A new version of my list of alliterative runs

AIRD – ARAOID: Ní raibh aird ná araoid agam ar dhada. (Ó Gaora 2008, p. 164)

AIREACH – AIRDEALLACH: D’fhágadh sin má bhí faoi mhúinteoir Gaeilge greim a choinneáil ar a phosta go gcaithfeadh sé a bheith aireach airdeallach. (Ó Gaora 2008, p. 118)

BEAG – BROSANTA – BLÁFAR: Bean bheag bhrosanta bhláfar ab ea í. (Sayers 1998, p. 146)

BEATHA – BUÍOCHAS: Níl inti ach cineál meaisín leis an talamh a ghlanadh agus le airgead a dhéanamh dá máistir gan bheatha gan bhuíochas(Ó Finneadha 2015, p. 16)

BOIGE – BREÁTHACHT: Ach de réir mar a bhíonn an t-earrach ag imeacht bíonn an aimsir ag dul i mboige agus i mbreáthacht. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 52)

BÓTHAR – BEALACH: Ba mhinic sin triall lucht na saoirse air agus tarraingt fear bóthair agus bealaigh. (Ó Gaora 2008, p. 251)

BREÁ – BOG: Tá an aimsir breá bog cneasta, buíochas le Dia. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 51)

BREÁ – BROTHALLACH: Bíonn an uain go breá brothallach(Ó Cadhlaigh 2013, p. 53)

BREÁ – BUÍ: …roimh dheireadh an tsamhraidh bíonn an t-arbhar go breá buí (Ó Cadhlaigh 2013, p. 54)

BRÍOMHAR – BEATHAITHE: Bíonn sé go bríomhar beathaithe, lúth is neart ina ghéaga… (Ó Cadhlaigh 2013, p. 23)

BRISTE – BRÚITE: …thógadar gach corp briste brúite (Ó Dubhda 2011, p. 94)

BRISTECHROÍOCH – BRÓNACH: B’éigean do imeacht agus bóthar na coda eile do thabhairt air go bristechroíoch agus go brónach. (Sayers 1998, p. 161.)1

BROID – BRÓD: Chuir sé broid2 agus bród orm féin. (Ó Gaora 2008, p. 103)

BRÓN – BRISEADH CROÍ: Bhí sé sásta go leor ansan, cé go raibh brón agus briseadh croí air féin. (Sayers 1998, p. 163)

BRUÍON – BEARRADH: …gan iad a bheith ag bruíon is ag bearradh ar feadh na tráthnóna. (Ó Dubhda 2011, p. 88)

BUALADH – BASCADH: Is minic a chuala mé ag m’athair go ndearnadh bualadh is bascadh, lot is lascadh, ar gach aon taobh. (Ó Gaora 2008, p. 9)

CAM – CAIMILÉIREACH: Is cam caimiléireach a tháinig siad ar an saibhreas. (Ó Conaire 1970, p. 23)

CAOI – CÓIR: A gcuid gunnaí i gcaoi is i gcóir acu.(Ó Gaora 2008, p. 147)

CARA – COIMRÍ: Súil le cara nó coimrí ní raibh aige. (Ó Gaora 2008, p. 250)

CAS – CANCRACH: …ní haon ionadh é bheith go gruama brónach agus go cas cancrach. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 23)

CASACHT – CÁRSÁN: Bhuail casacht is cársán é. (Ó Conaire 1970, p. 24)

CEANN – CEANNAIRE: Bhíodar anois gan ceann gan ceannaire. (Ó Gaora 2008, p. 204)

CIALL – CUIMHNE: Ó tháinig aois chéille agus chuimhne dom, chualas caint faoin dúnmharú úd. (Ó Gaora 2008, p. 56)

CIAPADH – CÉASADH: “Nach é cóir Dé é,” arsa muide as béal a chéile, “an ciapadh agus an céasadh atáimid a fháil leis an ocras agus boic mhóra Shasana […] ag marú is ag ithe na mbradán seo?” (Ó Gaora 2008, p. 258)

