Stair na hEite Deise Antoiscí san Fhionlainn

Is iad na Fíor-Fhionlannaigh (nach dtugann ach “The Finns” orthu féin as Béarla anois cé gurbh é “True Finns” an leagan a bhí in úsáid acu ar feadh i bhfad; maidir leis an ainm Fionlainnise Perussuomalaiset, bheadh sé chomh maith agam é a aistriú mar “Bhun-Fhionlannaigh”) páirtí na dtuathghríosóirí agus na bhfuathghríosóirí san Fhionlainn le tamall maith ama anuas. San olltoghchán deireanach bhain an páirtí amach vóta as gach cúigear, is é sin fiche faoin gcéad, agus feisirí pairliminte aige dá réir.

Ní théann stair an pháirtí siar ach go tús na nóchaidí, nuair a thit an tóin as réamhtheachtaire na bhFíor-Fhionlannach, Páirtí Tuaithe na Fionlainne, nó SMP (Suomen Maaseudun Puolue, as Fionlainnis). Ansin bhunaigh Timo Soini, atá ina chathaoirleach ar an bpáirtí inniu féin, an ceann nua ar iarsmaí an tseanpháirtí. Ar feadh i bhfad, bhí an chuma ar an scéal go raibh muintir na Fionlainne i ndiaidh a gceacht a fhoghlaim agus nach raibh rath i ndán do pháirtí tuathghríosóireachta i dtír chomh cobhsaí, chomh soilsithe léi.

D’imigh sin agus tháinig seo, áfach. Is ar éigean is féidir a rá gur Faisisteach nó Naitsí d’aon chineál é Timo Soini féin ar ndóigh. Fear mór murtallach é a chuirfeadh feirmeoir saibhir i gcuimhne duit, ach le fírinne is eolaí polaitiúil é a scríobh a thráchtas céime don ollscoil faoi phobalóireacht i bpolaitíocht na Fionlainne. Is minic a deir sé gurbh é Veikko Vennamo (1913-1997), bunaitheoir agus deachtóir Pháirtí Tuaithe na Fionlainne, a réalt eolais riamh, agus is ar éigean is féidir a rá go raibh dainséar ar bith i Vennamo do dhaonlathas na Fionlainne nuair a bhí sé gníomhach i saol polaitiúil mo thíre.

Veikko Vennamo – Seanfhondúir na Pobalóireachta san Fhionlainn

Bhunaigh Vennamo a pháirtí féin, “Páirtí na Scológ” (Pientalonpoikien Puolue), sa bhliain 1959, agus seacht mbliana ina dhiaidh sin d’athraigh sé an t-ainm go “Páirtí Tuaithe na Fionlainne” (Suomen Maaseudun Puolue). Bhí Vennamo ina bhall den Aontas Tuaithe ar dtús – páirtí na bhfeirmeoirí a raibh an-ról aige i saol polaitiúil na Fionlainne riamh – ach ansin d’éirigh ina chogadh dearg idir é agus an chuid eile den pháirtí agus sa deireadh chuir sé bun lena eagraíocht féin. Dealraíonn sé go raibh sé róshantach i gcumhacht agus nach raibh a dhóthain den earra sin aige i bpáirtí na bhfeirmeoirí. Scéal eile áfach go raibh sé go tréan in aghaidh an Chumannachais, ach i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda rinne an tAontas Tuaithe a dhicheall le caidreamh cairdiúil a chleachtadh leis an gcomharsa thoir agus le páirtí Cumannach ár dtíre féin.

Realpolitik ba mhó ba chúis leis seo: bhí sé tuigthe ag polaiteoirí buirgéiseacha na tíre go raibh sé géar-riachtanach a chur ina luí ar na Sóivéadaigh go raibh cairde eile acu san Fhionlainn seachas na Cumannaigh. Chuaigh tíortha eile Oirthear na hEorpa le Cumannachas i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, agus bhí eagla ar a lán san Fhionlainn go rachaimis an bealach sin chomh maith. Mar sin, roghnaigh cuid de na polaiteoirí buirgéiseacha gnúis chairdiúil a chur orthu féin leis an Aontas Sóivéadach agus comhoibriú eacnamaíoch a chothú leis an gcomharsa thoir.

San am chéanna, áfach, bhí a lán vótaí frith-Chumannacha ar fáil don pholaiteoir a bhí sásta iad a bhailiú leis. Sin é an rud a rinne Vennamo agus ba dual dó é a dhéanamh. B’as sean-Oirthear na Fionlainne dó, as an limistéar a géilleadh don Aontas Sóivéadach i ndiaidh an chogaidh, agus ina státseirbhíseach dó bhí sé freagrach as athlonnú mhuintir an Oirthir ina raibh fágtha den Fhionlainn.

Fuarthas talamh agus feirmeacha do na dídeanaithe seo sna cúlriasca, ach is iomaí duine acu a bhí míshásta leis an gcaorán bocht talún a bronnadh air, agus cé gurbh é Vennamo féin a roinn na tailte seo orthu, d’éirigh leis é féin a chóiriú mar fhear mór cirt agus cothroim a chuirfeadh ar son na “scológ” in aghaidh na bpolaiteoirí a lig síos iad.

Ar tharrthaigh Vennamo an tír ón gCumannachas?

Ba mhinic a mhaíodh Vennamo, ina dhiaidh sin, gurbh eisean a tharrthaigh an Fhionlainn ón gCumannachas. Is é breithiúnas na n-eolaithe polaitiúla agus na socheolaithe go bhfuil úimléid nó croíleacan áirithe fírinne sa ghaisciúlacht seo. Deir siad go raibh na “scológa” agus muintir shean-Oirthear na Fionlainne míshásta go leor lena gcinniúint, agus go mbeidís sásta dul le gluaiseacht ba radacaí i bhfad ná páirtí Vennamo, dá mbeadh a leithéid ar tairiscint i saol polaitíochta na tíre.

