist mhór é i gcónaí, an bhfuil beatha d’aon chineál ar fáil ar Mhars. Na scéalta ficsin eolaíochta faoi na neacha intleachtúla, cosúil leis na banphrionsaí deargchraicneacha ag Edgar Rice Burroughs, tá siad bréagnaithe inniu, ach tá sé incheaptha i gcónaí go bhfuil beatha shimplí ann, rud éigin cosúil leis na baictéir mar shampla. Tá mianraí i gcré Mharsa a choinneodh plandaí beo, ach ní cosaint ar an radaíocht ultraivialait é atmaisféar tanaí an phláinéid, agus mar sin pé beatha atá ann caithfidh sí a bheith ar a teitheadh ón radaíocht faoi dhromchla Mharsa.

Is dócha gurb iad Syrtis Major agus Olympus Mons an dá ghné is clúití de thíreolaíocht Mharsa. Ba é Syrtis Major an chéad bhall ar dhromchla aon rinn neimhe ar tugadh cur síos air in aon scríbhinn eolaíochta. Ba é Christiaan Huygens, an fear mór teileascópaíochta ón Ollainn sa seachtú haois déag, a luaigh Syrtis Major roimh aon duine eile, agus é ag tabhairt ”an Mhuir Orláiste” air, toisc gur bhain sé úsáid an ”orláiste” as le ham rothlaithe Mharsa a thomhas. Is éard atá i Syrtis Major, de réir thuiscint an lae inniu, ná sciathbholcán, nó ceantar leibhéalta a bhí ina sciathbholcán tráth.

Maidir le hOlympus Mons, is é an sliabh is airde sa Ghrianchóras ar fad. Tá sé dhá chiliméadar is fiche níos airde ná an tír-raon ina thimpeall, agus is sciathbholcán é freisin. Tá sé suite ar imeall thiar Tharsis, ar réigiún ardchríche é, agus trí bholcán arda eile (Tharsis Montes, nó Sléibhte Tharsis) le feiceáil taobh istigh den réigiún – Arsia Mons, Pavonis Mons, agus Ascria Mons.

ATMAISFÉAR MHARSA

Brú an aeir ar dhromchla Mharsa 0.6 % de mheánbhrú an aeir ar leibhéal na farraige ar an Domhan
Dé-ocsaíd charbóin 96 %
Argón 1.9 %
Nítrigin 1.9 %
Ocsaigin

(iarsmaí beaga)

Aonocsaíd charbóin
Meatán

An MheáLibra a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Scairp agus an Mhaighdean ar an stoidiaca. Is é Zubeneschamali nó Beta Librae an réalta is gile sa Mheá, agus is B-réalta phríomhsheichimh í – trí nó ceithre oiread chomh trom leis an nGrian, agus céad is tríocha oiread níos lonrúla. Maidir leis an dara réalta is gile, nó Zubenelgenubi (Alpha Librae), is ilréalta í; shocraigh Aontas Idirnáisiúnta na Réalteolaithe nach n-úsáidtear an t-ainm ”Zubenelgenubi” a thuilleadh ach le tagairt a dhéanamh don chomhbhall is gile sa chóras ilréaltach sin, is é sin, α2 Librae. Déréalta inti féin í an réalta seo, agus í suite faoi chúig solasbhliana déag is trí scór dínn, a bheag nó a mhór.

Tríd is tríd, níl mórán cuid súl sa Mheá. Tá réaltbhraisle chruinneogach amháin le feiceáil sa réaltbhuíon seo, mar atá, NCG 5897, agus í suite faoi dhá scór míle solasbhliain dínn.

Mearcair atá ar an bpláinéad is cóngaraí don Ghrian. Níl gealacha ná atmaisféar aige, agus tá sé i bhfad níos lú ná an Domhan – le fírinne tá sé ar aon mhéid, a bheag nó a mhór, leis na gealacha is mó dá bhfuil ag fithisiú Iúpatair: tá Ganymede beagáinín níos mó ná Mearcair.

Tá rothlú agus imrothlú Mhearcair in athshondas le chéile ar dhóigh ar leith: críochnaíonn an pláinéad trí rothlú (= trí lá is trí oíche) in aghaidh an dá imrothlú (= dhá bhliain), i gcomparáid le cúlra na réaltaí. An breathnóir a bheadh suite ar dhroim an phláinéid féin, áfach, d’fheicfeadh sé aon lá is aon oíche amháin i rith dhá bhliain. Rud eile fós, tá fithis Mhearcair an-éalárnach i gcomparáid leis na pláinéid eile, agus luas an phláinéid an-difriúil i bpointí éagsúla na fithise. In aice leis an ngarphointe don Ghrian (an peirihéilean) sáraíonn luas an phláinéid ar a chamchuairt timpeall na Gréine luas a rothlaithe ar a ais. Mar sin, an breathnóir a bheadh suite in áit oiriúnach ar dhromchla Mhearcair, d’fheicfeadh sé an Ghrian ag éirí, ag stad agus ag dul faoi, agus ag éirí arís i ndiaidh don phláinéad an peirihéilean a fhágáil ina dhiaidh.

Cé go bhfuil Mearcair i bhfad níos lú ná an Domhan, tá a mhaighnéadsféar (réimse maighnéadach) beagáinín níos láidire ná maighnéadsféar ár bpláinéid féin. Mar sin, creidtear go bhfuil croí iarainn Mhearcair an-mhór agus go bhfuil a screamh is a mhaintlín réasúnta tanaí.

Ní féidir a rá go mbeadh atmaisféar ag Mearcair – an beagán atá ann níl sé in ann an teas a scaipeadh is a chothromú, mar a dhéanas atmaisféar an Domhain. Mar sin, bíonn sé an-te ar Mhearcair nuair a bhíos an Ghrian ag scaladh, agus an-fhuar nuair nach mbíonn. Na háiteanna is teo ar mheánchiorcal an phláinéid is féidir leo teocht ceithre chéad céim Celsius a shroicheadh, ach le linn oíche fhada an phláinéid reofaidh siad arís go céad go leith de chéimeanna Celsius faoin nialas, nó níos fuaire fós. Maidir leis na réigiúin pholacha fanann siad an-fhuar (timpeall ar chéad céim Celsius faoin nialas) ó thús go deireadh na bliana.

Tá Mearcair sách cosúil leis an nGealach ina chuma is ina chosúlacht, nó tá dromchla an phláinéid breac le cráitéir. Sa bhliain 2012 d’aithin an taiscéalaí spáis úd Messenger go raibh oighear – oighear sa chiall chúng, is é sin uisce reoite – sna cráitéir timpeall ar phol thuaidh an phláinéid.

Mearcair a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a ceithre scór freisin, nó airgead beo, agus is é Hg an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha. Is é an t-aon mhiotal atá ina leacht le teocht an tseomra. Is iomaí úsáid a bhaintear as mearcair sa teicneolaíocht, go háirithe sna teirmiméadair agus sna gáslampaí, ach táthar ag éirí as ar na saolta seo, toisc gur trom-mhiotal dainséarach atá ann. Is iad +II (na comhdhúile mearcaracha) agus +I (na comhdhúile mearcarúla) na staideanna ocsaídiúcháin is tábhachtaí i gcomhdhúile ceimiceacha an mhearcair. Sa chuid is mó de na comhdhúile mearcarúla tá nasc comhfhiúsach idir dhá adamh mearcair: mar sin, is é an caitian atá iontu ná an démhearcair Hg+-Hg+. Is é an cionnabar (an tsuilfíd mhearcarach, HgS) an mianra mearcair is tábhachtaí.

Meathshlabhra a thugtar ar shlabhra na n-idirchéimeanna ó radanúiclíd fhadsaolach go núiclíd chobhsaí. Go bunúsach níl ach iseatóip radaighníomhacha ag aon dúil a sáraíonn a huimhir adamhach 82 (is í an luaidhe dúil uimhir a 82). Mar sin, ní féidir le dúile troma cosúil leis an úráiniam (dúil uimhir a 92) cobhsaíocht a bhaint amach le haon mheath radaighníomhach amháin: ní bhaineann an t-alfa-mheath féin ach dhá aonad den uimhir adamhach. An núiclíd is toradh don mheath radaighníomhach a thagas ar an úráiniam, beidh sí radaighníomhach chomh maith, agus tiocfaidh meath radaighníomhach eile uirthi.

Seo an meathshlabhra a chaithfeas an t-úráiniam (an t-iseatóp is coitianta sa dúlra, mar atá, úráiniam a 238) a chur de le cobhsaíocht a bhaint amach:

  • tiocfaidh alfa-mheath ar úráiniam a 238, agus is é is toradh don mheath ná tóiriam a 234;
  • tiocfaidh béite-mheath ar thóiriam a 234, agus is é is toradh don mheath ná prótachtainiam a 234;
  • tiocfaidh béite-mheath ar phrótachtainiam a 234, agus is éard a gheofar ná úráiniam a 234;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar úráiniam a 234, agus is é is toradh don mheath ná tóiriam a 230;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar thóiriam a 230, agus is éard a gheofar ansin ná raidiam a 226;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar raidiam a 226, agus is é is toradh don mheath seo ná radón a 222;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar radón a 222, agus is é is toradh don mheath seo ná polóiniam a 218;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 218, agus is éard a gheofar ná luaidhe a 214;
  • tiocfaidh béite-mheath ar luaidhe a 214, agus is é is toradh dó seo ná biosmat a 214;
  • tiocfaidh béite-mheath ar bhiosmat a 214, agus is é is toradh don mheath ná polóiniam a 214;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 214, agus is é is toradh don mheath ná luaidhe a 210;
  • tiocfaidh béite-mheath ar luaidhe a 210, agus is éard a gheofar ná biosmat a 210;
  • tiocfaidh béite-mheath ar bhiosmat a 210, agus is é is toradh don mheath seo ná polóiniam a 210;
  • tiocfaidh alfa-mheath ar pholóiniam a 210, agus is éard a gheofar ansin ná luaidhe a 206;
  • agus is núiclíd chobhsaí í luaidhe a 206; mar sin, tháinig an meathshlabhra a fhad lena dheireadh.