CÍORADH – CEANGAILT: Bhí sé cos-nochtaithe agus ceann-nochtaithe, agus a mhothall ciarghruaige gan cíoradh gan ceangailt. (Ó Fiannúsa 2008, p. 13)

CÍORADH – CUR TRÍ CHÉILE: [Is iomaí] rud a cíoradh agus a cuireadh trí chéile an tráthnóna úd cois na tine. (Sayers 1998, p. 135)

CÍOS – CÁS – CATHÚ: …is me [= agus mé] go hóg aerach, gan cíos cás ná cathú orm an uair sin. (Sayers 1998, p. 155)

CIÚIN – CIALLMHAR: Do bhí buachaill ciúin ciallmhar chun féachaint im dhiaidh…(Sayers 1998, p. 137)

CIÚIN – CNEASTA: Bhí an Mhaol féin chomh ciúin chomh cneasta san is gur dhóigh leat nár dhein sí díobháil ná dochar…(Sayers 1998, p. 155)

CLAMHSÁN – CASAOID: […] cheaptaí an uair úd go mb’fhealltóir don chúis tú dá ndéanfá clamhsán ná casaoid in aghaidh beart ar bith dá gceapadh an Conradh. (Ó Gaora 2008, p. 110)

COMHAR – COMHARTHAÍOCHT: “Is mór an t-ionadh nach bhfuil comhar ná comharthaíocht agat uaidh”, arsa mise leis. (Ó Gaora 2008, p. 65)

COMPLACHT – CATH: […] ní raibh complacht ná cath3 sa mbriogáid nach raibh deascán fear le fáil ann a thugadh gach uile chúnamh dúinn […] (Ó Gaora 2008, p. 244)

COR – CASADH: Is éard a chuir mé romham sa gcuntas seo ar bhain dom, ó rinne banlámh cóta dom, a chur síos go fírinneach gan cor ná casadh a chur air ná a bhaint de. (Ó Gaora 2008, p. vii)

CRÁITE – CÉASTA: Sea, is go bhfuilimse féin cráite céasta le méid a bradaíle féin. (Ó Fiannúsa 2008, p. 11)

CREACHADH – CREATÚLACHT: An méid scéalta a bhí aige faoi chreachadh agus chreatúlacht an tSasanaigh i dtíortha coimhthiocha, líonfadh sé leabhra. (Ó Gaora 2008, p. 29)

CRITH – CREATHNÚ: Cuireadh crith agus creathnú ar mhuintir an bhaile […]. (Ó Gaora 2008, p. 247)

CRÓNCHRAICNEACH – CNÁMHACH: Bean chrónchraicneach chnámhach nach raibh ró-ard a bhí inti […]. (Ó Gaora 2008, p. 127)

CRUA – CASTA: Cuirim ceisteanna orm féin, ceisteanna seafóideacha b’fhéidir, ceisteanna crua casta amanta. (Ó Finneadha 2014, p. 9)

CRUATAN – CEALGAIREACHT: […] b’fhuirist4 a aithint air nár bhain pioc de chruatan ná de chealgaireacht an tsaoil fós leis. (Ó Dubhda 2011, p. 15.)

CRUINN – CÚRAMACH: Mar cuirim chun oibriú na feirme mar is ceart go cruinn is go cúramach. (Ó Fiannúsa 2008, p. 9)

CUAN – CALAFORT: Aighneas ná a mhalairt níor chuir aon bhád faoi thoinn orainn gur bhuaileamar cuan agus calafort i gCaer Gybi. (Ó Gaora 2008, p. 207)

CUMHACHT – CEANNAIREACHT: Mhionnaigh sé an oíche sin mé i gcumann Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann, agus thug cumhacht is ceannaireacht dom leis an ngluaiseacht a bhunú i gConamara. (Ó Gaora 2008, p. 111-112)

CUMTHA – CÓRACH: …agus é go cumtha córach. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 23)

DATHÚIL – DEA-CHRAICINN: Bíonn sé go dathúil dea-chraicinn5. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 23.)

