Even more about definite genitive

Remember that the possessive pronouns also make the noun definite. Mo chara means, not “a friend of mine” (that would be cara liom) but “my friend”.

Once there was an example like this in Comhar: shíl siad gur guth ár ndúchais é Oscar Wilde. This is wrong. Correct possibilities are: shíl siad gurbh é Oscar Wilde guth ár ndúchais (“they thought that O.W. was THE voice of our roots/identity/native culture”) and shíl siad gur guth dár ndúchas é Oscar Wilde (“they thought that O.W. was A voice [speaking] for our roots/identity/native culture”).

Syntax is important. Pay attention to it.

Advertisements

More about definite genitive

Remember that the definite genitive corresponds to THE x of THE y in English. Thus, you can’t say dalta na scoile if you mean A pupil of the school, ONE pupil of the school, because dalta na scoile means THE pupil of the school – as though there was only one pupil at the school. (When you say fear an phoist for “the postman”, you actually do suggest that there is only one postman serving the place, or that whoever does the job is THE postman.)

One of the pupils is, of course, dalta de chuid na scoilei.e. one of the “share” of the school. Like, there was a global pool of pupils, and this particular school had its particular share of them.

My list of alliterative runs in Irish

A LIST OF ALLITERATIVE RUNS – RUTHAIG UAMACHA

Alliterative runs are a feature of traditional Irish style, and you will find at least some of them in any book written by a native speaker or collected from native storytellers and tradition-keepers. So, if you want to give your Irish a traditional polish, here is a list of such runs you can study. Some are chains of adjectives, some are combinations of nouns, some of a noun and one or more adjectives.

Cuid de stíl thraidisiúnta na Gaeilge iad na ruthaig uamacha, agus tiocfaidh tú orthu i ngach leabhar le scríbhneoir a bhfuil an teanga ó dhúchas aige agus i ngach bailiúchán béaloidis a breacadh síos ó bhéalaithris na scéalaithe is na seanchaithe dúchasacha. Mar sin, más maith leat snas na teanga traidisiúnta a chur ar do chuid Gaeilge, is féidir leat staidéar a dhéanamh ar an liosta seo thíos. Cuid de na ruthaig seo is slabhraí d’aidiachtaí iad, cuid eile acu is ainmfhocail iad a bhfuil baint chomhréire éigin acu le chéile, cuid eile arís is éard atá iontu ná ainmfhocal agus aidiachta(í) á leanúint.

BEAG – BROSANTA – BLÁFAR: Bean bheag bhrosanta bhláfar ab ea í. (Sayers 1998, p. 146)

BEATHA – BUÍOCHAS: Níl inti ach cineál meaisín leis an talamh a ghlanadh agus le airgead a dhéanamh dá máistir gan bheatha gan bhuíochas(Ó Finneadha 2015, p. 16)

BOIGE – BREÁTHACHT: Ach de réir mar a bhíonn an t-earrach ag imeacht bíonn an aimsir ag dul i mboige agus i mbreáthacht. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 52)

BREÁ – BOG: Tá an aimsir breá bog cneasta, buíochas le Dia. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 51)

BREÁ – BROTHALLACH: Bíonn an uain go breá brothallach(Ó Cadhlaigh 2013, p. 53)

BREÁ – BUÍ: …roimh dheireadh an tsamhraidh bíonn an t-arbhar go breá buí (Ó Cadhlaigh 2013, p. 54)

BRÍOMHAR – BEATHAITHE: Bíonn sé go bríomhar beathaithe, lúth is neart ina ghéaga… (Ó Cadhlaigh 2013, p. 23)

BRISTE – BRÚITE: …thógadar gach corp briste brúite (Ó Dubhda 2011, p. 94)

BRISTECHROÍOCH – BRÓNACH: B’éigean do imeacht agus bóthar na coda eile do thabhairt air go bristechroíoch agus go brónach. (Sayers 1998, p. 161. Of course it should be b’éigean …, and bóthar na coda eile a thabhairt air, but the source uses a very dialectal orthography.)

