Nuacht na Fionlainne, an 27ú Bealtaine 2018

AN DÁ LOCH I MÄNTYHARJU AG TEACHT CHUCU FÉIN: I dtús an Aibreáin tharla timpiste traenach i gceantar tuaithe Mäntyharju a d’fhág an dá loch úd Sarkavesi agus Vuohijärvi truaillithe le meitil-tert-búitiléitear nó MTBE, ceimiceán nimhiúil a úsáidtear i ndéantús an pheitril. De réir is mar a deir na húdaráis inniu, i ndiaidh dóibh taighde a dhéanamh ar na heiseamail a tógadh as an dá loch, tá an t-uisce iontu ag bisiú arís, agus an chuma ar an scéal go mbeidh an dá loch ceart go leor arís roimh dheireadh an tsamhraidh.

CEADAÍODH AN GINMHILLEADH SAN FHIONLAINN SA BHLIAIN 1950: Ó bhí reifreann na hÉireann i mbéal an phobail san Fhionlainn féin, d’fhoilsigh an tablóideach úd Iltalehti alt beag faoi stair an ghinmhillte anseo. Reachtaíodh an chéad dlí faoi cheadú an ghinmhillte san Fhionlainn sa bhliain 1950. De réir an dlí sin ní fhéadfaí an ginmhilleadh a dheonú don mháthair ach ar chúiseanna sláinte, eoiginice nó eitice, agus bhí beirt dochtúirí de dhíth leis an gceadúnas a shíniú. Deir an t-alt go mbíodh na mná san am ar lorg ginmhillte toisc go raibh siad róthuirseach ag freastal ar na páistí a bhí ann cheana; thairis sin ní bhídís ag fáil mórán cuidiú ó athair na clainne, agus ba mhinic a bhí an t-athair ní ba dhoirte don bhuidéal ná don bhean.

CHUAIGH DEICH dTEACH BÁD TRÍ THINE IN KUOPIO. Chuaigh deich dteach bád trí thine in Kuopio, Oirthear na Fionlainne, i gcaladh Pirttiniemi. Tithe bád a bhí i gceist a raibh fiúntas staire ag baint leo, ós sna caogaidí a tógadh iad. Creideann na póilíní gur coirloscadh a bhí i gceist, agus iad ag iarraidh ar mhuintir na cathrach pé eolas atá acu a chur chucu le haghaidh an fhiosrúcháin.

COMHRIALTAS JUHA SIPILÄ AG TITIM AS A CHÉILE? Tá dhá pháirtí móra an chomhrialtais in adharca a chéile faoin margadh ar a bhfuil an comhrialtas féin bunaithe. Teastaíonn ó na coimeádaigh, nó Kokoomus, earnáil na sláinte is an leasa shóisialta a athchóiriú; san am chéanna tá páirtí an Phríomh-Aire Juha Sipilä, is é sin an Páirtí Láir, nó páirtí na bhfeirmeoirí is na tuaithe, ag iarraidh athchuma a chur ar chóras an rialtais áitiúil agus réigiúnaigh sa tír. Go bunúsach tá an Páirtí Láir meáite ar chúigí nua a chur ar bun agus toghchán na gcomhairlí cúige a eagrú roimh dheireadh na bliana seo. Anois, áfach, tá an dá chuspóir á lochtú ag polaiteoirí taobh istigh den dá pháirtí féin: níl na Coimeádaigh go léir sásta leis an dóigh a bhfuil an t-athchóiriú sláinte agus sóisialta le déanamh, agus maidir leis na comhairlí cúige, níl dlí ar bith reachtaithe go fóill faoin dóigh a dtoghfar iad.

Ar ndóigh tá an freasúra – an eite chlé, na Glasaigh agus páirtí lucht labhartha na Sualainnise – ag lochtú an rialtais le fada. Is é an tuairim atá acu ar an athchóiriú sláinte nach bhfuil ann ach príobháidiú na hearnála go léir, agus cairde an Phríomh-Aire le slám airgid a shaothrú ar an scéim; maidir leis na comhairlí cúige. deir an freasúra nach mbeidh ann ach tuilleadh maorlathais chomh maith le tuilleadh suíocháin pholaitiúla don Pháirtí Láir.

 

Advertisements