DEABHÓIDEACH – DIAGANTA: Bean lúthláidir dheabhóideach dhiaganta a bhí i mo mháthair. (Ó Gaora 2008, p. 3)

DEALBH – DÓLÁSACH: Teaghlach Dealbh Dólásach (Ó Fiannúsa 2008, p. 13)

DIAN – DÍCHEALLACH: Is náir liom a rá go raibh daoine ansin a throid go dian dícheallah ar son na Poblachta […]. (Ó Gaora 2008, p. 168)

DÍCHEALLACH – DEA-IOMPRACH: Bhí cuid acu dícheallach dea-iomprach ag iarraidh iad féin is a gclanna a ardú as an bpoll salachair… (Ó Dubhda 2011, p. 40)

DIL – DÚTHRACHTACH: …phóg sí go dil dúthrachtach é. (Sayers 1998, p. 147)

DÍLIS – DÚTHRACHTACH: Gael dílis dúthrachtach a bhí ansin romham ba ea Páraic Dóras, a bhí ina eagarthóir ar Nuacht Mhaigh Eo. (Ó Gaora 2008, p. 151)

DÍOBHÁIL – DOCHAR: Bhí an Mhaol féin chomh ciúin chomh cneasta san is gur dhóigh leat nár dhein sí díobháil ná dochar(Sayers 1998, p. 155)

DÍOCHRA – DÚTHRACHTACH: …tá Maighistir Seán Carsuel, Ministir Shoiscéal Dé ag guí agus ag géar-atach Dé go díochra dúthrachtach fá spiorad an ghlicis agus na tuisceana agus na fírinne a neartú… (Ó Doibhlin 2006, p. 35)

DÍREACH – DAINGEAN: ”Ní fhanfaidh mé ar ao’ chor”, arsa sé go díreach daingean. (Ó Fiannúsa 2008, p. 16)

DÍTH – DOCHAR: Ó tháinig cuimhne dom go dtí an lá inniu níor mhaith liom díth ná dochar a dhéanamh… (Ó Gaora 2008, p. 18)

DLISTEANACH – DLEATHACH: Taobh amuigh de sin ar fad ní raibh an rún dlisteanach ná dleathach, mar ní raibh a leithéid ar chlár oibre an chruinnithe an lá sin […]. (Ó Gaora 2008, p. 243)

DÓCHAS – DÍOCAS: Chuir an tosach seo dóchas is díocas i sean agus in óg ar fud na tíre. (Ó Gaora 2008, p. 115)

DOCHT – DAINGEAN: Dhúnadar go docht daingean doras a ndúnfoirt agus d’fhágadar mise faoi scéal na hoíche taobh amuigh. (Ó Gaora 2008, p. 197)

DÚR – DOICHEALLACH: Tá an long ag teannadh aniar leis na Sceirdí dúra doicheallacha(Ó Conaire 1970, p. 16)

DÚTHRACHTACH – DÁIRÍRE: [D]úirt [siad] go dúthrachtach dáiríribh an phaidir álainn ghlórmhar… (Ó Fiannúsa 2008, p. 18. Dáiríribh is a common parallel form of dáiríre)

FAGHAIRT NA FEIRGE: Is beag duine sa mórchomhluadar meidhreach sa halla nár mhothaigh fiuchadh fola ina fhéitheacha, agus faghairt na feirge ina chroí… (Ó Fiannúsa 2008, p. 2)

FÁILÍ FÁILTEACH: Ar theacht isteach di chuir sí meangadh fáilí fáilteach [uirthi]6 féin le Brian Puirséal. (Kickham/Ó Cadhain 1986, p. 6.)