Ní mór a thuiscint go bhfuil an meathshlabhra seo beagáinín simplithe. Mar shampla tagann béite-mheath ar pholóiniam a 218 an-chorruair, cé gurb annamh is gur ró-annamh é, agus is é is toradh dó seo ná astaitín a 218. Go ginearálta, áfach, bíonn an ceann scríbe céanna (sa mheathshlabhra seo, luaidhe a 208) i ndán do bhealaí malartacha den chineál seo.

Nuair a thosaigh an taighde ar na meathshlabhraí, ba mhinic a bhíodh ainmneacha dá gcuid féin ag na fisiceoirí ar na hidirchéimeanna, gnás a d’fhágadh na ceimiceoirí in umar an éadóchais, ós minic nár léir ó na hainmneacha seo cén dúil a bhí i gceist. Mar shampla, ba nós leis na fisiceoirí méiseatóiriam a thabhairt ar dhá núiclíd i meathshlabhra an tóiriam, cé nach iseatóip thóiriam a bhí iontu ar aon nós, agus iad ag tabhairt tórón ar an iseatóp radóin a bhfuil baint aige le meathshlabhra an tóiriam. Iainiam a bhí acu ar thóiriam a 230.

MegrezKaffaDelta Ursae Majoris atá ar an réalta is fainne sa Chamchéachta. Réalta phríomhsheichimh í, agus cé nach bhfuil sí ach 63 % níos troime ná an Ghrian, tá sí ceithre oiread déag chomh lonrúil is ár réalta féin. A-réalta í Megrez, is é sin réalta bhán, agus í réasúnta te. Níl Megrez suite ach corradh is leathchéad solasbhliain uainn.

Merope23 Tauri – Ceann de na réaltaí sa Phléadach í Merope. Réalta the bhánghorm í agus í ceithre go leith oiread chomh trom leis an nGrian, agus sé chéad is tríocha oiread chomh lonrúil. Tá sí suite i réaltbhuíon an Tairbh, cosúil leis an bPléadach go léir.

An Micreascóp a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir Iasc an Deiscirt, an Gabhar, an Saigheadóir, an tIndiach agus an Chorr. Ba é an réalteolaí Nicolas Louis de Lacaille a shainigh agus a d’ainmnigh an réaltbhuíon san ochtú haois déag. Réaltbhuíon fhann é an Micreascóp, agus níl sé le feiceáil sa chuid is mó den Leathsféar Thuaidh. Tá sé suite faoi bhun an stoidiaca. Is í Gamma Microscopii an réalta is gile sa réaltbhuíon; fathach buí atá inti agus í suite faoi dhá chéad deich solasbhliana is fiche dínn.

Mimas – ceann de shatailítí Shatarn é Mimas, agus ba é William Herschel a chéadaithin é sa bhliain 1789. Tá sé timpeall ar cheithre chéad ciliméadar ar trastomhas, agus é réasúnta sféarúil (cosúil le liathróid) ar a dhéanamh. Tá an-luas faoi ar a fhithis, nó ní thógann sé oiread is lá amháin de chuid an Domhain air turas timpeall ar Shatarn a chríochnú. Níl ann go bunúsach ach leac oighir, nó níl a thiús ach beagáinín níos airde ná tiús an uisce. Is é an ghné is suntasaí de ná an cráitéar mór úd Herschel, a fuair a ainm ó fhear na fionnachtan. I gcomparáid leis an ngealach féin, tá an cráitéar sin níos mó ná aon cheann eile sa Ghrianchóras.

Mira Ceti Omicron Ceti – réalta bhíogach athraitheach í atá suite i réaltbhuíon an Mhíl Mhóir. Déréalta í agus í comhdhéanta as fathach dearg agus abhac bán. Na hathruithe a thagas ar lonrachas na réalta seo b’ábhar iontais iad do na réalteolaithe riamh, agus mar sin baisteadh ”An Mhiorúilt” uirthi. Ba é David Fabricius ón nGearmáin a bhreac síos an chéad tuairisc ar an réalta seo agus ar a hathraitheacht i ndeireadh na séú haoise déag, ach tá leideanna ann gur chuir an cine daonna sonrú ar leith i réalta chomh neamhghnách sin i bhfad roimhe sin. Is deacair an fad ón Domhan go dtí Mira Ceti a mheasúnú go beacht: creidtear go bhfuil sí suite timpeall trí chéad solasbhliain uainn.

Mirfak Alpha Persei atá ar an réalta is gile i réaltbhuíon Pheirséis. Tá sí ar réaltaí geala na spéire, agus is F-réalta í – is é sin, réalta bhánbhuí agus í ábhairín níos teo ná an Ghrian. Tá sí suite breis is leathmhíle solasbhliain uainn, agus í ocht nó naoi n-oiread chomh trom is an Ghrian. San am chéanna is ollfhathachréalta í – cúig míle oiread níos lonrúla ná an Ghrian.

Tá Mirfak suite i lár Réaltbhraisle Alpha Persei, a fuair a hainm ón réalta seo. Is éard atá sa réaltbhraisle seo ná dornán réaltaí – B-réaltaí iad an chuid is mó acu, is é sin, tá siad níos teo ná Mirfak féin – a fáisceadh as an scamall céanna fadó, agus iad ar comhaois le chéile, a bheag nó a mhór.

Mizar Zeta Ursae Majoris an réalta atá suite san áit a bhfuil lámh an Chamchéachta camtha. Iad siúd a bhfuil súile géara acu is féidir leo a aithint gur déréalta atá i gceist, agus is é an t-ainm atá ar an gceann is lú den bheirt ná Alcor. Le fírinne áfach is córas ceithre réalta é Mizar, agus déréalta atá in Alcor féin. Tá Mizar – an ceathrar go léir – suite faoi shé solasbhliana is ceithre scór dínn, agus Alcor cúpla solasbhliain níos cóngaraí. Is mar A-réaltaí a aicmítear comhbhaill Mizar agus Alcor go léir.

Muir an Fhuachta Mare Frigoris a thugtar ar an ”muir” (má bhasailt) i dTuaisceart na Gealaí in aice le Muir na Báistí agus Muir an tSuaimhnis. Ba é an réalteolaí Giovanni Riccioli a d’ainmnigh í sa tseachtú haois déag. Cráitéir thábhachtacha sa mhuir seo iad Arastótal, Plató, Philolaus agus Harpalus.

Muir an Neachtair Mare Nectaris atá ar an ”muir” bheag taobh thuaidh de Mhuir na Sáimhe, taoibh thuaidh thiar de Mhuir na Torthúlachta. Tá roinnt cráitéar mór suite timpeall Mhuir an Neachtair, ar nós Fracastorius, agus é tuairim is céad agus fiche ciliméadar ar trastomhas.

Muir an tSuaimhnisMare Serenitatis a thugtar ar an ”muir” atá suite taobh thoir de Mhuir na Báistí ar an nGealach, in aice le Muir na Sáimhe agus Muir na Gaile – le fírinne, ní féidir teorainn shoiléir a aithint idir Muir an tSuaimhnis agus Muir na Sáimhe. Is mascan í Muir an tSuaimhnis – is é sin, tá imtharraingt na Gealaí níos láidre i Muir an tSuaimhnis ná ina thimpeall. Tugtar Montes Taurus ar an sliabhraon in oirthear Mhuir an tSuaimhnis, agus is ansin a thuirling Apollo a Seacht Déag i Mí na Nollag 1972. Ba é sin an turas deireanach a thug spásairí Meiriceánacha ar an nGealach, agus ba é an geolaí oilte Harrison Schmitt a bhí ag stiúradh an mhodúil thuirlingthe. Uaidhsean a d’fhoghlaim na spásairí eile uraiceacht na geolaíochta sula ndeachaigh siad go dtí an Ghealach, ach is follasach gur theastaigh ón múinteoir féin droim na Gealaí a shiúl chomh maith le duine.

Muir na Báistí Mare Imbrium a thugtar ar an dara muir is mó ar an nGealach (is é Aigéan na Stoirmeacha an ceann is mó ar fad). Tá sí suite idir Aigéan na Stoirmeacha agus Muir an Fhuachta, agus is iad Archimedes agus Plato an dá chráitéar móra a bhaineas léi. Dreigít mhór a bhuail droim na Gealaí tuairim is trí mhórmhilliún agus ocht gcéad milliún bliain ó shin a chuir tús leis an ”muir” seo: ar dtús bhí cráitéar ann ach ansin líonadh le laibhe é ionas gur cruthaíodh má bhasailt, nó ”muir”. Cosúil le Muir an tSuaimhnis, is mascan (maischuimsiú) í Muir na Báistí – is é sin tá an imtharraingt níos láidre ansin ná mar is gnách ar dhroim na Gealaí i gcoitinne.

Muir na Gaile Mare Vaporum an mhuir ar dhroim na Gealaí atá suite idir Muir an tSuaimhnis agus Muir na Báistí. Tá Muir na Gaile suite in aice leis an sliabhraon ar a dtugtar Montes Apenninus, agus ar an imeall thoir thuaidh tá an cráitéar úd Manilius. Gné shuntasach eile de Mhuir na Gaile is ea an ghág úd Rima Hyginus. Fuair an ghág a hainm ó Hyginus, cráitéar atá suite inti chomh maith le cúpla ceann eile is lú ná é.

Muir na Lionnta Mare Humorum – ceann de ”mhara” na Gealaí í. Tá sí suite in aice le hAigéan na Stoirmeacha, agus is é Gassendi an cráitéar is suntasaí sa mhuir. Is mascan (maischuimsiú) í Muir na Lionnta, is é sin, tá imtharraingt na Gealaí níos láidire istigh ansin. Ba é Giovanni Riccioli a bhaist Muir na Lionnta. Tá an mhuir seo beagnach ceithre chéad ciliméadar ar leithead.