BRÓN – BRISEADH CROÍ: Bhí sé sásta go leor ansan, cé go raibh brón agus briseadh croí air féin. (Sayers 1998, p. 163)

BRUÍON – BEARRADH: …gan iad a bheith ag bruíon is ag bearradh ar feadh na tráthnóna. (Ó Dubhda 2011, p. 88)

CAM – CAIMILÉIREACH: Is cam caimiléireach a tháinig siad ar an saibhreas. (Ó Conaire 1970, p. 23)

CAS – CANCRACH: …ní haon ionadh é bheith go gruama brónach agus go cas cancrach. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 23)

CASACHT – CÁRSÁN: Bhuail casacht is cársán é. (Ó Conaire 1970, p. 24)

CÍORADH – CEANGAILT: Bhí sé cos-nochtaithe agus ceann-nochtaithe, agus a mhothall ciarghruaige gan cíoradh gan ceangailt. (Ó Fiannúsa 2008, p. 13)

CÍORADH – CUR TRÍ CHÉILE: [Is iomaí] rud a cíoradh agus a cuireadh trí chéile an tráthnóna úd cois na tine. (Sayers 1998, p. 135)

CÍOS – CÁS – CATHÚ: …is me [= agus mé] go hóg aerach, gan cíos cás ná cathú orm an uair sin. (Sayers 1998, p. 155)

CIÚIN – CIALLMHAR: Do bhí buachaill ciúin ciallmhar chun féachaint im dhiaidh…(Sayers 1998, p. 137)

CIÚIN – CNEASTA: Bhí an Mhaol féin chomh ciúin chomh cneasta san is gur dhóigh leat nár dhein sí díobháil ná dochar…(Sayers 1998, p. 155)

CRÁITE – CÉASTA: Sea, is go bhfuilimse féin cráite céasta le méid a bradaíle féin. (Ó Fiannúsa 2008, p. 11)

CRUA – CASTA: Cuirim ceisteanna orm féin, ceisteanna seafóideacha b’fhéidir, ceisteanna crua casta amanta. (Ó Finneadha 2014, p. 9)

CRUATAN – CEALGAIREACHT: […] b’fhuirist a aithint air nár bhain pioc de chruatan ná de chealgaireacht an tsaoil fós leis. (Ó Dubhda 2011, p. 15. Fuirist is a form of furasta ‘easy’ you see in Munster literature.)

CRUINN – CÚRAMACH: Mar cuirim chun oibriú na feirme mar is ceart go cruinn is go cúramach. (Ó Fiannúsa 2008, p. 9)

CUMTHA – CÓRACH: …agus é go cumtha córach. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 23)

DATHÚIL – DEA-CHRAICINN: Bíonn sé go dathúil dea-chraicinn. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 23. Note that dathúil is an adjective, dea-chraicinn is a noun in genitive case.)

DEALBH – DÓLÁSACH: Teaghlach Dealbh Dólásach (Ó Fiannúsa 2008, p. 13)

DÍCHEALLACH – DEA-IOMPRACH: Bhí cuid acu dícheallach dea-iomprach ag iarraidh iad féin is a gclanna a ardú as an bpoll salachair… (Ó Dubhda 2011, p. 40)

DIL – DÚTHRACHTACH: …phóg sí go dil dúthrachtach é. (Sayers 1998, p. 147)

DÍOBHÁIL – DOCHAR: Bhí an Mhaol féin chomh ciúin chomh cneasta san is gur dhóigh leat nár dhein sí díobháil ná dochar(Sayers 1998, p. 155)

DÍOCHRA – DÚTHRACHTACH: …tá Maighistir Seán Carsuel, Ministir Shoiscéal Dé ag guí agus ag géar-atach Dé go díochra dúthrachtach fá spiorad an ghlicis agus na tuisceana agus na fírinne a neartú… (Ó Doibhlin 2006, p. 35)

DÍREACH – DAINGEAN: ”Ní fhanfaidh mé ar ao’ chor”, arsa sé go díreach daingean. (Ó Fiannúsa 2008, p. 16)

DÚR – DOICHEALLACH: Tá an long ag teannadh aniar leis na Sceirdí dúra doicheallacha(Ó Conaire 1970, p. 16)