 

Siamsaíocht agus catairsis, cineál faoiseamh spioradálta, a bhí i dtuathghríosóireacht Vennamo dóibh: chuir an polaiteoir seo ar a gcumas a racht a ligean. Fear mór seó agus geáitsíochta ab ea Vennamo, agus chuala an Fhionlainn go léir iomrá ar an dóigh a mbíodh sé á iompar sa pharlaimint: ní thugadh sé aird ar rialacha na háite, agus sa deireadh b’éigean do mhaoir na parlaiminte é a chur ina thost le lámh láidir. (Le fírinne, ba mhinic a bhíodh sé “á iompar” i gciall cheart an fhocail – á iompar amach an doras ag na maoir chéanna!)

Ar ndóigh bhain sé gach leas as seo ina chuid bolscaireachta féin, agus é ag maíomh gurbh é a chneastacht-san mar ionadaí do “chosmhuintir dhearmadta” na Fionlainne an t-aon chúis leis an gcineál seo “géarleanúna”. Ó bhí sé drochamhrasach i leith an Aontais Shóivéadaigh, rinne na Cumannaigh agus an tAontas Tuaithe (nó an Páirtí Láir, mar a thug an páirtí air féin ní ba déanaí) a ndicheall le Vennamo a chlúmhilleadh, agus iad ag tabhairt Faisisteach agus radacach eite deise air.

Sa deireadh b’éigean do Vennamo halmadóir an pháirtí a fhágáil ag Pekka, a mhac. Bhí sé ina shean-nath magaidh san Fhionlainn nach do Suomen Maaseudun Puolue a  sheas an giorrúchán sin SMP, ach do Sirkka, minä ja Pekka, is é sin, “Sirkka, mise agus Pekka”. Sirkka ab ainm do bhean chéile Vennamo, agus nuair a tháinig Pekka i gcomharbas ar a athair, níor maolaíodh ar an magadóireacht.

Nósanna Deachtóiriúla Veikko Vennamo

Níor lig Veikko Vennamo d’aon pholaiteoir eile sa pháirtí riamh an iomarca tacaíochta a tharraingt. Is dócha gurbh é Eino Poutiainen (1917-1979) an duine ba mhó le rá de na céilí iomaíochta a bhí ag Vennamo taobh istigh dá pháirtí. Feirmeoir beag ó Kiihtelysvaara in aice le Joensuu a bhí ann, sách cóngarach do theorainn thoir iarchogaidh na Fionlainne.

A lán daoine nach raibh mórán luiteamais ná dáimhe acu le Veikko Vennamo ná leis an bpáirtí féin, bhí siad báúil le Poutiainen mar dhuine ionraic neamhphostúil agus é sásta íochtaráin tuaithe a dháilcheantair a chaideamh go pearsanta: is minic a thagraítear don tseanmhóipéid a bhí mar ghléas taistil aige agus é ag dul ó fheirm bheag go feirm bheag ag iarraidh vótaí a mhealladh ó mhuintir a cheantair.

Bhí Poutiainen ar duine acu siúd a bhunaigh an chéad leagan den pháirtí, is é sin, Pientalonpoikien Puolue, ach is ar éigean is féidir a rá go raibh sé báúil le Vennamo riamh. Fíor-scológ agus fíor-íochtarán a bhí ann, murab ionann agus Vennamo.

Mac baincéara agus dlíodóir oilte ab ea Vennamo nach raibh ach ag cur gothaí an tuathánaigh air féin. Is léir go mbíodh deacrachtaí ag daoine eile laistigh den pháirtí le tíorántacht Veikko Vennamo ó am go ham. D’éirigh leis an bpáirtí ochtar suíochán déag a bhaint amach i bparlaimint na Fionlainne (tá dhá chéad suíochán ann ar fad) i dtoghcháin na bliana 1970, ach san am chéanna d’fhás an mhíshástacht leis an gcathaoirleach sa pháirtí, agus sa bhliain 1972 thréig an chuid ba mhó de na feisirí Vennamo le páirtí nua dá gcuid féin, Páirtí Aontais Mhuintir na Fionlainne (Suomen Kansan Yhtenäisyyden Puolue), a chur ar bun.

Is é an tátal a bhain Veikko Vennamo as an scéal ná nach raibh lucht na ceannairce ach ag iarraidh fóirdheontais an pháirtí a ghoid leo. Íoctar fóirdheontais le páirtithe polaitiúla san Fhionlainn de réir a gcuid suíochán sa pharlaimint, agus nuair a chaill páirtí Vennamo na feisirí, chaill an páirtí an fhoinse ioncaim seo freisin. Dúirt Vennamo go searbhasach go raibh “cnámh droma as nótaí bainc” (seteliselkäranka) ag lucht an Pháirtí Aontais.

Lena cheart a thabhairt do Vennamo, ní mór a admháil go raibh cúis mhaith aige leis an díspeagúlacht seo. Is dócha nárbh iad na fóirdheontais amháin a bhí ag teastáil ó lucht an Pháirtí Aontais, ach mura raibh d’idé-eolaíocht ná d’fhoirceadal ag páirtí Vennamo ach an rud a tharla ar intinn an chathaoirligh faoi láthair, ní raibh de chlár oibre polaitiúil ag an bPáirtí Aontais ach cur in aghaidh Vennamo. Tháinig meath ar an bpáirtí go sciobtha, mar sin, agus d’imigh sé as an bparlaimint ar fad i ndiaidh cúpla olltoghchán.