Muir na nGábh Mare Crisium an ”mhuir” ar an nGealach atá suite soir ó thuaidh ó Mhuir na Sáimhe. Tá sí cúig go leith de chéadta ciliméadar ar leithead, agus is iad Yerkes, Peirce, agus Picard na cráitéir is suntasaí sa mhuir, cé nach bhfuil aon cheann acu mór ná cuidsúlach. Ba é Giovanni Riccioli a d’ainmnigh an mhuir. Fuair Picard a ainm ó Jean-Félix Picard, réalteolaí Francach a bhí beo sa tseachtú haois déag.

Muir na Sáimhe Mare Tranquillitatis an ceann is cáiliúla de ”mhara” na Gealaí, nó is ansin a thuirling Neil Armstrong agus Buzz Aldrin ar an 20 Iúil 1969. Tá an mhuir seo suite díreach taobh thuaidh de mheánchiorcal na Gealaí. Tá trí chráitéar sa mhuir seo ainmnithe as an triúr fear a bhí páirteach sa chéad chuairt ar an nGealach, mar atá, Armstrong, Aldrin agus an tríú spásaire, Michael Collins, a bhí ag fanacht leis an mbeirt eile ar an bhfithis timpeall na Gealaí.

Muir na Scamall Mare Nubium a thugtar ar an ”muir” bheag ar an nGealach atá suite soir ó dheas in aice le hAigéan na Stoirmeacha. Cráitéir thábhachtacha ansin iad Bullialdus agus Pitatus.

Muir na Torthúlachta Mare Fecunditatis – ceann de na ”mara” basailt ar an nGealach í Muir na Torthúlachta, agus í ocht gcéad is leathchéad ciliméadar ar trastomhas. Cráitéir thábhachtacha iad Messier agus Messier A (in aice le lárphointe na mara) agus Langrenus (ar imeall na mara). Gné eisceachtúil den mhuir seo ná nach bhfuil mascan (maischuimsiú) ar bith sa lárphointe. Siúd is nár thug aon spásaire daonna cuairt ar Mhuir na Torthúlachta riamh, ba ansin nó in aice na mara a thuirling na spástaiscéalaithe Soivéadacha Luna 16, Luna 18 agus Luna 20, chomh maith leis an gceann Síneach Chang’e a hAon. Bhí Luna 16 agus Luna 20 in ann eiseamail a thabhairt ar ais go dtí an Domhan; treascraíodh Luna 18 agus Chang’e nuair a bhuail siad dromchla na Gealaí.

Neiptiún atá ar an bpláinéad is faide amuigh sa Ghrianchóras s’againn – ní áirítear Plútón ar na pláinéid a thuilleadh. Cosúil le hÚránas, is ”oighearfhathach” é: cé gur deacair atmaisféar agus screamh an phláinéid a aithint thar a chéile, is féidir a rá go bhfuil maintlín aige, agus é comhdhéanta as ”oighear” mar a thugtar – siúd is nach oighear atá ann ach sreabhán an-tiubh agus é comhdhéanta as uisce, amóinia agus meatán. Creideann na heolaithe go bhfuil croílár cuíosach beag ag Neiptiún agus go bhfuil cloch sileacáite agus iarann ann. Pé scéal é tá maighnéadsféar mór ag an bpláinéad, agus é an-te taobh istigh rud nach bhfuiltear in ann a mhíniú go sásúil i láthair na huaire.

Maidir le hatmaisféar Neiptiúin, tá sé comhdhéanta as hidrigin agus héiliam – ochtó faoin gcéad de, hidrigin atá ann, agus an chuid eile, héiliam atá ann don chuid is mó. Tá an t-atmaisféar beo le gaotha móra a sháraíos luas dhá mhíle ciliméadar in aghaidh na huaire. Is dócha go bhfuil baint ag bristeacha móra na haimsire ar Neiptiún leis an teas istigh.

Néiriad an tríú satailít is mó dá bhfuil ag fithisiú Neiptiúin. Ba é an réalteolaí Ollannach-Mheiriceánach Gerrit Pieter (Gerard Peter) Kuiper a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1949. Dealraíonn sé nach bhfuil sí ar dhéanamh na liathróide, ach le fírinne níl mórán eolais againn ina taobh go fóill. Tá sí 170 ciliméadar ar fad, a bheag nó a mhór.

Is éard atá sa Nua-Chatalóg Ghinearálta (NCG an giorrúchán Gaeilge, NGC as Béarla) ná catalóg réalteolaíoch a d’fhoilsigh an réalteolaí Danmhargach-Éireannach John Dreyer sa bhliain 1888, nuair a bhí sé i gceannas ar Réadlann Ard Mhacha. Liostáil sé réadanna éagsúla den chineál ar a dtugann réalteolaithe amaitéaracha ”réadanna domhainspéire”, is é sin, réadanna taobh amuigh dár nGrianchóras féin nach réaltaí iad. Mar sin, is réaltraí, réaltnéalta agus réaltbhraislí iad na hiontrálacha sa Nua-Chatalóg Ghinearálta.

Tá tábhacht nach beag ag baint leis an Nua-Chatalóg Ghinearálta i gcónaí, agus ceartuithe éagsúla déanta ag na réalteolaithe ar an gcatalóg i ndiaidh bhás Dreyer. D’fhoilsigh Dreyer féin cúpla ”Innéacs-Chatalóg” (Index Catalogues, IC) leis an NCG a fhorlíonadh. Ba é Wolfgang Steinicke a d’eisigh an leagan leasaithe is deireanaí de chatalóg Dreyer sa bhliain 2009.

Núiclíd a thugtar ar chineál áirithe adaimh má táthar ag cur béim ar leith ar struchtúr a núicléis, ar líon na bprótón agus na neodrón i núicléas an adaimh sin. Radanúiclídí iad na núiclídí radaighníomhacha, is é sin, na núiclídí a dtagann meath radaighníomhach éigin orthu.

Tugtar iseatóip ar núiclídí arb ionann líon na bprótón iontu. Ós ar líon na bprótón (an uimhir adamhach) a aithnítear an dúil cheimiceach, is leaganacha den dúil chéanna iad. Iseatoin na núiclídí arb ionann líon na neodrón iontu. Iseabair na núiclídí arb ionann a maisuimhir, is é sin, líon na bprótón agus na neodrón in éineacht.

Mar shampla, is iseatóip iad an próitiam (hidrigin a haon, nach bhfuil ach aon phrótón amháin sa núicléas aige) agus an deoitéiriam (hidrigin a dó, a bhfuil prótón amháin agus neodrón amháin sa núicléas aige). Is iseatoin iad an deoitéiriam agus héiliam a trí, nó tá dhá phrótón agus aon neodrón amháin sa núicléas ag an dara ceann acu. Is iseabair iad an tritiam (hidrigin a trí, iseatóp radaighníomhach na hidrigine, a bhfuil dhá neodrón agus aon phrótón amháin sa núicléas aige) agus héiliam a trí. Agus ar ndóigh is iseatóip iad an próitiam, an deoitéiriam agus an tritiam.

Ní bhíonn ainmneacha ar leith ar na hiseatóip de ghnáth – is eisceacht ar fad í an hidrigin. Nuair nach raibh an taighde ar na núiclídí radaighníomhacha ach tosaithe, áfach, ba mhinic a bhí na fisiceoirí in ann a rá cén cineál meath radaighníomhach a thagadh ar núiclíd áirithe agus cén leathré a bhí aici, ach san am chéanna ní raibh siad eolach ar an dúil ar bhain sí léi (nó ba chuma leo faoi ina gcuid oibre). Mar sin bhí ainmneacha cosúil le méiseatóiriam, iainiam, bréiviam nó tórón acu ar na núiclídí sin. Tá dhá núiclíd ann ar a dtugtaí méiseatóiriam, is é sin méiseatóiriam a haon (ar iseatóp de chuid an raidiam é) agus méiseatóiriam a dó (ar iseatóp de chuid an achtainiam é). Iseatóp de chuid an phrótachtainiam é an bréiviam, agus iseatóp de chuid an tóiriam é an t-iainiam. Is é an tórón an t-iseatóp radóin a bhaineas le meathshlabhra an tóiriam. Ní mholtar na hainmneacha seo a úsáid a thuilleadh, nó is furasta an chiall mhícheart a bhaint astu: sórt béarlagair nó leathchaint atá iontu.

Oberon atá ar an dara satailít is mó dá bhfuil ag Úránas. Cloch agus oighear is mó atá ann, nó creidtear go bhfuil maintlín oighir ann timpeall ar chroí cloiche. Ba é William Herschel a chuir an chéad sonrú sa ghealach áirithe seo, thiar sa bhliain 1787, agus tagraíonn an t-ainm do A Midsummer Night’s Dream, an dráma le William Shakespeare. Tá Oberon míle go leith de chiliméadair ar trastomhas, agus é ag fithisiú Úránais faoi chúig chéad is ceithre scór míle ciliméadar den phláinéad. Tá an tsatailít seo faoi ghlas taoide ag Úránas, is é sin, iompaíonn sí an taobh céanna le hÚránas fud fad a fhithise, agus críochnaíonn sí rothlú (ar a hais) agus imrothlú (ar a fithis) amháin san am chéanna. Níl ach dhá chúigiú cuid de dhromchla Oberon mapáilte, ach is féidir dhá ghné fheiceálacha a aithint: na cainneoin (chasma an téarma a úsáidtear i logainmníocht Oberon) agus na cráitéir. Is iad Hamlet, Macbeth agus Othello ainmneacha na gcráitéar is mó; Mommur Chasma atá ar an gcainneon is tábhachtaí. Carachtair de chuid Shakespeare iad ainmneacha na gcráitéar, ar ndóigh. Maidir le Mommur, is é ainm na coille ina raibh cónaí ar Oberon de réir na heipice Fraincise óna bhfuair Shakespeare mianach an scéil dá dhráma.

Ocsaigin atá ar dhúil cheimiceach uimhir a hocht, agus í ar an gceann is éadroime de na calcaiginí. O an tsiombail cheimiceach a sheasas di sna foirmlí. Tá trí iseatóp cobhsaí aici, mar atá, ocsaigin a sé déag, ocsaigin a seacht ndéag, agus ocsaigin a hocht ndéag, ach is léir go bhfuil an chéad cheann acu i bhfad Éireann níos coitianta in ocsaigin an dúlra ná an dá cheann eile.