DÚTHRACHTACH – DÁIRÍRE: [D]úirt [siad] go dúthrachtach dáiríribh an phaidir álainn ghlórmhar… (Ó Fiannúsa 2008, p. 18. Dáiríribh is a common parallel form of dáiríre)

FAGHAIRT NA FEIRGE: Is beag duine sa mórchomhluadar meidhreach sa halla nár mhothaigh fiuchadh fola ina fhéitheacha, agus faghairt na feirge ina chroí… (Ó Fiannúsa 2008, p. 2)

FÁILÍ FÁILTEACH: Ar theacht isteach di chuir sí meangadh fáilí fáilteach [uirthi] féin le Brian Puirséal. (Kickham/Ó Cadhain 1986, p. 6. I inserted the word uirthi, which seems to be missing in the source.)

FIAL – FAIRSING: De réir mar a bhí sé ag dul i neart agus in éifeacht, bhí an pheataireacht dá réir leis, agus go fial fairsing, nó go dtí faoi dheireadh nach bhféadfadh duine féachaint go díreach air. (Ó Finneadha 2014, pp. 11-12)

FIALCHROBH – FÁILTIÚIL: Líon sé amach dhá thaoscán le fialchrobh fáiltiúil, óir bhí sé féin súgach cheana féin. (Ó Fiannúsa 2008, p. 7)

FIUCHADH FOLA: Is beag duine sa mórchomhluadar meidhreach sa halla nár mhothaigh fiuchadh fola ina fhéitheacha, agus faghairt na feirge ina chroí… (Ó Fiannúsa 2008, p. 2)

FÓGAIRT – FOLÁIREAMH: Do dhruid an leathchomhla gan fógairt gan foláireamh (Ó Fiannúsa 2008, p. 19)

FUACHT – FAITÍOS: Ach labhraíodh chuile dhuine dhó féin, gan fuacht ná faitíos(Ó Finneadha 2015, p. 16)

FUAR – FLIUCH – FIÁIN: …bíonn tosach an earraigh go fuar fliuch fiáin(Ó Cadhlaigh 2013, p. 52)

FUARLEACA FÍORÍOCHTAIR IFRINN: Glan leat as mo radharc a bhitch agus síos go fuarleaca fíoríochtair ifrinn leat! (Ó Fiannúsa 2008, p. 3. I’d prefer to capitalize Ifrinn, because Ifreann ‘Hell’ is in Irish usually treated as a proper noun, being definite without definite article.)

GÁBH – GUAISEACHT: …gan féachaint do chontúirt ná do ghábh ná do ghuaiseacht dá raibh oraibh… (Ó Doibhlin 2006, p. 36. Both gábh and guaiseacht mean ‘danger’, although they might be less common than dainséar, contúirt and baol. In my opinion, though, gábhadh and guais are the more common forms of these words today, at least in modern Ulster Irish literature.)

GAFA – GLÉASTA: Agus níorbh iontaí liom an sneachta dearg ná an fear breá dathúil a fheiceáil istigh ar an urlár agam; teanga bhreá Ghaeilge aige; é gafa gléasta. (Ó Conaire 1970, p. 28)

GAOTH – GARBHSHÍON: …cnuasaítear iad sula dtagann gaoth agus garbhshíon an gheimhridh. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 55.)

GARBH – GLASCHAORACH: Bhí culaith gharbh ghlaschaorach air…(Ó Fiannúsa 2008, p. 13)

LAG – LÚBACH: Is suarach an mac a d’fhágfadh a mháthair, atá lag lúbach, léi féin… (Ó Conaire 1970, p. 12)

LEATHAN – LÁIDIR: …a bhrollach is a ghuaillí go leathan láidir(Ó Cadhlaigh 2013, p. 23)

LOM – LÁNDÓITE: Na beithígh nárbh fholáir a choimeád istigh sa dúluachair bíonn siad ar a gcúilín seamrach ag iníor (fosaíocht) dóibh féin sna páirceanna glasa a bhí go lom lándóite i rith an gheimhridh. (Ó Cadhlaigh 2013, p. 53)