FÁIR – FAISNÉIS: …fuarthas fáir is faisnéis suíomh na naimhde, ceapadh beart dá réir. (Ó Gaora 2008, p. 245)

FÉAR – FARAE: Nuair a thagadh féar is farae gann i gcomhair beithíoch i dtúis Bealtaine chuirtí na beithígh ar buaile. (Ó Gaora 2008, p. 13)

FIA – FEANNÓG: Faoi cheann scaithín d’éirigh fear na mionfheadaíle mífhoighdeach, tharla nach raibh toirt fia ná feannóige le feiceáil aige. (Ó Gaora 2008, p. 40)

FIAL – FAIRSING: De réir mar a bhí sé ag dul i neart agus in éifeacht, bhí an pheataireacht dá réir leis, agus go fial fairsing, nó go dtí faoi dheireadh nach bhféadfadh duine féachaint go díreach air. (Ó Finneadha 2014, pp. 11-12)

Daoine chomh fial fairsing […] níor casadh riamh orm. (Ó Gaora 2008, p. 83)

FIALCHROBH – FÁILTIÚIL: Líon sé amach dhá thaoscán le fialchrobh fáiltiúil, óir bhí sé féin súgach cheana féin. (Ó Fiannúsa 2008, p. 7)

FIUCHADH FOLA: Is beag duine sa mórchomhluadar meidhreach sa halla nár mhothaigh fiuchadh fola ina fhéitheacha, agus faghairt na feirge ina chroí… (Ó Fiannúsa 2008, p. 2)

FÓGAIRT – FOLÁIREAMH: Do dhruid an leathchomhla gan fógairt gan foláireamh (Ó Fiannúsa 2008, p. 19)

FOSCADH – FOTHADH: Ní raibh foscadh ná fothadh le fáil san áit uaithi. (Ó Gaora 2008, p. 249)

FUACHT – FAITÍOS: Ach labhraíodh chuile dhuine dhó féin, gan fuacht ná faitíos(Ó Finneadha 2015, p. 16)

FUAR – FLIUCH – FIÁIN: …bíonn tosach an earraigh go fuar fliuch fiáin(Ó Cadhlaigh 2013, p. 52)

FUARLEACA FÍORÍOCHTAIR IFRINN: Glan leat as mo radharc a bhitch agus síos go fuarleaca fíoríochtair ifrinn7 leat! (Ó Fiannúsa 2008, p. 3.)

FUIN!/FUINEADH – FÁISC!/FÁSCADH: Creidim gurb éard a chuir an t-ionadh seo orthu gur cheapadar gur as an mBéarla a fuineadh is a fáisceadh8 mise mar iad féin. (Ó Gaora 2008, p. 135)

GÁ – GÉIBHEANN: Timpeall céad bliain ó shin, nuair nach raibh aon sagart níos gaire dóibh ná Béal an Mhuirthid, ba mhinic i ngá agus i ngéibheann iad ag dul faoina dhéin. (Ó Gaora 2008, p. 92)

GÁBH – GUAISEACHT: …gan féachaint do chontúirt ná do ghábh ná do ghuaiseacht9 dá raibh oraibh… (Ó Doibhlin 2006, p. 36.)

GAFA – GLÉASTA: Agus níorbh iontaí liom an sneachta dearg ná an fear breá dathúil a fheiceáil istigh ar an urlár agam; teanga bhreá Ghaeilge aige; é gafa gléasta. (Ó Conaire 1970, p. 28)

GANN – GORTACH – GONTA: Thug a shoilse10 freagra gann gortach gonta ar ar dúradh. (Ó Gaora 2008, p. 27)

GAOTH – GARBHSHÍON: …cnuasaítear iad sula dtagann gaoth agus garbhshíon an gheimhridh. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 55.)