Is ocsaídeoir láidir agus dúil leictridhiúltach í an ocsaigin – fuair coincheap an ocsaídiúcháin féin a ainm ón ocsaigin. Is é is brí leis sin go bhfuil de chlaonadh inti na leictreoin agus an lucht diúltach leictreachais a tharraingt chuici sna comhdhúile ceimiceacha. Tá an ocsaigin an-araiciseach chun imoibriú leis na dúile eile agus comhdhúile a dhéanamh – sampla de seo is ea an dóchán.

Tá ocht leictreon i néal leictreon an adaimh ocsaigine, agus sé cheann acu ar an leictreonsceall is faide amuigh. Tá an ocsaigin ag iarraidh ochtréad iomlán a bhaint amach ar an sceall sin, is é sin, dhá leictreon a fháil ar iasacht ó dhúil éigin eile. Mar sin, is í an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíos aici ina cuid comhdhúl ná -2. Tagraíonn an comhartha lúide do lucht leictreach diúltach an dá leictreon a fhaigheas an ocsaigin ar iasacht ón dúil eile.

Tá dhá allatróp ag an ocsaigin – an ghnáthocsaigin, nó an ”dé-ocsaigin”, atá comhdhéanta as móilíní dhá adamh (O2), agus an t-ózón nó an ”trí-ocsaigin” (O3). Tá an t-ózón in uachtar an atmaisféir tábhachtach leis an radaíocht ultraivialait a chosc, ach ón taobh eile de is gás nimhe agus substaint éagobhsaí shophléasctha é. Cosúil leis an gclóirín, is gás tachtach é an t-ózón a oibríos ar na scamhóga ionas go líontar le huisce iad, agus an t-othar á bhá ar an talamh tirim – riocht é seo ar a dtugtar éidéime na scamhóg. Gás gan dath í an ghnáthocsaigin, ach tá dath gorm san ózón.

Tá ocsaigin de dhíth ar an duine agus ar an gcuid is mó de na horgánaigh bheo le haghaidh na cillríospráide (táirgiú an fhuinnimh sna cealla, ”tarraingt anála na gceall” mar a déarfá). Dealraíonn sé áfach nach mar sin a bhí ó thús, nó tá baictéir ann, cosúil leis an ngéineas Clostridium, nach gcuireann suas le hocsaigin ar aon nós. (Is é an speiceas úd Clostridium botulinum an cineál baictéir is cúis leis an ispíneachas, is é sin, an nimhiú bia.) Is iarsmaí iad na baictéir anaeróbacha seo ón tréimhse roimh Réabhlóid na hOcsaigine. Tharla Réabhlóid na hOcsaigine (nó Olltubaiste na hOcsaigine, nó Géarchéim na hOcsaigine) breis is dhá mhórmhilliún bliain ó shin, nuair a d’éirigh an t-atmaisféar chomh saibhir in ocsaigin is gur thosaigh sé ag marú na neachanna beo a bhí ann san am. Creidtear gurbh iad na halgaí gormghlasa, na Cyanophyta, a chuir tús le Réabhlóid na hOcsaigine, nó ba iad ba thúisce a thosaigh ag táirgeadh ocsaigine ar nós na bplandaí, is é sin, ag déanamh fótaisintéise. Tar éis an tsaoil bhí an bheatha in ann í féin a oiriúnú don atmaisféar ocsaiginithe, áfach, agus inniu tá an ocsaigin riachtanach (seachas nimhiúil) don chuid is mó di.

Chomh himoibritheach is atá an ocsaigin d’imeodh sí as an atmaisféar go sciobtha, ach go bé go bhfuil fótaisintéis na bplandaí ag táirgeadh tuilleadh di. An chuid is mó d’ocsaigin an Domhain tá sí ceangailte de dhúile eile i gcomhdhúile. Is dócha gurb é an t-uisce – comhdhúil na hocsaigine is na hidrigine, ocsaíd na hidrigine – an ceann is iomráití acu seo. Thairis sin áfach tá ocsaigin le fáil sna sileacáití, is é sin, i gcomhdhúile na hocsaigine, an tsileacain agus na miotal. Mianraí iad na sileacáití atá ar fáil sna clocha – is ionann, beagnach, sileacáit agus cloch, nó is deacair teacht ar chloch nach mbeadh sileacáit de chineál éigin mar chomhábhar inti. Maidir leis an ngrianchloch, is í comhdhúil na hocsaigine agus an tsileacain í – dé-ocsaíd an tsileacain.

Na hOirínidí: Cith dreigí iad na hOirinidí a bhíos ag teacht as radaí atá suite i réaltbhuíon an Bhodaigh, agus iad le feiceáil go bliantúil i Mí Dheireadh Fómhair. Is éard atá ann ná cáithníní beaga oighir a bhain an Ghrian de Chóiméad Halley fadó, díreach cosúil leis na hEta-Acuairídí.

An tOllaomthóir (Matt Hussey a cheap an téarma) a thugtar ar aimhrialtacht imtharraingthe atá suite faoi 150-250 milliún solasbhliain den Ghrianchóras i dtreo na Rialach agus Thriantán an Deiscirt. Go bunúsach, is éard atá ann ná rud dofheicthe atá an-trom. Tá an tOllaomthóir suite sa ghannchrios, ionas nach dtig linn radharc ceart a fháil air, agus mar sin is deacair a rá cad é atá ann. Is ionann mais an Ollaomthóra agus mais na Gréine méadaithe faoi thuairim is deich gcuaidrilliún (10,000,000,000,000,000), rud is féidir a aithint go neamhdhíreach ar an dóigh a dtéann a imtharraingt i bhfeidhm ar na réaltraí.

Ór a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a naoi déag is trí scór, agus is é Au an giorrúchán a úsáidtear sna foirmlí ceimiceacha. Bhí aithne ag an gcine daonna ar an dúil seo sa ré réamhstairiúil féin, agus is miotal lómhar í a ndéantar seodra as. Tá dath buí neamhghnách ann a dhealaíos ó na miotail eile é. Tá an t-ór as pabhar insínte, agus é níos troime ná an luaidhe féin. Is féidir teacht ar an miotal lom sa dúlra, siúd is go mbíonn sé measctha trí mhiotail lómhara eile, cosúil le copar nó pallaidiam. Bíonn comhdhúile ceimiceacha óir le fáil sa dúlra chomh maith, ar nós teallúirídí óir (comhdhúile óir agus teallúiriam).

Ní furasta ór a ocsaídiú, ach má mheasctar aigéad hidreaclórach agus aigéad nítreach, gheofar ocsaídeoir láidir ar a dtugtar aqua regia nó ”uisce ríoga”, toisc go bhfuil sé in ann ”rí na miotal”, is é sin, an t-ór, a ocsaídiú is a chreimeadh. Rachaidh an t-ór sa tuaslagán mar ian teitreaclóróráite, AuCl4. Mar is léir ó fhoirmle an iain seo, is é +3 gnáthstaid ocsaídiúcháin an óir. Is féidir ór a thuaslagadh i dtuaslagáin chiainíde, toisc gur dual dó iain choimpléascacha a dhéanamh in éineacht leis na hiain chiainíde, agus san aigéad seiléineach H2SeO4, ar ocsaídeoir láidir é.

Pallas atá ar an dara mionphláinéad (astaróideach) is mó sa Ghrianchóras, taobh istigh d’fhithis Úránais ar a laghad. Is í an dara mionphláinéad is luaithe a d’aithin súil an duine, nó ba é an réalteolaí Heinrich Olbers a chuir an chéad sonrú inti i dtús na naoú haoise déag. Dá réir sin, is é ”2 Pallas” an t-ainm córasach atá uirthi mar mhionphláinéad. Fuair sí a hainm ó Pallas Athene, an bandia sean-Ghréagach. Tá fithis an-éalárnach aici: nuair a bhainfeas sí amach a cianphointe ón nGrian, beidh sí faoi 3.4 aonad réalteolaíoch den réalta, agus nuair a thiocfas sí go dtína garphointe, ní bheidh ach fad 2.1 aonad réalteolaíoch idir í agus an Ghrian. (Is ionann aon aonad réalteolaíoch, ar ndóigh, agus meánfhad an Domhain ón nGrian.)

Parsoic: Tá an focal féin parsoic bunaithe ar parsec an Bhéarla, agus is giorrúchán é a chiallaíos parallax second, is é sin, soicind saobhdhiallais. Aonad faid é arb ionann é, a bheag nó a mhór, agus 3.26 solasbhliana. Is é is bunús leis an bparsoic ná: Glacaimis leis go bhfuil réad réalteolaíoch againn agus é ag dul trasna na spéire. Má chomhfhreagraíonn aon soicind stua amháin den ghluaiseacht tras-spéire (den tsaobhdhiallas) d’aon aonad réalteolaíoch amháin d’fhíorghluaiseacht an réid, bainfidh muid an tátal as go bhfuil an réad sin suite aon pharsoic amháin i gcéin uainn. Is ionann an t-aonad réalteolaíocht agus meánfhad an Domhain ón nGrian, nó timpeall ar céad go leith milliún ciliméadar.

Pasiphaë – ceann de shatailítí nádúrtha Iúpatair atá inti. Ba é an réalteolaí Philibert Jacques Melotte, Sasanach de phór na Beilge, a rinne a fiannachtain sa bhliain 1908, ach ní bhfuair sí a hainm roimh an mbliain 1975 – idir an dá linn ba é an t-ainm a bhíodh uirthi ná Iúpatar a hOcht. Tá sí dhá scór ciliméadar ar trastomhas, a bheag nó a mhór, agus tá fithis an-neamhrialta, an-éalárnach aici – tá a garphointe d’Iúpatar suite seacht milliún déag de chiliméadair ón bplainéad, agus a cianphointe aon mhilliún déag is fiche uaidh. Fithis chasiompaithe í. Tá grúpa iomlán satailítí ag Iúpatar ar a dtugtar ”grúpa Pasiphaë”, toisc go bhfuil siad ag timpeallú an phláinéid ar fhithisí éalárnacha casiompaithe atá cosúil le fithis Pasiphaë.