LUATH – LÁIDIR: An duine a bhíonn go luath láidir(Ó Cadhlaigh 2013, p. 23)

LÚD – LÁR: Rugadh ar fad muid inár ndeargáin bhochta faoi ualach an pheaca gan teideal gan ghairm, gan lúd gan lár ach inár mbéiceadáin lagbhríocha…(Ó Finneadha 2015, p. 16)

MAITH – MAOIN: …go raibh sé ina abhlóir cantalach gan maith gan maoin… (Ó Finneadha 2015, p. 12)

MAITHEAS – MAITH: Nuair a thángthas go dtí an cúigiú corp mheas na daoine ná raibh maitheas ná maith leis an iniúchadh. (Ó Dubhda 2011, p. 95)

MAORGA MÓRÁLACH: Ba dhóigh leat gur túisce a bhí an fhéasóg ann ná an fear maorga mórálach ar leis í. (Ó Conaire 1970, p. 17)

MEADHRÁN – MEARATHAILL: Bhailigh an tseana-bhean a seál timpeall a seangchoirp s[h]noite is thriall go bacach i dtreo dhoras an bhotháin, mar neach go mbeadh meadhrán mearathaill air is ná mothódh ach ar éigin go raibh sé beo (Ó Fiannúsa 2008, p. 15)

MEIDHIR – MEANMNA: …agus duine amháin nár thug tál na mbó meidhir agus meanmna dhó (Ó Finneadha 2015, p. 16)

MEIDHREACH – MÓMHAR: Bhíodh éanla i gcrainn go meidhreach mómhar(Merriman 1982, p. 19)

MEIRBH – MÁNLA: …d’fhreagair an tseana-bhean go meirbh mánla(Ó Fiannúsa 2008, p. 19)

MÍN – MARBH: Nuair a chonac arís é bhí sé mín marbh. (Sayers 1998, p. 158. Chonac is the Munster synthetic form for ‘I saw’, chonaic mé in other dialects.)

MIONN – MÓID: …thug sé mionn agus móid a bheith suas leis lá éigin. (Ó Dubhda 2011, p. 49. Both words mean ”oath, pledge”.)

MÓR – MAISEACH: Dá mbeadh sé d’ádh ar Éirinn go mba thír mhór í, agus rialtas dá chuid féin a bheith ag Ros na gCloch faoin bpríomh-Rialtas, é a bheith ina limistéar mór maiseach saibhir, agus dá mbeifí ag brath ar phrionsa nó ar sheanascal a thoghadh le breithiúnas a thabhairt ar cheisteanna móra tábhachtacha a bheadh ag dul idir comhairleoirí agus codladh na hoíche, is ar Éamann Rua a leagfá lámh. (Ó Conaire 1970, p. 18)

MÓRCHOMHLUADAR MEIRGEACH: Is beag duine sa mórchomhluadar meidhreach sa halla nár mhothaigh fiuchadh fola ina fhéitheacha, agus faghairt na feirge ina chroí… (Ó Fiannúsa 2008, p. 2. Personally, I would prefer sa mhórchomhluadar mheidhreach, writing standard Irish. Note that fiuchadh fola alliterates, too.)

MÚCHTA – MARBH: Bíonn muintir na gcathrach agus na mbailte móra múchta marbh ag an teas míchuibhseach…(Ó Cadhlaigh 2013 p. 53.)

OIRIRC – ONÓRACH: Nós oirirc onórach atá fós agus a bhí riamh i bhfeidhm ag na daoine… (Ó Doibhlin 2006 p. 35)

RÚCAM RÁCAM – RÍRÁ: Mar is eol don saol Fódlach tá an rúcam rácam agus an rírá ar fud an domhain mhóir mar gheall ar an tolgadh seo…(Ó Finneadha 2015, p. 14)

SÉITHLEACH – SEARBH – SEALBH – SAIBHREAS: An séithleach searbh gan sealbh gan saibhreas [a] d’fhéachfadh tamall thar bharra na gcoillte… (Merriman 1982, p. 19)

SÓNTA – SOTALACH: Mura muid atá sónta sotalach, arsa Labhras go doicheallach. (Ó Conaire 1970, p. 26)

SOS – SÍOCHÁIN: Leanais den phlámás is den mhealladh go dtí gur aontaíos, sa deireadh, ar son sosa is síochána. (Ó Dubhda 2011, p. 17.)