Ré Pekka Vennamo

Bhí Pekka Vennamo ina pholaiteoir chiallmhar fhreagrach, i gcomparáid lena athair, agus é meáite ar an bpáirtí a phríomhshruthú i bpolaitíocht na Fionlainne. Sa bhliain 1983 d’éirigh le Pekka Vennamo aireachtaí a bhaint amach don pháirtí sa rialtas. Ní raibh a athair – “cathaoirleach oinigh” an pháirtí – in ann ag stádas nua an pháirtí. Polaiteoir freasúra a bhí ann go smior agus é ag ionsaí an rialtais ón bparlaimint i gcónaí, díreach mar ba dual don fhreasúra. Tharraing an dobhogthacht seo callán ina diaidh agus an mac is an t-athair in adharca a chéile go poiblí.

Cé nach radacach eite deise ná ciníochaí a bhí i bPekka Vennamo, thosaigh ciníochas agus tionchar nua-Naitsíoch ag dul i dtreise sa pháirtí nuair a bhí na hochtóidí ag druidim chun deireanais. D’éirigh leis an bpáirtí Sulo Aittoniemi a earcú mar iarrthóir agus mar fheisire, agus ansin chuaigh sracadh nua sa pháirtí.

Sulo Aittoniemi agus an chaimiléireacht in Tampere

Póilín ab ea Aittoniemi ar chuala an náisiún trácht air sa bhliain 1984. San am sin bhí fiosrú ar siúl in aghaidh an chomhlachta forbartha tithíochta úd Noppa a bhí tar éis roinnt tionóntán a thógáil i gcathair Tampere, agus an chuma ar an scéal gur íoc Noppa síntiúis le polaiteoirí áitiúla chun gnóthaí tógála a shocrú le bardas Tampere. Ba é Aittoniemi a bhí i mbun an fhiosrúcháin.

Cathair mhór tionsclaíochta í Tampere a chuirtear go minic i gcomparáid le Manchain, ó ba é an línéadach a chuir tús le forbairt na cathrach (d’fhéadfá an áit a dhealramh le Béal Feirste freisin, ar ndóigh), agus is í an chomparáid seo is cúis le leasainm na cathrach, Manse nó Suomen Manchester (“Manchain na Fionlainne”).

Ní raibh in Tampere ach sráidbhaile beag sular tháinig an tAlbanach James Finlayson go dtí an áit i dtús na 1820idí le muileann línéadaigh a bhunú. Tá na Daonlathaigh Shóisialta – an leagan Fionlannach de Pháirtí an Lucht Oibre – láidir go maith sa chathair, agus is minic a chloisfeá luaidreáin go mbíonn caimiléireacht agus camscéiméireacht idir lámhaibh ag an bpáirtí leis an bhforlámhas polaitiúil seo a chosaint.

Ní mór dordfhocal tábhachtach a lua sa choimhthéacs seo, ós rud é gurb í cathair Tampere atá faoi chaibidil agam: aseveliakseli, “ais na gcompánach cogaidh”. Sa bhliain 1918 cuireadh cogadh crua fuilteach carad san Fhionlainn, agus na Sóisialaigh is na náisiúnaithe buirgéiseacha ag marú a chéile gan taise gan trua gan trócaire, agus níor leigheasadh an scoilt idir “an dá Fhionlainn” ach le linn an Dara Cogadh Domhanda, nuair nach raibh de rogha ag an dá eite pholaitiúla ach cur le chéile ag iarraidh neamhspleáchas na tíre a chosaint idir an dá thine Bhealtaine – an Ghearmáin Naitsíoch agus an tAontas Sóivéadach.

I ndiaidh an chogaidh tháinig spiorad nua comhair agus comhoibrithe ar an bhfód idir na Daonlathaigh Shóisialta agus an páirtí coimeádach Kokoomus, “comhar na gCompánach Cogaidh” (asevelihenki), mar a thugtaí air. Ós cathair thionsclaíoch í Tampere, bhí na Daonlathaigh Shóisialta agus lucht leanúna Kokoomus araon láidir go leor sa chathair riamh, agus mar sin, bhí “ais na gcompánach cogaidh” fite fuaite le rialtas áitiúil na cathrach.

Bhí an-ról ag an “ais” ag coinneáil síocháin na sochaí i bhfeidhm sna blianta iarchogaidh, ach is léir go raibh a lán uisce faoi thalamh agus brústocaireacht ag baint le gnóthaí na “haise”: ba mhinic a deirtí go raibh polaiteoir darbh ainm On Sovittu ag rialú shaol Tampere beag beann ar an daonlathas. Is é is brí do na focail sin On Sovittu ná “tá sé socraithe”, agus ba iad lucht na “haise” a shocraíodh gach ábhar.

Ba iad an Coimeádach Lauri Santamäki agus an Daonlathach Sóisialta Erkki Napoleon Lindfors a chuir bun le cleachtais na “haise” in Tampere i ndiaidh an chogaidh. Chuir “ais na gcompánach cogaidh” go mór le cobhsaíocht pholaitiúil na Fionlainne go léir gan trácht a dhéanamh ar Tampere, áit a raibh clú na ndíospóidí is na gcathanna oibreachais uirthi ón gcéad lá, beagnach, ar chualathas an focal mór úd “sóisialachas” inár dtír.

Mar sin, ní féidir a rá gur drochrud ann féin a bhí in Ais na gCompánach Cogaidh, ach ar ndóigh nuair a bhain an Ais faobhar de na coimhlintí polaitiúla chuir sí ina dtost guthanna na criticeoireachta: ní ligeadh an misneach do mhórán de mhuintir na háite locht a fháil ar na rudaí a bhí “socraithe” ag an Ais, nó dá ligfeadh, chuirfí Cumannachas agus gach peaca eile i leith an chriticeora. An fiosrú a bhí idir lámhaibh ag Sulo Aittoniemi fá dtaobh de ghnóthaí Noppa agus an bhardais is deacair teacht ar mhionsonraí ina thaobh chomh deireanach seo ina dhiaidh, ach dealraíonn sé gur chuir sé míchompórd ar a lán polaiteoirí ar leibhéal an stáit, agus sa deireadh baineadh ceannas an fhiosrúcháin de.