Peirséas – réaltbhuíon is ea Peirséas agus é le feiceáil i leathsféar thuaidh na spéire, dingthe idir an Sioráf, Caiseoipé, Andraiméide, an Triantán, an Reithe, an Tarbh, agus an tAra. Mirfak nó Algenib a thugtar ar an réalta is gile sa réaltbhuíon seo, is é sin Alpha Persei, ach is dócha gurb é Algol, nó Beta Persei, an ceann is clúití. Feictear dhá réaltbhraisle oscailte i bPeirséas, mar atá, NCG869 agus NCG884.

An Phéacóg – réaltbhuíon í an Phéacóg agus í suite i leathsféar theas na spéire, idir an tOchtamhán, Éan Parthais, Triantán an Deiscirt, an Altóir, an Teileascóp, an tIndiach, agus an Túcán. Tugtar ”An Phéacóg” ar Alpha Pavonis freisin, is é sin, an réalta is gile sa Phéacóg. Tá Alpha Pavonis suite faoi chéad agus ceithre scór de sholasbhlianta dínn, agus is déréalta speictreascópach í: tá an dá chomhréalta níos cóngaraí dá chéile ná an Ghrian agus Mearcair. Is B-réalta í.

An Phéist a thugtar ar an t-aon réaltbhuíon atá scoilte ina dhá limistéar: Ceann na Péiste agus Eireaball na Péiste. Tá réaltbhuíon eile, mar atá, Fear na bPéisteanna, suite idir an Ceann agus an tEireaball. Is é Unukalhai nó Alpha Serpentis an réalta is gile sa Cheann (agus sa réaltbhuíon go léir). Cor Serpentis an t-ainm traidisiúnta Laidine ar an réalta seo – Croí na Péiste. Fathachréalta fhlannbhuí atá ann, agus í aicmithe mar K-réalta, is é sin beagáinín níos fuaire ná an Ghrian. Réalta í Unukalhai a bhí ina réalta phríomhsheichimh tráth agus a chlaochlaigh go fathachréalta nuair a spíon sí a cuid hidrigine, rud atá i ndán don Ghrian s’againn féin i ndeireadh ama. Tá Unukalhai suite faoi cheithre solasbhliana déag is trí scór dínn. Maidir le hEireaball na Péiste, is í Eta Serpentis an ceann is gile de na réaltaí ansin, agus is K-réalta fhlannbhuí í, díreach cosúil le hUnukalhai. Tá Eta Serpentis ina fo-fhathach, nó fathach beag atá idir eatarthu san fhorbairt i dtreo an fhathaigh. Meastar go bhfuil an réalta seo suite faoi thrí scór de sholasbhlianta dínn.

Sa bhreis ar na réaltaí, tá cuid mhaith réaltnéalta agus réaltraí le feiceáil sa dhá leath den Phéist. Is iad na réada is tábhachtaí den chineál seo sa Cheann ná M5, nó Messier 5; L134 agus L183, ar néalta dorcha iad; agus an réaltra aisteach ar a dtugtar Réad Hoag (tá a lán réaltraí eile sa réaltbhuíon seo chomh maith, ach is é Réad Hoag an ceann is aistí). Ba é an réalteolaí Meiriceánach Arthur Allen Hoag a chuir sonrú sa réaltra seo sa bhliain 1950. Réaltra fáinneach é Réad Hoag, is é sin, tá an croí ann, agus fáinne réaltaí ina thimpeall, ach ní aithnítear a dhath sa dorchadas idir an dá rud, cé go bhfuil sé incheaptha go bhfuil réaltbhraislí ansin nach bhfuil sách geal le bheith infheicthe. Maidir le hEireaball na Péiste, tá sé an-saibhir i réaltbhraislí agus réaltnéalta atá suite taobh istigh dár réaltra féin, cosúil le M16 nó Messier 16 – Néal an Iolair. Níl an réaltnéal seo rógheal ann féin, ach tá sórt clú air: sa bhliain 1995 chuaigh grianghraf de chuid de Néal an Iolair ar fud na meán a chuir draíocht ar na daoine, ó bhí trí cholún cuidsúlacha gáis le feiceáil ann, agus réaltaí nua á bhfoirmiú iontu. Is gnách ”Colúin an Chruthaithe” a thabhairt ar an réigiún sin den néal inniu.

An Phéist Bheag a thugtar ar an réaltbhuíon atá suite idir an Colgán, an Abhainn, an Clog, an Tábla, an tOchtamhán, an Féinics, an Líontán, agus an Túcán. Níl sí leath chomh feiceálach leis an bPéist Uisce – le fírinne is réaltbhuíon réasúnta fann í. Is í Beta Hydri an réalta is gile sa Phéist Bheag; G-réalta í atá díreach ag forbairt ó réalta phríomhsheichimh go fathachréalta, agus í ar aon mhais, a bheag nó a mhór, leis an nGrian. Mar sin, cuireann na réalteolaithe suim ar leith inti, ós eochair í dá bhfuil i ndán don Ghrian s’againn sa deireadh. Tá Beta Hydri suite faoi cheithre solasbhliana is fiche dínn.

An Phéist Uisce a thugtar ar an réaltbhuíon is mó sa spéir. Tá an Phéist Uisce ag críochantacht leis an Aerchaidéal, an Portán, an Madra Beag, an Ceinteár, an Préachán, an Cupán, an Leon, an Mheá, an Faolchú, an tAonbheannach, Deireadh na Loinge, Compás an Mhairnéalaigh, an Seiseamhán, agus an Mhaighdin. Is é Alphard, nó Alpha Hydrae, an réalta is gile sa réaltbhuíon: fathachréalta fhlannbhuí K-aicme atá ann. Tá Alphard suite faoi chéad is ceithre scór solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór. Déréalta í Beta Hydrae atá suite breis is trí chéad go leith de sholasbhlianta uainn; fathachréalta the bhánghorm B-aicme é an ceann is gile den bheirt sa déréalta. Maidir le Gamma Hydrae, is fathachréalta bhuí í, is é sin, tá sí sách cosúil leis an nGrian s’againn ó thaobh an speictrim de: G-réaltaí iad an bheirt acu. Tá Gamma Hydrae suite faoi chorradh is céad deich solasbhliana is fiche dínn. Tá sí trí oiread chomh trom leis an nGrian, ach san am chéanna tá sí breis is céad oiread níos lonrúla.

Tá Alphard agus Gamma Hydrae le feiceáil i mbratach na Brasaíle, mar chuid de spéir na réaltaí os cionn Rio de Janeiro. Seasann Alphard do stát Mato Grosso do Sul, agus siombalaíonn Gamma Hydrae stát Acre.

Tá trí réad sa Phéist Uisce a luaitear i gCatalóg Messier, mar atá, M83, nó Réaltra Muilinn an Tuaiscirt; M68, ar réaltbhraisle chruinneogach é; agus M48, ar réaltbhraisle oscailte é. Thairis sin, is fiú an réaltnéal pláinéadach úd NCG 3242 a lua – tugtar ”taibhse Iúpatair” air, toisc gurb éasca é a thógáil in ainriocht Iúpatair chomh cosúil leis is atá sé.

Phekda Phecda Phad Gamma Ursae Majoris a thugtar ar an réalta thíos ar chlé i ”mbocsa” an Chamchéachta, taobh thíos de Megrez, ar chlé ó Merak. Tá Phekda suite timpeall ar thrí solasbhliana is ceithre scór uainn. Is A-réalta í, is é sin, réalta the bhán, cosúil le Deneb, Vega agus Fomalhaut. Réalta phríomsheichimh í, agus í trí oiread chomh trom leis an nGrian. Is féidir a aithint ar a speictream go bhfuil scamall gáis timpeall ar an réalta seo, nó cuireann an gás línte astúcháin leis an speictream. Ceann de na réaltaí i nGrúpa Gluaisteach an Bhéir Mhóir í.

An Phléadach An Streoillín An Croimfhleiscín An tÉillín An Scuaidrín Na Cearrbhaigh – ”an paca cártaí a chaith an Cearrbhach Mac Cába uaidh nuair a bhain sé amach na Flaithis” – a thugtar ar réaltbhraisle uimhir a cúig is dhá scór i gCatalóg Messier – M45. Seven Sisters a chloisfeá i mBéarla ar an bPléadach – tagairt é sin do sheachtar iníonacha Atlas agus Pleione i miotaseolaíocht na sean-Ghréige. Tá an Phléadach suite i réaltbhuíon an Tairbh, agus is iad ainmneacha na ”ndeirfiúracha” ná Alcyone, Asterope (Sterope), Celaeno, Electra, Maia, Merope, agus Taygeta. Tá beirt eile de na réaltaí sa bhraisle ainmnithe as tuismitheoirí na ndeirfiúracha, Atlas agus Pleione. B-réaltaí iad na deirfiúracha agus na tuismitheoirí araon, is é sin is réaltaí teo bánghorma iad. Tá na réaltaí seo suite tuairim is ceithre chéad go leith de sholasbhlianta uainn, agus iad díreach ag dul trí scamall dusta a chuireas luan le loinnir na réaltaí.

Tugann na Seapánaigh Subaru ar an bPléadach, agus déanamh gluaisteáin ainmnithe acu as an réaltbhraisle seo. Na Maori sa Nua-Shéalainn, arís, is é an t-ainm a bhí acusan ar an bPléadach ná Makali’i. Bhí tábhacht spioradálta ag baint le Makali’i i gcultúr traidisiúnta na Maori, bunadh dúchasach na Nua-Shéalainne, nó ba é éirí na Pléadaí go gairid i ndiaidh luí na gréine ba chomhartha do Makahiki. Is éard a bhí i gceist le Makahiki ná tréimhse bhliantúil síochána in ómós do dhia an fhómhair is na méithe i seanchreideamh na Maori.

Príomhsheicheamh a thugtar ar an gcrios i léaráid Hertzsprung-Russell ina bhfuil an chuid is mó de na réaltaí. D’fhéadfá a rá gurb iad na gnáthréaltaí iad. Réaltaí phríomhsheichimh iad an Ghrian, Sirius, Spica, Alphecca, agus Vega, mar shampla. Is gnách a rá gurb ionann abhacréalta agus réalta phríomhsheichimh, ach ní mór cuimhne a choinneáil air nach réaltaí príomhsheichimh iad na habhacréaltaí bána, ná fiú réaltaí i gciall cheart an fhocail, ach iarsmaí de réaltaí.