STÓRÁILTE – SÁBHAILTE: …d’fhág sin go raibh siad stóráilte sábháilte maidir leis an bpóca agus airgead tirim. (Ó Finneadha 2014, p. 10)

SUAIMHNEAS – SÍOCHÁIN: Bhí gach rud chun suaimhnis is síochána ach an t-aon rud amháin. (Ó Dubhda 2011, p. 82)

SUAITE – SCAMHAITE: …cé go ndéarfadh daoine gur mithid don phlaosc chéanna bheith suaite scamhaite ó thonnta tréana borba na farraige… (Sayers 1998, p. 155)

SÚGACH – SULTMHAR: Bhí sé súgach; bhí sé sultmhar. (Ó Dubhda 2011, p. 31)

SUIM – STUACAÍOCHT: Líon an tiarna gloine eile amach dó, agus é ag bíogadh le neart suime agus stuacaíochta. (Ó Fiannúsa 2008, p. 8)

TALAMH – TIARNAS: Níl talamh ná tiarnas ann. (Sayers 1998, p. 162)

TALAMH – TÍR: Do ghealadh mo chroí an uair [a] chínn Loch Gréine, an talamh ‘s an tír is íor na spéire… (Merriman 1982, p. 19; chínn means the same as d’fheicinn)

TOIRBHIRT – TÍOLACADH: …ar an ábhar sin chonacthas domsa gurbh indéanta dom an saothar beag seo […] a thoirbhirt agus a thíolacadh duitse, a thiarna… (Ó Doibhlin 2006, p. 36)

TOIRT – TÉAGAR: Ba mhíol mór ar trá é le toirt is téagar. (Ó Conaire 1970, p. 21)

TOLGACH – TORANNACH – TROM: Dath an locha agus gorm na dtonn ag teacht go tolgach torannach trom. (Merriman 1982, p. 19)

Sources/Foinsí:

Kickham/Ó Cadhain 1986”: Kickham, Charles J: Saile Chaomhánach, Na hUaigheanna Folmha. Máirtín Ó Cadhain a d’aistrigh, an Dr. Tomás de Bhaldraithe a d’ullmhaigh an t-eagrán seo. An Gúm, Baile Átha Cliath 1986

Merriman 1982”: Merriman, Brian: Cúirt an Mheon-Oíche. Liam P. Ó Murchú a chuir in eagar. Leabhair Thaighde, An Clóchomhar Tta, Baile Átha Cliath 1982

Ó Cadhlaigh 2013”: Ó Cadhlaigh, Cormac: Slí an Eolais agus Eagna an Ghaeil. Evertype, Cathair na Mart 2013

Ó Conaire 1970”: Ó Conaire, Pádhraic Óg: Éan Cuideáin. Oifig an tSoláthair, Baile Átha Cliath 1970

Ó Doibhlin 2006”: Ó Doibhlin, Breandán: Manuail de Litríocht na Gaeilge. Faisicil II. Litríocht le linn an Choncais, 1536-1616. Coiscéim, Baile Átha Cliath 2006

“Ó Dubhda 2011”: Seán a’ Chasáin (= Ó Dubhda, Seán): An Mairtíneach le Seán a’ Chasáin, Coiscéim, Baile Átha Cliath 2011

“Ó Fiannúsa 2008”: Ó Fiannúsa, Pádraig: Ghaibh a Leithéid an tSlí Tráth. Cló Chois Móire, Port Láirge 2008

Ó Finneadha 2014”: Ó Finneadha, Cóil Learaí: An Ghlanfhírinne. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán 2014

“Sayers 1998”: Peig, A Scéal Féin. Eagarthóirí: Máire Ní Mhainnín, Liam P. Ó Murchú. An Sagart, An Daingean 1998.