Thug an cinneadh seo spreagadh dá lán teoiricí comhcheilge faoi “ais na gcompánach cogaidh”, agus ó bhí páirtí mhuintir Vennamo ag cur in aghaidh gach cineál “comhcheilgeanna” i gcúrsaí polaitíochta, ba dual dóibh comhoibriú a lorg le hAittoniemi. Ba é ba toradh dó sin go ndeachaigh Aittoniemi leis an SMP, agus ansin chuir sé tús le traidisiún an chiníochais pholaitiúil sa pháirtí.

Aittoniemi – Ceannródaí an Chiníochais i bPáirtí Mhuintir Vennamo

Nuair a thosaigh ré Aittoniemi sa pháirtí, tháinig ciníochas oscailte isteach i saol polaitiúil na Fionlainne. Roimhe sin, ní bhíodh tuathghríosú ciníoch le cloisteáil ach ó radacaigh na heite deise taobh amuigh den pharlaimint, agus iad féin b’fhearr leo locht a fháil ar thionchar an Aontais Shóivéadaigh ar pholaitíocht agus ar eacnamaíocht na Fionlainne. Má bhí blas an chiníochais ar a gcuid bolscaireachta, ba é an ciníochas frith-Rúiseach é.

Maidir leis an Tríú Domhan, bhí formhór mhuintir na Fionlainne, lucht leanúna Vennamo freisin, fonnmhar chun cabhrú leis na tíortha bochta, ar chúiseanna na Críostúlachta féin. Le fírinne, nuair a bhí rótháirgeacht na talmhaíochta á plé thiar sna hochtóidí, mhol páirtí Vennamo an t-iomlán a thabhairt do na tíortha tearcfhorbartha, áit a raibh ocras agus ampla chomh fairsing sin. Is dócha gur pobalóireacht a bhí ann agus nach raibh i gceist ach smaoineamh eile den chineál a ritheas le pobalóirí agus nach bhfuil inchurtha i gcrích, ach mar sin féin ba é an cineál pobalóireachta nach samhlófá le páirtí antoisceach ón eite dheis.

Ní raibh mórán ratha i ndán d’Aittoniemi áfach. Chuaigh sé glan thar fóir lena chuid bolscaireachta. A fhad is nach raibh sé ach ag cur béime ar phraghas eacnamúil na hinimirce, bhí gnaoi a lán daoine air. Nuair a thosaigh sé ag fógairt gur chóir do mhuintir na Fionlainne a leithéid de mhíchlú a bhaint amach sna tíortha bochta is nach dtiocfadh aon duine uathu in aon ghaobhair don Fhionlainn, chaill sé an ghnaoi sin go tapaidh. Ní maith le haon duine míchlú ar a thír dhúchais, ar ndóigh. A mhalairt ar fad shíl a lán go raibh cuma na haiféise agus na rámhaillíochta ag teacht ar óráidí Aittoniemi.

Go gairid ina dhiaidh sin, sa bhliain 1993, thosaigh an páirtí ag titim as a chéile. Bhunaigh feisirí faicsin nua pharlaiminte, agus d’fhág Aittoniemi féin slán ag an bpáirtí. Sa bhliain 1995 tháinig deireadh leis an bpáirtí, nuair a d’iompaigh amach go raibh an eacnamaíocht ag teip air. Bhunaigh Timo Soini páirtí nua, Perussuomalaiset nó na Fíor-Fhionlannaigh, sa bhliain 1995.

Tony Halme – an chéad fhear ag craobhscaoileadh ciníochais sna Fíor-Fhionlannaigh

Ba léir do Timo Soini ó thús nach raibh sé ciallmhar an iomarca béime a chur ar an gciníochas i bhfeachtais chanbhásála an pháirtí nua. A mhalairt ar fad dhírigh sé ar an Aontas Eorpach mar phríomhnámhaid, agus é ag iarraidh vótaí náisiúnaíocha a mhealladh leis an mbéim a chuir sé ar an bhfrith-Eorpachas. Timpeall ar an mbliain 2000, áfach, thosaigh sé ag caint ar “pháirtí náisiúnaíoch ón eite dheis i stíl Eorpach” a bhí sé le déanamh de na Fíor-Fhionlannaigh.

Ba é Tony Halme an chéad chomhartha de threoir nua an pháirtí. Coraí proifisiúnta a bhí ann agus clú domhanda air ó bhabhtaí coraíochta an World Wrestling Federation. Is é an leasainm a bhíodh air mar choraí ná Ludvig Borga, agus faoin am sin a d’aithníodh cairde na coraíochta proifisiúnta é. Ba nós leis caitheamh anuas ar na Gormaigh agus ar na homaighnéasaigh, ach is ar éigean is féidir a rá go raibh sé ina chiníochaí idé-eolaíoch, nó is fearr a rá nach raibh i gceist leis an gcineál sin cainte aige ach gaisciúlacht an mhacho.

Scéal eile ar fad, áfach, chomh béalchráifeach is a bhí sé: chloisfeá é ag cur mhí-úsáid na ndrugaí agus duáilcí éagsúla eile i leith an Pháirtí Ghlais, cé go raibh sé féin ina choirpeach chiontaithe agus dúil nimhe aige san alcól agus i ndrugaí. De réir a chéile chuaigh sé ar an drabhlás ar fad os comhair shúile na poiblíochta: bhí sé ag tógáil drugaí, ag druncaireacht, ag ionsaí daoine go foréigneach, ag útamáil le hairm thine gan cheadúnas agus ag tiomáint faoi thionchar an alcóil. Ghearr an chúirt téarma príosúnachta dó sa bhliain 2004 agus arís sa bhliain 2006, ach fágadh an phríosúnacht ar fionraí.