Tá gach réalta phríomhsheichimh ar mheá hidreastatach. Is é sin, tá ábhar na réalta chomh te is go bhfuil sé ar tí pléascadh (”brú teirmeach”, is é sin brú teasa, a thugtar air seo), ach san am chéanna tá sé chomh trom is go bhfuil sé ar tí crupadh chuige, nó ”imphléascadh” a dhéanamh, agus an dá fhórsa seo – an brú teirmeach agus an imtharraingt – neodraithe ag a chéile. Sin é an rud a dtugtar meá hidreastatach (nó cothromaíocht hidreastatach) air.

Tá ”imoibreoir núicléach” na réalta príomhsheichimh suite ina croílár, agus is ansin a chomhleáitear na núicléis hidrigine go núicléis héiliam. Taobh amuigh den imoibreoir atá an crios radaíochta, áit a bhfuil an fuinneamh á scaipeadh mar radaíocht, agus taobh amuigh den chrios sin atá an crios comhiompair.

Prótachtainiam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir a haon déag is ceithre scór, is é sin, an dúil atá suite idir an tóiriam agus an t-úráiniam i dtábla peiriadach na ndúl. Cosúil leis na hachtainídí go léir is dúil radaighníomhach é, i bhfad níos radaighníomhaí ná na comharsana, nó níl an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige (prótachtainiam dhá chéad a trí déag is fiche) ach dhá mhíle déag is fiche, sé bliana déag is trí scór ar leathré. Shílfeá gur tréimhse sách fada é an méid sin féin, ach is é is impleacht dó go bhfuil an prótachtainiam i bhfad níos dainséaraí le láimhseáil ná an tóiriam nó an t-úráiniam nádúrtha.

Tá ceithre staid ocsaídiúcháin ag an bprótachtainiam, mar atá, +4 agus +5, arb iad na staideanna ocsaídiúcháin is coitianta aige iad, agus +2 agus +3. Ní féidir mórán úsáide a bhaint as an dúil ná as na comhdhúile, áfach, chomh dainséarach is atá siad de dheasca na radaighníomhaíochta. Scéal eile áfach go gcuireann na geolaithe suim sna hiarsmaí prótachtainiam a dtagann siad trasna orthu sna mianraí, lena aithint cé chomh fada is atá próisis áirithe gheolaíocha ag teacht i gcrann.

Ba iad Kazimierz Fajans agus Oswald Helmuth Göhring ba thúisce a d’aithin an prótachtainiam, agus is é an t-ainm a bhaist siad air ná ”bréiviam”, nó ba é an t-iseatóp a bhí i gceist acu ná prótachtainiam dhá chéad a ceathrar déag is fiche, nach bhfuil oiread is seacht n-uaire an chloig ar leathré – brevis an focal Laidine a chiallaíos ”gearrshaolach”. Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig na fisiceoirí cáiliúla úd ón nGearmáin, Otto Hahn agus Lise Meitner, trasna ar iseatóp nach raibh chomh gearrshaolach sin, agus mar sin ní bhfuarthas an t-ainm sin ”bréiviam” oiriúnach don dúil nua seo a thuilleadh. ”Próta-achtainiam” nó ”réamhachtainiam” a baisteadh ar an dúil ina dhiaidh sin, toisc go dtagann sé roimh an achtainiam i meathshlabhra an úráiniam. Sa bhliain 1949, rinne Aontas Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí (IUPAC) ”prótachtainiam” den ainm sin, le súil is go mbeadh sé níos fusa le fuaimniú.

Radaí – is é an radaí an pointe spéire a bhfuil dreigechith (nó rud éigin cosúil leis) ag teacht as, mar a fheictear dúinne.

Réalta Barnard an ceathrú réalta is cóngaraí dúinn, agus í suite faoi shé solasbhliana dínn. Feictear i réaltbhuíon Fhear na bPéisteanna í – is é sin má fheictear, nó is réalta bheag dhearg fhann í. Scéal eile é gur foinse láidir solais infridheirg í. Sáraíonn sí réaltaí eile na spéire ar dhualghluaisne, áfach. Tá an réalta ainmnithe as an bhfear a d’aithin í roimh aon duine eile, mar atá, Edward Emerson Barnard, réalteolaí Meiriceánach a rinne cuid mhaith breathnuithe tábhachtacha lena linn: eisean a chuir an chéad sonrú in Amalthea, gealach bheag de chuid Iúpatair, mar shampla.

Réalta Kapteyn an gnáthainm ar an dara réalta is mó dualghluisne atá le feiceáil ar an spéir. Tá sí sách cóngarach dúinn, is é sin tá sí suite faoi thrí solasbhliana déag dinn, agus is abhacréalta dhearg fhannlag í nach féidir a aithint gan déshúiligh nó teileascóp. Tá sí suite i réaltbhuíon an Phéintéara, agus ba é an réalteolaí Ollannach Jacobus Kapteyn a chuir an chéad sonrú inti sa bhliain 1898.

Réalta Teegarden a thugtar ar abhacréalta dhearg ar tháinig Bonnard Teegarden agus a fhoireann taighde uirthi sa bhliain 2003 nuair a bhí siad ag scagadh eolais faoi astaróidigh a bailíodh na blianta roimhe sin. Cosúil le Réalta Barnard agus Réalta Kapteyn, tá Réalta Teegarden suite cóngarach dúinn (dhá sholasbhliain déag) agus is í an dualghluaisne an ghné is suntasaí di. Maidir leis an aicmiú, is M-réalta í cosúil leis an mbeirt eile. Tá Réalta Teegarden suite i réaltbhuíon an Reithe.

Réaltra a thugtar ar chóras réaltaí atá á choinneáil le chéile ag an imtharraingt. Is é Bealach na Bó Finne an réaltra ina bhfuil cónaí orainn féin. Glactar leis go bhfuil dúpholl i gcroí ár réaltra agus a lán réaltraí eile; Sagittarius A* a thugtar ar an dúpholl s’againne. Is gnách na réaltraí a aicmiú de réir an déanamh atá orthu: aithnítear réaltraí bíseacha, réaltraí éilipseacha agus réaltraí neamhrialta. Cuid de na réaltraí bíseacha is féidir cineál barra a fheiceáil timpeall an chroí iontu – réaltraí bíseacha barracha iad mar sin.

Réaltra an Ghuairneáin – is é seo leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 51 i gcatalóg Messier, nó M51. Le fírinne dhá réaltra atá i gceist leis, mar atá, Réaltra an Ghuairneáin sa chiall chúng (M51a) agus réaltra beag atá suite in aice leis, M51b. Glactar leis go bhfuil Réaltra an Ghuairneáin suite fiche-tríocha milliún solasbhliain uainn, ach bíonn na meastacháin an-éagsúil le chéile dháiríre. Tá an réaltra seo suite i réaltbhuíon na Madraí Fiaigh, agus is féidir é a aithint sna déshúiligh féin gan trácht ar theileascóp. Réaltra bíseach é Réaltra an Ghuairneáin agus is féidir a chuid géag a aithint go soiléir – deirtear gur réaltra ”dea-dheartha” atá ann. An réaltra beag úd M51b, áfach, is abhacréaltra é, agus níl se in aon neasacht do bheith chomh cuidsúlach leis an nGuairneán. Réaltraí idirghníomhacha iad an dá cheann seo, is é sin, tá siad ag aomadh a chéile agus ag tarraingt dusta agus gáis as a chéile. D’fhéadfá a rá go bhfuil an dá réaltra nasctha dá chéile le cineál droichead gáis agus dusta mar sin, agus dealraíonn sé go bhfuil réaltaí nua ag teacht chun saoil sa droichead seo. Díol spéise agus ábhar taighde do na réalteolaithe é sin, nó is gnách nach taobh amuigh den réaltra a fhoirmítear na réaltaí, ach taobh istigh de.

Réaltra an tSoimbréaró – leasainm an réaltra arb é réad uimhir a 104 i gcatalóg Messier (M104) é. Réaltra bíseach neamhbharrach atá ann agus é le feiceáil i réaltbhuíon na Maighdine. Is féidir an ”hata Meicsiceánach” seo a aithint le teileascóp den chineál a úsáideas na réalteolaithe amaitéaracha. Tá sé suite faoi ocht milliún fichead de sholasbhlianta dínn, ach tá sé as pabhar geal i gcomparáid leis an gcuid is mó de na réaltraí atá chomh cianmhar sin uainn.

RigelBeta Orionis a thugtar ar an réalta is gile i réaltbhuíon an Bhodaigh. Córas trí réalta atá ann le fírinne. Ollfhathach í an phríomhréalta, Rigel A, agus is réaltaí príomhsheichimh iad an dá cheann eile nach bhfuil mórán níos mó ná an Ghrian. Tá Rigel le feiceáil ón gcuid is mó d’fharraigí an Domhain – réalta thábhachtach eolais a bhí inti riamh do na mairnéalaigh mar sin. Réalta athraitheach í Rigel, agus í ag lonrú suas nó ag tréigean go neamh-thráthrialta. Tá Rigel fiche oiread chomh trom leis an nGrian, agus tuairim is ceithre scór oiread chomh mór, de réir an trastomhais. Ó thaobh an lonrachais de, áfach, bheadh céad agus fiche míle Grian de dhíth le Rigel a shárú. Réalta bhánghorm den aicme speictreach B atá inti.

Ainm Araibise é ”Rigel” ó thús, agus is é is brí leis ná ”cos” – cos an Bhodaigh, más maith leat. Tá Rigel suite faoi thuairim is naoi gcéad solasbhliain dínn.