Snakes on a plane? Sure, but in Irish

The language of aviation is English, and even in languages less endangered than Irish, aviation terms commonly are relatively raw borrowings from English. However, we sure can do better. So, here are the parts of a plane.

The plane itself is eitleán, which is a masculine word (an t-eitleán, an eitleáin, na heitleáin, na n-eitleán), but typically referred to with a feminine pronoun (the same applies to boats, ships and other vehicles). In old days, most eitleáin had a lián which is a propeller, attached to a seafta liáin or a propeller shaft for the traiseoladh cumhachta or transmission of power from the engine, inneall. Small planes even today usually have an inneall comhbhuailteach or inneall frithingeach, i.e. a reciprocating engine, and such an engine has sorcóirí, cylinders, and loiní – pistons – the way the internal combustion engine or inneall dócháin inmheánaigh of a gluaisteán has. You can call a reciprocating engine a piston engine – inneall loiní – too. Loine is a feminine word: an loine, na loine, na loiní, na loiní.

However, passenger planes these days are usually jet planes, scairdeitleáin. A jet engine is called scairdinneall, and it has a compressor – comhbhrúiteoir – for air intake (aer-iontógáil). Behind the compressor there is the combustion chamber, cuasán dó (or maybe cuasán dócháin!), where the breosla or fuel is consumed, and then the stream of fuel turns the tuirbín or turbine. There are also turboprop engines – inneall turba-liáin – and turbofan engines – inneall turba-fean. That word looks like a very raw loanword indeed.

The main part of the plane is the cabhail or fuselage – it is a feminine noun, an chabhail, na cabhlach, na cabhlacha, na gcabhlach. Inside the fuselage you’ll find the cábán or cabin, with the stewards and air hostesses – in Irish, both are called óstach or aeróstach, and this is a first-declension masculine noun: an t-aeróstach, an aeróstaigh, na haeróstaigh, na n-aeróstach. For cabin stewards, the word stíobhard can be used too. It is an old and well-established loanword (and even in my country’s first language the word used is “stuertti”, so using stíobhard is just fine).

A modern aerlínéar (airliner) will fly at high altitudes – sroichfidh sí an-airde agus í ag déanamh a bealaigh, tá a fhios agat. So, it is necessary for the cabin to be pressurized or brúchóirithe. Note the similarity of aerchóiriú ‘air-conditioning’ and brúchóiriú ‘pressurization’ – the second one means, word by word, ‘pressure-conditioning’. Makes sense, doesn’t it? Both are part of the córas rialaithe timpeallachta or environmental control system.

An aircraft has also something called eitleonaic or avionics. I must say I am not particularly happy with this Irish term, which is an English-modelled abbreviation for leictreonaic eitilte (flying electronics, or aviational electronics), but I guess it’s more compact than leictreonaic eitilte after all. Eitleonaic includes such stuff as uathphíolóta (autopilot), rabhchán raidió neamhthreo (non-directional radio beacon), córas an-ardmhinicíochta uile-raoin (Very High Frequency Omnidirectional Range system, or VOR), gléasra fadtomhaiste (distance measuring equipment, or DME), trasfhreagróir (transponder), córas tuirlingthe ionstraimí (instrumental landing system or ILS), not to mention an Córas Suite Domhanda or GPS.

A plane obviously has sciatháin or wings (singular form: sciathán, a wing), with flapaí (flaps) and coscáin eitilte (air brakes) as well as ailearáin (ailerons).  The tail of the plane usually consists of a cobhsaitheoir ingearach (vertical stabilizer) with a stiúir (rudder) attached – this is a feminine noun: an stiúir, na stiúrach, na stiúracha, na stiúrach – as well as a cobhsaitheoir cothrománach or horizontal stabilizer, with a rialtán airde or elevator (the Irish word means “altitude controller”).

The eitleán is steered by the píolóta who is a professional eitleoir. He is assisted by the loingseoir eitilte (navigator). possibly even an innealtóir eitilte (flight engineer). They are sitting in cró an phíolóta (cockpit). They have a lot of ionstraimí (instruments, gauges) to attend to, but nowadays with everything computerized and electronized, so that they have just computer displays instead of those gauges, and they can choose which instruments they want those displays to show – this is called cró gloine (glass cockpit).