GARBH – GLASCHAORACH: Bhí culaith gharbh ghlaschaorach air…(Ó Fiannúsa 2008, p. 13)

GNAÍUIL – GEANÚIL: Chaithidís go gnaíúil geanúil liom. (Ó Gaora 2008, p. 83)

GUS – GAOIS: Ní raibh sé de ghus ná de ghaois ionainn a fheiceáil an dochar a bhí seo a dhéanamh. (Ó Gaora 2008, p. 35)

LAG – LÚBACH: Is suarach an mac a d’fhágfadh a mháthair, atá lag lúbach, léi féin… (Ó Conaire 1970, p. 12)

LEABHAR – LANDAS: Ach nach faide ná sin a d’aireofá é nuair a bheifeá istigh i gcró dorcha […] gan leabhar ná landas11 a bheith in acar leat! (Ó Gaora 2008, p. 164)

LEABHAR – LÉANN: Bhí fear amháin ag aisteoireacht sa bhFómhar nach raibh leabhar ná léann air. (Ó Gaora 2008, p. 94-95)

LEATHAN – LÁIDIR: …a bhrollach is a ghuaillí go leathan láidir(Ó Cadhlaigh 2013, p. 23)

LOISC!/LOSCADH – LAS!/LASADH: Loisc agus las long cogadh le Sasana na foirgnimh ba bhreátha dá raibh sa tsráid sin12. (Ó Gaora 2008, p. 152)

LOM – LÁNDÓITE: Na beithígh nárbh fholáir a choimeád istigh sa dúluachair bíonn siad ar a gcúilín seamrach ag iníor (fosaíocht) dóibh féin sna páirceanna glasa a bhí go lom lándóite i rith an gheimhridh. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 53)

LOT – LASCADH: Is minic a chuala mé ag m’athair go ndearnadh bualadh is bascadh, lot is lascadh, ar gach aon taobh. (Ó Gaora 2008, p. 9)

LUATH – LÁIDIR: An duine a bhíonn go luath láidir(Ó Cadhlaigh 2013, p. 23)

LÚD – LÁR: Rugadh ar fad muid inár ndeargáin bhochta faoi ualach an pheaca gan teideal gan ghairm, gan lúd gan lár ach inár mbéiceadáin lagbhríocha…(Ó Finneadha 2015, p. 16)

MAITH – MAOIN: …go raibh sé ina abhlóir cantalach gan maith gan maoin… (Ó Finneadha 2015, p. 12)

MAITHEAS – MAITH: Nuair a thángthas go dtí an cúigiú corp mheas na daoine ná raibh maitheas ná maith leis an iniúchadh. (Ó Dubhda 2011, p. 95)

MAORGA MÓRÁLACH: Ba dhóigh leat gur túisce a bhí an fhéasóg ann ná an fear maorga mórálach ar leis í. (Ó Conaire 1970, p. 17)

MEADHRÁN – MEARATHAILL: Bhailigh an tseana-bhean a seál timpeall a seangchoirp s[h]noite is thriall go bacach i dtreo dhoras an bhotháin, mar neach go mbeadh meadhrán mearathaill13 air is ná mothódh ach ar éigin go raibh sé beo (Ó Fiannúsa 2008, p. 15)

MEIDHIR – MEANMNA: …agus duine amháin nár thug tál na mbó meidhir agus meanmna dhó (Ó Finneadha 2015, p. 16)

MEIDHREACH – MÓMHAR: Bhíodh éanla i gcrainn go meidhreach mómhar(Merriman 1982, p. 19)

MEIRBH – MÁNLA: …d’fhreagair an tseana-bhean go meirbh mánla(Ó Fiannúsa 2008, p. 19)

MÍN – MARBH: Nuair a chonac arís é bhí sé mín marbh. (Sayers 1998, p. 158. Chonac is the Munster synthetic form for ‘I saw’, chonaic mé in other dialects.)

MIONN – MÓID: …thug sé mionn agus móid a bheith suas leis lá éigin. (Ó Dubhda 2011, p. 49. Both words mean ”oath, pledge”.)

MISNEACH – MEANMA: Bhuail mo mhisneach is mo mheanma arís mé. (Ó Gaora 2008, p. 145.)