An SciathSciath Sobieski Scutum Scutum Sobiescianum (Polainnis: Tarcza Sobieskiego) a thugtar ar réaltbhuíon bheag idir an tIolar, Fear na bPéisteanna, an Phéist agus an Saighdeoir. Ba é an réalteolaí Polannach Eoin Hevelius (Polainnis: Jan Heweliusz) a shocraigh teorainneacha na Scéithe, agus is é an t-ainm a bhaist sé ar an réaltbhuíon seo ná Sciath Sobieski, le Rí na Polainne Jan (Eoin) Sobieski a onórú. Bhí Sobieski díreach tar éis bua a bhreith i gCath Vín, 1683.

Níl mórán cuid súl sa Sciath dáiríre, nó níl réaltaí rógheala inti ar aon nós. I gceann cúpla milliún bliain beidh a mhalairt fíor, áfach, nó tá ceann de réaltaí na Scéithe, Delta Scuti, ag druidim isteach linn go tiubh, agus is fathachréalta ghorm í. Nuair a bheas sí chomh cóngarach dúinn agus a bheas (timpeall ar dheich solasbhliana), beidh sí níos gile ná Sirius féin, dar leis na réalteolaithe. I láthair na huaire, tá Delta Scuti faoi dhá chéad solasbhliain dinn.

Siorcóiniam a thugtar ar dhúil cheimiceach uimhir 40, agus is é Zr an giorrúchán a shiombalaíos siorcóiniam i bhfoirmlí ceimiceacha. Miotal é an siorcóiniam agus é in aon ghrúpa amháin leis an itriam agus leis an niaibiam. Sileacáit siorcóiniam é an siorcón, an mianra arb é an fhoinse is tábhachtaí siorcóiniam é. Is iad an Astráil agus an Afraic Theas an dá stát is mó mianadóireachta siorcóiniam.

Miotal insínte liathbhán é an glansiorcóiniam. Is féidir púdar siorcóiniam a chur trí thine, ach tá na cnapáin mhóra miotail sách díonta ar ocsaídiú. Tá leáphointe an tsiorcóiniam réasúnta ard, is é sin, míle ocht gcéad cúig chéim déag is dhá scór de réir Celsius.

Is iad an dé-ocsaíd (ZrO2), nó an tsiorcóinia, agus an tsileacáit, nó an siorcón (ZrSiO4), an dá chomhdhúil is tábhachtaí. +4 an staid ocsaídiúcháin atá ag an dúil sna comhdhúile seo, mar is gnách di. Baintear úsáid as an tsiorcóinia i ndéantús gléasra saotharlainne, agus gearrtar siorcón go seoidchlocha. Maidir leis an miotal féin, is minic a chuirtear le miotail eile é (cóimhiotalú) le hiad a dhéanamh níos díonta ar an teas agus ar an ocsaídiú.

Tá ceithre iseatóp nádúrtha ag an siorcóiniam, mar atá, siorcóiniam a deich is ceithre scór (51.45 % de shiorcóiniam an dúlra), siorcóiniam a haon déag is ceithre scór (11.22 %), siorcóiniam a dó déag is ceithre scór (17.15 %), siorcóiniam a ceithre déag is ceithre scór (17.38 %) agus siorcóiniam a sé déag is ceithre scór (2.8 %). Iseatóp radaighníomhach é an ceann deireanach acu, ach ós rud é go bhfuil leathré an iseatóip sin níos faide ná aois na hollchruinne, níl cúis imní ann. Is féidir iarsmaí d’iseatóp radaighníomhach eile a aithint sa siorcóiniam nádúrtha, is é sin siorcóiniam a trí déag is ceithre scór, nach bhfuil ach milliún go leith de bhlianta ar leathré. Pé scéal é tá an siorcóiniam 91.224 aonad ar mheáchan adamach.

Sirius: Is é Sirius nó Sotis Sopdet Alpha Canis Majoris Réalta an Mhadra an réalta is gile i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir. Tá sé ar an réalta is gile dá bhfuil le feiceáil ar spéir oíche ár bpláinéid féin, amach ón nGrian ar ndóigh. Le fírinne is déréalta é: is é Sirius A príomhréalta an chórais, agus is réalta bhán den A-aicme é. Ní fathachréalta atá ann ach réalta phríomhsheichimh, agus í suite sách cóngarach dúinn, is é sin, ocht solasbhliana go leith. Tá Sirius A dhá oiread chomh trom leis an nGrian s’againn, ach tá sé breis is fiche oiread níos lonrúla. Réalta an-te é agus é ag spíonadh a chuid hidrigine i bhfad níos gasta ná an Ghrian s’againn.

Maidir le compánach Sirius, nó Sirius B, níl ann ach abhacréalta bhán: tá sé ar aon mhais leis an nGrian, a bheag nó a mhór, agus é ar aon mhéid leis an Domhan. Mar is dual do na habhacréaltaí bána is réalta an-dlúth é, agus é tar éis a chuid hidrigine a spíonadh, ionas nach bhfuil sé ag táirgeadh teasa a thuilleadh.

Deir téacsanna seanársa réalteolaíochta gur réalta dhearg é Sirius, rud a tharraingíos cuid mhaith diospóireachta inniu féin. Míniú amháin é go raibh Sirius B ina fhathachréalta dhearg cúpla míle bliain ó shin, ach is é an bharúil atá ag an gcuid is mó de na réalteolaithe nach bhfuil sé incheaptha, nó bíonn forbairt na réaltaí i bhfad níos maille ná sin ag teacht i gcrann. Mar sin, ní féidir an rúndiamhair seo a mhíniú go sásúil i láthair na huaire.

Tá Sirius le feiceáil ar bhratach na Brasaíle, agus é ag seasamh do stát Mato Grosso in iarthar na tíre.

Sóidiam: Is é an sóidiam an dara ceann is éadroime de na miotail alcaileacha. Is é dúil cheimiceach uimhir a haon déag é, agus is í an tsiombail a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Na – Natrium an t-ainm Gearmáinise a úsáidtear ina lán teangacha eile fosta. Cosúil leis na miotail alcaileacha go léir tá an sóidiam an-araiciseach chun imoibriúcháin le comhdhúile a dhéanamh le dúile eile, agus mar sin má aonraítear mar dhúil é, imoibreoidh sé go fíochmhar le huisce, abair, nó leis an aer féin le comhdhúile nua a chruthú.

Is é an gnáthshalann nó clóiríd an tsóidiam NaCl an chomhdhúil is coitianta dá bhfuil aige, agus is é +I an t-aon staid ocsaídiúcháin atá aige – tá aon leictreon amháin ar an leictreonsceall is faide amuigh aige, agus é fonnmhar an leictreon seo a thabhairt ar iasacht uaidh le hian sóidiam Na+ a dhéanamh. Comhdhúile tábhachtacha eile iad an tsóid aráin (décharbónáit nó hiodracarbónáit an tsóidiam NaHCO3) agus an tsóid níocháin (carbónáit an tsóidiam Na2CO3).

Má chuirtear cnapán sóidiam in uisce, beidh imoibriú fíochmhar ann, agus an sóidiam ag cur na ruaige ar hidrigin an uisce le ”sóid loiscneach”, is é sin hiodrocsaíd sóidiam, NaOH, a dhéanamh. Bun láidir (is é sin substaint bhunata nó alcaileach) í hiodrocsaíd an tsóidiam, agus é sothuaslagtha san uisce.

Is féidir sóidiam a aithint ar an dath láidir buí a chuireas an t-ian sóidiam in aon lasair. Seo an ”D-líne” ar chuir an fisiceoir ceannródaíoch Joseph von Fraunhofer sonrú inti lena lá, agus tá an solas buí seo 589 nanaiméadar ar tonnfhad.

Spica: Is í Spica nó Alpha Virginis an réalta is gile i réaltbhuíon na Maighdine. Déréalta í, agus is fathachréalta bhánghorm den B-aicme í an phríomhréalta. Tá an dá leathréalta chomh cóngarach dá chéile, áfach, nach féidir iad a aithint thar a chéile ach ar a speictream (is é sin, déréalta speictreascópach í Spica). Tá Spica suite faoi dhá chéad is caoga solasbhliain dínn, a bheag nó a mhór.

Sraith Balmer: Is í sraith Balmer an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an dara leictreonsceall is laige fuinneamh agus na cinn os a chionn. Tá ceithre líne acu suite i mbanna an tsolais infheicthe, agus an chuid eile sa bhanna ultraivialait. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Eilvéiseach Johann Balmer a d’aithin an dóigh a raibh tonnfhaid na línte ag brath ar a chéile agus a d’oibrigh amach foirmle mhatamaiticiúil a cheadaigh do na fisiceoirí coibhneas na dtonnfhad a chomhaireamh. Ní ba dhéanaí ghinearálaigh an Sualannach Johannes Rydberg cothromóid Balmer go cothromóid Rydberg a chuir ar a gcumas tonnfhaid agus minicíochtaí na sraitheanna eile a áireamh.

Sraith Brackett: Is í sraith Brackett an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an ceathrú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil fhuinnimh os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Frederick Sumner Brackett.

Sraith Humphreys: Is í sraith Humphreys an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an séú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Curtis Humphreys.

Sraith Lyman: Is í sraith Lyman an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an leictreonsceall is laige fuinneamh agus na cinn os a chionn. Tá línte speictreacha na sraithe seo suite sa bhanna ultraivialait, is é sin, níl siad infheicthe. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach Theodore Lyman.

Sraith Paschen: Is í sraith Paschen an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an tríú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Tá línte speictreacha na sraithe seo suite sa bhanna infridhearg, is é sin, tá a dtonnfhad níos mó ná tonnfhad an tsolais infheicthe, agus dá réir sin, tá a minicíocht níos ísle. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Gearmánach Friedrich Paschen.

Sraith Pfund: Is í sraith Pfund an tsraith línte i speictream na hidrigine a sheasas do léimeanna an leictreoin idir an cúigiú leictreonsceall is laige fuinneamh agus na leibhéil os a chionn. Fuair an tsraith a hainm ón bhfisiceoir Meiriceánach August Herman Pfund.