Sa bhliain 2010 thángthas air sa bhaile agus é marbh, agus is é an tátal a bhain na húdaráis as go raibh sé tar éis lámh a chur ina bhás féin. Bhí Jim Ross, iar-choraí proifisiúnta agus tráchtaire coraíochta, barúlach gur bulaí agus maistín a bhí i Halme nach raibh ina chaidreamhach mhaith agus nach raibh in ann treabhadh leis an gcuid eile den fhoireann, ach san am chéanna d’admhaigh sé gur ábhar trua a bhí ann i ndiaidh an iomláin, an dóigh a ndeachaigh sé chun donais le hólachan is le drugaí.

Pekka Siitoin – athair an Nua-Naitsíochais san Fhionlainn

Cé gur páirtí pobalóireachta agus tuathghríosóireachta ab ea páirtí Vennamo, ní dhearna an ciníochas mórán páirte ina chuid polaitíochta riamh. Bhí na Cumannaigh agus lucht leanúna an Pháirtí Láir ag cur Faisisteachais i leith Vennamo ó am go ham, ach má bhí féin, chuaigh an líomhain sin thar fóir ar fad. Na fíor-Fhaisistigh a bhí gníomhach sa tír san am, ní raibh cead isteach acu i bpáirtí Vennamo – le fírinne ba nós le Vennamo iad a shacáil an dá luas is a fuair sé amach go raibh tuairimí den chineál sin acu. Sin é an cineál cinniúint a bhí ag Pekka Siitoin, arbh é ceannasaí na Nua-Naitsithe san Fhionlainn ó na seachtóidí go lá a bháis sa bhliain 2003.

Rugadh Pekka Siitoin i Varkaus sa bhliain 1944. Is é an scéal a d’inis sé dá chlann féin gur leanbh tabhartha a bhí ann a saolaíodh do bhean Fhionlannach i ndiaidh cumann craicinn le hoifigeach Gearmánach. I mblianta an chogaidh bhí trúpaí Gearmánacha i dTuaisceart na Fionlainne, ach níl Varkaus (áit ar chaith mé féin blianta m’óige i dteach thuismitheoirí mo mháthar) in aon neasacht don Tuaisceart, agus tá sé de chlaonadh ionam a shíleadh nach raibh i gceist ach scéal a chum is a cheap sé le cúlra rúndiamhair rómánsúil a bhronnadh air féin.

Le fírinne is dóigh liom nach raibh ann ar dtús ach fear óg eile ar chuir an Tríú Reich draíocht rómánsúil air. Bhí – agus tá – luí ar leith ag muintir na Fionlainne leis an Tríú Reich, toisc gur thaobhaigh muid le Hitler sa bhliain 1941, nuair a d’ionsaigh a chuid trúpaí an tAontas Sóivéadach.

An Tríú Reich mar ábhar rómánsúlachta

Ba é ba chúis leis sin ná Cogadh an Gheimhridh sna blianta 1939-1940, nuair a shealbhaigh na Sóivéadaigh cúige na Cairéile agus tailte áirithe eile in Oirthear na Fionlainne. San am sin bhí an conradh neamhionsaí i bhfeidhm idir an tAontas Sóivéadach agus an Ghearmáin, agus d’fhéadfá a rá gurbh é Hitler ár námhaid, mar sin.

D’fhág an cogadh sin fonn díoltais ar na Fionlannaigh, agus nuair a thosaigh an Cogadh Leanúna, mar a thugas muintir na Fionlainne air – is é sin cogadh na Gearmáine agus an Aontais Shóivéadaigh – bhí tromlach na bhFionlannach barúlach nár mhiste dúinn dul chun cogaidh in éineacht leis na Gearmánaigh, agus dóchas acu as an nGearmáin mar chomhghuaillí a chuirfeadh ar ár gcumas ár gcríocha caillte san oirthear a athghabháil.

Sa deireadh áfach thosaigh an cogadh ag teip ar an gcomhghuaillí, agus thréig an Fhionlainn Hitler le sos cogaidh agus síocháin shealadach a shocrú leis na Comhghuaillithe. Ansin, chuir na saighdiúirí Fionlannacha an ruaig ar na trúpaí Gearmánacha i dtuaisceart na tíre, mar a d’éiligh an tAontas Sóivéadach. Mhair an cogadh seo ó Mheán Fómhair 1944 go hAibreán 1945. Lapin sota nó Cogadh na Laplainne a thugtar air.

Ba é Cogadh na Leanúna (1941-1944) an seal ab fhaide den Dara Cogadh Domhanda san Fhionlainn, agus mar sin, an chuid ba mhó den chogadh bhí muid i gcomhghuaillíocht leis an nGearmáin Naitsíoch. (Is fíor go mbíonn na Fionlannaigh drogallach comhghuaillíocht a thabhairt uirthi – is fearr linn an téarma aseveljeys, is é sin, compánachas cogaidh nó bráithreachas armtha.) Cé gurb é Cogadh an Gheimhridh is mó a bhíos mar ábhar bróid ag na Fionlannaigh agus an Dara Cogadh Domhanda faoi chaibidil, is iomaí Fionlannach a shíleas nach raibh Hitler go ródhona, ó bhí sé sásta cabhrú linn in aghaidh Stailín tráth. Thairis sin, is beag Fionlannach a chaith seal i gcampaí báis na Naitsithe, ach ón taobh eile de bhí cúis ag a lán dár muintir eagla a bheith orthu roimh champaí Stailín.