MÓR – MAISEACH: Dá mbeadh sé d’ádh ar Éirinn go mba thír mhór í, agus rialtas dá chuid féin a bheith ag Ros na gCloch faoin bpríomh-Rialtas, é a bheith ina limistéar mór maiseach saibhir, agus dá mbeifí ag brath ar phrionsa nó ar sheanascal a thoghadh le breithiúnas a thabhairt ar cheisteanna móra tábhachtacha a bheadh ag dul idir comhairleoirí agus codladh na hoíche, is ar Éamann Rua a leagfá lámh. (Ó Conaire 1970, p. 18)

MÓRCHOMHLUADAR MEIDHREACH: Is beag duine sa mórchomhluadar meidhreach sa halla nár mhothaigh fiuchadh fola ina fhéitheacha, agus faghairt na feirge ina chroí… (Ó Fiannúsa 2008, p. 2. Personally, I would prefer sa mhórchomhluadar mheidhreach, writing standard Irish. Note that fiuchadh fola alliterates, too.)

MÚCHTA – MARBH: Bíonn muintir na gcathrach agus na mbailte móra múchta marbh ag an teas míchuibhseach…(Ó Cadhlaigh 2013 p. 53.)

NEAMH – NÉALTA: Thosaíomar ag caint ar neamh is ar néalta nó go dtugainn féin ionú de na baill eile a theacht isteach, mar a cheap mé. (Ó Gaora 2008 p. 193)

OIRIRC – ONÓRACH: Nós oirirc onórach atá fós agus a bhí riamh i bhfeidhm ag na daoine []. (Ó Doibhlin 2006 p. 35)

POLL – PROCHÓG: Bhí cuid acu ag dul go corróga i bpoill is i bprochóga […]. (Ó Gaora 2008 p. 246)

PONC – PIONNA: Is í bean an tí a thug faoi deara go raibh mé i bponc is i bpionna […]. (Ó Gaora 2009, p. 55)

RIAN – RÉASÚN: Ní cainteoir líofa a bhí ann, ach bhí rian agus réasún ina chomhrá. (Ó Gaora 2008, p. 243)

RÚCAM RÁCAM – RÍRÁ: Mar is eol don saol Fódlach tá an rúcam rácam agus an rírá ar fud an domhain mhóir mar gheall ar an tolgadh seo…(Ó Finneadha 2015, p. 14)

SAINT – SANCAS14: Tháinig saint agus sancas air a chuir mire ina shúile. (Ó Gaora 2008, p. 99)

SCOIL – SCOLAÍOCHT: Uaidh sin suas go raibh mé sa gcúigiú rang níor lú orm fataí seaca faoi Shamhain ná trácht ar scoil ná ar scolaíocht liom. (Ó Gaora 2008, p. 21)

SCRÉACH – SCREAD: Aon duine a d’fhéachadh le mé a tharraingt ón áit sin a rabhas, chuirinn scréach agus scread asam ar nós éin chorr scréachóige a mbéarfaí air. (Ó Gaora 2008, p. 19)

SÉITHLEACH – SEARBH – SEALBH – SAIBHREAS: An séithleach searbh gan sealbh gan saibhreas [a] d’fhéachfadh tamall thar bharra na gcoillte… (Merriman 1982, p. 19)

SIAMSÚIL – SÚGACH – SÓCH: Nach iomaí oíche agus lá breá aoibhinn/A chaith mé siamsúil súgach sóch (Ó Gaora 2008, p. 165)

SÓNTA – SOTALACH: Mura muid atá sónta sotalach, arsa Labhras go doicheallach. (Ó Conaire 1970, p. 26)

SOS – SÍOCHÁIN: Leanais den phlámás is den mhealladh go dtí gur aontaíos, sa deireadh, ar son sosa is síochána. (Ó Dubhda 2011, p. 17.)