Teicnéitiam atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 43 i dTábla Peiriadach na nDúl, agus is é an giorrúchán a sheasas dó sna foirmlí ceimiceacha ná Tc. Is miotal trasdultach é, agus é in aon ghrúpa leis an mangainéis agus an réiniam. Thar aon rud eile, áfach, is é an teicnéitiam an dúil is éadroime acu siúd nach bhfuil ach iseatóip radaighníomhacha acu. Is é an t-iseatóp is cobhsaí dá bhfuil aige ná teicnéitiam a naoi ndéag is ceithre scór (99Tc), agus é 211,000 bliain ar leathré.

Ba é an fisiceoir Iodálach Emilio Segrè a d’aithin an teicnéitiam an chéad uair riamh, cé go raibh torthaí bréagdheimhneacha tugtha roimhe sin ag eolaithe a shíl go raibh dúil a 43 fionnta acu. Ar cuairt sna Stáit Aontaithe dó chuir Segrè suim sa chioglatrón (luasaire cáithníní) i Saotharlann Berkeley, agus thug Ernest Lawrence, an fear a chéadcheap an gléas, scragall úsáidte ón gcioglatrón dó, le go bhféadfadh sé taighde a dhéanamh ar na núiclídí radaighníomhacha a d’fhág an úsáid sa scragall. Bhí an scragall déanta as molaibdéineam, dúil uimhir a 42, agus teoiric ag Segrè gur iseatóp de chuid dhúil a 43 a bhí ar fáil sa scragall. Le cuidiú óna chara Carlo Perrier, a bhí ina mianreolaí, chruthaigh sé gurbh amhlaidh.

Bhí Segrè ag obair in Ollscoil Palermo, agus d’iarr lucht rialtais na cathrach go mbaistfeadh sé panóirmiam ar an dúil nua, ainm a bhí bunaithe ar an leagan Laidine d’ainm na cathrach, Panormus. Sa bhliain 1947, aon bhliain déag i ndiaidh do Segrè an fhionnachtain a dhéanamh, bhaist eagraíocht idirnáisiúnta na gceimiceoirí teicnéitiam ar an dúil, ós rud é gur dúil shaorga (tekhnetos sa tSean-Ghréigis) í nach bhfuil ar fáil sa dúlra – tá gaol ag an ainm le teicneolaíocht, ar ndóigh.

Miotal trom é an teicnéitiam a gcuirfeadh a chosúlacht platanam i gcuimhne duit. Is iad na staideanna ocsaídiúcháin is coitianta a bhíos aige ina chuid comhdhúl ná +4, +5, agus +7. Tagann smúid ocsaíde ar an teicnéitiam le taise an aeir, agus is féidir an miotal a chur trí thine in atmaisféar glanocsaigine.

Triantán an Gheimhridh: Is é Triantán an Gheimhridh astaireacht na réaltaí úd Sirius, Betelgeuse, agus Procyon – na réaltaí is gile i réaltbhuíonta an Mhadra Mhóir, an Bhodaigh, agus an Mhadra Bhig.

Triantán an tSamhraidh a thugtar ar Altair, Vega, agus Deneb in éineacht – na réaltaí is gile i réaltbhuíonta an Iolair, na Líre, agus na hEala.

Úfó an giorrúchán Béarla a chiallaíos ”réad eitilte gan aithint”. Is minic a shíltear gurb ionann úfó agus spásbhád eachtardhomhanda, ach ní mar sin atá: dá n-aithneofaí mar spáslong de chuid na bhfear beag uaine é, ní bheadh sé ina úfó (is é sin, gan aithint) a thuilleadh!

Cé go mbítear ag cur sonrú i rudaí aisteacha thuas san aer ó tháinig an cine daonna chun saoil, ní dhearnadh coincheap ar leith den úfó ach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Sa bhliain 1947 chonaic an t-eitleoir amaitéarach Meiriceánach Kenneth Arnold dioscaí aisteacha ina thimpeall agus é díreach ag eitilt thart le Sliabh Rainier (nó Sliabh Tacoma), an sliabh is airde sna Sléibhte Cascáideacha i Stát Washington, Iarthuaisceart na Stát Aontaithe. Is minic a chreidtear gurbh é Arnold a bhaist ainm an ”tsásair eitilte” ar na dioscaí seo, ach is deacair a rá an mar sin a bhí – is féidir gurbh iad na nuachtáin a bhain an chéad úsáid as an téarma sin flying saucer.

Níorbh é Arnold an t-aon duine a thug tuairisc ar an gcineál seo breathnuithe san am, agus ghlac Aerfhórsa na Stát Aontaithe imní: an raibh sibhialtaigh tar éis sonrú a chur in aerárthaí rúnda de chuid an Aerfhórsa féin, nó an raibh gléasra spiaireachta de chuid na Sóivéadach i gceist? Nó an ea nach raibh ann tar éis an tsaoil ach iomrall súl? Chuir an tAerfhórsa tús le Project Sign, tionscadal taighde a bhí dírithe ar a fháil amach cad é ba chúis leis na sásair eitilte. Dealraíonn sé gur rith an míniú ”eachtardhomhanda” le daoine acu siúd a raibh baint acu leis an tionscadal seo, cé go raibh a lán d’oifigigh an Aerfhórsa barúlach gurbh ón Aontas Sóivéadach a tháinig na sásair, agus córas tiomána acu nach raibh ar eolas ag innealtóirí na Stát Aontaithe. Iad siúd a chreid sa teoiric Shóivéadach, bhí siad ag déanamh gur cineál cogaíocht shíceolaíoch a bhí idir lámhaibh ag na Rúisigh chomh dána dalba is a bhí na húfónna ag eitilt in aerspás na Stát.

Ní raibh údaráis an Aerfhórsa sásta le torthaí Project Sign, agus thosaigh siad ar thionscadal nua, Project Grudge. Sa bhliain 1949 d’eisigh Grudge a chuid torthaí: glacadh leis nach raibh na húfónna ag bagairt ar shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe, a fhad agus a d’fhéadfaí a mheá, agus nach raibh iontu go bunúsach ach míthuiscintí ar rudaí nádúrtha nó ar réadanna neamhurchóideacha eile.

Ba é tionscadal an Leabhair Ghoirm, nó Project Blue Book, an tríú hiarracht oifigiúil a rinneadh sna Stáit le taighde a dhéanamh ar na húfónna. Chaith lucht an Leabhair Ghoirm na blianta fada ag bailiú scéalta faoi úfónna agus á n-anailísiú, agus sa bhliain 1968, foilsíodh tuairisc faoin teideal ”Staidéar Eolaíoch ar na Réadanna Eitilte gan Aithint”, nó ”Tuairisc Condon”, mar is gnách í a ainmniú, ós fisiceoir darbh ainm Edward Condon a bhí i gceannas ar an gcoiste a dhréachtaigh an tuairisc. Is iad na torthaí a bhí le léamh ar an tuairisc seo ná nach raibh na húfónna ag bagairt ar shlándáil náisiúnta na Stát Aontaithe, ná teicneolaíocht ardfhorbartha nó cuairteoirí eachtardhomhanda ag baint leo, de réir na fianaise a bhí ann.

Idir an dá linn áfach tháinig cultas na n-úfónna ar an bhfód, agus dreamanna beaga díograiseoirí ag fógairt gur spásbháid ó phláinéid eile a bhí i gceist. Le fírinne chuir an CIA – lárúdarás faisnéise na Stát Aontaithe – ar bun coiste taighde dá gcuid féin faoi cheannas an fhisiceora Howard Percy Robertson, ”Painéal Robertson”, sa bhliain 1951. Ba iad torthaí oibre an phainéil seo ná nach sna húfónna a bhí an bhagairt, ach sna díograiseoirí: dá mbeadh lucht an Aerfhórsa, na réadlanna réalteolaíocha agus na stáisiúin bhreathnóireachta eile curtha thar a n-acmhainn ag tuairiscí seafóideacha faoi úfónna, ní fhéadfaidís súil a choinneáil ar eitleáin spiaireachta an Aontais Shóivéadaigh. Thairis sin, d’fhéadfadh na Sóivéadaigh dochar a dhéanamh do shíocháin inmheánach na Stát Aontaithe trí spreagadh a thabhairt do chultas na n-úfónna – mar a dúirt paínéal Robertson.

Tríd is tríd, ba é toradh na bhfiosruithe seo ná nach raibh rud osnádúrtha, neamhshaolta nó neamhghnách ar bith i gceist leis na húfónna. D’admhaigh na taighdeoirí nach raibh siad ábalta gach uile bhreathnú a mhíniú go fóill ach san am chéanna bhí siad dóchasach go bhfreagródh an eolaíocht gach aon cheist sa deireadh.

Xeanón atá ar dhúil cheimiceach uimhir a 54. Xe an tsiombail cheimiceach. Ceann de na triathgháis é an xeanón, agus ochtréad iomlán ar an sceall is faide amuigh sa scamall leictreonach aige, rud a fhágas nach bhfuil sé araiciseach chun imoibriúcháin. Mar sin féin is féidir leis an xeanón dul i gcomhdhúile ceimiceacha áirithe, go háirithe leis an bhfluairín, arb é an t-ocsaídeoir is láidre de na dúile go léir. Úsáidtear xeanón i bhfeadáin solais, nó is dual dó solas gorm a dhéanamh má chuirtear réimse leictreachais i bhfeidhm air. Tá xeanón ar fáil san atmaisféar ach níl sé ar dhúile flúirseacha an Domhain ar aon nós.

X-radaíocht a thugtar ar an radaíocht atá níos tonnfhaide ná an gháma-radaíocht, níos tonnghiorra ná an radaíocht ultraivialait. Ba é Wilhelm Konrad Röntgen a d’aithin an X-radaíocht an chéad uair sa bhliain 1895, agus ina lán teangacha tugtar ”radaíocht Röntgen” ar an gcineál seo radaíochta. Úsáidtear X-ghathanna (is é sin, gathanna X-radaíochta) sa dochtúireacht (le pioctúirí a thógáil de chnámha an duine bheo, ach go háirithe) agus sna seiceálacha slándála ar na haerfoirt (le fáil amach faoina bhfuil istigh i mála dúnta). Chomh saibhir is atá na gathanna seo i bhfuinneamh áfach baineann priacal áirithe ailse leo.

Advertisements

One comment

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s