Mar sin, tá sé de chlaonadh sna Fionlannaigh a shíleadh nach bhfuil úimléid ar bith ag ainghníomhartha na Naitsithe i gcoimhthéacs ár staire féin. Admhaímid go raibh a leithéid de rud ann agus an tUileloscadh, nó na seomraí gáis, ach san am chéanna glactar leis gur thit an tUileloscadh amach ar phláinéad eile, a bheag nó a mhór. Ar ndóigh níl a leithéid seo de dhearcadh i bhfad ar shiúl ó shéanadh iomlán an Uilelosctha.

Blianta móra Pekka Siitoin

Ba nós “Führer na Fionlainne” a thabhairt ar Pekka Siitoin nuair a bhí sé beo breabhsánta – sin é an teideal atá ar a bheathaisnéis freisin, leabhar a tháinig ó pheann cúpla fear de lucht a leanúna. É féin áfach thugadh sé valtakunnanjohtaja air féin, téarma atá aistrithe focal ar fhocal ón leagan Gearmáinise Reichsführer, an chéim a bhí ag Heinrich Himmler.

Chuala an náisiún an chéad iomrá air thiar sna seachtóidí, nuair a chuaigh an chlólann úd Kursiivi trí thine – clólann a bhíodh ag priontáil Tiedonantaja, nuachtán an fhaicsin Stailínigh i bPáirtí Cumannach na Fionlainne. Dealraíonn sé nach raibh Siitoin féin i láthair na coire ag adhaint na tine; mar sin féin gearradh téarma príosúnachta dó, ó shíl na húdaráis gurbh eisean a phleanáil an coirloscadh seo. Roimhe sin bhí aithne acu air mar nua-Naitsí, agus é tar éis loitiméireacht a dhéanamh ar shionagóga.

Bhí cuid mhaith daoine san Fhionlainn míshásta le chomh láidir is a bhí na Cumannaigh i bpolaitíocht na tíre sna seachtóidí, go háirithe le faicsean Stailíneach an pháirtí Chumannaigh a raibh an-tacaíocht ag dul chuige ó dhaoine óga radacacha. Ba ghnách taistolaiset a thabhairt ar an bhfaicsean – d’fhéadfá an t-ainm sin a aistriú mar “lucht cathachais” nó “lucht cointinneachais”, ach le fírinne fuair an faicsean a ainm ón bhfear a bhí ina cheannasaí neamhoifigiúil air, seanpholaiteoir darbh ainm Taisto Sinisalo. “Cath” is brí leis an ainm sin Taisto, agus sa deireadh ghreamaigh an t-ainm den fhaicsean go léir, ó thug sé léiriú chomh gonta ar mheon na gluaiseachta.

Mar sin, bhí cuid de mheoin an lárshrutha féin sásta trácht tuisceanach a dhéanamh ar Siitoin san am. Is dócha go bhféadfadh sé tacaíocht nár bheag a thabhú dó féin ó dhaoine neamh-antoisceacha freisin dá mbeadh sé in ann díriú ar thraidisiún náisiúnta an tírghrá agus an bhéim a chur ar an bhfrith-Chumannachas. Mar a d’iompaigh an scéal amach, áfach, bhí Siitoin róthugtha do shainéidí na Naitsithe agus dá bhfrith-Ghiúdachas, agus mar sin, ní dhearna sé ach staicín aiféise de féin sa deireadh.

Ba ghnách leis dul ar paráid lena lucht leanúna i Naantali, an chathair bheag i gcósta thiar theas na Fionlainne ina raibh cónaí air, agus bratacha móra svaistice in airde aige, agua níor chuir an gheáitsíocht is an ghaisciúlacht seo ach fonn gáire ar na daoine. Níorbh fhéidir leis an lucht féachana mórán a thuiscint de na nathanna Gearmáinise a bhí ar na fógraí a bhí á n-iompar ag Siitoin agus a chuid cairde.

Rinne Siitoin iarrachtaí áirithe teoiric pholaitiúil a fhorbairt dá “ghluaiseacht”, ach má rinne féin, ní raibh mórán úimléide ina chuid scríbhinní, agus ní raibh ródhóigh aige ar an bhFionlainnis scríofa ach an oiread. Bhí an-suim aige i gcúrsaí briotaise, breachtraíochta agus draíochta chomh maith, agus siopa leabhar aige ina ndíoladh sé scríbhinní ciníochais agus briotaise.

Bás agus Oidhreacht Pekka Siitoin

Fuair Siitoin bás go luath i ndiaidh chasadh na mílaoise. Faoin am sin bhí an chuma ar an bhfear go raibh a ré – agus ré an nua-Fhaisisteachais i saol polaitiúil na Fionlainne – thart ar fad. Ní raibh a “ghluaiseacht” ró-inchreidte ó thaobh an tírghrá de riamh, ar maos mar a bhí sí le siombailí Naitsíocha Gearmánacha, gan aon trácht a dhéanamh ar chomh tugtha is a bhí sé do na frásaí droch-Ghearmáinise a tharraingíodh sé chuige go mion minic.

Nuair a bhí Veikko Vennamo beo bríomhar i gcónaí, ní rithfeadh leis aon chineál Naitsíochas nó Gearmánachas a cheadú ina pháirtí féin. Le muintir na tuaithe ba mhó a chomhionannaigh sé é féin, agus faoin tuath ba mhó a chuaigh sé ar lorg vótaí. Bhí páirtí traidisiúnta na tuaithe, an tAontas Tuaithe/an Páirtí Láir, sách drochamhrasach i leith na Gearmáine i mblianta an chogaidh féin, agus le linn Chogadh na Laplainne rinne na saighdiúirí Gearmánacha an-léirscrios ar fud thuaisceart na tíre.