STÓRÁILTE – SÁBHAILTE: …d’fhág sin go raibh siad stóráilte sábháilte maidir leis an bpóca agus airgead tirim. (Ó Finneadha 2014, p. 10)

SUAIMHNEAS – SÍOCHÁIN: Bhí gach rud chun suaimhnis is síochána ach an t-aon rud amháin. (Ó Dubhda 2011, p. 82)

SUAITE – SCAMHAITE: …cé go ndéarfadh daoine gur mithid don phlaosc chéanna bheith suaite scamhaite ó thonnta tréana borba na farraige… (Sayers 1998, p. 155)

SUBHACH – SÁCH: Nuair a bhíodh na páistí subhach sách bhíodh duine uasal anall ó Londain Shasana ann ag taispeáint pictiúirí reatha dóibh. (Ó Gaora 2008, p. 35)

SÚGACH – SULTMHAR: Bhí sé súgach; bhí sé sultmhar. (Ó Dubhda 2011, p. 31)

SUIM – STUACAÍOCHT: Líon an tiarna gloine eile amach dó, agus é ag bíogadh le neart suime agus stuacaíochta. (Ó Fiannúsa 2008, p. 8)

SUIM – SUIMÉAD15: ”Ní hé sin ar fad é,” arsa Páraic, ”ach cé a chonaic ná a chuala fir ghnótha mar iad sin ag cur suime ná suiméid riamh i gcúrsaí litríochta?” (Ó Gaora 2008, p. 177)

TALAMH – TIARNAS: Níl talamh ná tiarnas ann. (Sayers 1998, p. 162)

TALAMH – TÍR: Do ghealadh mo chroí an uair [a] chínn16 Loch Gréine, an talamh ‘s an tír is íor na spéire… (Merriman 1982, p. 19)

TÍORTHÚIL17 – TEOLAÍ: Bhí an príosún é féin ag féachaint ní ba thíorthúla is ní ba theolaí, cé nár dhathúil a dhath. (Ó Gaora 2008, p. 168)

TOIRBHIRT – TÍOLACADH: …ar an ábhar sin chonacthas domsa gurbh indéanta dom an saothar beag seo […] a thoirbhirt agus a thíolacadh duitse, a thiarna… (Ó Doibhlin 2006, p. 36)

TOIR – TOIRMEASC: Rinne mé cúig mhíle is daichead ón mbaile go Gaillimh gan toir18 ná toirmeasc ar bith tarlachtáil19 dom. (Ó Gaora 2008, p. 144)

TOIRT – TÉAGAR: Ba mhíol mór ar trá é le toirt is téagar. (Ó Conaire 1970, p. 21)

TOLGACH – TORANNACH – TROM: Dath an locha agus gorm na dtonn ag teacht go tolgach torannach trom. (Merriman 1982, p. 19)

TORANN – TOIRNÉIS: Bhaineamar amach sa torann agus sa toirnéis. (Ó Gaora 2008, p. 203)

TREOIR – TRÉADAÍ: Chonaic mé daoine ag silt dá súl an lá sin ar éirigh an Craoibhín as uachtaránacht an Chonartha, agus iad ag rá lena chéile go rabhamar fágtha anois gan treoir gan tréadaí. (Ó Gaora 2008, p. 131)

TROM – TUIRSEACH: Ar a theacht abhaile trom tuirseach dúinn tráthnóna d’éirigh an solamar20 ab fhearr linn, mar a cheapamar, agus an mí-ádh ba mhó dúinn nár shíleamar. (Ó Gaora 2008, p. 99)

Sources/Foinsí:

Kickham/Ó Cadhain 1986”: Kickham, Charles J: Saile Chaomhánach, Na hUaigheanna Folmha. Máirtín Ó Cadhain a d’aistrigh, an Dr. Tomás de Bhaldraithe a d’ullmhaigh an t-eagrán seo. An Gúm, Baile Átha Cliath 1986

Merriman 1982”: Merriman, Brian: Cúirt an Mheon-Oíche. Liam P. Ó Murchú a chuir in eagar. Leabhair Thaighde, An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath 1982

Ó Cadhlaigh 2013”: Ó Cadhlaigh, Cormac: Slí an Eolais agus Eagna an Ghaeil. Evertype, Cathair na Mart 2013

Ó Conaire 1970”: Ó Conaire, Pádhraic Óg: Éan Cuideáin. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1970