Planes land on an aerfort (actually aerphort would be etymologically better, as a spelling). Or maybe it is just an airstrip. aerstráice. Landing itself is tuirlingt, and landing-gear is fearas tuirlingthe. (The focloir.ie website gives also an alternative expression, cosa tuirlingthe, i.e. landing feet, which sounds excellent to me.) The place where the plane lands is the same place where it takes off, i.e. a runway, rúidbhealach. A taxiway is raon innealta, or bealach innealta – the participle innealta is associated with the verb innill!/inleadh “to set, to order, to array”. And of course it is important for the pilot to stay i dteagmháil raidió with the crew in the túr rialúcháin, control tower.

And of course – Irish for the traveller

“Where is the pub?” Cá bhfuil an teach tabhairne?

“Everywhere.” Gach uile áit.

“Who is that beautiful girl over there?” Cé hí an ghirseach dhathúil thall ansin?

“That’s my girlfriend.” Is í mo ghrá geal féin í.

“Aren’t you the lucky guy!” Nach méanar duit!

“Yes, I am.” Is méanar cinnte.

“Where could I buy the newest edition of Peig?” Cá bhféadfainn an t-eagrán is úire de Pheig a cheannach?

“In the bookshop. But be careful, it’s uncensored Kerry Irish.” I siopa na leabharAch bí cúramach, tá Gaeilge Chiarraí ann nach ndearnadh cinsireacht ar bith uirthi.

“Would you please point that machine gun some other way? It scares me.” An mba mhiste duit gan an t-inneallghunna sin a dhíriú orm? Cuireann sé scanrú orm.

“Is this an unapproved road?” An bóthar neamhcheadaithe é seo?

“Yes, it is. There might be old booby traps here, placed by the Volunteers for the British. so we must drive carefully.” Is ea. Is féidir go bhfuil sean-bhobghaistí fágtha anseo, cinn a chuir na hÓglaigh roimh na Sasanaigh fadó. Mar sin caithfidh muid bheith cúramach ag tiomáint. 

“Where are the smugglers?” Cá bhfuil na smuigléirí?

“Well, I do some smuggling myself sometimes.” Bhuel bím féin ag smuigléireacht ó am go ham.

“Is this good poteen?” An poitín maith é seo?

“It’s great. Mercury and cadmium add to the peculiar taste.” Tá sé thar barr ar fad. Tá mearcair agus caidmiam ann a chuireas leis an mblas ar leith sin.

“Oh, I’m sorry, somehow I’m not thirsty anymore.” Ó, tá brón orm, níl tart orm a thuilleadh.

“No problem. I’ll drink to your health!” Tá sé ceart go leor. Ólfaidh mé do shláinte! 

 

Some issues I have with the Caighdeán

My issues with the caighdeán are:


* The initial mutations after de and do. In my opinion, after the combinations den and don, the initial s- should always take the t- if applicable. Thus, I prefer don tsagart, don tsaor, to don sagart, don saor. As far as I know (but I am not even sure), the Caighdeán tells us not to use the t- if the noun is masculine. Thus, we should say don saor but don tsióg, for instance. I don’t think this is necessary or feels natural. I write don tsaor, don tsióg, don tsaor bheag, don tsióg bheag.


* The use of the present and future forms ending in broad -s in direct relative clauses. They are not part of the caighdeán, but they are widespread in dialects and, moreover, make it easier to distinguish the two kinds of relative clauses, so they are didactically a good thing. I nowadays try to use them consistently.


* I would also like to reinstate ins an, ins na instead of sa, sna (although I must say that I don’t use the longer forms myself). This is again about didactics. Many learners struggle with sa, sna, not understanding their exact relationship with i, in. I think the relationship would be easier to explain with ins an, ins na.


* I would not revive all dative forms, but I would prefer to see the dative forms of feminine verbal nouns ending in -ach used wherever the verbal noun is preceded by ag or a = do: thus, caismearnach – ag caismearnaigh, leimneach – ag léimnigh, and so on. This is purely a question of personal taste, I am afraid.