Mar a deir an seanfhocal, d’imigh sin agus, faraor, tháinig seo. De réir is mar a shealbhaigh polaiteoirí na heite deise antoiscí páirtí na bhFíor-Fhionlannach, thosaigh nua-Naitsíochas den chineál is gránna ag ardú a chinn sa pháirtí go soiléir.

Bean óg a bhí ina hiarrthóir ag an bpáirtí i dtoghcháin na rialtas áitiúil in Kirkkonummi, ceantar tuaithe díreach taobh thiar de mhórcheantar uirbeach Heilsincí, bhíodh sise ag spalpadh léi ar an bhFacebook agus ar a lán fóram eile ar an Idirlíon faoi chomhcheilg idirnáisiúnta na nGiúdach, agus nuair a bhí de cheann dána i nduine éigin a cuid tuairimí a cháineadh, tharraing sí chuici focail David Duke mar fhianaise: “An dóigh leat gur fear mire é David Duke?” Shílfeá óna cuid focal gur údarás doshéanta a bhí in Duke – le fírinne tá aithne ag muintir na Fionlainne, chomh maith le muintir an domhain go léir, ar Duke mar dhuine de na nua-Naitsithe is gránna sna Stáit Aontaithe.

Mar sin, cuid de pholasaí nua na bhFíor-Fhionlannach é frith-Ghiúdachas a tharraingt isteach i saol polaitiúil na Fionlainne – rud nach raibh coinne ag aon duine leis, tharla nach féidir a rá go mbeadh mórán traidisiúin ag an bhfrith-Ghiúdachas sa tír seo againn.

Nuair a rinne lucht antoisceachais na heite deise a bhfódú i bPáirtí na bhFíor-Fhionlannach cúig éigin bliana ó shin, ba é an frith-Mhuslamachas an chloch ba mhó ar a bpaidrín. Sin rud nach gcuireann iontas ar mhórán, nó is é sin faisean na heite deise antoiscí inniu, fud fad na hEorpa. Dealraíonn sé áfach nach féidir le grúpaí antoisceacha na heite deise brú a dtraidisiúin féin a sheasamh, agus an fuath ar na Giúdaigh préamhaithe go smior sa traidisiún sin.

Cé nach tír fhrith-Ghiúdach í an Fhionlainn, is dócha gur éirigh le Siitoin síol an traidisiúin sin a chur anseo. Mar sin, anois, agus antoiscigh na heite deise ag teacht chun solais faoi bhratach na bhFíor-Fhionlannach, tá an frith-Ghiúdachas féin á lárshruthú.

Cumasc na dTuathghríosóirí is na bhFuathghríosóirí

 

Chomh luath leis an mbliain 2000 bhí Timo Soini, cathaoirleach na bhFíor-Fhionlannach, ag déanamh gaisciúlachta as an “bpáirtí pobalóireachta i stíl Eorpach” a bhí sé meáite a chur ar bun san Fhionlainn. Is éard a bhí i gceist aige ná páirtí a bheadh ní ba chosúla le “Páirtí Saoirse” na hOstaire nó le “Fronta Náisiúnta” na Fraince ná le seanpháirtí Vennamo. Mar a chonaic muid sa chéad chuid den tsraith seo agam, níor éirigh leis nuair a chuaigh sé i dtuilleamaí Tony Halme, ós rud é nach ndearna an dornálaí bocht ach ábhar gáire den pháirtí, an dóigh a raibh sé ag lochtú lucht drugaí agus coirpigh agus ag déanamh coireanna agus ag craosaireacht ar phiollaí san am chéanna.

Faoiseamh a bhí ann do mhuintir na Fionlainne a fheiceáil nár éirigh le Soini a chuspóir a bhaint amach le cabhair Halme. Scéal eile fós an dóigh ar náiríodh fear d’oidhrí polaitiúla Siitoin, cúpla bliain i ndiaidh chasadh na mílaoise, nuair a fuair sé áiméar a chuid smaointí a mhíniú don uile náisiún ar an teilifís. San am sin ba é an téarma sofhriotail a bhí ag an eite dheis chiníoch ar a n-idé-eolaíocht féin ná réalachas cine – teilgean cainte a tháinig as focalcheárta an “chiníochais eolaíoch” sna Stáit Aontaithe agus a haistríodh go Fionlainnis go gairid ina dhiaidh sin. Tá sé rófhollasach, áfach, nach bhfuil sa téarma seo ach malairt ainm ar chiníochas lom, agus mar sin níor tharraing an fear bocht ach gáire dímheasúil anuas air féin.

Ó “réalachas cine” go “criticeoireacht inimirce”

Timpeall ar lár an chéad deich mblian i ndiaidh chasadh na mílaoise, mar sin, bhí an chuma ar shaol phoiblí na Fionlainne nach raibh áit ná áras ar fáil ar fáil ann don chiníochas ná don nua-Naitsíochas. Chreid muid go raibh Timo Soini tar éis a cheacht a fhoghlaim i ndiaidh an scigdhráma a tharraing Tony Halme: d’íoc sé deachú an chiníochais gan a dhath a ghnóthú air. Bhí Halme in ann vótaí na ndruncairí agus na mionchoirpeach sna bruachbhailte a bhaint amach don pháirtí, ach sin a raibh ann: ní raibh sé ábalta fíorpholaiteoireacht a dhéanamh. Agus maidir le fear an “réalachais chine”, ón dóigh ar náirigh na hiriseoirí teilifíse é ba léir duit nach raibh mórán seansanna i sochaí na Fionlainne.