Ó Doibhlin 2006”: Ó Doibhlin, Breandán: Manuail de Litríocht na Gaeilge. Faisicil II. Litríocht le linn an Choncais, 1536-1616. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2006

Ó Dubhda 2011”: Seán a’ Chasáin (= Ó Dubhda, Seán): An Mairtíneach le Seán a’ Chasáin, Coiscéim, Baile Átha Cliath 2011

Ó Fiannúsa 2008”: Ó Fiannúsa, Pádraig: Ghaibh a Leithéid an tSlí Tráth. Cló Chois Móire, Port Láirge 2008

Ó Finneadha 2014”: Ó Finneadha, Cóil Learaí: An Ghlanfhírinne. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 2014

Ó Gaora 2008”: Ó Gaora, Colm: Mise. An Gúm, Baile Átha Cliath 2008

Sayers 1998”: Peig, A Scéal Féin. Eagarthóirí: Máire Ní Mhainnín, Liam P. Ó Murchú. An Sagart, An Daingean 1998.

1Of course it should be b’éigean …, and bóthar na coda eile a thabhairt air, but the source uses a very dialectal orthography.

2Broid is a feminine noun (an bhroid, na broide) meaning ‘distress, impatience, hurry’.

3Cath means here ‘battalion’, for which the less ambiguous word is cathlán, of course.

4 Fuirist is a form of furasta ‘easy’ you see in Munster literature.

5Note that dathúil is an adjective, while dea-chraicinn is formally speaking a noun in genitive case, but here treated as a predicative adjective.

6I inserted the word uirthi, which seems to be missing in the source.

7Thus in the original text. I’d prefer to capitalize Ifrinn, because Ifreann ‘Hell’ is in Irish usually treated as a proper noun, being definite without definite article.

8Note that while the verbal noun of the verb fáisc! has the form scadh, the past autonomous verb is fáisceadh.

9Both gábh and guaiseacht mean ‘danger’, although they might be less common than dainséar, contúirt and baol. In my opinion, though, gábhadh and guais are the more common forms of these words today, at least in modern Ulster Irish literature.

10a shoilse ‘his Excellency’

11This word landas seems to be a rhyme-word without meaning of its own, as it is not found in the standard dictionaries. Such words seem even otherwise to be typical of Colm Ó Gaora’s style.

12The English warship that did the firing and fire-lighting was, of course, the Helga during the Easter Rising, and the street mentioned was Sráid Uí Chonaill, the O’Connell Street.

13mearathall (more commonly written mearathal) is a Munster parallel form of mearbhall ‘dizziness; confusion’, mearathaill (or mearathail) being the genitive form. Meadhrán means more or less the same; the expression in its entirety means thus ‘a vertigo of a dizziness’. Irish alliterative runs often are pleonastic like this, using several words with the same meaning.

14As far as I can tell, sancas is a nonce word with no other use than allitteration with saint.

15Here suiméad is treated as a masculine noun with the genitive form suiméid, but there are other occurrences in Ó Gaora’s Mise where it seems to be treated as a feminine, suiméid. Ó Dónaill’s dictionary gives only the form suaiméad. As far as I, or the dictionary-makers, can tell, this word has no independent existence, but is only used in allitterating pairs with suim ‘interest’.

16I.e. d’fheicinn ‘I used to see, I usually saw’. Chí- or tchí– is the old independent stem used instead of feic-, see the verb chapter.

17Tíorthúil is a variant spelling of tíriúil ‘homely, pleasant, sociable’.

18As far as I can tell, toir is here just an alliterative rhyme word associated with toirmeasc ‘prohibition; hindrance; mischief; mishap’.

19Tarlachtáil is a Connacht form of tarlú, the verbal noun of tarlaigh! ‘happen!’

20In the original, an tsolamar, as though it were feminine, but Ó Dónaill’s dictionary does not acknowledge this possibility. The word solamar means ‘abundance of food, tasty food, good things in life, good pickings, profit’.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s