Ansin tharla rud nach raibh coinne ag aon duine leis. Chuaigh na tuathghríosóirí – is é sin, páirtí Timo Soini – agus na fuathghríosóirí – is é sin, na lom-Naitsithe ón Idirlíon – le chéile faoi aon bhratach amháin, agus d’éirigh leo thar ar taibhsíodh d’aon duine. Bhain siad amach vóta as gach cúigear in olltoghcháin na bliana 2011 agus tháinig cuma eile ar fad ar shaol na Fionlainne.

Cad é ba chúis leis an athrú seo? Ní dhearna na lom-Naitsithe úd ach a n-idé-eolaíocht a athbhrandáil, mar a déarfadh lucht na margaíochta. Bhaist siad “criticeoireacht ar an inimirce” ar an “réalachas cine” a bhí á chraobhscaoileadh acu roimhe sin, agus ar an toirt bhí gal agus ráchairt ar antoisceachas na heite deise. Níor athraigh úimléid ná ábhar na cainte ar aon nós, ach dealraíonn sé go raibh cuid mhaith daoine san Fhionlainn sásta tacú leis an eite dheis antoisceach ar acht is go mbeadh brandáil cheart ann.

“Aerfhlaitheas” an Idirlín

San am chéanna, chrom na nua-Naitsithe ar fheachtas fhada leis an “aerfhlaitheas” a bhaint amach ar an Idirlíon, mar a dúirt siad féin. Is éard a bhí i gceist leis ná nach bhfaighfeá foscadh ná fothain ó na nua-Naitsithe in aon áit ar líne: bhí soiscéal na gcriticeoirí inimirce á chraoibhscaoileadh fud fad na bhfóram comhrá. Más fóram lucht ólta tae nó leathanach comhrá do bhailitheoirí stampaí a bhí ann, thiocfá ar dhuine anseo a bhí ag crá an chuid eile le bolscaireacht in aghaidh na Muslamach, agus má bhí aon duine de ghnáthóirí an fhóraim chomh dana is go n-iarrfadh sé ar an mbolscaire an fóram a thréigean ó nach raibh rud ar bith le rá aige i dtaobh tae nó stampaí, bheadh an duine sin faoi ionsaí ag treallchogaithe Idirlín na heite deise antoiscí ar an toirt – ar an bhfóram sin, ar na fóraim eile agus ar fhóram na heite deise céanna féin.

D’fhág na síorionsaithe seo eagla agus baspairt ar na nuachtáin roimh an eite dheas antoisceach. Dá thoradh sin ní leomhfadh na hiriseoirí criticeoireacht ar bith a dhéanamh ar an bpáirtí. Ón lá a bhfuair an eite dheas antoisceach an chéad éisteacht sna meáin, bhí na hiriseoirí thar a bheith drogallach aon ghné de pholaitíocht is de pholasaithe na gciníochaithe sna Fíor-Fhionlannaigh a lochtú – cé go raibh siad breá sásta caitheamh anuas ar na páirtithe eile i gcónaí, díreach mar a bhí siad riamh.

In imeacht na mblianta, fuair na hantoiscigh chiníocha cumhacht nár bheag ar phreas na Fionlainne. Mé féin bhí mé i mo cholúnaí Idirlín ar an bportal úd Plaza.fi ag déanamh tráchtaireachta ar chúrsaí reatha sna blianta 2006-2013, agus na hantoiscigh chéanna ag iarraidh a n-úsáid féin a bhaint asam lena soiscéal féin a chraobhscaoileadh. Nuair nár éirigh leo, thosaigh siad ag cur brú ar an bportal an sac a thabhairt dom. Sa deireadh tugadh bata agus bóthar dom i ndiaidh seacht mbliana san obair seo. Ba é an míniúchán a tugadh dom ná go raibh cúiseanna eacnamaíochta i gceist, ach roimhe sin féin fuair mé rabhadh i ndiaidh rabhaidh ó léiritheoir an phortail maolú ar an gcriticeoireacht ar antoiscigh na heite deise. Mar sin, tá mé claonta a shíleadh nach raibh sna “cúiseanna eacnamaíochta” ach siocair bhocht, go háirithe má choinnímid cuimhne air go raibh mo cholún ar an leathanach ba mhó gliogálacha sa phortal le fada.

Níl mé féin ar an t-aon iriseoir amháin a chaill a jab ar an dóigh seo. Cúpla bliain ó shin, bhí sé de mhisneach ag Tuomas Muraja, iriseoir seanbhunaithe ar an nuachtán úd Turun Sanomat trácht ar an reitric chinedhíothaitheach a bhíodh á cleachtadh ag comhghuaillithe nua Soini ina gcuid blaganna leis na blianta fada anuas. Shílfeá go mbeadh a leithéid d’fhear réasúnta díonta ar bhagairtí “eacnamaíocha”, ó bhí seal fada caite aige ina chomhfhreagraí Eorpach ag tuairisciú ón mBruiséil agus ó Strasbourg. Thairis sin, bhí Fraincis agus Spáinnis ar a thoil aige, dhá theanga nach bhfuil traidisiún a bhfoghlamtha róláidir san Fhionlainn. Mar sin féin, nuair a bhí sé tar éis trí cholún a scríobh faoi bhagairt na bhfuathghríosóirí i rith bliain go leith ama – colún amháin in aghaidh na leathbhliana! – tugadh an sac dó.

Níl anseo ach dhá ócáid, ach thiocfadh liom tuilleadh samplaí a lua as measc lucht m’aitheantais féin. Tá an chuma ag teacht ar an scéal go bhfuil cumhacht cinsireachta ag an eite dheis antoisceach i saol iriseoireachta na Fionlainne inniu, agus cairde sa chúirt acu a chuireas ar a gcumas a gcuid bagairtí a chur i gcrích.

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s